EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0556

Cás T-556/22: Caingean arna tabhairt an 8 Meán Fómhair 2022 – House Foods Group v CPVO (SK20)

OJ C 424, 7.11.2022, p. 40–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

7.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 424/40


Caingean arna tabhairt an 8 Meán Fómhair 2022 – House Foods Group v CPVO (SK20)

(Cás T-556/22)

(2022/C 424/52)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: House Foods Group, Inc. (Osaka, an tSeapáin) (ionadaí: G. Würtenberger agus T. Wuttke, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Oifig Comhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

An ceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí atá i gceist: SK20 – Iarratas ar cheart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí Uimh. 2017/3314

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh an Bhoird Achomhairc CPVO an 1 Iúil 2022 i gCás A 018/2021

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú don CPVO costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheist (Saincheisteanna) dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle;

sárú ar Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle;

sárú ar Airteagal 76 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle;

sárú ar Airteagal 81 de Rialachán (AE) 2100/94 ón gComhairle.


Top