Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2296

    Cinneadh (AE) 2022/2296 ón gComhairle an 21 Samhain 2022 maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

    ST/13109/2022/INIT

    IO L 304, 24.11.2022, p. 67–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2296/oj

    24.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 304/67


    CINNEADH (AE) 2022/2296 ÓN gCOMHAIRLE

    an 21 Samhain 2022

    maidir le treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

    Tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

    Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Fostaíochta (3)

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ní mór do na Ballstáit agus an tAontas saothrú i dtreo straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha a chur chun cinn, chomh maith le margaí saothair a bheidh dírithe ar an athrú eacnamaíoch agus a bheidh freagrúil sa todhchaí, d’fhonn na cuspóirí maidir le lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta, fás cothrom, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a ghnóthú. Ní mór do na Ballstáit a mheas gur ábhar leasa choitinn é an fhostaíocht a chur chun cinn agus déanfaidh siad comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith sin i dtionól na Comhairle, agus cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí an lucht bainistíochta agus an lucht saothair á gcur san áireamh.

    (2)

    Tá an tAontas chun an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac, agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúine agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn, mar a leagtar síos in Airteagal 3 CAE. Agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, tá an tAontas le haird a thabhairt ar ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta a chomhrac, le hardleibhéal oideachais agus oiliúna agus le cosaint do shláinte an duine mar a leagtar síos in Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

    (3)

    I gcomhréir le CFAE, tá ionstraimí comhordaithe beartais forbartha agus curtha chun feidhme ag an Aontas do bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta. Mar chuid de na hionstraimí sin, is ionann na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (“na Treoirlínte”) a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, mar aon leis na treoirlínte ginearálta do beartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais a leagtar amach i Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle (4), agus na Treoirlínte Comhtháite. Is leosan a dhéanfar cur chun feidhme beartais a threorú sna Ballstáit agus san Aontas, i gcomhréir leis an idirspleáchas atá ann idir na Ballstáit. Is é a bheidh sa tacar beartas agus athchóirithe comhordaithe ar an leibhéal Eorpach agus náisiúnta a eascraíonn as an méid sin, meascán foriomlán beartas iomchuí inbhuanaithe maidir le cúrsaí geilleagair, fostaíochta agus sóisialta, lenar cheart éifeachtaí dearfacha iarmharta a chothú do mhargaí saothair agus don tsochaí i gcoitinne agus freagairt éifeachtach a thabhairt ar thionchar phaindéim COVID-19, ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar an méadú atá ag teacht ar an gcostas maireachtála.

    (4)

    Chun dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a fheabhsú, chun an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a éascú agus chun margaí saothair cuimsitheacha, iomaíocha agus athléimneacha a bhaint amach san Aontas, ba cheart do na Ballstáit oideachas, oiliúint, uas-sciliú agus athsciliú ardcháilíochta a chur chun cinn, chomh maith le foghlaim ar feadh an tsaoil, gairmoideachas agus oiliúint atá dírithe ar an todhchaí, agus deiseanna gairme feabhsaithe trí na naisc idir an córas oideachais agus margadh an tsaothair a neartú agus trí scileanna, eolas agus inniúlachtaí a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a aithint.

    (5)

    Tá na Treoirlínte comhsheasmhach leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le tionscnaimh éagsúla de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/55/CE ón gComhairle (5), Moltaí ón gComhairle an 10 Márta 2014 (6), an 15 Feabhra 2016 (7), an 19 Nollaig 2016 (8), an 15 Márta 2018 (9), an 22 Bealtaine 2018 (10), an 22 Bealtaine 2019 (11), an 8 Samhain 2019 (12), an 30 Deireadh Fómhair 2020 (13),an 24 Samhain 2020 (14), an 29 Samhain 2021 (15), agus an 16 Meitheamh 2022 (16), Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún (17), Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle (18), Rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 (19), Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 dar teideal ‘on building an economy that works for people: an action plan for the social economy’ [maidir le geilleagar a thógáil a oibríonn do dhaoine: plean gníomhaíochta don gheilleagar sóisialta], Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20), Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (21), agus Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne i measc stiúrthóirí cuideachtaí liostaithe agus bearta gaolmhara.

    (6)

    Comhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach na hionstraimí éagsúla le chéile i gcreat uileghabhálach ar mhaithe le comhordú agus faireachas comhtháite iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh den Aontas. Agus an inbhuanaitheacht chomhshaoil, an táirgiúlacht, an chothroime agus an chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch á saothrú ag an Seimeastar Eorpach, comhtháthaíonn sé freisin prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus prionsabail na huirlise faireacháin a ghabhann leis, an Scórchlár Sóisialta, agus déanann sé foráil maidir le rannpháirtíocht láidir leis na comhpháirtithe sóisialta, leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile. Tacaíonn sé leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. Ba cheart beartais eacnamaíocha agus fostaíochta an Aontais agus na mBallstát a bheith fite fuaite le haistriú cothrom na hEorpa i dtreo geilleagar aeráid-neodrach, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus digiteach, leis na beartais sin ba cheart feabhas a chur ar an iomaíochas, dálaí oibre leordhóthanacha a áirithiú, an nuálaíocht a chothú, an ceartas sóisialta agus comhdheiseanna agus cóineasú socheacnamaíoch aníos a chur chun cinn, chomh maith le dul i ngleic leis na neamhionannais agus le héagothromaíochtaí réigiúnacha.

    (7)

    An t-athrú aeráide agus dúshláin eile a bhaineann leis an gcomhshaol, an gá atá le dlús a chur le neamhspleáchas fuinnimh, agus le haistriú glas a bheidh cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta, an gá le neamhspleáchas oscailte straitéiseach na hEorpa a áirithiú, an domhandú, an digitiú, an intleacht shaorga, an méadú ar theilea-obair, geilleagar na n-ardán agus an t-athrú déimeagrafach, tá geilleagair agus sochaithe na hEorpa ag athrú ó bhonn ag an méid sin. Beidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na forbairtí struchtúracha sin go héifeachtach agus go réamhghníomhach agus chun na córais atá ann cheana a oiriúnú de réir mar is gá, agus aitheantas á thabhairt do dhlúth-idirspleáchas gheilleagair agus mhargaí saothair na mBallstát, agus do bheartais ghaolmhara. Chuige sin, teastaíonn gníomhaíocht bheartais atá comhordaithe, uaillmhianach agus éifeachtach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta inti á aithint, i gcomhréir le CFAE agus le forálacha an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur san áireamh ag an am céanna. Ba cheart iad seo a leanas a bheith i gceist leis an ngníomhaíocht bheartais sin: borradh faoi infheistíocht inbhuanaithe, gealltanas athnuaite d’athchóirithe cuí-sheicheamhaithe lena gcuirtear feabhas ar fhás eacnamaíoch cuimsitheach inbhuanaithe, cruthú post ardcháilíochta, táirgiúlacht, dálaí oibre leordhóthanacha, comhtháthú sóisialta agus críochach, cóineasú socheacnamaíoch aníos, athléimneacht agus feidhmiú freagrachta fioscaí, le tacaíocht ó chláir chistiúcháin de chuid an Aontais atá ann cheana, agus go háirithe an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) agus na cistí an bheartais chomhtháthaithe, lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23) agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa arna rialú ag Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25). Ba cheart gníomhaíocht bheartais bearta ar thaobh an tsoláthair agus ar thaobh an éilimh a chomhcheangail le chéile, agus na tionchair a bheidh acu ar chúrsaí eacnamaíocha, comhshaoil, fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh san am céanna.

