EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0620
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL on the prevention and management of the introduction and spread of invasive alien species
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú
/* COM/2013/0620 final - 2013/0307 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú /* COM/2013/0620 final - 2013/0307 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Speicis choimhthíocha ionracha (SCInna), sin
speicis a iompraítear ar dtús trí bhearta daoine lasmuigh dá raon nádúrtha thar
bhacainní éiceolaíocha, agus ansin a mhaireann, a dhéanann atáirgeadh agus a
leathann agus a mbíonn tionchar diúltach acu ar éiceolaíocht a suímh nua chomh
maith le hiarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha agus sóisialta. Meastar go
bhfuil os cionn 10-15 % den 12 000 speiceas coimhthíoch atá le fáil i
dtimpeallacht na hEorpa tar éis atáirgeadh agus leathadh, rud faoi deara
damáiste eacnamaíoch, sóisialta agus don chomhshaol. Tá tionchar suntasach ag SCInna ar an
mbithéagsúlacht. Tá SCInna ar cheann de mhórchúiseanna an chaillteanais
bhithéagsúlachta agus díobhaidh speiceas, agus is ag fás atá siad Maidir le
tionchar sóisialta agus eacnamaíoch, is féidir le SCInna a bheith ina n‑iompróirí
galar nó ina gcúis le fadhbanna sláinte go díreach (e.g. asma, deirmitíteas
agus ailléirgí). Is féidir leo damáiste a dhéanamh do shaoráidí bonneagair agus
áineasa, bac a chur ar fhoraoiseacht nó bheith ina gcúis le caillteanas
talmhaíochta, gan ach cúpla sampla a lua. Meastar go gcosnaíonn SCInna ar a
laghad EUR 12 billiún sa bhliain ar an Aontas agus tá costas an
damáiste ag ardú leis. Leis an Straitéis Bhithéagsúlachta 2020,
ghabh an tAontas air féin stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta faoi
2020, ag teacht leis na tiomantais idirnáisiúnta arna nglacadh ag na páirtithe
sa Choinbhinsiún um Éagsúlacht Bhitheolaíoch in 2010 i Nagoya, an tSeapáin. Go deimhin,
níl fadhb na SCInna teoranta don Eoraip, ach tá sí le fáil ar fud an domhain. Murab
ionann agus roinnt dá chomhpháirtithe trádála, tá creat cuimsitheach chun
aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a eascraíonn as SCInna in easnamh ar an
Aontas Eorpach faoi láthair. Creat rialála Faoi láthair níl aon chreat AE ann chun dul i
ngleic go cuimsitheach le SCInna. Ní mór an méid reachtaíochta AE a thugann
aghaidh ar na SCInna. Oibreáin galar agus lotnaidí ainmhithe agus plandaí agus
a dtáirgí, is iad an córas sláinte ainmhithe (rialacháin agus treoracha
éagsúla) agus an córas folláine plandaí (2000/29/CE), faoi seach, a chumhdaíonn
iad. Cuireann an Rialachán maidir le Trádáil Fiadhúlra (338/97) srian le
hallmhairí de speicis atá i mbaol, lena n‑áirítear allmhairí de sheacht gcinn
de SCInna. Tugann an Rialachán maidir le húsáid na speiceas coimhthíoch agus
speiceas atá as láthair go háitiúil sa dobharshaothrú (708/2007) aghaidh ar
scaoileadh speiceas coimhthíoch chun críocha dobharshaothraithe. Téann na
rialacháin maidir le táirgí cosanta plandaí (1107/2009) agus maidir le
bithicídí (528/2012) i ngleic le scaoileadh beartaithe miocrorgánach mar
tháirgí cosanta plandaí nó mar bhithicídí faoi seach. Mar fhocal scoir, éilíonn
an Treoir maidir le hÉin (2009/147/CE) agus an Treoir maidir le
Gnáthóga (92/43/CEE), an Creat‑Treoir Uisce (2000/60/CE) agus an Creat‑Treoir um
Straitéis Mhuirí (2008/56/CE) dálaí éiceolaíocha a athchóiriú agus tagraíonn
siad don ghá SCInna a chur san áireamh. Mar sin féin, fágann gníomhaíocht an
Aontais faoi láthair an chuid is mó de na SCInna gan dul i ngleic leo. Tá na Ballstáit ag glacadh roinnt beart chun
dul i ngleic leis na SCInna, ach bíonn bearta den sórt sin frithghníomhach den
chuid is mó, agus iad ag iarraidh an damáiste a tharla cheana féin a íoslaghdú
gan dóthain airde a thabhairt ar chosc nó ar bhagairtí nua a bhrath agus a
fhreagairt. Bíonn na hiarrachtaí ilroinnte, agus bearnaí suntasacha i gcumhdach
na speiceas, agus is minic a bhíonn droch‑chomhordú ann. Ní bhíonn meas ag na
SCInna ar theorainneacha agus is éasca a scaipeann siad ó Bhallstát go
Ballstát. Dá bhrí sin, ní bheidh beart ar an leibhéal náisiúnta dóthanach leis
an Aontas a chosaint ó bhagairt SCInna áirithe. Thairis sin, bíonn de thoradh
ar an gcur chuige ilroinnte sin go mbaineann easpa gníomhaíochta i mBallstáit
áirithe an bonn den ghníomhaíocht i mBallstát comharsanachta. Thairis sin, tá
srianta éagsúla ar thráchtálú na SCInna idir na Ballstáit an‑neamhéifeachtúil,
toisc gur furasta speicis a iompar nó a leathadh thar theorainneacha ar fud an
Aontais. Thairis sin, tá toirmisc dhifreáilte den sórt sin ag cur isteach ar
shaorchúrsaíocht earraí sa mhargadh inmheánach agus ag cur isteach ar chothrom
iomaíochta d'earnálacha a úsáideann nó a thrádálann i speicis choimhthíocha. Anailís
na faidhbe Trí dhá bhealach ina bhfuil na SCInna á
dtabhairt isteach san Aontas: 1) tá roinnt speiceas coimhthíoch atá
inmhianaithe agus atá á dtabhairt isteach san Aontas go beartaithe (e.g.
