EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2379

Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/37/2022/REV/1

IO L 315, 7.12.2022, p. 1–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2379/oj

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2379 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Samhain 2022

maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá gá le bonn trédhearcach, cuimsitheach agus iontaofa eolais staidrimh chun beartais de chuid an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus a athbhreithniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, ar beartais iad a bhaineann leis an talmhaíocht, go háirithe an comhbheartas talmhaíochta (CBT), lena n-áirítear bearta forbartha tuaithe, chomh maith le beartais de chuid an Aontais a bhaineann, inter alia, leis an gcomhshaol, le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú sin, le húsáid talún, le réigiúin, leis an tsláinte phoiblí, le sábháilteacht bia, le cosaint plandaí, le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí, le húsáid táirgí íocshláinte tréidliachta agus le spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is féidir leis na staidrimh sin a bheith úsáideach freisin chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na talmhaíochta ar phailneoirí agus ar orgánaigh ríthábhachtacha ithreach.

(2)

Ba cheart é a bheith mar aidhm le bailiú sonraí staidrimh, go háirithe ar ionchur agus aschur talmhaíochta, inter alia, bonn eolais a chur faoi phróiseas cinnteoireachta fianaisebhunaithe le sonraí nuashonraithe, ardcháilíochta agus inrochtana, go háirithe na sonraí is gá d’fhorbairt na dtáscairí agra-chomhshaoil, agus ba cheart é a bheith mar aidhm leis tacú le dul chun cinn an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i dteannta leis na straitéisí gaolmhara arb iad an Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus an Straitéis Bhithéagsúlachta iad, leis an bplean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach agus leis an bplean gníomhaíochta maidir le táirgeadh orgánach san Aontas, agus leis na hathchóirithe a dhéanfar ar CBT amach anseo, agus meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn sin. Príomhghné chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach is ea an t-aistriú i dtreo talmhaíocht ilfheidhmiúil atá in ann bia sábháilte leordhóthanach a tháirgeadh agus aschuir dhearfacha chomhshaoil a sholáthar ag an am céanna.

(3)

Tá tábhacht le sonraí staidrimh ardcháilíochta atá comhchuibhithe, comhleanúnach agus inchomparáide chun measúnú a dhéanamh ar staid agus treochtaí an ionchuir agus an aschuir talmhaíochta san Aontas chun sonraí iontaofa agus beachta a sholáthar maidir le tionchar comhshaoil agus eacnamaíoch na talmhaíochta agus maidir le luas an aistrithe chuig cleachtais talmhaíochta níos inbhuanaithe. Chomh maith leis sin, ba cheart do na sonraí a bhailítear a bheith ag baint le feidhmiú na margaí agus slándáil an tsoláthair bia, ionas go n-áiritheofar rochtain ar bhia leordhóthanach agus ar ardcháilíocht, agus leis an measúnú ar inbhuanaitheacht bheartais an Aontais agus beartas náisiúnta agus ar thionchair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta agus ar fheidhmíocht na mbeartas sin, agus leis an measúnú ar inbhuanaitheacht samhlacha gnó nua agus ar an tionchar a bhíonn ag forbairt samhlacha gnó nua. Áirítear ar na sonraí sin staidreamh beostoic agus feola, táirgeadh agus úsáid uibheacha agus táirgeadh agus úsáid bainne agus táirgí bainne, ach níl siad teoranta do na nithe sin. Tá tábhacht freisin le staidreamh ar achar, táirgeacht agus táirgeadh barra curaíochta, glasraí, barr buan agus féarthailte buana agus comharduithe tráchtearraí. Thairis sin, tá gá le staidreamh ar dhíolacháin agus úsáid táirgí cosanta plandaí, leasacháin agus táirgí íocshláinte tréidliachta, go háirithe antaibheathach in ábhair bheatha.

(4)

De thoradh meastóireacht idirnáisiúnta a rinneadh ar an staidreamh talmhaíochta, cruthaíodh straitéis dhomhanda de chuid Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe chun staidreamh talmhaíochta agus tuaithe a fheabhsú. D’fhormhuinigh Coimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe an straitéis dhomhanda sin in 2010. Ba cheart don staidreamh Eorpach talmhaíochta, i gcás inarb iomchuí, moltaí na straitéise domhanda sin a leanúint.

(5)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), bunaítear creat dlíthiúil chun an staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna staidrimh. Leis an Rialachán sin, leagtar amach critéir cháilíochta agus tagraítear don ghá atá ann an t-ualach freagartha ar fhreagróirí suirbhé a íoslaghdú agus rannchuidiú leis an gcuspóir níos ginearálta maidir leis an ualach riaracháin a laghdú.

(6)

Leis an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin, a d’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (CCSE) i mí na Samhna 2015, beartaítear dhá chreatrialachán a ghlacadh lena gcumhdaítear gach gné de reachtaíocht an Aontais maidir leis an staidreamh talmhaíochta, cé is moite de chuntais eacnamaíochta na talmhaíochta (CET). Tá an Rialachán seo ar cheann den dá chreatrialachán sin agus ba cheart dó an creatrialachán atá glactha cheana féin, eadhon Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), a chomhlánú.

(7)

Faoi láthair, déantar an staidreamh Eorpach ar ionchur agus aschur talmhaíochta a bhailiú, a tháirgeadh agus a scaipeadh ar bhonn roinnt gníomhartha dlí. Leis an gcreat dlíthiúil reatha, ní sholáthraítear an chomhsheasmhacht chuí idir na réimsí staidrimh éagsúla ná ní dhéantar cur chuige comhtháite a chur chun cinn i leith staidreamh talmhaíochta a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, ar staidreamh é atá ceaptha chun gnéithe eacnamaíocha agus comhshaoil na talmhaíochta a chumhdach. Ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad na ngníomhartha dlí sin ar mhaithe le comhchuibhiú agus inchomparáideacht faisnéise agus, chun comhsheasmhacht agus comhordúchán a áirithiú sa staidreamh talmhaíochta Eorpach trí chéile, ba cheart comhtháthú agus cuíchóiriú na bpróiseas comhfhreagrach staidrimh a éascú leis agus cur chuige níos iomlánaíche a chumasú leis. Is gá, dá bhrí sin, na gníomhartha dlí sin a aisghairm, eadhon Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008 (4), (CE) Uimh. 543/2009 (5) agus (CE) Uimh. 1185/2009 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle (7). An iliomad comhaontuithe gaolmhara de chuid an Chórais Staidrimh Eorpaigh (CSE) agus “comhaontuithe oinigh” idir na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta (NSInna) agus an Coimisiún (Eurostat) maidir le tarchur sonraí, ba cheart iad a chomhtháthú sa Rialachán seo i gcás ina bhfuil fianaise ann go gcomhlánaíonn na sonraí riachtanais na n-úsáideoirí, go n-oibríonn an mhodheolaíocht chomhaontaithe agus go bhfuil na sonraí de cháilíocht iomchuí.

(8)

Tá an staidreamh a cheanglaítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún (8) bailithe laistigh de CSE, ag comhlíonadh cuid dá chaighdeáin cháilíochta ach ní iad ar fad. Leis an staidreamh sin, tacaítear le beartais de chuid an Aontais agus beartais náisiúnta go fadtréimhseach agus ba cheart é a chomhtháthú mar staidreamh Eorpach chun infhaighteacht agus cáilíocht na sonraí a áirithiú. Chun tuairisciú dúbailte ó na Ballstáit a sheachaint, ba cheart na ceanglais staidrimh faoin Rialachán sin a scriosadh.

(9)

Féarthailte is ea cuid mhór de limistéar talmhaíochta ag leibhéal an Aontais. Níor measadh roimhe seo go raibh tábhacht le táirgeadh na limistéar sin, mar sin níor áiríodh aon sonraí táirgeachta sa staidreamh i ndáil le barra. Toisc go bhfuil níos mó tábhacht le tionchar na bhféarthailte agus na n-athchogantach ar an gcomhshaol de bharr an athraithe aeráide, tá gá anois le staidreamh ar tháirgeadh féarthalaimh lena n-áirítear innilt ainmhithe.

(10)

Chun críoch staidreamh talmhaíochta Eorpach, ba cheart measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé an úsáid is fearr is féidir a bhaint as sonraí atá ann cheana a bailíodh faoi oibleagáidí CBT, gan oibleagáidí ná ualach riaracháin nua a chruthú.

(11)

Chun críocha chomhchuibhiú agus inchomparáideacht na faisnéise faoi ionchur agus aschur talmhaíochta le faisnéis faoi struchtúr gabháltas talmhaíochta agus chun an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin a chur chun feidhme a thuilleadh, ba cheart don Rialachán seo Rialachán (AE) 2018/1091 a chomhlánú.

(12)

Le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), ní chumhdaítear staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta, ach ba cheart infhaighteacht agus comhleanúnachas an staidrimh sin le CET a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart staidreamh ar phraghsanna ionchuir talmhaíochta atá ag teacht le CET a chumhdach faoi staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta. Chun ríomhanna CET agus innéacsanna praghsanna inchomparáide a cheadú, ní mór sonraí faoi phraghsanna aschuir talmhaíochta a bheith ar fáil sna Ballstáit.

