This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0345
Case T-345/22: Action brought on 3 June 2022 — Stöttingfjällets Miljöskyddsförening v Commission
Cás T-345/22: Caingean arna tabhairt an 3 Meitheamh 2022 – Stöttingfjällets Miljöskyddsförening v an Coimisiún
Cás T-345/22: Caingean arna tabhairt an 3 Meitheamh 2022 – Stöttingfjällets Miljöskyddsförening v an Coimisiún
IO C 340, 5.9.2022, p. 44–45
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/44 |
Caingean arna tabhairt an 3 Meitheamh 2022 – Stöttingfjällets Miljöskyddsförening v an Coimisiún
(Cás T-345/22)
(2022/C 340/62)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Stöttingfjällets Miljöskyddsförening (Lycksele, an tSualainn) (ionadaí: G. Byrne, Abhcóide)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:
— |
a ordú go gcuirfí cinneadh an Choimisiúin lena ndiúltaítear d’iarraidh an iarratasóra an 15 Nollaig 2021 chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh mar iarraidh neamh-inghlactha, arna chur in iúl don iarratasóir le litir dar dáta an 1 Aibreán 2022, ar neamhní ar an bhforas go sáraítear na Conarthaí leis; |
— |
ina theannta sin/de rogha air sin, a dhearbhú gur mhainnigh an Coimisiún go neamhdhleathach gníomhú faoi Airteagal 265 CFAE nuair a iarradh sin air trí bhíthin litir an iarratasóra dar dáta an 15 Nollaig 2021 agus/nó gur mhainnigh sé a sheasamh a chur in iúl maidir le gearán an iarratasóra inti; |
— |
a dhearbhú, in imthosca nach gcomhlíonann plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na Sualainne ó mhí Eanáir 2020 (dá ngairtear “PNFA na Sualainne”) Coinbhinsiún Aarhus, go ndearna an Coimisiún é a mheasúnú agus/nó a ghlacadh agus/nó a fhoilsiú go neamhdhleathach, agus dá bhrí sin go bhfuil sé ag sárú dhlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta agus/nó go bhfuil sé neamhdhleathach; |
— |
a dhearbhú, in imthosca ina leantar de sháruithe tromchúiseacha ar dhlí an chomhshaoil agus go bhfuil siad fós ar siúl, gur mhainnigh an Coimisiún ina oibleagáidí dearfacha faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta na bearta is gá agus is iomchuí a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus ag PNFA na Sualainne agus/nó chun é a leigheas; |
— |
a dhearbhú nach dtugann Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) feidhm d’fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus, lena n-áirítear Airteagal 7 de, agus dá bhrí sin nach gcomhlíonann sé dlí comhshaoil an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol, agus go bhfuil sé neamhdhleathach dá bhrí sin; |
— |
ag féachaint do PNFAanna agus, go háirithe, do neamhchomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus ag PNFA na Sualainne, a dhearbhú gur sárú é ar oibleagáidí an Choimisiúin faoi Rialachán (AE) 2018/1999, gur sárú é ar an gCoinbhinsiún agus, thairis sin, gur sárú é ar oibleagáidí dearfacha an Choimisiúin faoi na Conarthaí; |
— |
a ordú don Choimisiún costais an iarratasóra a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.
1. |
Leis an gcéad saincheist dlí, líomhnaítear gur cheart Cinneadh an Choimisiúin a cuireadh in iúl don iarratasóir trí bhíthin litir dar dáta an 1 Aibreán 2022, a chur ar neamhní. Chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin trí bhíthin litir dar dáta an 15 Nollaig 2021. Mar fhreagra ar iarraidh an iarratasóra, sa litir réamhráite, chinn an Coimisiún go raibh freagra an iarratasóra neamh-inghlactha. Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil cinneadh an Choimisiúin ina leith sin lochtach go bunúsach, gur sárú ar dhlí comhshaoil an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaolé, agus gur sárú ar na Conarthaí é. Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil an Coimisiún ag sárú a oibleagáidí dearfacha faoi na Conarthaí agus faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Airteagail 3, 6 agus 7 de Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus). Ina theannta sin, maíonn an t-iarratasóir gur sháraigh cinneadh an Choimisiúin reachtaíocht thánaisteach an Aontais, lena n-áirítear Airteagal 9 agus Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Maíonn an t-iarratasóir go sáraíonn cinneadh an Choimisiúin ceart an iarratasóra chun rochtain a fháil ar cheartas faoi Choinbhinsiún Aarhus agus faoi Rialachán Uimh. 1367/2006. Áitíonn an t-iarratasóir freisin gur sárú ar na Conarthaí é gníomh riaracháin an Choimisiúin mar a shainmhínítear é i Rialachán Uimh. 1367/2006. |
2. |
Leis an dara saincheist dlí, i dteannta leis nó mar mhalairt ar an gcéad phléadáil, líomhnaítear gur mhainnigh an Coimisiún gníomhú de réir bhrí Airteagal 265 CFAE i ndáil leis na PNFAanna arna measúnú, arna nglacadh agus arna bhfoilsiú ag an Coimisiún, lena n-áirítear, go háirithe, PNFA na Sualainne. Mar gheall ar gan ghníomhú de bhun iarraidh an iarratasóra ar athbhreithniú inmheánach arna tíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 265 CFAE, tá a oibleagáidí dearfacha faoi na Conarthaí, lena n-áirítear go háirithe Airteagal 3 CAE agus Airteagal 191 CFAE, á sárú ag an gCoimisiún. Léiríonn an sárú sin freisin sárú suntasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar an dlí Eorpach maidir le gnás agus conarthaí, lena n-áirítear Airteagail 3, 6 agus 7 de Choinbhinsiún Aarhus, Airteagail 9 agus 10 de Rialachán Uimh. 1367/2006 agus Cinneadh VII/8f ó Chruinniú na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Aarhus maidir le comhlíonadh a chuid oibleagáidí faoin gCoinbhinsiún (arna leasú) ag an Aontas Eorpach, a glacadh an 21 Deireadh Fómhair 2021. |
3. |
Leis an tríú saincheist dlí, líomhnaítear gurb é atá i gceist le mainneachtain an Choimisiúin comhlíonadh iomlán Choinbhinsiún Aarhus ag NECP na Sualainne a áirithiú, ná go bhfuil an PNFA sin á mheasúnú, á ghlacadh agus á fhoilsiú go follasach de shárú follasach ar dhlí an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé neamhdhleathach. I ndáil leis sin, déanann an t-iarratasóir agóid neamhdhleathachta de bhun Airteagal 277 CFAE i ndáil leis an PNFA sin. |
4. |
Leis an gceathrú saincheist dlí, líomhnaítear nach dtugann Rialachán (AE) 2018/1999 éifeacht d’fhorálacha Choinbhinsiún Aarhus, lena n-áirítear Airteagal 7 de, agus dá réir sin, nach bhfuil sé i gcomhréir le dlí comhshaoil an Aontais ná leis an dlí idirnáisiúnta maidir leis an gcomhshaol. Dá réir sin, áitíonn an t-iarratasóir go sáraíonn Rialachán (AE) 2018/1999 na Conarthaí agus gur cheart a dhearbhú go bhfuil sé neamhdhleathach. |
(1) Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail (IO 2006 L 264, lch. 13).