This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0489
Commission Implementing Regulation (EU) 2022/489 of 25 March 2022 amending Implementing Regulation (EU) No 540/2011 as regards the approval periods of the active substances flubendiamide, L-ascorbic acid, spinetoram and spirotetramat (Text with EEA relevance)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/489 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha fluibeindé-aimíd, aigéad L-ascorbach, spíonatóram agus spiriteitreamat (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/489 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha fluibeindé-aimíd, aigéad L-ascorbach, spíonatóram agus spiriteitreamat (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/1748
IO L 100, 28.3.2022, p. 7–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
28.3.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 100/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/489 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Márta 2022
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha fluibeindé-aimíd, aigéad L-ascorbach, spíonatóram agus spiriteitreamat
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (3), fadaíodh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí spiriteitreamat ón 30 Aibreán 2024 go dtí an 31 Iúil 2024, na substaintí gníomhacha spíonatóram agus aigéad L-ascorbach ón 30 Meitheamh 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 agus na substainte gníomhaí fluibeindé-aimíd ón 31 Lúnasa 2024 go dtí an 30 Samhain 2024. Bhí gá leis na faduithe toisc gur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (4) a cuireadh ar aghaidh 3 mhí an dáta faoina gcuirtear isteach na sainchomhaid chun tacú le hathnuachan an fhormheasa. Dá bhrí sin, ba ghá an dáta faoina gcuirtear isteach na sainchomhaid a choinneáil mar a cheanglaítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (5), agus am a thabhairt do na hiarratasóirí na sainchomhaid a ullmhú san fhormáid is gá. |
(3) |
A mhéid a bhaineann le fluibeindé-aimíd, aigéad L-ascorbach, spíonatóram agus spiriteitreamat, níor cuireadh isteach aon iarratas ar athnuachan an fhormheasa i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 laistigh de 3 bliana roimh dháta dul in éag an fhormheasa arna leagan síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
(4) |
Na faduithe ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin, dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007, níl údar a thuilleadh leo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go rachaidh formheasanna na substaintí sin in éag ar na dátaí a rachaidís in éag gan na faduithe a chur leo. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir. |
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le fadú thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flucsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití déshóidiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
(1) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 60, spiriteitreamat, cuirtear “30 Aibreán 2024” in ionad an dáta; |
(2) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 66, aigéad L-ascorbach, cuirtear “30 Meitheamh 2024” in ionad an dáta; |
(3) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 67, spíonatóram, cuirtear “30 Meitheamh 2024” in ionad an dáta; |
(4) |
sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 74, fluibeindé-aimíd, cuirtear “31 Lúnasa 2024” in ionad an dáta. |