(13)

I bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, CBT agus an chuspóra spleáchas ar lotnaidicídí a laghdú, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh do staidreamh bliantúil ardcháilíochta ar úsáid táirgí cosanta plandaí i ndáil le saincheisteanna comhshaoil, sláinte agus eacnamaíocha. An easpa taifead leictreonach ar úsáid ghairmiúil táirgí cosanta plandaí, a d’fhéadfaí a úsáid chun críoch staidrimh, ar leibhéal an Aontais, is constaic mhór í ar thréimhsiúlacht an bhailithe sonraí maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht a mhéadú ó uair amháin gach 5 bliana go dtí uair amháin sa bhliain. Chun am a thabhairt do NSInna ullmhú do tháirgeadh staidrimh bhliantúil ar úsáid táirgí cosanta plandaí ar bhonn buan, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo do chóras idirthréimhseach.

(14)

Sonraí maidir le cur ar an margadh agus úsáid lotnaidicídí, ar sonraí iad atá le tíolacadh de bhun Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), ba cheart iad a úsáid i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Treoir sin agus den Rialachán sin chun críocha cheanglais an Rialacháin seo. Ba cheart a áireamh ar na sonraí arna scaipeadh ar tháirgí cosanta plandaí na substaintí gníomhacha a chuirtear ar an margadh agus a úsáidtear i ngníomhaíochtaí talmhaíochta de réir barr agus a limistéar cóireáilte lena mbaineann.

(15)

Tá tábhacht le staidreamh inchomparáide ó na Ballstáit go léir ar ionchur agus aschur talmhaíochta chun forbairt CBT a chinneadh agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CBT trí na Pleananna Straitéiseacha náisiúnta i bhfianaise rannchuidiú CBT le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Ba cheart, dá bhrí sin, aicmithe caighdeánacha agus sainmhínithe comhchoiteanna a úsáid a mhéid is féidir le haghaidh athróg.

(16)

Is réamhriachtanais d’ullmhúchán staidrimh talmhaíochta Eorpaigh iad comhleanúnachas, inchomparáideacht agus idir-inoibritheacht na sonraí agus aonfhoirmeacht na bhformáidí tuairiscithe, go háirithe sa mhéid a bhaineann le héifeachtúlacht na nósanna imeachta bailiúcháin, próiseála agus scaipthe agus le cáilíocht na dtorthaí.

(17)

Na sonraí is gá chun staidreamh a thiomsú, ba cheart iad a bhailiú ar bhealach lena n-íoslaghdaítear na costais agus an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, lena n-áirítear feirmeoirí, fiontair bheaga agus mheánmhéide agus na Ballstáit. Dá bhrí sin, is gá úinéirí féideartha fhoinsí na sonraí atá ag teastáil a shainaithint agus a áirithiú gur féidir na foinsí sin a úsáid le haghaidh staidrimh.

(18)

Leis na tacair sonraí atá le tarchur, cumhdaítear réimsí éagsúla staidrimh. Chun cloí le cur chuige solúbtha faoinar féidir staidreamh a oiriúnú nuair a thagann athrú ar cheanglais maidir le sonraí, níor cheart ach na réimsí, topaicí agus topaicí mionsonraithe a shonrú sa bhunrialachán, agus ba cheart na tacair mhionsonraithe sonraí a shonrú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Le bailiú na dtacar mionsonraithe sonraí, níor cheart costais shuntasacha bhreise a fhágann ualach díréireach gan údar ar fhreagróirí agus ar na Ballstáit a fhorchur.

(19)

Is féidir roinnt gnéithe a bheith san áireamh in athróg i dtacar sonraí le haghaidh staidreamh Eorpach ar ionchur agus aschur talmhaíochta, amhail gnéithe ar leibhéal na feirmeoireachta orgánaí agus ar an leibhéal réigiúnach. Tagraíonn gné na feirmeoireachta orgánaí do tháirgeadh a dhéantar i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Ba cheart gné na feirmeoireachta réigiúnaí a sholáthar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Chun an t-ualach atá ar na Ballstáit a laghdú nuair atá sonraí á soláthar acu faoin Rialachán seo agus chun intuarthacht a áirithiú maidir leis na sonraí atá le bailiú, ba cheart na topaicí mionsonraithe agus na gnéithe is infheidhme a shonrú san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. San Iarscríbhinn sin, ba cheart an focal “infheidhme” a thabhairt isteach maidir leis na topaicí mionsonraithe a bhfuil gné na feirmeoireachta orgánaí nó réigiúnaí, nó an dá cheann acu, ag teastáil ina leith.

(20)

Is ag dul i dtábhacht mar tháscaire ar chórais táirgthe talmhaíochta inbhuanaithe atá an táirgeadh orgánach. Tá sonraí staidrimh maidir le táirgeadh orgánach fíor-riachtanach chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an phlean gníomhaíochta le haghaidh táirgeadh orgánach san Aontas. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil an staidreamh atá ar fáil ar an táirgeadh orgánach, lena n-áirítear sonraí lena sonraítear limistéir táirgthe dheimhnithe nó limistéir táirgthe atá á dtiontú, comhsheasmhach le staidreamh eile ar tháirgeadh talmhaíochta, tríd an staidreamh sin a chomhtháthú sna tacair sonraí. Ba cheart an staidreamh sin ar tháirgeadh orgánach a bheith comhleanúnach leis na sonraí riaracháin a tháirgtear faoi Rialachán (AE) 2018/848 agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as na sonraí sin freisin.

(21)

Tá comhardú comhlán na gcothaitheach ar cheann de na táscairí agra-chomhshaoil is mó a úsáidtear. Tugtar tuairisc air i modheolaíocht chomhchoiteann Eurostat/ECFE mar an difríocht ríofa idir cainníocht iomlán na n-ionchur cothaitheach a théann isteach i gcóras talmhaíochta agus cainníocht na n-aschur cothaitheach a fhágann an córas talmhaíochta sin. D’ainneoin a thábhachta, ní chuireann na Ballstáit uile na sonraí maidir le comhardú comhlán na gcothaitheach ar fáil go deonach don Choimisiún (Eurostat). Tá sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, comhardú comhlán na gcothaitheach a ionchorprú sa Rialachán seo.

(22)

Is ionchur tábhachtach don talmhaíocht iad táirgí íocshláinte tréidliachta. Tá sé tábhachtach dúbláil na hoibre a sheachaint agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an bhfaisnéis atá ann cheana, ar faisnéis í ar féidir í a úsáid chun críoch staidrimh. Chuige sin, agus d’fhonn faisnéis atá inrochtana go héasca agus atá úsáideach a sholáthar do shaoránaigh an Aontais agus do gheallsealbhóirí eile maidir le díolacháin agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear úsáid táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha i mbia-ainmhithe, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) an staidreamh ábhartha atá ar fáil, faoi Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), a scaipeadh. Chuige sin, ba cheart comhaontuithe comhair iomchuí maidir le gníomhaíochtaí staidrimh a bhunú idir an Coimisiún agus eintitis ábhartha, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta.

(23)

Is ionchur tábhachtach iad táirgí bithicídeacha sa talmhaíocht, mar shampla i sláinteachas tréidliachta agus i mbeatha ainmhithe. Is minic a dhéantar substaintí gníomhacha atá údaraithe i dtáirgí cosanta plandaí a úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Sainaithníodh cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 an gá atá le staidreamh a bhailiú ar tháirgí bithicídeacha le haghaidh beartais eolasacha eolaíochtbhunaithe i réimsí na talmhaíochta, an chomhshaoil, na sláinte poiblí agus na sábháilteachta bia. Ag cur san áireamh go bhfuil an clár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15) fós ar siúl, agus nach bhfuil ach 35 % den obair ghaolmhar críochnaithe, tá sé róluath fós táirgí bithicídeacha a chur san áireamh i raon feidhme an Rialacháin seo. A luaithe a thabharfar an scrúdú ar shubstaintí gníomhacha lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha chun críche, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun táirgí den sórt sin a áireamh.

(24)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, ba cheart aonaid chríche a shainiú i gcomhréir le haicmiú Ainmníocht na nAonad Críche le haghaidh Staidrimh (NUTS). Chun an t-ualach atá ar na Ballstáit a theorannú, níor cheart do na ceanglais maidir le sonraí réigiúnacha dul thar na ceanglais a bunaíodh faoi reachtaíocht an Aontais roimhe seo mura mbeidh leibhéil nua réigiúnacha tagtha chun cinn idir an dá linn. Dá réir sin, is iomchuí a cheadú go ndéanfaí sonraí staidrimh réigiúnacha don Ghearmáin a sholáthar d’aonaid chríochacha NUTS 1 agus dóibh amháin.

(25)

Ba cheart é a bheith indéanta sonraí a bhailiú maidir le hábhair ad hoc a bhaineann le hionchur agus aschur talmhaíochta ag am sonrach chun na sonraí a bhailítear ar bhonn rialta a fhorlíonadh le sonraí breise maidir le hábhair a dteastaíonn níos mó faisnéise ina leith, le feiniméin atá ag teacht chun cinn nó le nuálaíochtaí. Ba cheart údar cuí a bheith leis an ngá atá le sonraí breise den sórt sin, áfach.