    (8)

    D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (26). Leagtar amach ann scór prionsabal agus ceart lena dtacófar le dea-fheidhmiú agus cothromas sna margaí saothair, agus iad roinnte i dtrí chatagóir: comhdheiseanna agus rochtain ar an margadh saothair, dálaí oibre cothroma, agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Leis na prionsabail agus na cearta tugtar treoir straitéiseach don Aontas, lena áirithiú go mbeidh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht agus chuig inbhuanaitheacht chomhshaoil, an digitiú agus an t-athrú déimeagrafach cóir agus cothrom i dtéarmaí sóisialta agus go gcaomhnófar an comhtháthú críochach. Is creat tagartha é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, mar aon leis an Scórchlár Sóisialta a ghabhann leis, chun faireachán a dhéanamh ar fhostaíocht agus fheidhmíocht shóisialta na mBallstát, chun athchóirithe a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus chun réiteach a dhéanamh idir an “ghné shóisialta” agus an “margadh” i ngeilleagar nua-aimseartha an lae inniu, lena n-áirítear tríd an ngeilleagar sóisialta a chur chun cinn. An 4 Márta 2021, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta chun cinn do chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (an “Plean Gníomhaíochta”), lena n-áirítear príomhspriocanna uaillmhianacha ach réadúla agus fospriocanna comhlántacha do 2030, i réimsí na fostaíochta, na scileanna, an oideachais agus laghdú na bochtaineachta, chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe.

    (9)

    An 8 Bealtaine 2021, ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto, d’aithin na Cinn Stáit nó Rialtais Colún Eorpach na gCeart Sóisialta mar ghné bhunúsach den téarnamh, ag tabhairt dá n-aire go neartófar, lena chur chun feidhme, iarracht an Aontais aistriú digiteach, glas agus cothrom a bhaint amach agus rannchuidiú le cóineasú sóisialta agus eacnamaíoch aníos a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha. Chuir siad in iúl go láidir go bhfuil an ghné shóisialta, an t-idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht ghníomhach na gcomhpháirtithe sóisialta i gcroílár geilleagair shóisialta mhargaidh ina bhfuil iomaíocht ghéar. Chinn siad go gcuirtear treoir úsáideach ar fáil leis an bPlean Gníomhaíochta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimsí na fostaíochta, na scileanna, na sláinte agus na cosanta sóisialta. Ba dhíol sásaimh dóibh príomhspriocanna nua an Aontais do 2030 maidir le fostaíocht (78 % ar a laghad den daonra idir 20 agus 64 bliana d’aois a bheith i mbun fostaíochta), scileanna (60 % ar a laghad de na daoine fásta ar fad a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain) agus laghdú bochtaineachta (laghdú de 15 milliún duine ar a laghad, lena n-áirítear 5 mhilliún leanbh), chomh maith leis an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe d’fhonn faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta mar chuid den chreat um chomhordú beartais i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Chomh maith leis sin, i nGealltanas Sóisialta Porto iarradh freisin ar na Ballstáit spriocanna náisiúnta uaillmhianacha a leagan síos, agus aird chuí á tabhairt ar an seasamh tosaigh atá ag gach tír, ar cheart dóibh rannchuidiú leordhóthanach chun príomhspriocanna an Aontais do 2030 a bhaint amach. In Porto, thug Ceannairí Stáit nó Rialtais dá n-aire gurb é an tosaíocht a bheidh ag an Eoraip, de réir mar a aisghabhann an Eoraip de réir a chéile ó phaindéim COVID-19, gluaiseacht ó chosaint go poist a chruthú agus ó cháilíocht na bpost a fheabhsú, agus chuir siad i dtreis go mbeidh sé ríthábhachtach prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcruthófar níos mó post agus poist níos fearr do chách faoi chuimsiú téarnaimh chuimsithigh.

    Leag siad béim ar a dtiomantas don aontacht agus don dlúthpháirtíocht, rud a chiallaíonn freisin deiseanna comhionanna a áirithiú do chách agus gan aon duine a fhágáil ar lár. Dhearbhaigh siad go bhfuil rún daingean acu, mar a bunaíodh le Clár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí 2019-2024, leanúint de chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a dhoimhniú, agus aird chuí á tabhairt ar na hinniúlachtaí faoi seach agus ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Ar deireadh, leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn atá déanta chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus príomhspriocanna an Aontais do 2030 a chur chun feidhme, lena n-áirítear ar an leibhéal is airde.

    (10)

    Tar éis ionradh na Rúise ar an Úcráin, cháin an Chomhairle Eorpach, ina conclúidí an 24 Feabhra 2022, gníomhaíochtaí na Rúise, a fhéachann leis an mbonn a bhaint de shlándáil agus de chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain, agus chuir sí dlúthpháirtíocht in iúl le muintir na hÚcráine, agus chuir sí i dtreis sárú an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe. Sa chomhthéacs reatha, i bhfianaise scála insreabhadh na ndídeanaithe agus na ndaoine easáitithe, tá gá le cosaint shealadach, mar a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (27) lena ndéantar Treoir 2001/55/CE a ghníomhachtú. Leis sin, féadann daoine a easáitíodh as an Úcráin leas a bhaint as cearta comhchuibhithe ar fud an Aontais, cearta a chuireann leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh i margaí saothair na hEorpa, is féidir le daoine a easáitíodh as an Úcráin rannchuidiú le geilleagar an Aontais a neartú agus cabhrú lena dtír agus lena muintir sa bhaile. Amach anseo, féadfaidh an taithí agus na scileanna a fuarthas cuidiú leis an Úcráin a atógáil. I gcás leanaí agus déagóirí gan tionlacan, tugann cosaint shealadach an ceart chun caomhnóireacht dhlíthiúil agus chun rochtain a fháil ar oideachas agus ar chúram leanaí. Ba cheart do na Ballstáit rannpháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na mbeart beartais darb aidhm aghaidh a thabhairt ar na dúshláin i réimse na fostaíochta agus na scileanna, lena n-áirítear cáilíochtaí a aithint, a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá ról lárnach ag na comhpháirtithe sóisialta maidir le tionchar an chogaidh a mhaolú ó thaobh fostaíocht agus táirgeacht a chaomhnú.