leasanna tráchtála, chun críocha maisithe, ainmhithe coimhdeachta, rialú
bitheolaíoch); 2) tá roinnt speiceas coimhthíoch a thugtar isteach go
neamhbheartaithe mar éilleáin in earraí (trádáil i dtráchtearraí eile), mar
shíobairí nó folachánaithe i bhfeithiclí nó i gcoimeádáin, nó is féidir le
taistealaithe iad a iompar i ngan fhios dóibh féin. Is féidir le roinnt SCInna
taisteal freisin tríd an mbonneagar iompair (e.g. canáil na Danóibe-Mainz). Bíonn tionchar ag SCInna ar ghnólachtaí,
saoránaigh, údaráis phoiblí agus ar an gcomhshaol. I gcás fiontar beag agus
micrifhiontar go háirithe, is minic a bhíonn tionchar ag SCInna ar tháirgeoirí
tosaigh i réimse na talmhaíochta, i bhfeirmeoireacht ainmhithe, iascaigh,
dobharshaothrú agus foraoiseacht, agus go mbíonn damáiste eacnamaíoch suntasach
mar thoradh orthu. Is minic tionchar freisin ar ghnólachtaí a bhíonn nasctha le
gníomhaíochtaí turasóireachta agus áineasa, a bhraitheann ar thírdhreacha
fíorghlana, uisce glan agus éiceachórais shláintiúla. Mar sin féin, tá fiontair
bheaga agus micrifhiontair eile, e.g. trádálaithe in ainmhithe coimhdeachta
agus speicis gairneoireachta, a bhaineann sochair as SCInna mar díríonn siad go
príomha ar an trádáil i speicis choimhthíocha. Bíonn tionchar ag SCInna freisin
ar an tsochaí i gcoitinne, iad faoi deara cailliúint na bithéagsúlachta
agus ag cur isteach ar chumas na n‑éiceachóras seirbhísí éiceachórais a
sholáthar. Thairis sin, is féidir leo galair a scaipeadh, damáiste a dhéanamh
do mhaoin agus tionchar a imirt ar an oidhreacht chultúrtha. Tá fadhbanna ag na Ballstáit uile de dheasca
SCInna. Cé go mbíonn tionchar ag roinnt SCInna ar fhormhór na mBallstát, ní
fadhb iad cinn eile ach i réigiúin áirithe, nó faoi dhálaí áirithe éiceolaíocha
nó aeráide. Mar sin féin, bíonn SCInna ar a gcríocha ag na Ballstáit go léir. Tá
tionchair na SCInna ábhartha don Aontas ina iomláine agus beidh tionchair ag
SCInna ar na Ballstáit go léir go cothrom, cé gur ag amanna éagsúla agus trí
speicis éagsúla a imrítear an tionchar sin. Is léir mar sin go dtairbheodh
beart comhordaithe le dul i ngleic le SCInna na Ballstáit go léir, ach go n‑éileodh
sí iarrachtaí ar gach ceann acu. Mura nglactar aon bheart chun dul i ngleic
leis an bhfadhb, is measa a éireoidh sí agus SCInna nua á mbunú féin agus iad
siúd atá bunaithe cheana féin ag leathadh tuilleadh. Mar thoradh air sin beidh
méadú ar chostais damáiste agus ar chostais bhainistíochta. Cuspóirí an togra Is é is cuspóir don togra seo dul i ngleic
leis na saincheisteanna a luadh thuas trí chreat le haghaidh gníomhaíochta a
bhunú, chun tionchar diúltach SCInna ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí
éiceachórais a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú. Ina theannta sin, beidh faoi
damáiste sóisialta agus eacnamaíoch a theorannú. Bainfear é sin amach trí
bhearta chun beart comhordaithe a áirithiú, acmhainní a dhíriú ar speicis
tosaíochta agus ar bhearta coisctheacha a mhéadú, i gcomhréir le cur chuige an
Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus le córais folláine
plandaí agus sláinte ainmhithe an Aontais. Go praiticiúil, féachann an togra leis
na cuspóirí sin a bhaint amach trí bhearta a théann i ngleic le tabhairt
isteach beartaithe SCInna san Aontas agus a scaoileadh isteach sa timpeallacht
go beartaithe, le tabhairt isteach agus scaoileadh SCInna go neamhbheartaithe,
leis an ngá córas luathrabhaidh agus mearfhreagartha a chur ar bun, agus leis
an ngá chun leathadh na SCInna ar fud an Aontais a bhainistiú. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN
LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Próiseas comhairliúcháin. In 2008, d'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach
Teachtaireacht 'I dtreo Straitéise AE maidir le Speicis Ionracha (2008)'
ina leagtar amach an cás chun dul i ngleic le SCInna. Molann Teachtaireacht