(26)

Chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart díolúintí ó tharchur rialta áirithe sonraí a cheadú más beag a chuireann Ballstát le hiomlán AE maidir leis na sonraí sin nó má tá an feiniméan a breathnaíodh neamhshuntasach i gcomparáid leis an táirgeacht iomlán sa Bhallstát áirithe sin.

(27)

Chun éifeachtúlacht phróisis táirgthe staidrimh a fheabhsú laistigh de CES agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart é a bheith de cheart ag NSInna agus ag údaráis náisiúnta eile rochtain a fháil ar aon sonraí riaracháin a bhfuil gá leo chun críoch poiblí agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, gan beann ar na sonraí a bheith i seilbh comhlachtaí poiblí, leathphoiblí nó príobháideacha. Ba cheart NSInna agus údaráis náisiúnta eile a bheith in ann na sonraí riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh a mhéid a bheidh gá le sonraí den sórt sin chun staidreamh talmhaíochta Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(28)

Ba cheart do na Ballstáit nó d’údaráis náisiúnta fhreagracha féachaint le modhanna bailithe sonraí a nuachóiriú a mhéid is féidir. Ba cheart úsáid na réiteach digiteach agus uirlisí faireacháin talún, amhail clár an Aontais um fhaire na Cruinne, Copernicus, agus cianbhraiteoirí, a chur chun cinn. Tá méadú ag teacht ar an méid sonraí talmhaíochta a ghintear trí chleachtais feirmeoireachta dhigiteacha, áit arb iad feirmeoirí fós na príomhfhoinsí sonraí.

(29)

Chun an tsolúbthacht a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin ar fhreagróirí, ar NSInna agus ar na húdaráis náisiúnta eile a laghdú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit leas a bhaint as suirbhéanna staidrimh, taifid riaracháin agus aon fhoinse eile, aon mhodh eile nó aon chur chuige nuálach eile, lena n-áirítear modhanna eolaíochtbhunaithe agus dea-dhoiciméadaithe amhail iontráil bharúlach, meastachán agus samhaltú. Ba cheart cáilíocht, agus go háirithe cruinneas, tráthúlacht agus inchomparáideacht an staidrimh atá bunaithe ar na foinsí sin a áirithiú i gcónaí.

(30)

Áirítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 forálacha maidir le tarchur sonraí ó Bhallstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus maidir le húsáid sonraí den sórt sin, lena n-áirítear maidir le tarchur agus cosaint sonraí rúnda. Leis na bearta a ghlactar i gcomhréir leis an Rialachán seo, tá sé le háirithiú go ndéanfar sonraí rúnda a tharchur agus a úsáid chun críoch staidrimh amháin i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(31)

Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, déantar foráil do chreat tagartha le haghaidh staidreamh Eorpach agus ceanglaítear ar na Ballstáit na prionsabail staidrimh agus na critéir cháilíochta a shonraítear sa Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá tuarascálacha cáilíochta fíor-riachtanach chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht an staidrimh Eorpaigh, chun feabhas a chur orthu agus chun iad a chur in iúl. D’fhormhuinigh CCSE an struchtúr comhtháite aonair meiteashonraí mar chaighdeán CSE le haghaidh tuairisciú cáilíochta, rud a chuidigh, trí chaighdeáin aonfhoirmeacha agus modhanna comhchuibhithe, leis na ceanglais cáilíochta staidrimh a leagtar síos in Airteagal 12(3) den Rialachán sin a chomhlíonadh. Tá an caighdeán sin de chuid CES le rannchuidiú le comhchuibhiú an dearbhaithe cáilíochta agus an tuairiscithe cáilíochta a dhéantar faoin Rialachán seo

(32)

I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) na sonraí a bhailítear agus na tuarascálacha cáilíochta a tharchuireann na Ballstáit faoin Rialachán seo a scaipeadh.

(33)

I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus i gcás inar gá ceanglais nua maidir le sonraí nó feabhsuithe ar thacair sonraí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá siad trí staidéir indéantachta agus phíolótacha a sheoladh, i gcás inar gá.

(34)

In 2016, rinneadh measúnú tionchair ar an Straitéis don Staidreamh Talmhaíochta le haghaidh 2020 agus ina dhiaidh sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais chun an clár staidrimh a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhíriú ar an ngá atá le héifeachtacht maidir leis na cuspóirí a bhaint amach agus chun srianta buiséid a ionchorprú.

(35)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon staidreamh Eorpach ar ionchur agus aschur talmhaíochta a tháirgeadh go córasach san Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach toisc go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe agus, de bharr na comhsheasmhachta agus na hinchomparáideachta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(36)

Chun na riachtanais sonraí atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, ar riachtanais iad a eascraíonn go príomha as forbairtí nua sa talmhaíocht, as reachtaíocht athbhreithnithe agus as tosaíochtaí athraitheacha beartais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na topaicí mionsonraithe a liostaítear sa Rialachán seo a leasú, leis na minicíochtaí tarchuir, na tréimhsí tagartha agus infheidhmeacht ghnéithe na dtopaicí mionsonraithe a leasú, agus leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú le haghaidh bhailiú na sonraí ad hoc mar a leagtar síos sa Rialachán seo. Agus gníomhartha tarmligthe den sórt sin á nglacadh aige, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail costas agus an t-ualach riaracháin atá ar fhreagróirí agus ar Bhallstáit a chur san áireamh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (16). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(37)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d’fhonn na ceanglais chumhdaigh, na tacair sonraí atá nasctha leis na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a liostaítear san Iarscríbhinn agus gnéithe teicniúla na sonraí atá le soláthar a shonrú, d’fhonn liostaí agus tuairiscí na n-athróg agus socruithe praiticiúla eile le haghaidh bhailiú na sonraí ad hoc a bhunú, d’fhonn minicíocht tarchuir na dtacar sonraí a shonrú tuilleadh, d’fhonn na sprioc-amanna a shainiú chun na sonraí agus na minicíochtaí lena mbaineann a tharchur, d’fhonn na hathróga agus na tairseacha ábhartha a shainiú ar ar a mbonn a fhéadfar na Ballstáit a dhíolmhú ó shonraí sonracha a sheoladh, d’fhonn na tréimhsí tagartha a shonrú tuilleadh, d’fhonn na socruithe praiticiúla a leagan amach maidir leis na tuarascálacha cáilíochta agus d’fhonn ábhar na dtuarascálacha sin a leagan amach, d’fhonn na ceanglais chumhdaigh a shonrú maidir leis an gcóras idirthréimhseach do shonraí maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht”, agus d’fhonn maoluithe a dheonú do na Ballstáit. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17). Agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún gnéithe amhail costas agus an t-ualach riaracháin atá ar fhreagróirí agus ar Bhallstáit a chur san áireamh.

(38)

I gcás ina mbeadh gá le hoiriúnuithe móra ar chóras náisiúnta staidrimh de chuid Ballstáit mar gheall ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, i gcásanna lena bhfuil údar cuí agus ar feadh tréimhse theoranta, maoluithe a dheonú don Bhallstát lena mbaineann. D’fhéadfadh oiriúnuithe móra den sórt sin teacht chun cinn, go háirithe, de thoradh an ghá atá leis na córais bailithe sonraí a oiriúnú chun na ceanglais nua maidir le sonraí a áireamh iontu, lena n-áirítear an rochtain ar fhoinsí riaracháin agus ar fhoinsí ábhartha eile.

(39)

Ba cheart cistiú a éileamh ó na Ballstáit agus ón Aontas araon chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh do ranníocaíocht airgeadais ón Aontas i bhfoirm deontas.

(40)

Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis airgeadais agus riaracháin a ghearradh.

(41)

Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18) ná do Rialacháin (CE) Uimh. 1367/2006 (19) agus (CE) Uimh. 1049/2001 (20) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus rúndacht staidrimh á comhlíonadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

(42)

Ba cheart an comhar agus an comhordú idir na húdaráis faoi chuimsiú CSE a neartú chun comhleanúnachas agus inchomparáideacht an staidrimh talmhaíochta Eorpaigh a áirithiú, ar staidreamh é a tháirgtear i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 338(2) CFAE. Déanann comhlachtaí eile de chuid an Aontais, seachas na cinn sin dá dtagraítear sa Rialachán seo, agus eagraíochtaí eile sonraí a bhailiú freisin. Ba cheart, dá bhrí sin, an comhar idir comhlachtaí agus eagraíochtaí den sórt sin agus iad siúd atá páirteach in CSE a threisiú chun leas a bhaint as sineirgí.

(43)

Chuathas i gcomhairle le CCSE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear creat comhtháite le haghaidh staidreamh Eorpach comhiomlánaithe a bhaineann le hionchur agus aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta, chomh maith le húsáid idirmheánach aschuir den sórt sin laistigh den talmhaíocht agus bailiú agus próiseáil aschuir den sórt sin.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe “gabháltas talmhaíochta”, “aonad talmhaíochta de thalamh coimín”, “aonad beostoic” agus “limistéar talmhaíochta a úsáidtear”, mar a leagtar síos in Airteagal 2, pointí (a), (b), (d) agus (e), de Rialachán (AE) 2018/1091, faoi seach.