    (11)

    Na hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear sásraí náisiúnta chun pá a shocrú, ba cheart dóibh na cleachtais náisiúnta a urramú maidir le hidirphlé shóisialta agus neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, d’fhonn pá cothrom a sholáthar lena gcumasófar caighdeán maith maireachtála agus fás inbhuanaithe chomh maith le cóineasú socheacnamaíoch aníos. Ba cheart dóibh an deis is gá a chur ar fáil chun gnéithe socheacnamaíocha a chur san áireamh go forleathan, lena n-áirítear feabhas a chur ar an inbhuanaitheacht, ar an iomaíochas, ar an nuálaíocht, cruthú post ar ardchaighdeán, dálaí oibre, bochtaineacht san obair, oideachas, oiliúint agus scileanna, sláinte an phobail agus cuimsiú sóisialta, chomh maith le fíorioncaim. Ina leith sin, tá an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht agus cistí eile de chuid an Aontais ag tacú leis na Ballstáit athchóirithe agus infheistíochtaí a chur chun feidhme atá i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais, rud a fhágfaidh go mbeidh geilleagair agus sochaithe na hEorpa níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe don aistriú glas agus digiteach sa chomhthéacs iar-phaindéim COVID-19. Chuir cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine leis na dúshláin shocheacnamaíocha a bhí ann cheana de bharr phaindéim COVID-19. Ba cheart do na Ballstáit agus don Aontas leanúint dá n-áirithiú go maolófar na tionchair shóisialta, fostaíochta agus eacnamaíocha agus go mbeidh na haistrithe cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus cóir, i bhfianaise freisin go gcuideoidh neamhspleáchas straitéiseach níos mó agus aistriú glas luathaithe le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar allmhairiú fuinnimh agus táirgí agus teicneolaíochtaí straitéiseacha eile, go háirithe ón Rúis. Tá sé ríthábhachtach athléimneacht a neartú agus sochaí chuimsitheach athléimneach a shaothrú ina dtugtar cosaint do dhaoine agus ina dtugtar an chumhacht dóibh athruithe a thuar agus a bhainistiú, agus inar féidir leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar.

    Tá gá le tacar comhleanúnach de bheartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena gcuimsítear fruiliú sealadach agus dreasachtaí aistrithe, beartais scileanna agus seirbhísí fostaíochta feabhsaithe, chun tacú le haistrithe i margadh an tsaothair, i bhfianaise na gclaochlaithe glasa agus digiteacha freisin, mar a léiríodh i Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 agus i Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú. Ba cheart dálaí oibre maithe, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus idir shláinte coirp agus mheabhairshláinte oibrithe, a chur chun cinn.

    (12)

    Ba cheart dul i ngleic le hidirdhealú de gach cineál, an comhionannas inscne a áirithiú agus tacú le fostaíocht do dhaoine óga. Ba cheart rochtain chomhionann agus deiseanna comhionanna do chách a áirithiú agus ba cheart an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú, go háirithe i gcás leanaí, daoine faoi mhíchumais agus na Romaigh, go háirithe trí fheidhmiú éifeachtach na margaí saothair agus córais chosanta sóisialta leordhóthanacha agus cuimsitheacha a áirithiú, mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019, agus trí dheireadh a chur le bacainní ar oideachas, ar oiliúint, ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a bheidh cuimsitheach agus dírithe ar an todhchaí, lena n-áirítear trí infheistíochtaí in oideachas agus i gcúram na luath-óige, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, agus i scileanna digiteacha glasa. Tá tábhacht ar leith ag baint le rochtain thráthúil chomhionann ar chúram fadtéarmach inacmhainne agus ar sheirbhísí cúraim sláinte inacmhainne, lena n-áirítear cosc agus cur chun cinn cúraim sláinte, i bhfianaise phaindéim COVID-19 a thosaigh in 2020 agus i gcomhthéacs sochaithe atá ag dul in aois. Ba cheart an acmhainneacht atá ag daoine faoi mhíchumas rannchuidiú le fás eacnamaíoch agus leis an bhforbairt shóisialta a chothú a thuilleadh. De réir mar a ghlacann samhlacha nua eacnamaíocha agus gnó áiteanna oibre ar fud an Aontais, tá caidrimh fostaíochta ag athrú freisin. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanann caidrimh fostaíochta a eascraíonn ó chineálacha nua oibre múnla sóisialta na hEorpa a neartú.

    (13)

    Ba cheart na Treoirlínte Comhtháite a bheith mar bhunús le moltaí tír-shonracha a fhéadfaidh an Chomhairle a dhíriú ar na Ballstáit. Tá na Ballstáit le leas iomlán a bhaint as a n-acmhainní REACT-EU, acmhainní a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28) lena ndéantar cistí bheartais chomhtháthaithe 2014-2020 agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) a threisiú go dtí 2023. Mar gheall ar an ngéarchéim reatha san Úcráin, rinneadh Rialachán (AE) 2020/2221 a chomhlánú a thuilleadh le Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus le leasú breise ar Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30) a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe le haghaidh REACT-EU, agus le costas aonaid nua chun cabhrú le lánpháirtiú daoine atá ag teacht isteach san Aontas ón Úcráin a luathú dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31).

