Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2310

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2310 ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 a mhéid a bhaineann le luach na tairsí imréitigh le haghaidh suíomhanna arna sealbhú i gconarthaí díorthach tráchtearraí thar an gcuntar agus i gconarthaí díorthach thar an gcuntar eile (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/7413

    IO L 307, 28.11.2022, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2310/oj

    28.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 307/29


    RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2310 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Deireadh Fómhair 2022

    lena leasaítear na caighdeáin theicniúla rialála a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 a mhéid a bhaineann le luach na tairsí imréitigh le haghaidh suíomhanna arna sealbhú i gconarthaí díorthach tráchtearraí thar an gcuntar agus i gconarthaí díorthach thar an gcuntar eile

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 10(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún (2) sonraítear, i measc nithe eile, luachanna na dtairseach imréitigh chun críche na hoibleagáide imréitigh.

    (2)

    De bhun Airteagal 10(4), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, tá an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) le hathbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar luachanna na dtairseach imréitigh sin agus le caighdeáin theicniúla rialála a mholadh chun iad a leasú. Sula ndéanfar an t-athbhreithniú sin, rachfar i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) agus le húdaráis ábhartha eile agus ní mór dóibh, i gcás inar gá, idirnascthacht na gcontrapháirtithe airgeadais a chur san áireamh.

    (3)

    I gcás roinnt dlínsí tríú tír, níor glacadh aon chinneadh coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go fóill. Mar thoradh air sin, meastar gur conarthaí thar an gcuntar iad conarthaí a fhorghníomhaítear ar mhargaí sna dlínsí tríú tír sin agus, cé go bhfuil siad á n-imréiteach ag contrapháirtithe lárnacha aitheanta, áirítear iad i dtreo na dtairseach imréitigh. Ina theannta sin, tá méadú tagtha le déanaí ar phraghsanna tráchtearraí, rud a ghéaraigh go suntasach mar gheall ar an bhfogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin. Ar na cúiseanna sin, ní mór coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh ar an tairseach reatha do dhíorthaigh tráchtearraí. Ba cheart, dá bhrí sin, an luach tairsí imréitigh le haghaidh suíomhanna arna sealbhú i ndíorthaigh tráchtearraí thar an gcuntar a mhéadú ó EUR 3 bhilliún go EUR 4 bhilliún.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 a leasú dá réir.

    (5)

    Is ar thuarascáil agus ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ESMA atá an Rialachán seo bunaithe.

    (6)

    Rinne ESMA comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na tairseacha imréitigh d’aicmí éagsúla sócmhainní agus go háirithe maidir leis na tairseacha imréitigh d’aicmí sócmhainní díorthach tráchtearraí. I bhfianaise raon feidhme teoranta an leasaithe agus na práinne a bhaineann leis i bhfianaise na bpraghsanna tráchtearraí atá ag méadú go tapa, bheadh sé thar a bheith díréireach do ESMA comhairliúchán poiblí oscailte breise a dhéanamh maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin. Chuaigh ESMA i dteagmháil le ESRB i gcomhréir le hAirteagal 10(4), an ceathrú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

    (7)

    I bhfianaise an mhéadaithe a tháinig le déanaí ar phraghsanna tráchtearraí agus a éifeachta ar chontrapháirtithe neamhairgeadais a ghlacann suíomhanna i gconarthaí díorthach tráchtearraí thar an gcuntar, is gá an luach tairsí imréitigh a choigeartú a luaithe is féidir le haghaidh suíomhanna atá i seilbh contrapháirtithe neamhairgeadais i ndíorthaigh tráchtearraí thar an gcuntar. I bhfianaise na géarchéime fuinnimh agus an bhoilscithe atá ann faoi láthair, déanfaidh ESMA measúnú ar thionchar na tairsí athbhreithnithe agus cuirfidh sé leasuithe ar aghaidh má mheastar gur gá agus gurb iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasú ar Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013

    In Airteagal 11 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

    “(e)

    EUR 4 bhilliún in oll-luach barúlach le haghaidh conarthaí díorthach tráchtearraí thar an gcuntar agus conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhforáiltear dóibh faoi phointí (a) go (d).”.

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)   IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

    (2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar shocruithe imréitigh indírigh, an oibleagáid imréitigh, an clár poiblí, rochtain ar ionad trádála, contrapháirtithe neamhairgeadais, agus teicnící um maolú riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe ag CPL (IO L 52, 23.2.2013, lch. 11).

    (3)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


    Top