Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020CA0518

    Cásanna Uamtha C-518/20 agus C-727/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – XP (C-518/20), agus AR v St. Vincenz-Krankenhaus GmbH (C-727/20) v Fraport AG Frankfurt Airport Services (Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint – Eagrú ama oibre – Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Treoir 2003/88/CE – Airteagal 7(1) – Ceart chun saoire bliantúla le pá – Easláine iomlán nó éagumas chun oibre as mar gheall ar thinneas a bhuail i rith tréimhse tagartha – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chearta chun saoire bliantúla íoctha a chailleadh ag deireadh tréimhse áirithe – Oibleagáid an fhostóra an t-oibrí a chur ar chumas ceart an oibrí chun saoire bliantúla le pá a fheidhmiú)

    IO C 424, 7.11.2022, p. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    7.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 424/5


    Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Chéad Dlísheomra) an 22 Meán Fómhair 2022 (iarrataí ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht – an Ghearmáin) – XP (C-518/20), agus AR v St. Vincenz-Krankenhaus GmbH (C-727/20) v Fraport AG Frankfurt Airport Services

    (Cásanna Uamtha C-518/20 agus C-727/20) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Beartas sóisialta - Sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint - Eagrú ama oibre - Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Treoir 2003/88/CE - Airteagal 7(1) - Ceart chun saoire bliantúla le pá - Easláine iomlán nó éagumas chun oibre as mar gheall ar thinneas a bhuail i rith tréimhse tagartha - Reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chearta chun saoire bliantúla íoctha a chailleadh ag deireadh tréimhse áirithe - Oibleagáid an fhostóra an t-oibrí a chur ar chumas ceart an oibrí chun saoire bliantúla le pá a fheidhmiú)

    (2022/C 424/05)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesarbeitsgericht

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: XP (C-518/20), AR (C-727/20)

    Cosantóirí: Fraport AG Frankfurt Airport Services Worldwide (C-518/20), St. Vincenz-Krankenhaus GmbH (C-727/20)

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre agus le hAirteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar an ceart chun saoire bliantúla le pá, atá ag oibrí a fuarthas i rith tréimhse tagartha inar oibrigh an t-oibrí sin go héifeachtach sular tháinig easláine iomlán nó éagumas chun oibre air nó uirthi mar gheall ar thinneas as sin amach, dul as feidhm, bíodh ag deireadh tréimhse tugtha anonn atá á húdarú leis an dlí náisiúnta nó níos faide anonn fiú, i gcás nár chuir an fostóir an t-oibrí ar chumas an ceart sin a fheidhmiú in am trátha.


    (1)  IO C 19, 18.1.2021.

    IO C 169, 3.5.2021.


    Top