    Ina theannta sin, do chlárthréimhse 2021-2027, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir mar aon leis an gCiste InvestEU arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), chun fostaíocht ardcháilíochta agus infheistíochtaí sóisialta a chothú, chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac, cur i gcoinne an idirdhealaithe, chun inrochtaineacht a áirithiú, agus chun deiseanna uas-scilithe agus athscilithe an lucht saothair, foghlaim ar feadh an tsaoil agus oideachas agus oiliúint ardcháilíochta do chách a chur chun cinn, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha chun an t-eolas agus na cáilíochtaí is gá le haghaidh geilleagar digiteach agus geilleagar glas a thabhairt dóibh. Ina theannta sin, tá na Ballstáit le lánúsáid a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Easáitithe, ciste a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) chun tacú le hoibrithe arna ndéanamh iomarcach mar thoradh ar mhórtheagmhais athstruchtúraithe, amhail paindéim COVID-19, claochluithe socheacnamaíocha ar toradh ar threochtaí níos domhanda iad, agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil. Cé go ndírítear na Treoirlínte Comhtháite ar na Ballstáit agus ar an Aontas, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhpháirtíocht leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla uile, i ndlúthchomhar le parlaimintí, chomh maith le comhpháirtithe sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta.

    (14)

    Déanfaidh an Coiste Fostaíochta agus an Coiste um Chosaint Shóisialta faireachán ar an gcaoi a gcuirtear na beartas ábhartha chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte do bheartais fostaíochta, i gcomhréir lena sainorduithe féin faoi na Conarthaí. Beidh ar na coistí sin agus ar chomhlachtaí ullmhúcháin eile de chuid na Comhairle atá bainteach le comhordú beartas eacnamaíoch agus sóisialta oibriú i ndlúthchomhar le chéile. Ba cheart idirphlé beartais idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún a choinneáil ar bun, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát.

    (15)

    Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um Chosaint Shóisialta,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Glactar leis seo na treoirlínte do bheartais fostaíochta na mBallstát (“na Treoirlínte”), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad. Beidh na Treoirlínte mar chuid de na Treoirlínte Comhtháite.

    Airteagal 2

    Cuirfidh na Ballstáit na Treoirlínte san áireamh ina mbeartais fostaíochta agus ina gcláir um athchóiriú, agus tuairisceofar na treoirlínte sin i gcomhréir le hAirteagal 148(3) CFAE.

    Airteagal 3

    Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. NEKULA


    (1)  Tuairim an 18 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (2)  Tuairim an 21 Meán Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (3)  Tuairim an 21 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

    (4)  Moladh ón gComhairle (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 maidir le treoirlínte leathana le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais (IO L 192, 18.7.2015, lch. 27).

    (5)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).

    (6)  Moladh ón gComhairle an 10 Márta 2014 maidir le Creat Ardchaighdeáin do Chúrsaí Oiliúna (IO C 88, 27.3.2014, lch. 1).

    (7)  Moladh ón gComhairle an 15 Feabhra 2016 maidir le daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chomhtháthú i margadh an tsaothair (IO C 67, 20.2.2016, lch. 1).

    (8)  Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uasoiliúna: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta (IO C 484, 24.12.2016, lch. 1).

    (9)  Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach do Phrintíseachtaí Ardchaighdeáin agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lch. 1).

    (10)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO C 189, 4.6.2018, lch. 1).

    (11)  Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige Ardcháilíochta (IO C 189, 5.6.2019, lch. 4).

    (12)  Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lch. 1).

    (13)  Moladh an 30 Deireadh Fómhair 2020 ón gComhairle maidir le Droichead chun na Fostaíochta – Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).

    (14)  Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (IO C 417, 2.12.2020, lch. 1).

    (15)  Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta (IO C 504, 14.12.2021, lch. 21).

    (16)  Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht (IO C 243, 27.6.2022, lch. 10), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le cuntais foghlama aonair (IO C 243, 27.6.2022, lch. 26), Moladh ón gComhairle an 16 Meitheamh 2022 maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú (IO C 243, 27.6.2022, lch. 35).

    (17)  Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1).

    (18)  Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (IO L 223, 22.6.2021, lch. 14).

    (19)  Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus i ndiaidh (2021-2030) ((IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)

    (20)  Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).

    (21)  (IO L 275, 25.10.2022).

    (22)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

    (23)  Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 231, 30.6.2021, lch. 21).

    (24)  Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (IO L 231 30.6.2021, lch. 60).

    (25)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231 30.6.2021, lch. 1).

    (26)  An Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lch. 10).

    (27)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1).

    (28)  Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a chur ar fáil chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU) (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30).

    (29)  Rialachán (AE) 2022/562 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE) (IO L 109, 8.4.2022, lch. 1).

    (30)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (31)  Rialachán (AE) 2022/613 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le réamh-mhaoiniú méadaithe ó acmhainní REACT EU agus le costas aonaid a bhunú (IO L 115, 13.4.2022, lch. 38).

    (32)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

    (33)  Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 48).


    IARSCRÍBHINN

    Treoirlíne 5: Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar

    Ba cheart do na Ballstáit geilleagar margaidh sóisialta inbhuanaithe a chur chun cinn go gníomhach agus infheistíocht i gcruthú post ardcháilíochta a éascú agus tacú léi, agus leas a bhaint freisin as an acmhainneacht a bhaineann leis na haistrithe digiteacha agus glasa, i bhfianaise phríomhsprioc an Aontais do 2030 maidir leis an bhfostaíocht. Chun na críche sin, ba cheart dóibh na bacainní a bhíonn ar ghnólachtaí agus iad ag earcú daoine a laghdú, fiontraíocht atá freagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a chothú agus, go háirithe, tacú le cruthú agus fás micrifhiontar, fiontar beag agus fiontar meánmhéide, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar mhaoiniú. Ba cheart do na Ballstáit forbairt an gheilleagair shóisialta a chur chun cinn go gníomhach agus leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an gheilleagair shóisialta, nuálaíocht shóisialta agus fiontair shóisialta a chothú, agus na samhlacha gnó sin atá ag cruthú deiseanna fostaíochta ar ardchaighdeán agus atá ag giniúint sochair shóisialta, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, a spreagadh, go háirithe sa gheilleagar ciorclach agus sna críocha is mó atá thíos leis an aistriú chuig geilleagar glas i ngeall ar a speisialtóireacht earnála.

    Tar éis phaindéim COVID-19, ba cheart do scéimeanna oibre gearr-ama atá dea-cheaptha agus socruithe comhchosúla próisis athstruchtúraithe a éascú agus tacú leo, sa bhreis ar an bhfostaíocht a chaomhnú, i gcás inarb iomchuí, chun cabhrú leis an ngeilleagar a nuachóiriú, lena n-áirítear trí scileanna gaolmhara a fhorbairt. Ba cheart féachaint an bhféadfaí dreasachtaí fruilithe agus dreasachtaí aistrithe, bearta uas-scilithe agus athoiliúna, agus iad dea-cheaptha, a thabhairt isteach chun tacú le cruthú post agus le haistrithe ar feadh an tsaoil oibre, agus chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair agus scileanna, i bhfianaise freisin na gclaochluithe digiteacha agus glasa, an athraithe dhéimeagrafaigh, agus thionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

    Ba cheart an cánachas a aistriú ón saothar go dtí foinsí cánacha eile a thugann níos mó tacaíochta don fhostaíocht agus don fhás cuimsitheach, agus i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus éifeacht athdháilte an cháinchórais á cur san áireamh, chomh maith lena éifeacht ar rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, agus ioncam le haghaidh cosaint shóisialta leordhóthanach agus caiteachas spreagtha fáis á chosaint san am céanna.

