Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0250

    Rialachán (AE) 2023/250 ón gComhairle an 4 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    ST/5271/2023/INIT

    IO L 32I, 4.2.2023, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/250/oj

    4.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 32/1


    RIALACHÁN (AE) 2023/250 ÓN gCOMHAIRLE

    an 4 Feabhra 2023

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/252 ón gComhairle an 4 Feabhra 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (1),

    Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

    (2)

    Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

    (3)

    An 6 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1909 (4), lenar tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar de mhuir chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Tá sé beartaithe leis an díolúine sin na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a laghdú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú san am céanna.

    (4)

    An 3 Nollaig 2022 ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/2369 (5), lenar socraíodh caidhp phraghais le haghaidh amhola, is é sin praghas in aghaidh an bhairille ag a bhfuil nó faoina bhfuil amhola ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar na hamhola sin chuig tríú tíortha a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann le muiriompar na hamhola sin chuig tríú tíortha, a sholáthar.

    (5)

    An 4 Feabhra 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/252. Leis an gCinneadh sin, socraítear dhá chaidhp phraghais breise ar tháirgí peitriliam, is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ar a bhfuil nó faoina bhun atá táirgí peitriliam ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar na dtáirgí sin chuig tríú tíortha, a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann le muiriompar na dtáirgí sin chuig tríú tíortha, a sholáthar; ceann amháin le haghaidh táirgí peitriliam a thrádáiltear agus amhola ar lascaine (“lascaine ar amhola”) agus an dara ceann le haghaidh táirgí peitriliam a thrádáiltear agus amhola ar biseach (“amhola ar biseach”).

    (6)

    Le Cinneadh (CBES) 2023/252 tugtar isteach idirthréimhse 55 lá le haghaidh soithí a bhfuil táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise á n-iompar acu, is é sin táirgí peitriliam a cheannaítear agus a luchtaítear ar an soitheach roimh an 5 Feabhra 2023 agus a díluchtaíodh roimh an 1 Aibreán 2023.

    (7)

    Le Cinneadh (CBES) 2022/2369, tugadh isteach athbhreithniú rialta ar shásra na caidhpe praghais. Ó lár mhí an Mhárta 2023 ar aghaidh, ba cheart an t-athbhreithniú sin a bheith bunaithe ar shonraí oibiachtúla arna gcur ar fáil ag an gCoimisiún don Chomhairle gach 2 mhí. Ba cheart a áireamh sna sonraí sin faisnéis maidir le leibhéal phraghsanna na hamhola agus na dtáirgí peitriliam scagtha, éagsúlachtaí le linn tréimhse an athbhreithnithe agus réamhaisnéisí réasúnacha ar na praghsanna sa tréimhse dár gcionn. Áireoidh an Coimisiún sonraí ábhartha leis freisin maidir leis an tionchar ionchasach ar bhuiséad na Rúise, ar an earnáil fuinnimh agus ar na Ballstáit.

    (8)

    Tagann na bearta sin faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais.

    (9)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Airteagal 3n de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

    (1)

    i mír 6, cuirtear an phointe seo a leanas leis:

    “(e)

    ón 5 Feabhra 2023, maidir le táirgí peitriliam a thagann faoi chód AC 2710, ar de thionscnamh na Rúise iad nó a onnmhairíodh ón Rúis agus a ceannaíodh ag praghas atá os cionn an phraghais ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn XXVIII, a luchtaítear ar shoitheach ag an gcalafort luchtaithe roimh an 5 Feabhra 2023 agus a dhíluchtaítear ag an gcalafort cinn scríbe deiridh roimh an 1 Aibreán 2023.”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 11:

    “11.   Déanfar athbhreithniú ar fheidhmiú shásra na caidhpe praghais, lena n-áirítear Iarscríbhinn XXV111 mar aon leis na toirmisc i míreanna 1 agus 4 den Airteagal seo, faoi lár mhí an Mhárta 2023 agus gach 2 mhí ina dhiaidh sin.

    Leis an athbhreithniú, cuirfear san áireamh éifeachtacht an bhirt i dtéarmaí na dtorthaí a meastar a bheidh aige, a chur chun feidhme, comhlíonadh idirnáisiúnta shásra na caidhpe praghais agus an t-ailíniú neamhfhoirmiúil leis, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit. Freagróidh sé ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear aon suaitheadh a d’fhéadfadh tarlú.

    Chun cuspóirí na caidhpe praghais a bhaint amach, lena n-áirítear a cumas ioncam ola na Rúise a laghdú, beidh an chaidhp phraghais 5 % ar a laghad faoi bhun mheánphraghas an mhargaidh do tháirgí ola agus peitriliam de chuid na Rúise, arna ríomh ar bhonn sonraí arna soláthar ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Feabhra 2023.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. ROSWALL


    (1)  IO L 32 I, 4.2.2023.

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

    (3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 122).

    (5)  Cinneadh (CBES) 2022/2369 ón gComhairle an 3 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 311I, 3.12.2022, lch. 8).


    Top