Този документ е извадка от уебсайта EUR-Lex.
Документ 62022CN0426
Case C-426/22: Request for a preliminary ruling from the Szegedi Törvényszék (Hungary) lodged on 28 June 2022 — SOLE-MiZo Zrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
Cás C-426/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – SOLE-MiZo Zrt. vs Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
Cás C-426/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – SOLE-MiZo Zrt. vs Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
IO C 340, 5.9.2022г., стр. 21—22
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/21 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Szegedi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 28 Meitheamh 2022 – SOLE-MiZo Zrt. vs Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
(Cás C-426/22)
(2022/C 340/28)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Szegedi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: SOLE-MiZo Zrt.
Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1. |
In imthosca, faoin dlí náisiúnta, nárbh fhéidir an t-ús atá dlite ar mhéid barrachais na cánach breisluacha (“CBL”) in-asbhainte (an t-ús atá dlite ar CBL) a ghnóthú de thoradh coinníoll na comaoine íoctha, a ríomhtar le ráta úis nach bhfuil aon easaontas ann faoi ach go gcumhdaítear ús creidmheasa an mhargaidh airgeadais ghearrthéarmach leis, a shocraítear de réir bhunráta an bhainc cheannais náisiúnta móide dhá phointe céatadáin, i ndáil leis an tréimhse tuairiscithe CBL, ionas go bhfabhraíonn an t-ús sin ón lá tar éis an lae a thaisctear an tuairisceán CBL lenar thug an duine inchánach le fios gur íoc sé barrachas CBL a bhí le tabhairt ar aghaidh go dtí an chéad tréimhse tuairiscithe eile de thoradh coinníoll na comaoine íoctha go dtí an lá deiridh chun an chéad tuairisceán CBL eile a thaisceadh, ar cheart dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 183 de Threoir Uimh. 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, (1) prionsabal na héifeachtachta, na coibhéise, na héifeachta dírí, na comhréireachta agus breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 23 Aibreán 2020 sna Cásanna Uamtha Sole Mizo agus Dalmandi Mezőgazdasági (C-13/18 agus C-126/18) a léiriú mar chosc ar chleachtas Ballstáit, ar nós an cleachtas atá faoi chonspóid sa chás seo, nach gceadaítear leis ús a íoc i dteannta le hús CBL d’fhonn an duine inchánach a chúiteamh as an dímheas airgeadaíochta a tháinig ar an méid atá faoi chaibidil le himeacht aimsire ón tréimhse tuairiscithe thuasluaite go híoc iarbhír an úis? |
|
2. |
I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist thuas, an gcaithfear dlí an Aontais agus an breithiúnas in Sole-Mizo agus Dalmandi Mezőgazdasági, dá dtagraítear sa chéad cheist, a léiriú sa chaoi gurb é is brí leo ná go bhfuil sé i gcomhoiriúnacht leo go socraíonn cúirt náisiúnta go mbeadh an ráta úis is infheidhme maidir le dímheas airgeadaíochta mar an gcéanna leis an ráta boilscithe? |
|
3. |
An gcaithfear dlí an Aontais agus an breithiúnas, dá dtagraítear sa chéad cheist, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar chleachtas Ballstáit, agus méid an dímheasa airgeadaíochta á ríomh, lena gcuirtear san áireamh, go dtí go gcomhlíontar coinníoll na comaoine íoctha, is é sin le rá, go dtí go n-íoctar an chomaoin le haghaidh an earra nó na seirbhíse, go raibh an chomaoin sin agus an cháin a ghabhann léi faoi réir an duine inchánaigh freisin, agus lena measúnaítear freisin, i dteannta leis an ráta boilscithe arna taifeadadh le linn na tréimhse dímheasa airgeadaíochta, cá fhad a bhí ar an duine inchánach CBL a sheachligean (nárbh fhéidir leis a athghabháil)? |