Thairis sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gníomhaíocht talmhaíochta” na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dtugtar fúthu sa talmhaíocht i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) a thagann faoi raon feidhme ghrúpaí A.01.1, A.01.2, A.01.3, A.01.4, A.01.5 nó faoi raon feidhme “talamh talmhaíochta a chothabháil ar chaoi a fhágtar dea-bhail air ó thaobh na talmhaíochta agus an chomhshaoil de” de ghrúpa A.01.6 laistigh de chríoch eacnamaíoch an Aontais, mar ghníomhaíocht phríomhúil nó mar ghníomhaíocht thánaisteach; maidir le gníomhaíochtaí de chuid ghrúpa A.01.49, ní áirítear díobh sin ach na gníomhaíochtaí “Tógáil agus pórú ainmhithe leathcheansaithe nó ainmhithe beo eile” cé is moite de thógáil feithidí, agus “Beachaireacht agus táirgeadh meala agus céire beach”;

(2)

ciallaíonn “fiontar déiríochta” fiontar nó gabháltas talmhaíochta a cheannaíonn bainne nó, i gcásanna áirithe, táirgí bainne, chun iad a iompú ina dtáirgí bainne; áirítear leis freisin fiontair a bhailíonn bainne nó uachtar chun é a aistriú ina iomláine, nó chun cuid de a aistriú, gan aon phróiseáil, chuig fiontair dhéiríochta eile;

(3)

ciallaíonn “seamlas” fiontar atá cláraithe agus formheasta go hoifigiúil ag a bhfuil cead ainmhithe a mharú agus a chóiriú, ainmhithe a bhfuil a bhfeoil beartaithe lena tomhailt ag an duine;

(4)

ciallaíonn “gorlann” fiontar ina ndéantar uibheacha a chur ar gor, uibheacha a ghoradh chun áil agus sicíní a sholáthar;

(5)

ciallaíonn “aonad breathnóireachta” eintiteas in-sainaitheanta ar féidir sonraí a fháil ina thaobh;

(6)

ciallaíonn “réimse” tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaicí áirithe;

(7)

ciallaíonn “topaic” inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid bhreathnóireachta; le gach topaic, cumhdaítear topaic mhionsonraithe amháin nó níos mó;

(8)

ciallaíonn “topaic mhionsonraithe” inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid bhreathnóireachta a bhaineann le topaic; le gach topaic mhionsonraithe, cumhdaítear athróg amháin nó níos mó;

(9)

ciallaíonn “táirgí cosanta plandaí” táirgí, san fhoirm ina soláthraítear don úsáideoir iad, atá comhdhéanta de shubstaintí gníomhacha nó a bhfuil substaintí gníomhacha iontu, dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, teorantóirí, dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (a), den Rialachán sin nó sineirgígh, dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (b), den Rialachán sin, agus atá beartaithe le haghaidh ceann de na húsáidí ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 2(1) den Rialachán sin;

(10)

ciallaíonn “tacar sonraí” athróg chomhiomlánaithe amháin nó níos mó atá eagraithe i bhfoirm struchtúrtha;

(11)

ciallaíonn “athróg” airí aonaid breathnóireachta a bhféadfadh níos mó ná luach amháin de thacar luachanna a bheith ag gabháil leis;

(12)

ciallaíonn “sonraí réamhsheiceáilte” sonraí arna bhfíorú ag na Ballstáit, ar bhonn rialacha coiteanna maidir le bailíochtú, má tá a leithéid le fáil;

(13)

ciallaíonn “sonraí ad hoc” sonraí arb ábhar spéise ar leith d’úsáideoirí iad ag tráth sonrach ach nach n-áirítear sna tacair sonraí rialta;

(14)

ciallaíonn “sonraí riaracháin” sonraí arna nginiúint ag foinse nach foinse staidrimh í, a bhíonn i seilbh comhlacht poiblí nó príobháideach de ghnáth, agus nach é is príomhaidhm di staidreamh a sholáthar;

(15)

ciallaíonn “meiteashonraí” an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a thugann tuairisc ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;

(16)

ciallaíonn “úsáideoir gairmiúil” aon duine a úsáideann táirgí cosanta plandaí agus an duine sin i mbun gníomhaíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear oibreoirí, teicneoirí, fostóirí agus daoine féinfhostaithe, in earnáil na feirmeoireachta.

Airteagal 3

Pobal staidrimh agus aonaid bhreathnóireachta

1.   Is é a bheidh sa phobal staidrimh a bhfuil tuairisc le tabhairt air aonaid staidrimh amhail gabháltais talmhaíochta, aonaid talmhaíochta de thalamh coimín, fiontair a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí talmhaíochta nó fiontair a cheannaíonn nó a bhailíonn táirgí ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta, agus fiontair a phróiseálann na táirgí talmhaíochta sin, go háirithe gorlanna, fiontair dhéiríochta agus seamlais.

2.   Is iad na haonaid bhreathnóireachta a bhfuil ionadaíocht le déanamh orthu sa chreat staidrimh na haonaid staidrimh dá dtagraítear i mír 1 agus, ag brath ar an staidreamh atá le tuairisciú, na nithe seo a leanas:

(a)

talamh a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta;

(b)

ainmhithe a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta;

(c)

allmhairí agus onnmhairí táirgí ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta ag fiontair neamhthalmhaíochta;

(d)

idirbhearta agus sreabha maidir le tosca táirgthe, earraí agus seirbhísí chuig gníomhaíochtaí talmhaíochta agus uathu.

Airteagal 4

Ceanglais chumhdaigh

1.   Beidh an staidreamh ionadaíoch don phobal staidrimh a bhfuil sé ag tabhairt tuairisce air.

2.   Maidir leis an réimse “staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (a), cumhdófar leis na sonraí 95 % d’aonaid beostoic gach Ballstáit agus na gníomhaíochtaí gaolmhar nó na haschuir ghaolmhara.

3.   Maidir leis an réimse “staidreamh ar tháirgeadh barr” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (b), cumhdófar leis na sonraí 95 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear i ngach Ballstát, cé is moite de ghairdíní cistine, agus na méideanna táirgeachta gaolmhara.

4.   Maidir leis an topaic “cothaithigh i leasacháin le haghaidh na talmhaíochta” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d)(i), den Rialachán seo, cumhdófar leis na sonraí na táirgí leasacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus 95 % den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear i ngach Ballstát, cé is moite de ghairdíní cistine, agus na méideanna táirgeachta gaolmhara.

5.   Maidir leis an réimse “staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (e), is mar seo a leanas a bheidh an cumhdach:

(a)

maidir leis an topaic mhionsonraithe “táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh” dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cumhdófar leis na sonraí gach táirge cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 9, de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009;

(b)

maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht” dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, cumhdófar leis na sonraí 85 % ar a laghad den úsáid i ngníomhaíocht talmhaíochta ag úsáideoirí gairmiúla mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir 2009/128/CE, i ngach Ballstát. Bainfidh na sonraí ó gach Ballstát le liosta de bharra ina mbeidh cuid choiteann do na Ballstáit uile. Cumhdófar leis an gcuid choiteann sin, mar aon leis na féarthailte buana, 75 % ar a laghad den limistéar talmhaíochta iomlán a úsáidtear ar leibhéal an Aontais. A luaithe a thiocfaidh reachtaíocht de chuid an Aontais chun bheith infheidhme lena gceanglaítear ar úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí a dtaifid maidir le húsáid táirgí den sórt sin a tharchur i bhformáid leictreonach chuig údaráis inniúla náisiúnta, méadófar an cumhdach ar an úsáid i ngníomhaíocht talmhaíochta go 95 %, ag tosú ón mbliain tagartha tar éis an dáta a thiocfaidh an reachtaíocht sin de chuid an Aontais chun bheith infheidhme.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na ceanglais chumhdaigh dá dtagraítear i míreanna 2 go 5 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh. I gcás ina ndéanfar na sonraíochtaí sin a nuashonrú, cuirfidh an Coimisiún treochtaí eacnamaíocha agus teicniúla san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

Airteagal 5

Ceanglais maidir le sonraí rialta

1.   Cumhdófar leis an staidreamh a bhaineann le hionchur agus aschur na ngníomhaíochtaí talmhaíochta na réimsí agus na topaicí seo a leanas:

(a)

staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe:

(i)

beostoc agus feoil;

(ii)

uibheacha agus sicíní;

(iii)

bainne agus táirgí bainne;

(b)

staidreamh ar tháirgeadh barr:

(i)

limistéar barr agus táirgeadh barr;

(ii)

comharduithe barr;

(iii)

féarthailte;

(c)

staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta:

(i)

innéacsanna praghsanna talmhaíochta;

(ii)

praghsanna iomlána ionchuir;

(iii)

praghsanna agus cíosanna talún talmhaíochta;

(d)

staidreamh ar chothaithigh:

(i)

cothaithigh i leasacháin le haghaidh na talmhaíochta;

(ii)

comharduithe na gcothaitheach;

(e)

staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí:

(i)

táirgí cosanta plandaí.

