This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0493
Commission Implementing Decision (EU) 2022/493 of 21 March 2022 fixing the definitive allocation of Union aid to Member States for school fruit and vegetables and for school milk for the period from 1 August 2022 to 31 July 2023 and amending Implementing Decision (EU) 2021/462 (notified under document C(2022)1580)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1580)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/493 ón gCoimisiún an 21 Márta 2022 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1580)
C/2022/1580
IO L 100, 28.3.2022, p. 55–58
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 06/10/2023
28.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 100/55 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/493 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Márta 2022
lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022)1580)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta i dtaca le cabhracha agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 5(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 3 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún (2), na Ballstáit ar mian leo a bheith páirteach i scéim cabhrach an Aontais chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachas (an scéim scoile), tá siad lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an gcéad scoilbhliain eile a chur faoi bhráid an Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain agus, más infheidhme, nuashonróidh siad an iarraidh ar chabhair ón Aontas a bhaineann leis an scoilbhliain reatha. |
(2) |
Chun cur chun feidhme éifeachtach na scéime scoile a áirithiú, ba cheart leithdháileadh na cabhrach ón Aontas i measc na mBallstát atá rannpháirteach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna a shocrú ar bhonn na méideanna a léirítear san iarraidh ar chabhair ón Aontas ó na Ballstáit sin agus na haistrithe idir leithdháiltí táscacha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 23a(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcur san áireamh (3). |
(3) |
Thug na Ballstáit uile fógra don Choimisiún maidir lena n-iarraidh ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023, fógra lenar sonraíodh an méid cabhrach a iarradh le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna nó le haghaidh bainne do scoileanna, nó le haghaidh an dá chuid den scéim. I gcás na Beilge, na Fraince, na Cipire agus na Sualainne, cuireadh na haistrithe idir na leithdháiltí táscacha san áireamh sna méideanna a iarradh. |
(4) |
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht iomlán na gcistí atá ar fáil, ba cheart an chabhair a fhágtar gan iarraidh a ath-leithdháileadh ar na Ballstáit atá páirteach sa scéim scoile agus a léirítear ina n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a dtoilteanas méid is mó ná an leithdháileadh táscach atá acu a úsáid, i gcás ina bhfuil acmhainní breise ar fáil. |
(5) |
San iarraidh ón tSualainn ar chabhair ón Aontas le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023, lorgaíodh méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh táscach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna a úsáid: an Bhulgáir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ungáir, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic agus an Spáinn. Níor lorg aon Bhallstát méid is lú ná an leithdháileadh táscach le haghaidh bainne do scoileanna. |
(6) |
Ar bhonn na faisnéise atá curtha in iúl ag na Ballstáit, ba cheart leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023 a shocrú. |
(7) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 ón gCoimisiún (4) socraíodh leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát ar mian leo a bheith páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Iúil 2022. Rinne roinnt Ballstát a n-iarraidh ar chabhair ón Aontas a nuashonrú maidir leis an scoilbhliain sin. Chuir an Ghearmáin, an Spáinn agus an Ísiltír aistrithe in iúl idir leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna. Lorg an Bheilg agus an Ísiltír méid is lú ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus/nó le haghaidh bainne do scoileanna. Chuir na Ballstáit seo a leanas a dtoilteanas in iúl méid is mó ná an leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus/nó le haghaidh bainne do scoileanna a úsáid: an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Ghearmáin, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an tSeicia, an tSlóivéin, an Spáinn, an tSualainn,agus an Ungáir, |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 a leasú dá réir sin. |
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leagtar amach in Iarscríbhinn I leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna i measc na mBallstát atá páirteach sa scéim scoile le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2023.
Airteagal 2
Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462.
