Επιλέξτε τις πειραματικές λειτουργίες που θέλετε να δοκιμάσετε

Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex

Έγγραφο 62022CN0588

    Cás C-588/22 P: Achomharc arna thabhairt an 7 Meán Fómhair 2022 ag Ryanair DAC in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe) arna sheachadadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-657/20, Ryanair v Coimisiún (Finnair II; Covid-19)

    IO C 424, 7.11.2022, σ. 33 έως 34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 424/33


    Achomharc arna thabhairt an 7 Meán Fómhair 2022 ag Ryanair DAC in aghaidh bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Deichiú Dlísheomra, Comhdhéanamh Leathnaithe) arna sheachadadh an 22 Meitheamh 2022 i gCás T-657/20, Ryanair v Coimisiún (Finnair II; Covid-19)

    (Cás C-588/22 P)

    (2022/C 424/44)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Achomharcóir: Ryanair DAC (ionadaithe: V. Blanc agus F.-C. Laprévote, avocats, D. Pérez de Lamo and S. Rating, abogados, E. Vahida, avocat)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Poblacht na Fraince, Poblacht na Fionlainne

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

    an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní;

    a dhearbhú i gcomhréir le hAirteagal 263 agus le hAirteagal 264 den CFAE go bhfuil Cinneadh C(2020) 3970 final ón gCoimisiún Eorpach an 9 Meitheamh 2020 maidir le státchabhair SA.57410 (2020/N) – an Fhionlainn COVID-19: Athchaipitliú Finnair ar neamhní; agus

    a ordú don Choimisiún a chostais féin agus na costais sin atá faoi réir ag an achomharcóir a íoc, agus a ordú do na hidirghabhálaithe ar an gcéad chéim agus san achomharc seo (más ann dóibh) a gcostas féin a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir cúig shaincheist dlí.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus is léir gur shaobhadh sí na fíorais agus í ag diúltú do “amhras tromchúiseach” a bheith ann maidir le mí-fheidhmiú an Chreata Shealadaigh agus Airteagal 107(3)(b) CFAE.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus is léir gur shaobhadh sí na fíorais agus í ag diúltú do “amhras tromchúiseach” a bheith ann maidir le sárú phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta.

    An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa dlí agus rinne sí na fíorais a shaobhadh go follasach agus í ag diúltú do “amhras tromchúiseach” a bheith ann maidir le sárú ar shaoirsí bunúsacha bunaíochta agus ar sholáthair seirbhísí.

    An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur theip ar an gCúirt Ghinearálta agus ar an gCoimisiún cúiseanna a lua go leordhóthanach.


    Επάνω