2.   Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na topaicí mionsonraithe, a minicíochtaí tarchuir comhfhreagracha agus a dtréimhsí tagartha comhfhreagracha chomh maith lena ngnéithe orgánacha agus réigiúnacha.

3.   Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm tacair sonraí chomhiomlánaithe.

4.   Déanfar na sonraí maidir le táirgeadh orgánach agus táirgí orgánacha lena gcomhlíontar Rialachán (AE) 2018/848 a chomhtháthú sna tacair sonraí.

5.   Déanfar na sonraí réigiúnacha a sholáthar ar leibhéal NUTS 2 mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003. Mar eisceacht, ní fhéadfar na sonraí sin a sholáthar ach amháin de réir aonaid chríochacha NUTS 1 don Ghearmáin.

6.   I gcás ina bhfuil leitheadúlacht íseal nó leitheadúlacht nialasach ag athróg i mBallstát, féadfar luachanna na hathróige sin a fhágáil ar lár ó na tacair sonraí arna dtarchur, má tá an Ballstát lena mbaineann tar éis a léiriú don Choimisiún (Eurostat) go bhfuil údar cuí leis an athróg sin a fhágáil ar lár.

7.   Baileoidh na Ballstáit faisnéis ábhartha maidir le praghsanna ionchuir agus aschuir talmhaíochta, lena n-áirítear saintréithe agus meáchain na n-earraí agus na seirbhísí, chun innéacsanna praghsanna inchomparáide a thiomsú agus le haghaidh na n-athróg is gá le haghaidh chuntais eacnamaíochta na talmhaíochta a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.

8.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leasaítear topaicí mionsonraithe, lena n-áirítear na tuairiscí orthu, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn, chun cur leo, chun iad a scriosadh nó chun iad a mhodhnú.

Agus a chumhacht á feidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

tá údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus ní chuireann siad ualach suntasach breise ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí;

(b)

ní leasaítear níos mó ná ceithre thopaic mhionsonraithe thar thréimhse 5 bliana as a chéile, agus níl níos mó ná topaic amháin díobh sin nua;

(c)

seoltar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 11, i gcás inár gá, agus cuirtear torthaí na staidéar sin san áireamh mar is cuí.

9.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leasaítear minicíochtaí tarchuir, tréimhsí tagartha agus infheidhmeacht ghnéithe na dtopaicí mionsonraithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Agus a chumhacht á feidhmiú aige chun gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

(a)

tá údar cuí leis na gníomhartha tarmligthe agus ní chuireann siad ualach suntasach breise ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí;

(b)

seoltar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 11, agus cuirtear torthaí na staidéar sin san áireamh mar is cuí.

10.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na tacair sonraí atá le tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat) a shainiú. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas de na sonraí atá le soláthar, i gcás inarb iomchuí:

(a)

liosta na n-athróg;

(b)

an tuairisc ar athróga, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(i)

saintréithe an aonaid breathnóireachta;

(ii)

an t-aonad tomhais le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

(iii)

na gnéithe orgánacha agus réigiúnacha le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

is mar theaglaim de shaintréith aonaid breathnóireachta agus an t-aonad tomhais comhfhreagrach agus ceann dá gnéithe a áirítear athróg;

(c)

na haonaid bhreathnóireachta;

(d)

na ceanglais bheachtais;

(e)

na rialacha modheolaíocha;

(f)

na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur, ag cur san áireamh an t-am is gá chun sonraí náisiúnta a tháirgeadh lena gcomhlíontar na critéir cháilíochta a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus an gá atá leis an ualach riaracháin agus na costais riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na freagróirí a íoslaghdú; ní mhodhnófar na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur roimh an 1 Eanáir 2030.

I gcás ina sainaithníonn an Coimisiún gur gá modhnú a dhéanamh ar na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur, seolfaidh sé staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 11 den Rialachán seo agus déanfar torthaí na staidéar indéantachta sin a chur san áireamh go cuí. Agus na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur á modhnú, ní dhéanfar na sprioc-amanna sin a laghdú níos mó ná 20 % de na laethanta lena scartar deireadh na tréimhse tagartha ón sprioc-am chun na sonraí a tharchur mar a leagtar amach sa chéad ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun na míre seo, mura rud é gurb é amháin is cúis leis an laghdú ar an sprioc-am chun na sonraí a tharchur cur chuige nuálach a thabhairt isteach nó foinsí nua sonraí digiteacha a úsáid, amhail faire na Cruinne nó mórshonraí, atá ar fáil i ngach Ballstát.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

11.   I gcás ina bhfuil gníomh tarmligthe glactha ag an gCoimisiún de bhun mhír 8 nó 9, cé is moite de ghníomh tarmligthe lena leasaítear an ghné orgánach, féadfar, leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 10, uasmhéid de 90 athróg san iomlán a mhodhnú, a ionadú nó a chur leis thar thréimhse 5 bliana as a chéile. Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn sin, áfach, maidir le hathróga a bhaineann leis an réimse “staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí”.

12.   Déanfaidh na Ballstáit sonraí réamhsheiceáilte agus na meiteashonraí gaolmhara a tharchur trí úsáid a bhaint as formáid theicniúil arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat) le haghaidh gach tacair sonraí. Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).

Airteagal 6

Ceanglais maidir le sonraí ad hoc

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú, i gcás ina meastar, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gur gá faisnéis bhreise a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise staidrimh. Sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:

(a)

na topaicí agus na topaicí mionsonraithe a bhaineann leis na réimsí a shonraítear in Airteagal 5 atá le soláthar sa bhailiú sonraí ad hoc agus na cúiseanna atá le riachtanais bhreise staidrimh den sórt sin;

(b)

na tréimhsí tagartha.

2.   Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear i mír 1 á feidhmiú aige, tabharfaidh an Coimisiún bonn cirt do na riachtanais sonraí, déanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá sé na sonraí atá ag teastáil a bhailiú, agus leas á bhaint as ionchur ó shaineolaithe ábhartha, agus áiritheoidh sé nach bhforchuirfear aon ualach suntasach breise ná aon chostais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.

3.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh ag tosú ón mbliain tagartha 2024 agus 2 bhliain ar a laghad idir gach bailiú sonraí ad hoc, ag tosú ón sprioc-am chun sonraí an bhailithe sonraí ad hoc is déanaí a tharchur.

4.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a sholáthar:

(a)

liosta athróg, nach mó ná 50 athróg;

(b)

an tuairisc ar athróga, lena n-áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

saintréithe an aonaid breathnóireachta;

(ii)

an t-aonad tomhais le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

(iii)

na gnéithe orgánacha agus réigiúnacha le haghaidh shaintréithe an aonaid breathnóireachta;

is mar theaglaim de shaintréith aonaid breathnóireachta agus an t-aonad tomhais comhfhreagrach agus ceann dá gnéithe a áirítear mar athróg;

(c)

na ceanglais bheachtais;

(d)

na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur;

(e)

na haonaid bhreathnóireachta;

(f)

an tuairisc ar an tréimhse thagartha mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

Airteagal 7

Minicíocht tarchuir na dtacar sonraí

1.   Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh minicíocht tarchuir na dtacar sonraí. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun gach minicíocht tarchuir a shonrú tuilleadh.

2.   Féadfar Ballstát a dhíolmhú ó shonraí sonracha a sheoladh leis na minicíochtaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn le haghaidh athróga réamhshainithe i gcás ina bhfuil tionchar teoranta ag an mBallstát sin ar iomlán AE na n-athróg sin.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur agus na minicíochtaí tarchuir lena mbaineann, na hathróga agus na tairseacha ábhartha ar ar a mbonn a fhéadfar an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm. Leagfar amach na tairseacha sin ar bhealach nach laghdófar, mar gheall ar chur i bhfeidhm na dtairseach sin, an fhaisnéis maidir le hiomlán AE na hathróige comhfhreagraí a bhfuiltear ag súil leis faoi níos mó ná 5 %. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) athbhreithniú ar na tairseacha ionas go gcomhfhreagróidh siad do na treochtaí maidir le hiomláin AE.

3.   Maidir le staidreamh ar tháirgeadh, féadfar Ballstát a dhíolmhú ó shonraí sonracha maidir le hathróga réamhshainithe a tharchur i gcás ina bhfuil tionchar teoranta ag an athróg i ndáil leis an táirgeadh talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach tairseacha do na hathróga sin.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

Airteagal 8

Foinsí sonraí agus modhanna

1.   Chun an staidreamh a bhaineann le hionchur agus aschur gníomhaíochtaí talmhaíochta a fháil, úsáidfidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na foinsí sonraí agus na modhanna seo a leanas, ar choinníoll go lamháiltear, mar thoradh ar na sonraí, staidreamh a tháirgeadh lena gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 10:

(a)

suirbhéanna staidrimh nó modhanna eile bailithe sonraí staidrimh;

(b)

na foinsí sonraí riaracháin a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo;

(c)

foinsí sonraí riaracháin eile atá bunaithe ar an dlí náisiúnta, foinsí eile, modhanna eile nó cineálacha cur chuige nuálacha eile, amhail uirlisí digiteacha agus cianbhraiteoirí.