2010 'Ár n‑árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis
bhithéagsúlachta AE go dtí 2020' beart i ndáil leis na SCInna. Rinneadh
comhairliúcháin chríochnúla roimh an dá Theachtaireacht agus ina ndiaidh. Eagraíodh sraith dianbhabhtaí comhairliúchán
le páirtithe leasmhara idir 2008 agus 2012, a mheall speictream iomlán na
bpáirtithe leasmhara, idir eagraíochtaí caomhnaithe dúlra agus oibreoirí san
earnáil phríobháideach, lena n‑áirítear eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar
Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (FBManna) agus a bhraitheann ar speicis
choimhthíocha dá ngnó. Rinneadh comhairliúchán poiblí ar líne in 2008 agus an
dara ceann in 2012. Tháinig meitheal le chéile in 2008 ina raibh ranna den
Choimisiún, na Ballstáit, páirtithe leasmhara agus lucht acadúil agus cuireadh
plépháipéar[1]
amach ina dhiaidh inar tugadh le chéile an fhaisnéis is déanaí agus inar tugadh
achoimre ar thuairimí ar na príomhcheisteanna. Ansin
tugadh an Mheitheal sin le chéile arís agus atheagraíodh i dtrí mheitheal in
2010-2011 í, meithleacha a tharraing suas na roghanna beartas féideartha le dul
i ngleic le cosc, luathrabhadh/mearfhreagairt agus bainistiú na speiceas faoi
seach. Ar deireadh, tionóladh cruinniú comhairliúcháin le páirtithe leasmhara i
Meán Fómhair 2010. Thacaigh staidéir sheachtracha éagsúla agus taighde le hobair an
Choimisiúin ar SCInna freisin[2].
Ina theannta sin, bhí an anailís atá leagtha amach sa mheasúnú tionchair
bunaithe ar shonraí láidre eolaíocha, a fuarthas den chuid is mó ó ailt a raibh
piarmheasúnú eolaíoch déanta orthu. Chuir na Ballstáit faisnéis ar chostas an
damáiste ar fáil, ar leathadh speiceas agus ar na costais a bhaineann leis na
bearta atá i bhfeidhm freisin, nó rinne siad seiceáil orthu sin. Rinneadh
iarrachtaí speisialta dul i dteagmháil go díreach le páirtithe leasmhara na
saincheiste sin, lena n‑áirítear na hearnálacha sin a d'fhéadfaí a bheith faoi
thionchar diúltach de dheasca na mbeart a thabharfaí isteach chun dul i ngleic
le fadhb na SCInna. Ar deireadh, bhain an anailís tairbhe freisin as ionchur na
saineolaithe SCInna is fearr ar domhan laistigh agus lasmuigh den Aontas. Measúnú tionchair Aithníodh roghanna éagsúla chun aghaidh a
thabhairt ar cheist na SCInna, agus go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar
gach gné den fhadhb a aithníodh, ach le leibhéal difriúil uaillmhéine. Bunaithe ar aiseolas ón gcomhairliúchán,
aithníodh roinnt leibhéal uaillmhéine agus idirghabhála do gach ceann de na
cuspóirí oibriúcháin a roghnaíodh trí anailís a dhéanamh ar an bhfadhb, rud a
thug fo-roghanna éagsúla maidir le dearadh na hionstraime reachtaí. Scagadh
tosaigh ba chúis le fo-roghanna nach raibh indéanta, nó nach raibh chomh
héifeachtach le cinn eile, a chur ar leataobh. I gcás gach rogha a aithníodh,
tugadh aghaidh ar gach ceann de na cuspóirí oibríochtúla go córasach, agus
moladh bearta praiticiúla chun dul i ngleic leis na SCInna. Chomh maith leis an rogha bhunlíne (rogha 0),
a choimeádfadh an status quo ar bun, aithníodh na roghanna seo a leanas: Rogha 1 - Comhar a fheabhsú agus tacú le
gníomhaíocht dheonach: San áireamh anseo bheadh
treoirlínte, cóid chleachtais de réir earnála agus feachtais ardaithe feasachta
agus oideachais eile a fhorbairt. D'fhéachfadh an rogha seo freisin le comhar
idir na Ballstáit a chothú chun córas luathrabhaidh agus mearfhreagartha a
bhunú. D'fhéadfadh an Coimisiún tionscnaimh atá ann cheana sa réimse seo a chur
chun cinn trí fheachtais chumarsáide. Rogha 2.1 – Bun‑ionstraim
reachtach: Cuimsíonn sé seo sraith oibleagáidí
dlíthiúla a thoirmeascann SCInna áirithe a liostaítear mar SCInna is ábhar imní
don Aontas a allmhairiú, a choimeád, a dhíol, a cheannach agus a mhalartú. Dhéanfaí
oibleagáidí breise a nascadh le SCInna is ábhar imní don Aontas a scaoileadh
isteach sa timpeallacht, mearfhreagairt ar SCInna nuabhunaithe is ábhar imní
