EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12004V125

Treaty establishing a Constitution for Europe - PART III — THE POLICIES AND FUNCTIONING OF THE UNION - TITLE II — NON-DISCRIMINATION AND CITIZENSHIP - Article III-125

OJ C 310, 16.12.2004, p. 56–57 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tcons_2004/art_125/oj

12004V125



Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0056 - 0057


Airteagal III-124

1. Gan dochar d'fhorálacha eile an Bhunreachta agus laistigh de theorainneacha na gcumhachtaí atá tugtha leis don Aontas, féadfar na bearta is gá a bhunú le dlí Eorpach nó le dlí réime Eorpach ón gComhairle chun idirdhealú a chomhrac atá bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar bunphrionsabail a bhunú le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha faoi chomhair beart dreasachta Aontais agus na bearta sin a shainiú chun tacú le gníomhaíocht arna déanamh ag na Ballstáit d'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.

--------------------------------------------------

Top