2.   Maidir le mír 1, pointe (b) den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit aon sonraí ó na foinsí seo a leanas a úsáid:

(a)

an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), an córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), an córas chun speicis áirithe ainmhithe talún ar coimeád a shainaithint agus a chlárú a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), an clár fíonghort a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), na cláir feirmeoireachta orgánaí a cuireadh ar bun de bhun Rialachán (AE) 2018/848 nó aon sonraí riaracháin ábhartha eile atá ar cháilíocht leormhaith chun críoch staidrimh mar a thuairiscítear in Airteagal 10(3) den Rialachán seo, a shainítear i ndlí an Aontais;

(b)

na taifid a choinnítear i bhformáid leictreonach agus dá dtagraítear in Airteagal 67 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; nó

(c)

aon fhoinsí sonraí riaracháin ábhartha eile ar choinníoll go gceadaítear le sonraí den sórt sin staidreamh a tháirgeadh lena gcomhlíontar na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo.

3.   Na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as na foinsí, modhanna nó cineálacha cur chuige nuálacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), cuirfidh siad an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas ina leith sin le linn na bliana roimh an mbliain tagartha ar lena linn a úsáidfear an fhoinse, an modh nó an cur chuige nuálach, agus cuirfidh siad mionsonraí ar fáil i ndáil le cáilíocht na sonraí a fhaightear.

4.   Na húdaráis náisiúnta atá freagrach as an Rialacháin seo a chomhlíonadh, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar shonraí agus iad a úsáid, go pras agus saor in aisce, lena n-áirítear sonraí aonair maidir le fiontair agus gabháltais talmhaíochta atá i dtaifid riaracháin a tiomsaíodh ina gcríoch náisiúnta de bhun Airteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Déanfaidh na húdaráis náisiúnta agus úinéirí na dtaifead riaracháin na sásraí comhair is gá a bhunú le haghaidh rochtain den sórt sin. Deonófar an rochtain sin freisin i gcásanna ina bhfuil cúraimí tarmligthe ag an údarás inniúil do chomhlachtaí príobháideacha nó leathphoiblí, ar cúraimí iad atá le cur i gcrích thar ceann an údaráis inniúil.

Airteagal 9

Tréimshe thagartha

1.   Bainfidh an fhaisnéis a bhailítear faoin Rialachán seo le tréimhse thagartha amháin is coiteann do na Ballstáit uile trí thagairt a dhéanamh don staid le linn tréimhse shonraithe.

2.   Is mar a shonraítear san Iarscríbhinn a bheidh an tréimhse thagartha le haghaidh gach topaice mionsonraithe. Tosóidh na chéad tréimhsí tagartha sa bhliain féilire 2025.

3.   Maidir leis an topaic “innéacsanna praghsanna talmhaíochta” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c)(i), déanfaidh na Ballstáit, gach 5 bliana, na hinnéacsanna a athbhunú agus na blianta dar críoch 0 nó 5 á n-úsáid mar bhonnbhlianta.

4.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na tréimhsí tagartha a shonrú tuilleadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.

Airteagal 10

Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur a áirithiú.

2.   Áireoidh na Ballstáit go dtugtar, leis na sonraí a fhaightear trí úsáid a bhaint as na foinsí agus na modhanna a leagtar síos in Airteagal 8, meastacháin chruinne maidir leis an bpobal staidrimh a shainítear in Airteagal 3 ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inar gá, ar an leibhéal réigiúnach.

3.   Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur chuige ar bhealach trédhearcach agus infhíoraithe.

5.   Chun críoch mhír 4, tarchuirfidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún (Eurostat), den chéad uair faoin 30 Meitheamh 2028, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, tuarascálacha cáilíochta lena dtugtar tuairisc ar na próisis staidrimh do na tacair sonraí arna dtarchur le linn na tréimhse, lena n-áirítear go háirithe:

(a)

meiteashonraí lena dtugtar tuairisc ar an modheolaíocht a úsáideadh agus ar an gcaoi ar baineadh amach na sonraíochtaí teicniúla faoi threoir na sonraíochtaí a leagtar síos leis an Rialachán seo;

(b)

faisnéis maidir le comhlíonadh na gceanglas cumhdaigh a leagtar amach in Airteagal 4, lena n-áirítear forbairt agus nuashonrú na gceanglas sin.

6.   De mhaolú ar mhír 5 den Airteagal seo, maidir leis an topaic “innéacsanna praghsanna talmhaíochta” dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (c)(i), déanfar na tuarascálacha cáilíochta a tharchur gach 5 bliana mar aon leis na hualaí agus na hinnéacsanna athbhunaithe, chomh maith leis na tuarascálacha modheolaíochta comhfhreagracha ar leithligh. Ní dhéanfar an chéad tarchur don tuarascáil cháilíochta maidir leis an topaic “innéacsanna praghsanna talmhaíochta” roimh an 31 Nollaig 2028.

7.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus ní fhorchuirfear leo ualach suntasach breise ná costais shuntasacha bhreise ar na Ballstáit.

8.   Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas, i gcás inar gá, faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú ábhartha i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith aici nó aige ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur.

9.   Arna iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit soiléiriú breise riachtanach ar fáil chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí staidrimh.

Airteagal 11

Staidéir indéantachta agus phíolótacha

1.   I gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus i gcás ina sainaithnítear ceanglais nua maidir le sonraí rialta nó go bhfuil gá le feabhas mór a chur ar na ceanglais atá ann faoi láthair maidir le sonraí rialta, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir indéantachta a sheoladh chun meastóireacht a dhéanamh, i gcás inar gá, ar na nithe seo a leanas:

(a)

infhaighteacht agus cáilíocht foinsí nua sonraí iomchuí;

(b)

teicnící nua staidrimh a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(c)

an tionchar airgeadais agus an t-ualach airgeadais ar fhreagróirí.

2.   Laistigh de gach staidéar indéantachta ar leith, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú i dtaobh an féidir an staidreamh nua a tháirgeadh tríd an bhfaisnéis atá ar fáil sna foinsí riaracháin ábhartha ar leibhéal an Aontais a úsáid agus cuirfidh sé feabhas ar úsáid na sonraí atá ann cheana i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.

3.   Laistigh de staidéar indéantachta ar leith, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inar gá, staidéir phíolótacha a sheoladh a bheidh le déanamh ag na Ballstáit. Is é is cuspóir do na staidéir phíolótacha sin cur chun feidhme ceanglas nua sna Ballstáit a thástáil le modhanna difriúla táirgthe staidrimh tríd an gcur chun feidhme sin a dhéanamh ar scála níos lú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar le saineolaithe ó na Ballstáit agus le príomhúsáideoirí na dtacar sonraí, meastóireacht ar thorthaí na staidéar indéantachta agus, i gcás inarb infheidhme, ar thorthaí na staidéar píolótach, agus, i gcás inarb iomchuí, beidh tograí ag gabháil leo maidir le ceanglais nua maidir le sonraí rialta nó feabhsuithe dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt isteach. Tar éis na meastóireachta sin, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil maidir le torthaí na staidéar indéantachta agus píolótach. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.

5.   Agus gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(8) nó (9) á ullmhú aige, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar thorthaí na staidéar indéantachta agus píolótach, go háirithe a indéanta atá sé ceanglais nua maidir le sonraí a chur chun feidhme sna Ballstáit uile.

Airteagal 12

Sonraí a scaipeadh

1.   Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) na sonraí arna dtarchur chuige i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 den Rialachán seo a scaipeadh ar líne agus saor in aisce.

2.   Agus lánurraim á tabhairt don rúndacht tráchtála agus staidrimh, scaipfidh an Coimisiún (Eurostat) staidreamh comhiomlánaithe, a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a dhíorthaítear ó shonraí dá bhforáiltear in Airteagal 55(2) agus in Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2019/6.

Airteagal 13

Ranníocaíocht an Aontais

1.   Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, soláthróidh an tAontas deontais ó Chlár an Mhargaidh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27) agus i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) do na NSInna agus d’údaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 le haghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)

costais cur chun feidhme na mbailithe sonraí ad hoc a chumhdach;

(b)

an acmhainneacht a fhothú le haghaidh úsáid a bhaint as foinsí riaracháin chun staidreamh a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thiomsú;

(c)

suirbhéanna samplacha a dhéanamh chun sonraí a bhailiú maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht don bhliain tagartha 2026;

(d)

modheolaíochtaí agus cineálacha cur chuige nuálacha a fhorbairt chun córais bailithe sonraí a oiriúnú, lena n-áirítear réitigh atá bunaithe ar an digitiú, do cheanglais an Rialacháin seo;

(e)

na staidéir indéantachta agus phíolótacha dá dtagraítear in Airteagal 11 a dhéanamh;

(f)

na costais a bhaineann le forbairt agus cur chun feidhme modhanna a chumhdach chun laghdú a dhéanamh ar na sprioc-amanna chun na sonraí a tharchur.

2.   Ní rachaidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais faoin Airteagal seo thar 95 % de na costais incháilithe.

3.   Bunófar méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas faoin Airteagal seo i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir an cistiú a bheith ar fáil. Cinnfidh an t-údarás buiséadach an leithreasú a bheidh ar fáil gach bliain.