don Aontas agus SCInna is ábhar imní don Aontas atá leata go fairsing a bhainistiú. Rogha 2.2 – Bun‑ionstraim
reachtach + ceadanna le SCInna is ábhar imní do Bhallstáit a scaoileadh: Rachadh an rogha seo thar an liosta SCInna is ábhar imní don Aontas le
scaoileadh isteach sa timpeallacht, trí cheadanna do SCInna is ábhar imní le Ballstáit
a éileamh. Rogha 2.3 – Bun‑ionstraim
reachtach + cosc dian ginearálta ar scaoileadh na speiceas coimhthíoch, ach
amháin má fuarthas iad a bheith sábháilte: Rachadh an
rogha seo thar an liosta SCInna is ábhar imní don Aontas le scaoileadh isteach
sa timpeallacht trí scaoileadh aon speicis choimhthígh a thoirmeasc mura
mbeidís ar liosta Aontais de speicis choimhthíocha atá ceadaithe le scaoileadh. Rogha 2.4 – Bun‑ionstraim
reachtach + oibleagáid SCInna nuabhunaithe is ábhar imní don Aontas a dhíothú go
tapa: Faoin rogha seo, maidir le mearfhreagairt, ní
bheadh rogha ag na Ballstáit, ach bheadh oibleagáid orthu aon SCInna
nuabhunaithe is ábhar imní don Aontas a dhíothú go tapa agus faisnéis a roinnt. Is féidir maoluithe má cheadaíonn an Coimisiún
iad. Coimeádadh rogha 2.4 agus tá méid suntasach de
sa togra seo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA Bunús Dlí Is é is bunús dlí don togra seo Airteagal 192(1)
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le cuspóirí an AE a chur chun
feidhme maidir le cáilíocht an chomhshaoil a
chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú, sláinte an duine a chosaint, úsáid
stuama, réasúnta acmhainní nádúrtha a bhaint amach, bearta a chur chun cinn a
bhaineann le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda maidir
leis an gcomhshaol. Coimhdeacht Is gá beart ar leibhéal an Aontais toisc go
bhfuil fadhbanna SCInna ag méadú agus gur fadhbanna trasteorann iad. I
bhfianaise na heaspa gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais, tá bearta á gcur i
bhfeidhm ag na Ballstáit chun dul i ngleic leis an bhfadhb ar an leibhéal
náisiúnta. Tá siad ag infheistiú acmhainní agus iarrachtaí le SCInna
díobhálacha a dhíothú ach is féidir an bonn a bhaint de na hiarrachtaí sin de
dheasca easpa gníomhaíochta i mBallstát comharsanachta ina bhfuil an speiceas i
láthair freisin. Chomh maith céanna, níl aon bheart comhordaithe Aontais lena
áirithiú go nglacfaidh Ballstáit bearta prasa chun leasa na mBallstát eile nach
bhfuil tionchar orthu fós nuair a thagann SCInna isteach san Aontas ar dtús. Ina
theannta sin, ní mór cosaint an mhargaidh inmheánaigh - agus saorchúrsaíocht
earraí - a chur san áireamh. Cinnteoidh cur
chuige comhordaithe soiléireacht dhlíthiúil agus cothrom iomaíochta do na
hearnálacha sin a bhíonn ag úsáid nó ag trádáil speiceas coimhthíoch, agus
ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh i ngeall ar shrianta éagsúla ar thráchtálú
SCInna idir na Ballstáit a sheachaint. Tá na hiarrachtaí reatha an‑ilroinnte agus
neamh‑chomhsheasmhach, agus fágann siad bearnaí suntasacha sna beartais. Is
cúis iadsan le neamhéifeachtúlacht agus ní réitíonn siad fadhb na SCInna. Beidh
gá le meascán de bhearta Aontais agus de bhearta náisiúnta, réigiúnacha agus
áitiúla, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. Mar sin féin, méadóidh cur
chuige comhtháite ar leibhéal an Aontais éifeachtacht na mbeart. Treoirphrionsabail Cuireann an togra chun cinn bearta atá
bunaithe ar na treoirphrionsabail seo a leanas: Tosaíocht - Tá os cionn 12 000 speiceas
coimhthíoch san AE, agus tá 10 go 15 % acu ag déanamh damáiste (rud a
chiallaíonn 1200-1800 speicis choimhthíocha ionracha) agus bíonn cinn nua ag
teacht isteach i gcónaí. Tá go leor scóipe do chur chuige tosaíochta,
comhréireach, a thógfaidh ar iarrachtaí a rinneadh cheana agus a mhéadóidh
éifeachtacht agus éifeachtúlacht an bhirt reatha. Bogadh i dtreo an choisc - Aithnítear an cosc
go hidirnáisiúnta mar an bealach is éifeachtaí le fadhb na SCInna a sheachaint.