    Ba cheart do na Ballstáit, lena n-áirítear iad sin a bhfuil pá íosta náisiúnta i bhfeidhm acu, cómhargáil a chur chun cinn d’fhonn socrú pá a chur i bhfeidhm, agus rannpháirtíocht éifeachtach comhpháirtithe sóisialta a áirithiú ar bhealach trédhearcach intuartha, lena gcuirfí freagrúlacht leormhaith an phá i leith forbairtí táirgiúlachta san áireamh agus lena gcothófaí pá cothrom le haghaidh caighdeán sásúil maireachtála, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí ar ioncam íseal nó ar mheánioncam ar mhaithe leis an gcóineasú aníos a neartú. Ba cheart dálaí socheacnamaíocha, lena n-áirítear fás fostaíochta, iomaíochas agus forbairtí réigiúnacha agus earnálacha, a chur san áireamh sna sásraí chun pá a shocrú. Agus urraim á tabhairt do chleachtais náisiúnta agus do neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta, ba cheart do na Ballstáit agus na comhpháirtithe sóisialta a áirithiú go mbeidh pá leordhóthanach ag gach oibrí trí thairbhe a bhaint, go díreach nó go hindíreach, as comhaontuithe comhchoiteanna nó as pá íosta reachtúil leordhóthanach, agus tionchar an mhéid sin ar an iomaíochas, ar chruthú post agus ar bhochtaineacht lucht oibre á chur san áireamh.

    Treoirlíne 6: An soláthar saothair a neartú agus feabhas a chur ar an rochtain ar an bhfostaíocht, agus ar shealbhú scileanna agus inniúlachtaí ar feadh an tsaoil

    I gcomhthéacs na n-aistrithe digiteacha agus ghlasa, an athraithe dhéimeagrafaigh agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ba cheart do na Ballstáit an inbhuanaitheacht, an táirgiúlacht, an infhostaitheacht agus an caipiteal daonna a chur chun cinn, lena gcothófaí sealbhú scileanna agus inniúlachtaí le linn shaol na ndaoine agus lena bhfreagrófaí ar riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, i bhfianaise phríomhsprioc an Aontais do 2030 maidir le scileanna. Ba cheart do na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus infheistíocht a dhéanamh iontu chun oideachas ardcháilíochta cuimsitheach a chur ar fáil, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint, rochtain ar an bhfoghlaim dhigiteach, agus oiliúint teanga (e.g. i gcás dídeanaithe, lena n-áirítear dídeanaithe ón Úcráin) agus scileanna fiontraíochta a fháil. Ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta, le soláthraithe oideachais agus oiliúna, le fiontair agus le páirtithe leasmhara eile chun aghaidh a thabhairt ar na laigí struchtúracha sna córais oideachais agus oiliúna agus chun feabhas a chur ar a gcáilíocht agus a n-ábharthacht i leith mhargadh an tsaothair, d’fhonn an t-aistriú glas agus digiteach a bhaint amach, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar neamhréir scileanna atá ann cheana agus d’fhonn teacht chun cinn ganntanas nua a chosc, go háirithe i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le REPowerEU, amhail imscaradh fuinnimh inathnuaite nó athchóiriú foirgneamh.

    Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghairm na múinteoireachta, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí digiteacha múinteoirí agus oiliúnóirí. Ba cheart do chórais oideachais agus oiliúna na príomhinniúlachtaí a thabhairt do gach foghlaimeoir, lena n-áirítear scileanna bunúsacha agus scileanna digiteacha chomh maith le hinniúlachtaí idirdhisciplíneacha chun bunchloch a leagan síos a chuideoidh lena n-inoiriúnaitheacht agus lena n-athléimneacht ar feadh an tsaoil, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil múinteoirí ullmhaithe na hinniúlachtaí sin a chothú i bhfoghlaimeoirí. Ba cheart do na Ballstáit tacú le daoine fásta in aois oibre rochtain a fháil ar oiliúint agus dreasachtaí agus spreagadh daoine aonair a mhéadú chun oiliúint a lorg lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí theidlíochtaí oiliúna aonair, amhail cuntais foghlama aonair, agus a áirithiú go mbeidh siad inaistrithe le linn aistrithe gairmiúla, agus trí chóras iontaofa measúnaithe cáilíochta oiliúna. Ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí micridhintiúr a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus leis an infhostaitheacht. Ba cheart go gcuirfeadh siad ar chumas gach duine riachtanais an mhargaidh saothair a réamh-mheas agus iad féin a chur in oiriúint níos fearr dóibh go háirithe trí uasoiliúint agus athoiliúint leanúnach agus trí threoir agus comhairleoireacht chomhtháite a sholáthar, d’fhonn tacú le haistrithe cothroma agus córa do chách, torthaí sóisialta a neartú, aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sa mhargadh saothair agus ar neamhréir scileanna, athléimneacht fhoriomlán an gheilleagair i gcás suaite a fheabhsú agus coigeartuithe féideartha a dhéanamh níos éasca.

