Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1704

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1704 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú breise a dhéanamh ar mhionsonraí na faisnéise staitistiúla atá le cur ar fáil ag údaráis chánach agus chustaim agus lena leasaítear Iarscríbhinní V agus VI (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

C/2021/5160

IO L 339, 24.9.2021, pp. 33–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 10/05/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1704/oj

24.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 339/33


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1704 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú breise a dhéanamh ar mhionsonraí na faisnéise staitistiúla atá le cur ar fáil ag údaráis chánach agus chustaim agus lena leasaítear Iarscríbhinní V agus VI

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (1), agus go háirithe Airteagal 5(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, chun críoch staidrimh, sonraítear an fhaisnéis a bhaineann le honnmhairí agus allmhaireoirí earraí a chuirfidh na húdaráis chánach agus na húdaráis chustaim ar fáil i ngach Ballstát do na húdaráis inniúla staidrimh náisiúnta (NSAnna).

(2)

Ba cheart sonrú breise a dhéanamh ar mhionsonraí na faisnéise staidrimh a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí, atá le cur ar fáil ag na húdaráis chustaim i ngach Ballstát do na NSAanna inniúla, agus a áirítear in Iarscríbhínní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152.

(3)

Is gá Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 a leasú.chun a áirithiú go bhfuil faisnéis maidir le ciandíol earraí laistigh den Chomhphobal san fhaisnéis a chuireann údaráis chánach ar fáil do NSAanna chun críoch staidrimh.

(4)

Is gá Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 a leasú chun a áirithiú go mbeidh feidhm freisin ag an oibleagáid atá ar údaráis chustaim sonraí dearbhuithe custaim a chur ar fáil do NSAanna sa Bhallstát ina bhfuil na hearraí le fáil faoin imréiteach láraithe, de bhun Airteagal 179 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), i gcás ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin i gceist.

(5)

Is gá freisin Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 a leasú chun a áirithiú gur féidir le NSAnna faisnéis a fháil óna n-údaráis chustaim féin maidir le simplithe custaim a chuirtear i bhfeidhm agus maidir leis na hoibreoirí trádála atá rannpháirteach.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Déantar sonrú breise sa Rialachán Tarmligthe seo ar mhionsonraí na faisnéise staidrimh a bhaineann le honnmhairí agus allmhairí earraí atá le cur ar fáil ag na húdaráis chánach agus chustaim do na NSAanna inniúla i ngach Ballstát.

Airteagal 2

Faisnéis ó thuairisceáin CBL

Na tuairisceáin CBL maidir le daoine inchánach nó daoine dlíthiúla neamh-inchánach dá dtagraítear i bpointe (a) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, beidh an méid seo a leanas iontu ar a laghad:

(a)

ainm iomlán an duine inchánach nó an duine dhlítheanaigh neamh-inchánach;

(b)

an seoladh iomlán, cód poist san áireamh;

(c)

an uimhir aitheantais a leithdháileadh ar an duine i gcomhréir le hAirteagal 214 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (3);

(d)

le haghaidh gach duine inchánach nó duine dlítheanach neamh-inchánach:

(i)

an méid soláthairtí agus fálacha earraí inchánach laistigh den Aontas a bhailítear ó thuairisceáin CBL i gcomhréir le hAirteagal 251(a) agus (c) de Threoir 2006/112/CE;

(ii)

an tréimhse chánach.

Airteagal 3

Faisnéis ó ráitis achomair

1.   An fhaisnéis faoi sholáthairtí laistigh den Aontas a bhailítear ó na ráitis achomair CBL, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152, beidh an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis sin:

(a)

an tréimhse chánach;

(b)

uimhir aitheantais CBL gach soláthróra náisiúnta;

(c)

uimhir aitheantais CBL fhaighteoir an Bhallstáit chomhpháirtíochta;

(d)

an méid inchánach idir gach soláthróir náisiúnta agus gach faighteoir Ballstáit chomhpháirtíochta;

(e)

sainaithint soláthairtí a bheidh ann ina dhiaidh sin.

2.   Beidh an méid seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis faoi fhálacha laistigh den Aontas a chuireann gach Ballstát eile i dteachtaireacht, dá dtagraítear i bpointe (c) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152:

(a)

an tréimhse chánach;

(b)

uimhir aitheantais CBL gach faighteora náisiúnta;

(c)

an méid iomlán inchánach de réir an fhaighteora náisiúnta arna chomhiomlánú ag an mBallstát comhpháirtíochta.

Airteagal 4

Faisnéis a bhaineann le dearbhuithe custaim

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152 aon fhaisnéis a iarrfaidh an NSA chun staidreamh Eorpach i ndáil le trádáil idirnáisiúnta in earraí a tháirgeadh, agus áireofar inti ar a laghad an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2152

Cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2152.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 17.12.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

1.

Faisnéis ghinearálta

1.1

An cineál dearbhaithe atá ann

1.2

An cineál dearbhaithe bhreise atá ann

1.3

Nós imeachta

1.4

Nós (nósanna) imeachta breise

1.5

Dáta glactha an dearbhaithe chustaim

2.

Údaruithe

2.1

I gcás Imréiteach Láraithe ina bhfuil níos mó ná Ballstát amháin i gceist: uimhir an údaraithe le haghaidh Imréiteach Láraithe

3.