Fara bearta a dhíríonn ar chosc beidh gá le córas luathrabhaidh éifeachtach le
gníomhú go pras faoi na speicis á éalaíonn ó na bearta coisc. Ag tógáil ar na córais atá ann cheana féin -
Tá obair luachmhar á déanamh cheana féin san Aontas ar an leibhéal náisiúnta
agus ar leibhéal an Aontais. Tá faoin togra seo éifeachtúlacht an chórais a
uasmhéadú agus lánúsáid a bhaint as a bhfuil ann cheana féin. Cur chuige de réir a chéile, céimnithe -- Ní
mór deimhneacht dhlíthiúil agus dearbhú maidir le méid agus costais na mbeart a
mbeidh súil leo uathu do na Ballstáit. Dá bhrí sin, áirítear sa togra seo
tosaíocht do speicis choimhthíocha ionracha atá bunaithe ar chritéir liostála an‑dian,
chomh maith le huasteorannú tosaigh ar líon na speiceas tosaíochta don 3 %
tosaigh de thart ar 1500 speiceas coimhthíoch ionrach san Eoraip. Thairis sin,
ceadóidh clásal athbhreithnithe an córas a fhorbairt go comhleanúnach agus
tógáil ar an taithí a fuarthas. Ní bheidh aon leathnú ar liosta na speiceas is
ábhar imní don AE go dtí tar éis an athbhreithnithe sin. Struchtúr an togra Caibidil I -- Forálacha ginearálta. Leagtar amach sa roinn seo ábhar, raon feidhme agus oibleagáid bhunúsach
an togra. Soláthraíonn sé freisin na huirlisí le tosaíocht a thabhairt do na
SCInna is ábhar imní don Aontas le go gcuirfear acmhainní an Aontais ar fáil in
ord tosaíochta ar bhonn riosca agus na fianaise eolaíche. Caibidil II – Cosc. Leagtar amach sa roinn seo na bearta is gá chun cosc a chur le hSCInna
a thabhairt isteach san Aontas nó iad a scaoileadh sa timpeallacht. Caibidil III - luathbhrath díothú tapa. Leagann an roinn seo amach na huirlisí chun a áirithiú go bhféadfar
SCInna is ábhar imní don Aontas a bhrath go luath sa timpeallacht, agus ag
teorainneacha an Aontais agus tugann sí tuairisc ar na bearta a spreagtar nuair
a bhraitear na SCInna sin. Caibidil IV – Bainistiú ar SCInna atá leata
go fairsing. Leagann an roinn seo amach na
hoibleagáidí atá riachtanach chun dul i ngleic le hSCInna is ábhar imní don
Aontas atá i láthair san Aontas cheana féin nó le cinn nua a d'éalaigh ó na
bearta um chosc agus na bearta um luathbhrath agus ar éirigh leo leathadh go
fairsing. Caibidil IV -- Forálacha críochnaitheacha. Leagtar amach sa roinn seooibleagáidí tuairiscithe agus na huirlisí dlí
is gá chun cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú na mbeart atá
beartaithe a áirithiú. 4. IMPLEACHT BUISÉADACH Ní bheidh ach roinnt impleachtaí airgeadais teoranta
a bheidh le maoiniú faoi Cheannteideal 5 den Chreat Maoinithe Ilbhliantúil 2014-2020
don Choiste faoi Airteagal 22. Féach Fiche Airgeadais atá i gceangal leis
seo. 2013/0307 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le tabhairt isteach agus leathadh
speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[3] Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[4], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Ní hábhar imní i gcónaí go
dtagann speicis choimhthíocha, cibé acu ainmhithe, plandaí, fungais nó
miocrorgánaigh, go háiteanna nua. Mar sin féin, is féidir le fo-thacar sonrach
de speicis choimhthíocha éirí ionrach agus tionchar díobhálach tromchúiseach a
bheith aige ar bhithéagsúlachta agus sheirbhísí éiceachórais, chomh maith le
tionchair eacnamaíocha agus sóisialta eile, ar cheart a chosc. Tá thart ar 12
000 speiceas sa timpeallacht san Aontas agus i dtíortha eile na hEorpa atá
coimhthíoch, agus meastar thart ar 10 go 15% acu a bheith ionrach. (2) Tá speicis choimhthíocha
ionracha ar cheann de na bagairtí príomhúla ar bhithéagsúlacht agus ar
sheirbhísí éiceachórais, go háirithe in éiceachórais atá iargúlta go geografach
agus ó thaobh éabhlóide, amhail oileáin bheaga, agus is féidir gur mó an baol a
bhaineann le speicis den sórt sin i ngeall ar mheadú a theacht ar thrádáil
domhanda, iompar, turasóireacht agus athrú aeráide. (3) Is féidir leis an mbagairt ar
bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais a thagann ó speicis
choimhthíocha ionracha a bheith i bhfoirmeacha éagsúla, mar shampla dul i gcion
go mór ar speicis dhúchasacha agus struchtúr agus feidhm éiceachóras trí athrú
gnáthóg, creachóireacht, iomaíocht, tarchur galar, dí-áitiú na speiceas
dúchasach ar fud céatadáin shuntasaigh raoin agus éifeachtaí géiniteacha trí
hibridiú. Ina theannta sin, is féidir le speicis choimhthíocha ionracha
tionchar suntasach diúltach a imirt ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar
freisin. Níl ach eiseamail bheo, nó codanna atá in ann atáirgeadh, ina mbagairt