    Ba cheart do na Ballstáit comhdheiseanna a chothú do chách trí aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas i gcórais oideachais agus oiliúna. Go háirithe, ba cheart rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige inacmhainne d’ardchaighdeán a thabhairt do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí. Ba cheart do na Ballstáit na leibhéil cháilíochta fhoriomlána a ardú, líon na ndaoine a fhágann an t-oideachas agus an oiliúint go luath a laghdú, tacú le rochtain ar oideachas do leanaí ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus ó cheantair iargúlta, tarraingteacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (VET), tacú le rochtain ar oideachas treasach agus le críochnú oideachais threasaigh, an t-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht do dhaoine óga a éascú trí chúrsaí oiliúna agus printíseachtaí ar ardchaighdeán, chomh maith le rannpháirtíocht daoine fásta i bhfoghlaim leanúnach a mhéadú, go háirithe i measc foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus i measc na ndaoine is lú cáilíocht. Agus ceanglais nua na sochaithe digiteacha, sochaithe glasa agus sochaithe atá ag dul in aois á gcur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit an fhoghlaim obairbhunaithe ina gcórais gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET) a neartú, lena n-áirítear trí phrintíseachtaí éifeachtacha ar ardchaighdeán, agus líon na gcéimithe san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) a mhéadú sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus san oideachas treasach araon, go háirithe líon na mban. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit ábharthacht an oideachais threasaigh a fheabhsú maidir le margadh an tsaothair, agus i gcás inarb iomchuí, taighde a fheabhsú freisin maidir leis an margadh sin; feabhas a chur ar fhaireachán agus ar réamhaisnéis scileanna; scileanna a dhéanamh níos feiceálaí agus cáilíochtaí a dhéanamh inchomparáide lena chéile, lena n-áirítear na cáilíochtaí a gnóthaíodh thar lear; agus deiseanna a mhéadú chun scileanna agus inniúlachtaí a fhaightear lasmuigh den oideachas foirmiúil agus den oiliúint fhoirmiúil a aithint agus a bhailíochtú, lena n-áirítear do dhídeanaithe agus do dhaoine faoi stádas cosanta sealadaí. Ba cheart dóibh soláthar na gairmoiliúna agus an ghairmoideachais atá solúbtha leanúnach a uasghrádú agus an ráta iontrála a bhaineann leo a mhéadú. Ba cheart do na Ballstáit freisin tacú le daoine fásta ar bheagán oiliúna a n-infhostaitheacht fhadtéarmach a choinneáil ar bun nó a fhorbairt trí bhorradh a chur faoin rochtain ar dheiseanna foghlama ar ardchaighdeán agus borradh a chur faoin méid daoine a théann ina mbun, trí Moladh ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 maidir le Conairí Uas-scilithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnú scileanna, tairiscint oideachais agus oiliúna de réir deiseanna i leith an mhargaidh saothair, agus trí na scileanna a fuarthas a bhailíochtú agus a aithint.

    Ba cheart do na Ballstáit cúnamh éifeachtach, tráthúil, comhordaithe, saincheaptha a chur ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine neamhghníomhacha, cúnamh atá bunaithe ar thacaíocht do chuardaigh poist, d’oiliúint, d’athcháiliú agus do rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin eile, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí leochaileacha agus ar dhaoine a ndéanann na haistrithe glasa agus digiteacha nó suaití sa mhargadh saothair difear ar leith dóibh. Ba cheart straitéisí cuimsitheacha lena n-áirítear measúnaithe aonair grinn ar dhaoine atá dífhostaithe a shaothrú a luaithe is féidir, tar éis 18 mí den dífhostaíocht ar a dhéanaí, d’fhonn an dífhostaíocht fhadtéarmach struchtúrach a laghdú agus a chosc. Ba cheart leanúint d’aghaidh a thabhairt ar an dífhostaíocht i measc na hóige agus ar shaincheist na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna), trí luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc agus trí fheabhas struchtúrach a chur ar an aistriú ón scoil go dtí an obair, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht don Aos Óg a chur chun feidhme go hiomlán, rud a thacóidh le deiseanna fostaíochta óige ar ardcháilíocht sa téarnamh iarphaindéime. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun béim a leagan ar an dearcadh athnuaite don todhchaí a thagann leis na haistrithe glasa agus digiteacha, mar aon leis na deiseanna a thugann siad chun tionchar diúltach na paindéime ar dhaoine óga a chomhrac.

    Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na Ballstáit deireadh a chur le bacainní agus le dídhreasuithe i leith rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus dreasachtaí a chur ar fáil ina leith, go háirithe le haghaidh daoine ar ioncam íseal, an dara duine sa teaghlach atá ag tuilleamh (na mná go minic) agus na ndaoine sin is faide ón margadh saothair, lena n-áirítear daoine a bhfuil cúlra imirceach acu agus pobail imeallacha na Romach. I bhfianaise ganntanas ard lucht saothair i ngairmeacha agus in earnálacha áirithe, ba cheart do na Ballstáit rannchuidiú leis an soláthar saothair a chothú, go háirithe trí phá leordhóthanach agus dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn, chomh maith le beartais ghníomhacha éifeachtacha maidir le margadh an tsaothair, agus ról na gcomhpháirtithe sóisialta á urramú. Ba cheart do na Ballstáit tacú le timpeallacht oibre a bheidh oiriúnaithe do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais agus seirbhísí spriocdhírithe a chuireann ar a gcumas dóibh a bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.

    Ba cheart dul i ngleic leis na bearnaí fostaíochta agus na bearnaí pá idir na hinscní, chomh maith le steiréitíopaí inscne. Ba cheart do na Ballstáit comhionannas inscne agus rannpháirtíocht mhéadaithe na mban sa mhargadh saothair a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhionannas deiseanna agus dul chun cinn gairme a áirithiú agus trí dheireadh a chur le bacainní ar rochtain ar cheannaireacht ag gach leibhéal den chinnteoireacht, chomh maith le dul i ngleic leis an gciapadh agus leis an bhforéigean ag an obair arb iad na mná a bhíonn thíos leis an bhfadhb go príomha. Ba cheart pá comhionann as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach, chomh maith leis an trédhearcacht pá, a áirithiú. Ba cheart comhréiteach idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach le haghaidh mná agus fir araon a chur chun cinn, go háirithe trí rochtain a bheith ann ar chúram fadtéarmach agus oideachas agus seirbhísí cúraim luathóige atá inacmhainne ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú do thuismitheoirí agus do dhaoine eile a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu, go bhfuil rochtain acu ar shaoire teaghlaigh iomchuí agus ar shocruithe solúbtha oibre chun cothromaíocht idir an saol oibre, an saol teaghlaigh agus an saol príobháideach a bhaint amach, agus úsáid chothrom na dteidlíochtaí sin idir tuismitheoirí a chur chun cinn.