Páirtithe

3.1

Uimhir aitheantais an onnmhaireora

3.2

Uimhir aitheantais an allmhaireora

3.3

Uimhir aitheantais an cheannaitheora

3.4

Uimhir aitheantais an choinsíní  (1)

4.

Faisnéis luachála/Cánacha

4.1

Airgeadra an tsonraisc

4.2

Fabhar (cóir fhabhrach arna cur i bhfeidhm ag lucht custaim)

5.

Tíortha

5.1

Cód na tíre cinn scríbe

5.2

Tír an tseolta/cód an onnmhairithe

5.3

Cód na tíre tionscnaimh

5.4

Cód thír an tionscnaimh fhabhraigh

5.5

I gcás Imréiteach Láraithe: cód oifig chustaim an tíolactha nó cód an Bhallstáit ina dtíolactar na hearraí do lucht custaim

6.

Sainaithint earraí

6.1

Glanmhais (kg)

6.2

Aonaid fhorlíontacha

6.3

Cód an tráchtearra – Cód na hainmníochta comhcheangailte

6.4

Cód an tráchtearra – Cód TARIC

6.5

Cód tráchtearra HS6, i gcás nach bhfuil TARIC ná Ainmníocht Chomhcheangailte ar fáil

7.

Faisnéis faoi chúrsaí iompair

7.1

Coimeádán

7.2

Modh iompair ag an teorainn

7.3

Modh iompair intíre

8.

Sonraí staidrimh

8.1

An cineál idirbhirt atá ann

8.2

Luach staitisticiúil


(1)  Ní thagann seo i gceist ach amháin i gcás na gceanglas custaim atá faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/341 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha idirthréimhseacha maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais i gcás nach bhfuil na córais leictreonacha lena mbaineann ag feidhmiú go fóill agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (IO L 69, 15.3.2016, lch. 1).


IARSCRÍBHINN II

“IARSCRÍBHINN V

Faisnéis atá le cur ar fáil ag na húdaráis chánach atá freagrach i ngach Ballstát faoin Údarás Staidrimh Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(2):

(a)

faisnéis ó thuairisceáin CBL maidir le daoine inchánach nó daoine dlíthiúla neamh-inchánach a d’fhógair soláthairtí i leith na tréimhse atá i gceist, soláthairtí earraí laistigh den Aontas i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 251 de Threoir 2006/112/CE nó faisnéis maidir le hearraí a fháil laistigh den Aontas i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 251 den Treoir sin;

(b)

faisnéis ó ráitis achomair maidir le soláthairtí laistigh den Aontas a bhailítear ó na ráitis achomair CBL i gcomhréir le hAirteagail 264 agus 265 de Threoir 2006/112/CE;

(c)

faisnéis maidir le hearraí a fhaightear laistigh den Aontas a chuireann gach Ballstát eile i dteachtaireacht i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle (1);

(d)

faisnéis ó thuairisceáin CBL maidir le daoine inchánach nach bhfuil bunaithe sa Bhallstát tomhaltais a úsáideann an scéim speisialta, dá bhforáiltear i Roinn 3 de Chaibidil 6 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE, a d’fhógair soláthairtí i leith na tréimhse atá i gceist, soláthairtí earraí faoin scéim sin i gcomhréir le hAirteagal 369g den Treoir sin;

(e)

faisnéis faoi sholáthairtí earraí a bhaineann leis an scéim speisialta, dá bhforáiltear i Roinn 3 de Chaibidil 6 de Theideal XII de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle, a chuireann gach Ballstát eile i dteachtaireacht i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 904/2010.

IARSCRÍBHINN VI

Faisnéis atá le cur ar fáil ag na húdaráis chustaim atá freagrach faoin Údarás Staidrimh Náisiúnta, i ngach aon Bhallstát, dá dtagraítear in Airteagal 5(3):

(a)

faisnéis lena sainaithnítear an duine a dhéanann earraí a onnmhairiú agus a allmhairiú laistigh den Aontas, earraí a chumhdaítear le nós imeachta custaim próiseála isteach;

(b)

sonraí clárúcháin agus sainaitheanta na n-oibreoirí eacnamaíocha dá bhforáiltear faoi fhorálacha custaim an Aontais atá ar fáil sa chóras leictreonach a bhaineann le huimhir EORI dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (2);

(c)

na taifid ar allmhairithe agus onnmhairithe ó dhearbhuithe custaim a glacadh nó a bhí faoi réir cinntí ó údaráis náisiúnta custaim agus:

(i)

a taisceadh leo; nó

(ii)

an dearbhú forlíontach atá ag gabháil leo is dearbhú é atá ar fáil trí rochtain dhíreach leictreonach ar chóras an tsealbhóra údaraithe, i gcomhréir le hAirteagal 225 de Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/2447; nó

(iii)

a fuair siad a bhuí le cur i bhfeidhm Airteagal 179 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.

(d)

faisnéis maidir le nósanna imeachta feidhmithe, simplithe nó údaruithe a dheonaítear d’oibreoirí trádála, agus faisnéis lena sainaithnítear na hoibreoirí trádála sin.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin agus maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


Top