Izberite preskusne funkcije, ki jih želite preveriti.

Dokument je izvleček s spletišča EUR-Lex.

Dokument 32022D1297

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1297 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 maidir le leordhóthanacht údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5113) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5113

IO L 196, 25.7.2022, str. 134–137 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Pravni status dokumenta V veljavi

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1297/oj

25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/134


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1297 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2022

maidir le leordhóthanacht údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5113)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 47(3), an chéad fhomhír, di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1156 ón gCoimisiún (2), mheas an Coimisiún go gcomhlíonann údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá, eadhon an Public Company Accounting Oversight Board agus an Securities and Exchange Commission, na ceanglais atá leordhóthanach chun críocha Airteagal 47(1), pointe (c), de Threoir 2006/43/CE. Scoirfidh an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin d’fheidhm a bheith aige an 31 Iúil 2022. Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an leanann údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de cheanglais a chomhlíonadh atá leordhóthanach chun páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta agus tuarascálacha cigireachta nó imscrúdúcháin a aistriú chucu.

(2)

Agus cigireachtaí nó imscrúduithe á ndéanamh, níor cheart cead a bheith ag iniúchóirí reachtúla agus ag gnólachtaí iniúchóireachta rochtain a dheonú d’údaráis inniúla na Stát Aontaithe ar a gcuid páipéar oibre iniúchóireachta ná ar dhoiciméid eile, ná iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla sin, faoi aon choinníoll eile seachas na coinníollacha sin a leagtar amach in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.

(3)

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhaontófar na socruithe oibre a cheanglaítear le hAirteagal 47(1), pointe (d), de Threoir 2006/43/CE chun páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta agus tuarascálacha cigireachta nó imscrúdúcháin a aistriú idir a n-údaráis inniúla agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta, agus go n-áireofar sna socruithe oibre sin aon rún gairmiúil agus faisnéis tráchtála íogair atá i bpáipéir den sórt sin a chosaint, is é sin rúin ghairmiúla agus faisnéis tráchtála íogair a bhaineann leis na heintitis a ndearnadh iniúchadh orthu, lena n-áirítear a maoin thionsclaíoch agus intleachtúil, nó a bhaineann leis na hiniúchóirí reachtúla agus leis na gnólachtaí iniúchóireachta a rinne iniúchadh ar na heintitis sin.

(4)

I gcás ina n-aistrítear sonraí pearsanta agus páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta agus tuarascálacha cigireachta nó imscrúdúcháin á n-aistriú chuig údaráis inniúla na Stát Aontaithe, ní bheidh an t-aistriú sin dleathach ach amháin má tá sé i gcomhréir leis na ceanglais maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Dá bhrí sin, le hAirteagal 47(1), pointe (e), de Threoir 2006/43/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an t-aistriú sonraí pearsanta idir a n-údaráis inniúla agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe i gcomhréir le haon phrionsabal cosanta sonraí is infheidhme agus le haon riail cosanta sonraí is infheidhme agus, go háirithe, le forálacha Chaibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil maidir le coimircí iomchuí i dtaca leis an aistriú sonraí pearsanta, i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh údaráis inniúla na Stát Aontaithe na sonraí pearsanta atá sna doiciméid a aistrítear a nochtadh a thuilleadh gan comhaontú a fháil roimh ré ó údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.

(5)

Féadfaidh na Ballstáit glacadh leis go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla cigireachtaí i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na Stát Aontaithe i gcás inar gá sin chun maoirseacht éifeachtach a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit a cheadú go rachfar i gcomhar le húdaráis inniúla na Stát Aontaithe i bhfoirm cigireachtaí comhpháirteacha nó trí bhreathnóirí nach bhfuil cumhachtaí cigireachta ná imscrúdúcháin acu agus gan rochtain a bheith acu ar na páipéir oibre iniúchóireachta rúnda, ar dhoiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, ná ar thuarascálacha cigireachta nó imscrúdúcháin. Is gá dul i gcomhar faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 47(2) de Threoir 2006/43/CE i gcónaí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an ngá ceannasacht, rúndacht agus cómhalartacht a urramú. Aon chigireacht chomhpháirteach a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe san Aontas faoi Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE, beidh siad faoi cheannaireacht údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann.