    Treoirlíne 7: Feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair agus ar éifeachtacht an idirphlé shóisialta

    Chun tairbhe a bhaint as lucht saothair dinimiciúil táirgiúil, agus as patrúin nua oibre agus as samhlacha nua gnó, ba cheart do na Ballstáit oibriú in éineacht leis na comhpháirtithe sóisialta ar dhálaí oibre cothroma trédhearcacha intuartha, agus an chothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí á hurramú. Ba cheart dóibh deighilt sna margaí saothair a laghdú agus a chosc, an obair neamhdhearbhaithe agus an fhéinfhostaíocht bhréagach a chomhrac, agus an t-aistriú i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a chothú. Leis na rialacha maidir le cosaint fostaíochta, le dlí an tsaothair agus leis na hinstitiúidí, ba cheart timpeallacht oiriúnach le haghaidh earcaíochta a chur ar fáil chomh maith leis an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun iad féin a chur in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch, agus cearta saothair á gcosaint ag an am céanna agus cosaint shóisialta á háirithiú, mar aon le leibhéal iomchuí slándála, agus timpeallachtaí oibre sláintiúla, sábháilte agus dea-oiriúnaithe do gach oibrí. Trí úsáid socruithe solúbtha oibre a chur chun cinn, amhail teilea-obair, d’fhéadfaí cur le leibhéil fostaíochta níos airde agus le margaí saothair níos cuimsithí i gcomhthéacs na timpeallachta iarphaindéime. Ag an tráth céanna, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfar cearta oibrithe i dtéarmaí am oibre, dálaí oibre, meabhairshláinte ag an obair agus cothromaíocht oibre is saoil a urramú. Ba cheart cosc a chur le caidrimh fostaíochta a mbíonn dálaí oibre forbhásacha mar thoradh orthu, lena n-áirítear i gcás na n-oibrithe ardáin, go háirithe más oibrí ar bheagán oiliúna iad, agus trí mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla a chomhrac. Ba cheart a áirithiú, i gcásanna dífhostaithe éagóraigh, go mbeadh rochtain ar mhodh éifeachtach neamhchlaonta chun díospóidí a réiteach, agus ceart chun sásaimh, lena n-áirítear cúiteamh iomchuí, i gcás inarbh infheidhme.

    Ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais feabhas a chur ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair, ar chomhoiriúnú ina leith agus ar aistrithe sa mhargadh saothair, agus tacú leis na tionscnaimh sin freisin, lena n-áirítear sna réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Ba cheart do na Ballstáit iad siúd atá in ann páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair a ghníomhachtú agus a chumasú ar bhealach éifeachtach, go háirithe grúpaí leochaileacha, mar shampla daoine ar bheagán oiliúna, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil cúlra imirceach acu, lena n-áirítear daoine a bhfuil stádas cosanta sealadaí acu, agus Romaigh atá imeallaithe. Ba cheart do na Ballstáit raon feidhme agus éifeacht na mbeartas gníomhach maidir leis an margadh saothair a neartú tríd an spriocadh, an fhor-rochtain agus an raon atá acu a mhéadú agus tríd an méid sin a nascadh níos fearr le seirbhísí sóisialta, le cúrsaí oiliúna agus le tacaíocht ioncaim le haghaidh daoine dífhostaithe, fad is a mbíonn siad ag lorg oibre agus é sin a bheith bunaithe ar a gcearta agus a bhfreagrachtaí. Ba cheart do na Ballstáit feabhas a chur ar chumas na seirbhísí poiblí fostaíochta chun cúnamh tráthúil saincheaptha a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist, chun freagairt do riachtanais an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus chun bainistiú feidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus tacaíocht a bheith tugtha freisin trí dhigitiú.

    Ba cheart do na Ballstáit sochair leordhóthanacha dhífhostaíochta ar feadh tréimhse réasúnta a sholáthar do dhaoine dífhostaithe, i gcomhréir leis na ranníocaíochtaí atá déanta acu agus leis na rialacha náisiúnta maidir le hincháilitheacht. Níor cheart go ndéanfadh sochair dhífhostaíochta filleadh pras ar an bhfostaíocht a dhídhreasú agus ba cheart beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair a bheith ag gabháil leo.

    Ba cheart tacaíocht leordhóthanach a thabhairt do shoghluaisteacht an lucht foghlama agus an lucht saothair d’fhonn a gcuid scileanna agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú agus d’fhonn acmhainneacht iomlán mhargadh saothair na hEorpa a shaothrú; agus, an tráth céanna, dálaí cothroma a áirithiú freisin i leith daoine i mbun gníomhaíochta trasteorann chomh maith le dlús a chur le comhar riaracháin idir na húdaráis riaracháin náisiúnta maidir le hoibrithe taistil, agus tairbhe á baint as an Údarás Eorpach Saothair. Ba cheart tacú le soghluaisteacht oibrithe i ngairmeacha criticiúla agus oibrithe trasteorann, oibrithe séasúracha agus oibrithe ar postú i gcás ina bhfuil dúnadh sealadach teorann mar thoradh ar chúinsí sláinte poiblí.

    Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh na coinníollacha iomchuí a chruthú le haghaidh cineálacha nua oibre, a ngealltanais a chomhlíonadh maidir lena n-acmhainneacht poist a chruthú, agus a áirithiú, ag an am céanna, go bhfuil na cearta sóisialta atá ann cheana á gcomhlíonadh acu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme i gcomhthéacs conarthaí neamhthipiciúla agus foirmeacha nua oibre, amhail obair trí ardáin dhigiteacha. I ndáil leis an méid sin, is féidir le comhpháirtithe sóisialta ról ríthábhachtach a imirt agus ba cheart do na Ballstáit tacú leo teagmháil a dhéanamh le daoine agus ionadaíocht a dhéanamh ar dhaoine a bhíonn i mbun obair neamhthipiciúil agus obair ardáin. Ba cheart do na Ballstáit féachaint an bhféadfaí tacaíocht a chur ar fáil freisin don fhorfheidhmiú – mar shampla treoirlínte nó oiliúint thiomnaithe do lucht cigireachta saothair – maidir leis na dúshláin a eascraíonn as cineálacha nua eagrúcháin oibre, mar shampla bainistiú algartamach, faireachas sonraí agus teilea-obair bhuan nó leathbhuan.

    Agus forbairt á déanamh ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, agus chun idirphlé sóisialta níos éifeachtaí agus torthaí socheacnamaíocha níos fearr a bhaint amach, lena n-áirítear tráth géarchéimeanna, cosúil le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus costas méadaitheach maireachtála, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ar bhealach tráthúil fiúntach i ndearadh agus i gcur chun feidhme athchóirithe agus beartas fostaíochta, sóisialta agus, i gcás inarb ábhartha, eacnamaíocha, lena n-áirítear trí thacú le hacmhainneacht mhéadaithe na comhpháirtithe sóisialta. Ba cheart do na Ballstáit an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chothú. Ba cheart na comhpháirtithe sóisialta a spreagadh chun dul i mbun caibidlíochta agus chun comhaontuithe comhchoiteanna a chur i gcrích maidir le saincheisteanna atá ábhartha dóibh, agus a neamhspleáchas agus an ceart atá acu gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh á lánurramú.

