28.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/7


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/489 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha fluibeindé-aimíd, aigéad L-ascorbach, spíonatóram agus spiriteitreamat

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (2) na substaintí gníomhacha arna bhformheas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 ón gCoimisiún (3), fadaíodh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí spiriteitreamat ón 30 Aibreán 2024 go dtí an 31 Iúil 2024, na substaintí gníomhacha spíonatóram agus aigéad L-ascorbach ón 30 Meitheamh 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2024 agus na substainte gníomhaí fluibeindé-aimíd ón 31 Lúnasa 2024 go dtí an 30 Samhain 2024. Bhí gá leis na faduithe toisc gur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún (4) a cuireadh ar aghaidh 3 mhí an dáta faoina gcuirtear isteach na sainchomhaid chun tacú le hathnuachan an fhormheasa. Dá bhrí sin, ba ghá an dáta faoina gcuirtear isteach na sainchomhaid a choinneáil mar a cheanglaítear faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 (5), agus am a thabhairt do na hiarratasóirí na sainchomhaid a ullmhú san fhormáid is gá.

(3)

A mhéid a bhaineann le fluibeindé-aimíd, aigéad L-ascorbach, spíonatóram agus spiriteitreamat, níor cuireadh isteach aon iarratas ar athnuachan an fhormheasa i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 laistigh de 3 bliana roimh dháta dul in éag an fhormheasa arna leagan síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

(4)

Na faduithe ar thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha sin, dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007, níl údar a thuilleadh leo. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh go rachaidh formheasanna na substaintí sin in éag ar na dátaí a rachaidís in éag gan na faduithe a chur leo.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2007 an 8 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le fadú thréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1,4-démheitiolnaftailéin, 6-beinsioladainín, aicéacuinicil, Adoxophyes orana granulovirus, sulfáit alúmanaim, aimíosulbróm, Aureobasidium pullulans (tréithchineálacha DSM 14940 agus DSM 14941), asadaraictin, Bacillus pumilus QST 2808, beanalacsail-M, bicsifein, búipireamáit, Candida oleophila tréithchineál O, clórantrainileapról, fosfónáit déshóidiam, déthianón, dóidín, eimimeictin, fluibeindé-aimíd, fluaimeatúrón, flucsaipiorocsad, flutríafól, heicsitiasocs, iomasamocs, iopconasól, iosocsaibein, aigéad L-ascorbach, sulfar aoil, ola oráiste, Paecilomyces fumosoroseus tréithchineál FE 9901, peindémheatailin, peanfluifein, peintiaipiorad, fosfónáití déshóidiam, prósulfúrón, Pseudomonas sp. tréithchineál DSMZ 13134, pireadailil, pirióifeanón, piorocsulam, cuinmeireac, aigéad S-scoiteach, seadacsán, sintifein, tiasulfáit airgid sóidiam, spíonatóram, spiriteitreamat, Streptomyces lydicus tréithchineál WYEC 108, tó-fluvailionáit, teabúifeanóisíd, teambaitrí-ón, tíoncarbasón, vailifeanaláit, foisfíd since (IO L 414, 9.12.2020, lch. 10).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana le haghaidh substaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Cuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:

(1)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 60, spiriteitreamat, cuirtear “30 Aibreán 2024” in ionad an dáta;

(2)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 66, aigéad L-ascorbach, cuirtear “30 Meitheamh 2024” in ionad an dáta;

(3)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 67, spíonatóram, cuirtear “30 Meitheamh 2024” in ionad an dáta;

(4)

sa séú colún, dul in éag an fhormheasa, de ró 74, fluibeindé-aimíd, cuirtear “31 Lúnasa 2024” in ionad an dáta.