(6)

De bhun Acht Sarbanes-Oxley 2002 (4), i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá inniúlacht ag an Public Company Accounting Oversight Board maidir le formhaoirseacht phoiblí, dearbhú cáilíochta seachtrach, imscrúdú agus smachtbhannaí ar iniúchóirí agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Cuireann an Public Company Accounting Oversight Board coimircí leordhóthanacha chun feidhme lena gcuirtear toirmeasc agus smachtbhannaí ar a fhostaithe reatha agus ar a iarfhostaithe a nochtann faisnéis atá faoi rún d’aon tríú duine nó údarás. Faoi dhlíthe agus rialacháin na Stát Aontaithe, féadfaidh an Public Company Accounting Oversight Board doiciméid atá coibhéiseach leis na doiciméid sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Threoir 2006/43/CE a aistriú chuig údaráis inniúla na mBallstát. Ar an mbonn sin, leanann an Public Company Accounting Oversight Board de cheanglais agus ba cheart a dhearbhú go bhfuil na ceanglais sin leordhóthanach chun críocha Airteagal 47(1), pointe (c), de Threoir 2006/43/CE.

(7)

De bhun Acht Sarbanes-Oxley 2002, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá údarás formhaoirseachta agus forfheidhmiúcháin ag an Securities and Exchange Commission ar an Public Company Accounting Oversight Board. Tá inniúlacht ag an Securities and Exchange Commission maidir le hiniúchadh a dhéanamh ar iniúchóirí agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta; ní cheart a chumhdach leis an gCinneadh seo, dá bhrí sin, ach na hinniúlachtaí atá ag an Securities and Exchange Commission of the United States iniúchadh a dhéanamh ar iniúchóirí agus ar ghnólachtaí iniúchóireachta. Cuireann an Securities and Exchange Commission coimircí leordhóthanacha chun feidhme lena gcuirtear toirmeasc agus smachtbhannaí ar a fhostaithe reatha agus ar a iarfhostaithe a nochtann faisnéis atá faoi rún d’aon tríú duine nó údarás. Faoi dhlíthe agus rialacháin na Stát Aontaithe, féadfaidh an Securities and Exchange Commission doiciméid atá coibhéiseach leis na doiciméid sin dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Threoir 2006/43/CE a aistriú chuig údaráis inniúla na mBallstát, ar doiciméid iad a bhaineann le himscrúduithe a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ar na hiniúchóirí agus ar na gnólachtaí iniúchóireachta sin. Ar an mbonn sin, leanann an Securities and Exchange Commission de cheanglais a chomhlíonadh ar ceanglais iad ba cheart a dhearbhú mar cheanglais leordhóthanacha chun críocha Airteagal 47(1), pointe (c), de Threoir 2006/43/CE.

(8)

Rinne Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta athmheasúnú ar an gcreat dlíthiúil sna Stáit Aontaithe, bunaithe ar Acht Sarbanes-Oxley, creat nár tháinig athrú bunúsach air ó glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1156. Agus an measúnú teicniúil a rinne Coiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 30(7), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), á chur san áireamh, leanann an Securities and Exchange Commission agus an Public Company Accounting Oversight Board de cheanglais a chomhlíonadh ar ceanglais iad ba cheart a dhearbhú mar cheanglais leordhóthanacha chun críocha Airteagal 47(1), pointe (c), de Threoir 2006/43/CE.

(9)

Leis an gCinneadh seo, níor cheart difear a dhéanamh do na socruithe comhair dá dtagraítear in Airteagal 25(4) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(10)

Aon chonclúid maidir le leordhóthanacht na gceanglas a chomhlíonann údaráis inniúla tríú tír de bhun Airteagal 47(3), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/43/CE, ní thagann sí roimh aon chinneadh a fhéadfaidh an Coimisiún a ghlacadh maidir le coibhéis na gcóras formhaoirseachta poiblí, dearbhaithe cáilíochta, imscrúdúcháin agus pionóis le haghaidh iniúchóirí agus eintitis iniúchóireachta an tríú tír sin de bhun Airteagal 46(2) den Treoir sin.

(11)

Tá socruithe oibre i bhfeidhm idir údaráis inniúla roinnt Ballstát agus an Public Company Accounting Oversight Board, dá dtagraítear in Airteagal 47(1) de Threoir 2006/43/CE. I bhformhór na gcásanna, tá Comhaontú Cosanta Sonraí i bhfeidhm freisin faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoin dlí náisiúnta bunaithe ar Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), treoir a aisghaireadh leis an Rialachán sin.