    I gcás inarb ábhartha, agus ag cur leis na cleachtais náisiúnta atá ann cheana, ba cheart do na Ballstáit taithí ábhartha eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar shaincheisteanna fostaíochta agus sóisialta a chur san áireamh.

    Treoirlíne 8: Comhionannas deiseanna do chách a chur chun cinn, an cuimsiú sóisialta a chothú agus an bhochtaineacht a chomhrac

    Ba cheart do na Ballstáit margaí saothair cuimsitheacha atá oscailte do chách, a chur chun cinn, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun an t-idirdhealú de gach cineál a chomhrac agus chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh grúpaí faoi ghannionadaíocht sa mhargadh saothair, agus an aird chuí á tabhairt ar na gnéithe réigiúnacha agus críochacha. Ba cheart dóibh cóir chothrom a áirithiú i ndáil leis an bhfostaíocht, an chosaint shóisialta, an cúram sláinte, cúram leanaí, an cúram fadtéarmach, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, lena n-áirítear tithíocht, gan beann ar inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

    Ba cheart do na Ballstáit córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint shóisialta atá leordhóthanach éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe a sholáthar do chách, ag gach céim den saol, agus an cuimsiú sóisialta agus an tsoghluaisteacht shóisialta aníos á gcothú, rannpháirtíocht sa mhargadh saothair á dreasú, ag tacú le hinfheistíocht shóisialta, an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta á gcomhrac agus aghaidh á tabhairt ar an neamh-chomhionannas, lena n-áirítear leis an gcaoi a ndeartar a gcáinchórais agus a gcórais sochair agus trí mheasúnú a dhéanamh ar thionchar dáileach na mbeartas. Agus cuir chuige de chineálacha uilíocha á gcomhlánú le cuir chuige sprioc-dhírithe, déanfar éifeachtacht na gcóras cosanta sóisialta a fheabhsú. Le nuachóiriú na gcóras cosanta sóisialta, ba cheart freisin go bhféachfaí le feabhas a chur ar a n-athléimneacht i gcás dúshlán ilghnéitheach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na teaghlaigh is leochailí a bhfuil tionchar ag an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach agus ag na costais mhéadaitheacha fuinnimh orthu.

    Ba cheart do na Ballstáit forbairt agus comhtháthú a dhéanamh ar thrí ghné an chuimsithe ghníomhaigh: tacaíocht leordhóthanach ioncaim, margaí saothair cuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí cumasúcháin ar ardchaighdeán, chun freastal ar riachtanais daoine aonair. Ba cheart do chórais cosanta sóisialta sochair leordhóthanacha mar ioncaim íosta a áirithiú le haghaidh gach duine nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu féin agus an cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí thacú le daoine agus trína spreagadh le bheith rannpháirteach sa mhargadh saothair agus sa tsochaí, lena n-áirítear trí sheirbhísí sóisialta spriocdhírithe a sholáthar.

    Seirbhísí inacmhainne inrochtana ar ardchaighdeán a bheith ar fáil, amhail oideachas agus seirbhísí cúram luathóige, cúram iarscoile, oideachas, oiliúint, tithíocht, cúram sláinte agus cúram fadtéarmach, is coinníoll riachtanach é sin chun comhionannas deiseanna a áirithiú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta a chomhrac, lena n-áirítear bochtaineacht lucht oibre, i gcomhréir le príomhsprioc an Aontais do 2030 maidir leis an mbochtaineacht a laghdú. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht leanaí agus ar an eisiamh sóisialta go háirithe trí bhearta cuimsitheacha comhtháite, lena n-áirítear tríd an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí a chur chun feidhme go hiomlán.

    Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain ag cách, lena n-áirítear leanaí, ar sheirbhísí fíor-riachtanacha ar ardchaighdeán. Ba cheart do na Ballstáit rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta a áirithiú do dhaoine atá i ngátar nó atá i staid leochaileach. Ba cheart dóibh aistriú fuinnimh a bheadh glan, cothrom a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht fuinnimh ar cineál bochtaineachta í atá ag éirí níos tábhachtaí i ngeall ar ardú na bpraghsanna fuinnimh, rud a bhfuil baint pháirteach aige le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhearta spriocdhírithe tacaíochta ioncaim shealadaigh nó trí bhearta tacaíochta atá ann cheana a oiriúnú. Ba cheart beartais chuimsitheacha maidir le hathchóiriú tithíochta a chur chun feidhme freisin. Ba cheart riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear an inrochtaineacht, a áirithiú i ndáil leis na seirbhísí sin. Ba cheart dul i ngleic leis an easpa dídine go sonrach. Ba cheart do na Ballstáit rochtain thráthúil ar chúram sláinte inacmhainne coisctheach leigheasach agus ar chúram fadtéarmach ar ardchaighdeán a áirithiú, agus an inbhuanaitheacht a chosaint san fhadtéarma san am céanna.

    I gcomhréir le gníomhachtú Threoir 2001/55/CE ón gComhairle (1), ba cheart do na Ballstáit leibhéal leordhóthanach cosanta a thairiscint do dhaoine easáitithe ón Úcráin. I gcás mionaoiseach neamhthionlactha, ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a chur chun feidhme. Ba cheart rochtain ar oideachas na hóige, ar chúram leanaí agus ar sheirbhísí riachtanacha a áirithiú do leanaí, i gcomhréir leis an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí.

    I gcomhthéacs an mhéadaithe ar an bhfad saoil agus ar an athrú déimeagrafach, ba cheart do na Ballstáit leordhóthanacht agus inbhuanaitheacht na gcóras pinsin le haghaidh oibrithe agus daoine féinfhostaithe a áirithiú, agus comhionannas deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir maidir le cearta pinsin a fháil agus a fhabhrú, lena n-áirítear trí scéimeanna forlíontacha chun ioncam leordhóthanach i seanaois a áirithiú. Ba cheart tacaíocht a thabhairt d’athchóirithe pinsean le beartais a bhfuil sé d’aidhm acu an bhearna phinsin idir na hinscní a laghdú agus bearta a chuireann síneadh leis an saol oibre, amhail an aois scoir iarbhír a ardú, go háirithe trí rannpháirtíocht daoine scothaosta i margadh an tsaothair a éascú, agus ba cheart iad a cheapadh laistigh de straitéisí gníomhacha aosaithe. Ba cheart do na Ballstáit idirphlé cuiditheach a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus céimniú isteach iomchuí na n-athchóirithe a cheadú.


    (1)  Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann leis sin (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).


    Top