Airteagal 14

Córas idirthréimhseach le haghaidh sonraí maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht

1.   I gcás na mblianta 2025, 2026 agus 2027, beidh feidhm ag na rialacha idirthréimhseacha seo a leanas maidir leis an topaic mhionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht” dá dtagraítear san Iarscríbhinn:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 7(1) agus ar Airteagal 9(2), ní dhéanfar ach aon tarchur sonraí amháin le haghaidh na bliana tagartha 2026;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 4(5), pointe (b), cumhdófar leis na sonraí liosta coiteann de bharra i gcás na mBallstát uile a sholáthraíonn faisnéis faoi úsáid táirgí cosanta plandaí chun tacú le beartais ábhartha an Aontais; cumhdófar leis an liosta coiteann sin de bharra, in éineacht leis na féarthailte buana, 75 % den limistéar talmhaíochta a úsáidtear ar leibhéal an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear tuilleadh na ceanglais chumhdaigh dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na bliana tagartha ábhartha.

2.   Ón mbliain tagartha 2028 ar aghaidh, in éagmais reachtaíocht de chuid an Aontais lena gceanglaítear ar úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí taifid a choimeád i bhformáid leictreonach ar an úsáid a bhaintear as táirgí den sórt sin, reachtaíocht a bheidh infheidhme 12 mhí roimh thús na bliana tagartha a bhfuil sonraí le tarchur ina leith, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar Airteagal 7(1), déanfar an tarchur gach 2 bhliain;

(b)

de mhaolú ar Airteagal 4(5), pointe (b), leanfaidh na rialacha idirthréimhseacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), den Airteagal seo d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 15

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.   Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí chun a áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

3.   Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (30) d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais, cinneadh deontais nó conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.

4.   Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh, i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.

Airteagal 16

Maoluithe

1.   I gcás ina dteastaíonn oiriúnuithe móra ar chóras staidrimh náisiúnta de chuid Ballstáit mar gheall ar an Rialachán seo nó na bearta cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhun a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonaítear maoluithe don Bhallstát lena mbaineann go ceann uastréimhse 3 bliana. Ní dheonófar aon mhaolú ar na rialacha idirthréimhseacha le haghaidh na topaice mionsonraithe “úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht” dá dtagraítear in Airteagal 14(1).

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann iarraidh chuí-réasúnaithe le haghaidh maolú den sórt sin faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh atá i gceist, ina dtabharfar míniú ar na hoiriúnuithe móra a bhfuil gá lena ndéanamh ar an gcóras staidrimh náisiúnta agus ina dtabharfar amlíne measta le haghaidh na n-oiriúnuithe sin.

Coinneofar chomh híseal agus is féidir an tionchar a bheidh ag na maoluithe a dheonaítear faoin Airteagal ar inchomparáideacht shonraí na mBallstát nó ar ríomh na gcomhiomlán Eorpach tráthúil agus ionadaíoch a cheanglaítear. Cuirfidh an Coimisiún an t-ualach atá ar fhreagróirí agus ar na Ballstáit san áireamh agus an maolú á dheonú aige.

2.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(8) agus (9) agus in Airteagal 6(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 27 Nollaig 2022. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(8) agus (9) agus Airteagal 6(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(8) agus (9) agus Airteagal 6(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Tuairisciú

Faoin 31 Nollaig 2029 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 20

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 617/2008

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 8, scriostar míreanna 3, 4 agus 5;

(2)

scriostar Airteagal 11;

(3)

scriostar Iarscríbhinní III agus IV.

Airteagal 21

Aisghairm

1.   Aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 agus Treoir 96/16/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2025 gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach sna gníomhartha dlí sin a bhaineann le tarchur sonraí agus meiteashonraí, lena n-áirítear tuarascálacha cáilíochta, maidir le tréimhsí tagartha a thagann, go hiomlán nó go páirteach, roimh an dáta sin.

2.   Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2022.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE ón gComhairle, Euratom lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 (IO L 200, 7.8.2018, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n-aisghairtear Treoracha 93/23/CEE, 93/24/CEE agus 93/25/CEE ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 543/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le staidreamh i ndáil le barra agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 837/90 agus (CEE) Uimh. 959/93 ón gComhairle (IO L 167, 29.6.2009, lch. 1).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le staidreamh i dtaca le lotnaidicídí (IO L 324, 10.12.2009, lch. 1).

(7)  Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996 maidir le suirbhéanna staidrimh ar bhainne agus ar tháirgí bainne (IO L 78, 28.3.1996, lch. 27).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún an 27 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 a mhéid a bhaineann le caighdeáin mhargaíochta le haghaidh uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis (IO L 168, 28.6.2008, lch. 5).

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Nollaig 2003 maidir le cuntais eacnamaíochta na talmhaíochta sa Chomhphobal (IO L 33, 5.2.2004, lch. 1).

(10)  Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

(15)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).

(16)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(17)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(18)  Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).

(19)  Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Aontais (IO L 264, 25.9.2006, lch. 13).

(20)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1069/2009 agus (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003 ((IO L 170, 25.6.2019, lch. 1).

(23)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

(24)  Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(26)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(27)  Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).

(28)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(29)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(30)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).


IARSCRÍBHINN

RÉIMSÍ, TOPAICÍ AGUS TOPAICÍ MIONSONRAITHE, AGUS MINICÍOCHTAÍ TARCHUIR, TRÉIMHSÍ TAGARTHA AGUS GNÉITHE DE RÉIR NA TOPAICE MIONSONRAITHE

(a)   Staidreamh ar tháirgeadh ainmhithe

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Beostoc agus feoil

Pobail beostoic

Cumhdófar leis na sonraí líon na n-ainmhithe atá i seilbh gabháltas talmhaíochta ar chríoch Bhallstáit ar an dáta tagartha nó ar an meán le linn na tréimhse tagartha.

Dhá uair in aghaidh na bliana

Dáta sa tréimhse Bealtaine/Meitheamh

 

 

Dáta sa tréimhse Samhain/Nollaig

Infheidhme

Infheidhme

Bliantúil

Dáta sa tréimhse Samhain/Nollaig

Infheidhme

Infheidhme

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

 

 

Táirgeadh feola

Cumhdófar leis na sonraí meáchain na gconablach agus líon na n-ainmhithe a mharaítear i gcríoch Bhallstáit le linn na tréimhse tagartha, bídís i seamlais nó ná bídís, agus atá oiriúnach lena dtomhailt ag an duine.

Míosúil

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Seachadadh ainmhithe

Cumhdófar leis na sonraí an réamhaisnéis maidir leis an olltáirgeadh dúchasach (OTD), rud a chiallaíonn líon na n-ainmhithe a mheastar a sheachadfar le creat gabháltas talmhaíochta Ballstáit, bíodh sé ar an gcoigríoch nó chuig na seamlais sa Bhallstát.

Dhá uair in aghaidh na bliana

Ceithre ráithe

 

 

Dhá uair in aghaidh na bliana

Trí leathbhliain

 

 

Bliantúil

Dhá leathbhliain

 

 

Uibheacha agus sicíní

Uibheacha lena dtomhailt

Cumhdófar leis na sonraí líon na n-uibheacha lena dtomhailt a bhailítear ar ghabháltais talmhaíochta i mBallstát le linn na tréimhse tagartha. Féadfar na huibheacha sin a sheachadadh chuig ionaid phacála, iad a dhíol go díreach le tomhaltóirí nó leis an tionscal agraibhia, iad a thomhailt ar an ngabháltas talmhaíochta nó iad a chailleadh tar éis dóibh an gabháltas talmhaíochta a fhágáil.

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

Infheidhme

 

Uibheacha goir agus sicíní éanlaithe clóis

Cumhdófar leis na sonraí líon na n-uibheacha a chuirtear ar gor agus líon na sicíní a tháirgtear i ngorlanna Ballstáit a bhfuil acmhainneacht níos mó ná 1 000 ubh acu agus le linn na tréimhse tagartha, chomh maith le líon na sicíní a allmhairítear chuig an mBallstát sin nó a onnmhairíonn an Ballstát sin.

Míosúil

 

 

Struchtúr na ngorlanna

Cumhdófar leis na sonraí struchtúr na ngorlann, a thuairiscítear de réir líon na ngorlann i mBallstát agus a n-acmhainneachta arna miondealú de réir aicmí acmhainneachta le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Bainne agus táirgí bainne

Bainne a tháirgtear agus a úsáidtear ar na gabháltais talmhaíochta

Cumhdófar leis na sonraí cainníocht an bhainne ó bha, ó chaoirigh, ó ghabhair agus ó bhuabhaill a tháirgtear ar ghabháltais talmhaíochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha, agus na cainníochtaí táirgí déiríochta a úsáideann gabháltais talmhaíochta Ballstáit go díreach (nach seachadtar chuig fiontar déiríochta sa Bhallstát).