(12)

Is é cuspóir deiridh an chomhair maidir le formhaoirseacht iniúchóireachta idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe spleáchas frithpháirteach ar chórais formhaoirseachta a chéile a bhaint amach. Ar an gcaoi sin, aistrithe páipéar oibre iniúchóireachta nó doiciméad eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta agus aistrithe tuarascálacha cigireachta nó imscrúdúcháin, ba cheart iad a bheith eisceachtúil. Bheadh spleáchas frithpháirteach bunaithe ar choibhéis chórais formhaoirseachta iniúchóirí an Aontais agus na Stát Aontaithe.

(13)

Tar éis Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1156, d’eagraigh údaráis inniúla roinnt Ballstát agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe cigireachtaí comhpháirteacha. Chuir roinnt údarás inniúil de chuid na mBallstát spleáchas páirteach chun feidhme, lena n-áirítear trí chigireachtaí rialaithe cáilíochta a dhéanamh ar a bhfuil spleáchas áirithe curtha ag an Public Company Accounting Oversight Board, agus trí roinnt réimsí fócais de chigireachtaí comhad a roinnt eatarthu. Ar mhaithe le feidhmiú na margaí caipitil, tá sé tábhachtach go mbeidh údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla na Stát Aontaithe in ann leanúint den dea-chomhar tar éis an 31 Iúil 2022 agus é mar chuspóir acu spleáchas frithpháirteach ar chórais formhaoirseachta a chéile a bhaint amach. Mar sin féin, in éagmais spleáchas iomlán, ós rud é go bhfuil an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Threoir 2006/43/CE bunaithe ar phrionsabal na cómhalartachta, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar feadh tréimhse theoranta ama.

(14)

D’ainneoin na teorann ama, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ó Choiste na gComhlachtaí Eorpacha um Fhormhaoirseacht Iniúchóireachta, faireachán go tráthrialta ar na forbairtí sa mhargadh, ar éabhlóid na gcreataí maoirseachta agus rialála agus ar éifeachtacht agus ar eispéireas an chomhair maoirseachta. Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú sonrach a dhéanamh ar an gCinneadh seo tráth ar bith roimh dheireadh a thréimhse cur i bhfeidhm i gcás inar gá athmheasúnú a dhéanamh, i bhfianaise forbairtí ábhartha, ar an dearbhú leordhóthanachta arna dheonú leis an gCinneadh seo. D’fhéadfadh aisghairm an Chinnidh seo teacht as an athmheasúnú sin.

(15)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus thug sé tuairim uaidh an 13 Bealtaine 2022.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 48(1) de Threoir 2006/43/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Comhlíonann Public Company Accounting Oversight Board Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Securities and Exchange Commission Stáit Aontaithe Mheiriceá ceanglais a mheasfar a bheith leordhóthanach de réir bhrí Airteagal 47(1), pointe (c), de Threoir 2006/43/CE chun páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta agus tuarascálacha cigireachta agus imscrúdúcháin a aistriú faoi Airteagal 47(1) den Treoir sin.

Airteagal 2

1.   Maidir le páipéir oibre iniúchóireachta nó doiciméid eile atá i seilbh iniúchóirí reachtúla nó gnólachtaí iniúchóireachta, i gcás ina bhfuil siad i seilbh eisiach iniúchóra reachtúil nó gnólacht iniúchóireachta atá cláraithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil an grúpiniúchóir cláraithe agus a bhfuil iarraidh faighte ag a údarás inniúil ó aon cheann de na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 1, ní aistreofar na páipéir sin nó na doiciméid sin chuig an údarás inniúil iarrthach ach amháin má thug údarás inniúil an chéad Bhallstáit a chomhaontú sainráite maidir leis an aistriú.

2.   Aon socrú oibre déthaobhach idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá, beidh sé i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 47 de Threoir 2006/43/CE.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Lúnasa 2022 go dtí an 31 Iúil 2028.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Mairead MCGUINNESS

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 157, 9.6.2006, lch. 87.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1156 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 maidir le leordhóthanacht údaráis inniúla Stáit Aontaithe Mheiriceá de bhun Threoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 190, 15.7.2016, lch. 83).

(3)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(4)   Public Law 107-204, an 30 Iúil 2002, 116 Stat 745.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/909/CE ón gCoimisiún (IO L 158, 27.5.2014, lch. 77).

(6)  Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).

(7)  Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).

(8)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


Na vrh