do bhithéagsúlachta agus seirbhísí éiceachórais, do shláinte an duine nó don
gheilleagar. (4) Tá an tAontas, mar pháirtí
don Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna fhormheas le
Cinneadh 93/626/CEE ón gComhairle[5]
faoi cheangal ag na forálacha in Airteagal 8(h), faoina ndéanfaidh na
Páirtithe, chomh fada agus is féidir agus de réir mar is iomchuí, 'cosc a chur
ar thabhairt isteach na speiceas coimhthíoch a bhagraíonn ar éiceachórais,
gnáthóga nó speicis nó iad a rialú nó a dhíothú'. (5) Tá an tAontas, mar pháirtí
don Choinbhinsiún maidir le Caomhnú Fhiadhúlra agus Ghnáthóga Nádúrtha na
hEorpa (Coinbhinsiún Bern), arna fhormheas le Cinneadh 82/72/EEC ón
gComhairle[6],
tar éis tabhairt faoi gach beart iomchuí chun caomhnú ghnáthóga na speiceas
fauna agus flora fiáine a áirithiú. (6) Ba cheart é a
bheith de phríomhchuspóir ag an Rialachán seo éifeachtaí díobhálacha speiceas
coimhthíoch ionrach ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais a chosc,
a íoslaghdú, a mhaolú, chomh maith lena dtionchar eacnamaíoch agus sóisialta a
laghdú, chun tacú le cuspóirí na dTreoracha seo a leanas a bhaint amach – Treoir 2009/147/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir
le héin fhiáine a chaomhnú[7],
Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le
gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú[8], Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear
creat do ghníomhaíocht Comhphobail i réimse an bheartais chomhshaoil mhuirí
(Creat‑Treoir um Straitéis Mhuirí)[9]
agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh
Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Comhphobail i réimse an
bheartais uisce[10],
. (7) Tá roinnt speiceas a théann
ar imirce go nádúrtha mar fhreagra ar athruithe ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin,
níor cheart iad a mheas mar speicis choimhthíocha ina dtimpeallacht nua agus tá
siad eisiata dá bhrí sin ó raon feidhme na rialacha nua maidir le speicis
choimhthíocha ionracha. (8) Ar leibhéal an Aontais, sa
togra le haghaidh Rialacháin nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le Sláinte Ainmhithe[11]
tá forálacha maidir le galair ainmhithe, agus sa Rialachán nua ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí[12] tá foráil maidir le rialacha
lotnaidí plandaí, agus i dTreoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe
orgánach géinmhodhnaithe sa timpeallacht agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE
ón gComhairle[13]
leagtar amach an córas is infheidhme ar orgánaigh ghéinmhodhnaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na rialacha nua maidir
le speicis choimhthíocha ionracha ailíniú seachas forluí leis na gníomhartha
Aontais sin agus ní bheidh feidhm acu maidir le horgánaigh ar a ndíríonn na
gníomhartha sin. (9) Déantar foráil do rialacha
maidir le speicis choimhthíocha áirithe a údarú lena n‑úsáid chun críocha
áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 708/2007
an 11 Meitheamh 2007 ón gComhairle maidir le húsáid speiceas coimhthíoch agus
speicis atá in easnamh go háitiúil sa dobharshaothrú[14], Rialachán (AE) Uimh. 528/2012
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine, 2012 maidir le
táirgí bithicíde a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid[15], agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir
le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 79/117/CEE
agus Treoir 91/414/CEE[16]. Údaraíodh úsáid speiceas áirithe cheana faoi na
córais sin ag an am a tháinig na rialacha nua seo i bhfeidhm mar nach bhfuil
rioscaí do-ghlactha iontu ó thaobh an chomhshaoil, shláinte an duine agus an
gheilleagair. D'fhonn creat dlíthiúil comhleanúnach a áirithiú, ba cheart na
speicis sin a eisiamh ó na rialacha nua mar sin. (10) Toisc go bhfuil speicis
choimhthíocha ionracha líonmhar, is tábhachtach a áirithiú go dtabharfar
tosaíocht do dhul i ngleic leis an bhfo-thacar de speicis choimhthíocha
ionracha a mheastar a bheith ina ábhar imní don Aontas. Ba cheart liosta de
speicis choimhthíocha ionracha den sórt sin a mheastar a bheith ina n‑ábhar
imní don Aontas a tharraingt suas dá bhrí sin. Ba cheart a mheas gur ábhar imní
don Aontas iad speicis choimhthíocha ionracha má bhíonn an damáiste arb iad is
cúis leis sna Ballstáit chomh suntasach sin gur údar maith é le bearta tiomnaithe
a ghlacadh a leathnaíonn a raon feidhme ar fud an Aontais, lena n‑áirítear sna
Ballstáit nach bhfuil faoi thionchar nó gurb ar éigean a bheidís faoi