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Infhaighteachtaí bainne le haghaidh earnáil na déiríochta

Cumhdófar leis na sonraí cainníocht an bhainne a bhailíonn fiontair dhéiríochta Ballstáit i rith na tréimhse tagartha ó ghabháltais talmhaíochta, bídís lonnaithe sa Bhallstát sin nó ná bídís. Cumhdófar leo freisin cainníocht an bhainne agus na n-ábhar déiríochta atá ar fáil d’earnáil na déiríochta, amhail cainníochtaí an bhainne a bhailítear, na n-ábhar bainne agus déiríochta allmhairithe, agus na dtáirgí déiríochta eile a bhailítear ó ghabháltais talmhaíochta ag fiontair dhéiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Na húsáidí a bhaintear as bainne agus ábhair dhéiríochta in earnáil na déiríochta agus na táirgí a thagann as sin

Cumhdófar leis na sonraí na cainníochtaí de bhainne iomlán agus de bhainne bearrtha arna n-úsáid ag fiontair dhéiríochta Ballstáit le linn na tréimhse tagartha chun na táirgí déiríochta éagsúla a phróiseáil nó, i gcás ábhair dhéiríochta, cainníochtaí coibhéiseacha bainne iomláin agus bhearrtha. Féadfar na cainníochtaí sin a thomhas nó a mheas go díreach bunaithe ar chion saille bainne agus próitéine bainne na dtáirgí déiríochta (aschur) nó ar chion saille bainne agus próitéine bainne na n-ábhar déiríochta (ionchur).

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Na húsáidí míosúla a bhaintear as bainne bó in earnáil na déiríochta

Cumhdófar leis na sonraí na cainníochtaí táirgí déiríochta (nó coibhéis ime, i gcás im iomlán agus táirgí déiríochta “saille buí” eile) a phróiseáiltear ó bhainne bó arna dtáirgeadh ag na fiontair dhéiríochta i mBallstát le linn na tréimhse tagartha, gan ábhair dhéiríochta a áireamh.

Míosúil

 

 

Struchtúr na bhfiontar déiríochta

Cumhdófar leis na sonraí líon na bhfiontar déiríochta i mBallstát a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig den bhliain tagartha, arna aicmiú de réir thoirteanna na dtáirgí ábhartha a bhailítear, a chóireáiltear nó a tháirgtear.

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

 

 

(b)   Staidreamh ar tháirgeadh barr

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Limistéar barr agus táirgeadh barr

Barra curaíochta agus féarthailte buana

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr curaíochta talmhaíochta agus na bhféarthailte buana, a fhástar lena mbuaint go príomha sa tréimhse tagartha, ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit.

Fobhliantúil

Bliain

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Gairneoireacht seachas barra buana

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr gairneoireachta a fhástar lena mbuaint sa tréimhse thagartha ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit.

Fobhliantúil

Bliain

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 

Barra buana

Cumhdófar leis na sonraí luathmheastacháin agus staidreamh deiridh ar limistéir, ar tháirgeadh agus ar tháirgeacht na mbarr buan talmhaíochta a fhástar lena mbuaint go príomha sa tréimhse thagartha ar ghabháltais talmhaíochta sna Ballstáit.

Fobhliantúil

Bliain

 

 

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

Infheidhme

Comharduithe barr

Comharduithe gránbharr

Cumhdófar leis na sonraí soláthairtí, úsáidí agus stoic na bpríomh-ghránbharra agus na dtáirgí céad leibhéil a bheidh mar thoradh orthu sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Comharduithe olashíolta

Cumhdófar leis na sonraí soláthairtí, úsáidí agus stoic na bpríomh-olashíolta sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Féarthailte

Bainistiú féarthailte

Cumhdófar leis na sonraí na limistéir féarthailte buana agus sealadacha arna n-aicmiú de réir aoise, cumhdaigh agus bainistíochta sna Ballstáit le linn na tréimhse tagartha.

Trí huaire in aghaidh gach 10 mbliana

Bliain

 

 

(c)   Staidreamh ar phraghsanna talmhaíochta

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Innéacsanna praghsanna talmhaíochta

Réamhinnéacsanna agus innéacsanna atá bainte amach

Soláthrófar leis na sonraí innéacsanna praghsanna talmhaíochta lena léirítear na hathruithe i ndearbhphraghsanna na dtáirgí talmhaíochta agus ionchuir talmhaíochta sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha, i gcomparáid leis an mbonnbhliain.

Ráithiúil

Ráithe

 

 

Bliantúil

Bliain

 

 

Ualaí agus innéacsanna athbhunaithe

Na sonraí is gá chun gur féidir réamhinnéacsanna agus innéacsanna atá bainte amach a athbhunú.

Gach 5 bliana

Ráithe

 

 

Bliain

 

 

 

 

 

 

 

Praghsanna iomlána ionchuir

Leasacháin

Cumhdófar leis an tacar sonraí na meánphraghsanna ceannaigh le haghaidh na dtáirgí leasacháin agus na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.

Bliantúil

Bliain

 

 

Gach 5 bliana (1)

Bliain

 

 

Beatha ainmhithe

Cumhdófar leis an tacar sonraí na praghsanna ceannaigh le haghaidh ábhair bheatha agus na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.

Bliantúil

Bliain

 

 

Gach 5 bliana (1)

Bliain

 

 

Fuinneamh

Cumhdófar leis an tacar sonraí na praghsanna ceannaigh le haghaidh na dtáirgí fuinnimh a úsáidtear sa talmhaíocht agus na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.

Bliantúil

Bliain

 

 

Gach 5 bliana (1)

Bliain

 

 

Praghsanna agus cíosanna talún talmhaíochta

Praghsanna talún talmhaíochta

Cumhdófar leis an tacar sonraí an meánphraghas díola le haghaidh talamh talmhaíochta de réir mar a léirítear in idirbhearta sa Bhallstát é le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

Cíosanna talún talmhaíochta

Cumhdófar leis an tacar sonraí an meánphraghas cíosa le haghaidh talamh talmhaíochta sa Bhallstát le linn na tréimhse tagartha.

Bliantúil

Bliain

 

 

(d)   Staidreamh ar chothaithigh

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Cothaithigh i leasacháin le haghaidh na talmhaíochta

Leasacháin neamhorgánacha le haghaidh talmhaíochta

Cumhdófar leis na sonraí cainníochtaí na gcothaitheach sna leasacháin neamhorgánacha a úsáidtear sa talmhaíocht le linn na tréimhse tagartha i mBallstát.

Bliantúil

Bliain

 

 

Leasacháin orgánacha le haghaidh talmhaíochta

Cumhdófar leis na sonraí na leasacháin orgánacha (gan aoileach ainmhithe a áireamh) a úsáidtear sa talmhaíocht le linn na tréimhse tagartha i mBallstát agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach faoi seach.

Gach 3 bliana

Bliain

 

 

Comharduithe na gcothaitheach

Comhéifeachtaí an chion cothaitheach le haghaidh barr agus foráiste

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an chion cothaitheach lena léirítear meánmhéid na gcothaitheach i dtonna de tháirgí na mbarr arna mbuaint.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Méideanna fuíll barr agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach

Cumhdófar leis na sonraí meánchainníochtaí bliantúla na bhfuíoll barr agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach faoi seach.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an fhosaithe bhitheolaíoch nítrigine

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an fhosaithe bhitheolaíoch nítrigine le haghaidh barra léagúmacha agus meascáin féar léagúmach.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an ionchuir atmaisféaraigh nítrigine

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an ionchuir atmaisféaraigh nítrigine in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta a úsáidtear.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an chion cothaitheach le haghaidh síolta

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an chion cothaitheach sna síolta in aghaidh an heicteáir den limistéar plandaithe.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Comhéifeachtaí an eisfheartha cothaitheach le haghaidh beostoic

Cumhdófar leis na sonraí comhéifeachtaí an chion cothaitheach arna n-eisfhearadh ag ainmhithe a úsáidtear le haghaidh gníomhaíocht talmhaíochta.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

Méideanna aistarraingthe aoiligh agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach le haghaidh beostoic

Cumhdófar leis na sonraí na meán-aistarraingtí aoiligh bliantúla agus comhéifeachtaí an chion cothaitheach faoi seach.

Gach 5 bliana

Bliain

 

 

(e)   Staidreamh ar tháirgí cosanta plandaí

Topaic

Topaicí mionsonraithe

Minicíochtaí tarchuir

Tréimhsí tagartha

Gnéithe

Feirmeoireacht orgánach

Leibhéal réigiúnach

Táirgí cosanta plandaí

Táirgí cosanta plandaí atá curtha ar an margadh

Cumhdófar leis na sonraí na substaintí gníomhacha go léir i ngach táirge cosanta plandaí a chuirtear ar an margadh i mBallstát le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear na substaintí sin a chuirtear ar an margadh faoi chead trádála comhthreomhaire agus/nó faoi údaruithe éigeandála.

Bliantúil

Bliain

 

 

Úsáid na dtáirgí cosanta plandaí sa talmhaíocht

Cumhdófar leis na sonraí na limistéir barr ar ghabháltais talmhaíochta i mBallstát a chóireáiltear le táirgí cosanta plandaí agus cainníochtaí na substaintí gníomhacha go léir a úsáidtear le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear faoi údarú éigeandála.

Bliantúil

Bliain

Infheidhme

 


(1)  Tagraíonn sé seo do mhinicíocht tarchuir na luachanna ualúcháin gaolmhara de réir tíre.


Top