Airteagal 3
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Janusz WOJCIECHOWSKI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 346, 20.12.2013, lch. 12.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/39 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachas (IO L 5, 10.1.2017, lch. 1).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/462 ón gCoimisiún an 15 Márta 2021 lena socraítear leithdháileadh críochnaitheach na cabhrach ón Aontas do na Ballstáit le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus le haghaidh bainne do scoileanna le haghaidh na tréimhse ón 1 Lúnasa 2021 go dtí an 31 Iúil 2022 agus lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/467 (IO L 92, 17.3.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN I
Scoilbhliain 2022/2023
An Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
An Bheilg |
3 405 460 |
1 613 199 |
An Bhulgáir |
2 145 826 |
1 020 451 |
An tSeicia |
3 209 788 |
1 600 707 |
An Danmhairg |
1 855 060 |
1 460 645 |
An Ghearmáin |
20 253 868 |
9 404 154 |
An Eastóin |
450 380 |
700 309 |
Éire |
1 811 303 |
900 398 |
An Ghréig |
3 218 885 |
1 550 685 |
An Spáinn |
13 292 411 |
6 302 784 |
An Fhrainc |
17 990 469 |
17 123 194 |
An Chróit |
1 390 541 |
800 354 |
An Iodáil |
17 117 780 |
8 003 535 |
An Chipir |
390 044 |
400 177 |
An Laitvia |
648 466 |
700 309 |
An Liotuáin |
922 651 |
1 032 456 |
Lucsamburg |
295 111 |
193 000 |
An Ungáir |
3 099 021 |
1 756 776 |
Málta |
293 504 |
193 000 |
An Ísiltír |
5 570 944 |
2 401 061 |
An Ostair |
2 301 768 |
1 100 486 |
An Pholainn |
11 941 071 |
10 204 507 |
An Phortaingéil |
3 283 397 |
2 220 981 |
An Rómáin |
6 866 848 |
10 399 594 |
An tSlóivéin |
570 823 |
320 141 |
An tSlóvaic |
1 752 965 |
900 398 |
An Fhionlainn |
1 599 047 |
3 824 689 |
An tSualainn |
0 |
8 998 717 |
Iomlán |
125 677 429 |
95 126 707 |
IARSCRÍBHINN II
“IARSCRÍBHINN I
Scoilbhliain 2021/2022
An Ballstát |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna in EUR |
Leithdháileadh críochnaitheach le haghaidh bainne do scoileanna in EUR |
An Bheilg |
3 230 459 |
1 203 200 |
An Bhulgáir |
2 145 718 |
1 020 451 |
An tSeicia |
3 226 951 |
1 735 131 |
An Danmhairg |
1 855 734 |
1 534 837 |
An Ghearmáin |
20 366 688 |
9 383 750 |
An Eastóin |
452 595 |
717 717 |
Éire |
1 821 202 |
982 594 |
An Ghréig |
3 218 885 |
1 550 685 |
An Spáinn |
13 201 323 |
6 515 747 |
An Fhrainc |
17 990 469 |
17 123 194 |
An Chróit |
1 390 733 |
800 354 |
An Iodáil |
17 125 311 |
8 003 535 |
An Chipir |
390 044 |
400 177 |
An Laitvia |
651 270 |
723 117 |
An Liotuáin |
926 264 |
1 065 344 |
Lucsamburg |
295 887 |
198 000 |
An Ungáir |
3 112 572 |
1 864 327 |
Málta |
294 025 |
198 217 |
An Ísiltír |
6 050 424 |
1 520 849 |
An Ostair |
2 312 457 |
1 100 486 |
An Pholainn |
11 944 322 |
10 204 507 |
An Phortaingéil |
3 283 397 |
2 220 981 |
An Rómáin |
6 866 848 |
10 399 594 |
An tSlóivéin |
570 670 |
320 141 |
An tSlóvaic |
1 760 660 |
967 713 |
An Fhionlainn |
1 599 047 |
3 824 689 |
An tSualainn |
0 |
9 140 844 |
Iomlán |
126 083 956 |
94 720 180 |