thionchar, fiú. D'fhonn a áirithiú go bhfanfaidh an fo-thacar de speicis
choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas comhréireach, ba cheart an
liosta a fhorbairt ag teacht le cur chuige céimnithe, de réir a chéile, lena n‑áirítear
uasteorannú tosaigh ar líon na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don
Aontas go dtí an chéad 3 % de thart ar 1500 speiceas coimhthíoch ionrach
san Eoraip agus a bheith dírithe ar na speicis sin atá ina gcúis le damáiste
mór eacnamaíoch, nó ar dócha iad a bheith ina gcúis leis sin, lena n‑áirítear
an damáiste ó chaillteanas bithéagsúlachta. (11) Na critéir le speicis choimhthíocha
ionracha a mheastar a bheith ina n‑ábhar imní don Aontas a liostú, is iad an
phríomhionstraim chun na rialacha nua seo a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an
Coimisiún a dhícheall le togra le haghaidh liosta a bhunófar ar na critéir sin
a chur faoi bhráid an Choiste laistigh de bhliain amháin ó theacht i bhfeidhm
na reachtaíochta seo. Ba cheart a áireamh sna critéir measúnú riosca de bhun na
bhforálacha is infheidhme faoi Chomhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála
maidir le srian a chur le trádáil ar speicis. (12) D'fhonn comhlíonadh rialacha
na hEagraíochta Domhanda Trádála agus cur i bhfeidhm comhleanúnach na rialacha
nua seo a áirithiú, ba cheart critéir chomhchoiteanna a bhunú chun an measúnú
riosca a dhéanamh. Ba cheart do na critéir sin caighdeáin náisiúnta agus
idirnáisiúnta atá ann cheana a úsáid nuair is iomchuí agus ba cheart go
gcuimseoidís gnéithe éagsúla de shaintréithe na speiceas, an riosca agus na
modhanna iontrála isteach san Aontas, tionchar diúltach eacnamaíoch, sóisialta
agus bithéagsúlachta na speiceas, tairbhí féideartha na n‑úsáidí agus na
costais a bhaineann le maolú chun iad a chur i gcomparáid leis na tionchair
dhiúltacha, chomh maith le réamhaisnéis chainníochtaithe ar chostais an
damáiste don chomhshaol, agus an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta ar
leibhéal an Aontais, agus an tábhacht don Aontas á léiriú, le bearta breise a
dhlisteanú. D'fhonn an córas a fhorbairt de réir a chéile agus tógáil ar an
taithí a fuarthas, ba cheart an cur chuige foriomlán a mheas tar éis cúig
bliana. (13) Tá roinnt ainmhithe
coimhthíocha ionracha san áireamh in Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán
(CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le
speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialáil,[17], agus tá cosc ar a n‑allmhairiú
isteach san Aontas i ngeall ar a gcarachtar ionrach aitheanta agus toisc go
bhfuil tionchar diúltach ar speicis dhúchasacha acu. Seo iad na speicis sin: Callosciurus
erythraeus, Sciurus carolinensis, Oxyura jamaicensis, Lithobates (Rana) catesbeianus,
Sciurus niger, Chrysemys picta, Trachemys scripta elegans. Chun creat
dlíthiúil comhleanúnach agus rialacha aonfhoirmeacha ar leibhéal an Aontais
maidir le speicis choimhthíocha ionracha a áirithiú, ba cheart na hainmhithe
choimhthíocha ionracha sin a mheas mar ábhar tosaíochta do liostú mar speicis
choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. (14) Is inmhianaithe ó thaobh an
chomhshaoil an cosc go ginearálta agus is éifeachtaí ó thaobh costas de é ná
frithghníomh tar éis an ionraidh, agus ba cheart tosaíocht a thabhairt dó, agus
toisc gur féidir speicis nua a thabhairt isteach de shíor san Aontas agus toisc
go bhfuil speicis choimhthíocha ag leathadh agus ag leathnú a raoin, ní mór a
áirithiú go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar liosta na speiceas coimhthíoch
ionrach is ábhar imní don Aontas go gcoinneofar cothrom le dáta é. (15) D'fhéadfadh roinnt de na
speicis atá ionrach san Aontas a bheith dúchasach i roinnt de na Réigiúin is
Forimeallaí san Aontas agus vice versa. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir
le "Na réigiúin is forimeallaí: sócmhainn don
Eoraip"[18]
aithníodh go n‑éilíonn bithéagsúlacht ar leith na réigiúin is forimeallaí
bearta a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun speicis choimhthíocha ionracha
a chosc agus a bhainistiú sna réigiúin sin mar atá sainithe sa Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ag cur san áireamh Chinneadh 2010/718/AE ón
gComhairle Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2010 lena leasaítear an
stádas i leith an Aontais Eorpaigh atá ag oileán Saint‑Barthélemy[19] agus Chinneadh 2012/419/AE
ón gComhairle Eorpach an 11 Iúil 2012 lena leasaítear stádas Mayotte
i leith an Aontais Eorpaigh[20].
Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm le forálacha go léir na rialacha nua
sna Réigiúin is Forimeallaí san Aontas ach amháin i gcás forálacha a bhaineann
le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas atá dúchasach sna
réigiúin sin. Ina theannta sin, chun foráil a dhéanamh maidir leis an gcosaint
is gá ar an mbithéagsúlacht sna réigiúin sin, ní mór do na Ballstáit lena
mbaineann liostaí ar leith de speicis choimhthíocha ionracha sna Réigiúin is
Forimeallaí, ar cheart na rialacha nua seo a chur i bhfeidhm orthu freisin, a
tharraingt suas mar chomhlánú ar liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is
ábhar imní don Aontas. (16) Dúshlán trasteorann don Aontas
ar fad is ea na rioscaí agus na hábhair imní a bhaineann le speicis
choimhthíocha ionracha. Ní mór, dá bhrí sin, toirmeasc a chur, ar leibhéal an
Aontais, ar speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a thabhairt
isteach san Aontas go beartaithe, ar iad a atáirgeadh, a chur ag fás, a iompar,
a cheannach, a dhíol, a úsáid, a mhalartú, a choinneáil agus a scaoileadh chun
a áírithiú go ndéanfar beart comhsheasmhach ar fud an Aontais ionas go ndéanfar
saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint agus d'fhonn easpa birt i
mBallstát amháin a bhainfeadh an bonn de na bearta a glacadh i mBallstát eile a
sheachaint. (17) D'fhonn taighde eolaíoch agus
gníomhaíochtaí caomhnaithe ex-situ a chumasú, ní foláir rialacha sonracha
maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a chur ar
fáil faoi réir na ngníomhaíochtaí sin. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur i
gcrích i saoráidí iata ina bhfuil na horgánaigh faoi choinneáil shrianta agus
na bearta uile is gá á nglacadh chun éalú nó scaoileadh neamhdhleathach
speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a sheachaint. (18) D'fhéadfadh sé tarlú go
dtiocfadh speicis choimhthíocha nár aithníodh go fóill mar speicis
choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas chun cinn ag teorainneacha an
Aontais nó go dtiocfaí orthu i gcríoch an Aontais. Ba cheart an rogha a
thabhairt do na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta áirithe éigeandála a ghlacadh ar
bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil. Dhéanfadh bearta éigeandála den sórt
sin foráil maidir le freagairt láithreach i gcoinne speiceas a bhféadfadh
rioscaí a bheith lena dtabhairt isteach, a mbunú agus a scaipeadh sna tíortha
sin, fad is a bheadh na Ballstáit ag déanamh measúnaithe ar na rioscaí a
bhaineann leo dáiríre, ag teacht leis na forálacha is infheidhme de Chomhaontuithe
na hEagraíochta Domhanda Trádála, go háirithe d'fhonn go n‑aithneofaí na
speicis sin mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Is gá
bearta éigeandála náisiúnta a cheangal leis an bhféidearthacht bearta
éigeandála a ghlacadh ar leibhéal an Aontais d'fhonn forálacha chomhaontuithe
na hEagraíochta Domhanda Trádála a chomhlíonadh. Thairis sin, threalmhódh
bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais an tAontas gníomhú go tapa i gcás ina
mbeadh speiceas nua coimhthíoch ionrach ann, nó an baol go dtiocfadh sé, i
gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim. (19) Ba cheart go mbeadh ar chumas
na mBallstát bearta níos déine a dhéanamh chun dul i ngleic le speicis
choimhthíocha ionracha agus chun bearta a ghlacadh go réamhghníomhach i leith
aon speicis nach bhfuil liostaithe mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar
imní don Aontas. D'fhonn seasamh níos réamhghníomhaí maidir le speicis
neamhliostaithe a ghlacadh, ba cheart go mbeadh sé mar cheangal, dá bhrí sin,
nach mór údarú a eisiúint i ndáil le le speicis choimhthíocha ionracha nach
bhfuil liostaithe mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a
scaoileadh isteach sa timpeallacht má tá fianaise ag na Ballstáit go mbaineann
riosca leo. Bunaíodh rialacha mionsonraithe maidir le húdarú na speiceas
coimhthíoch a bhíonn le húsáid i ndobharshaothrú cheana féin le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007
ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 agus ba cheart go gcuirfeadh
Ballstáit san áireamh sa chomhthéacs seo é. (20) Tá cuid mhór speiceas
coimhthíoch ionrach a thugtar isteach go neamhbheartaithe san Aontas. Is
ríthábhachtach, dá bhrí sin, na conairí trína dtugtar isteach iad go
neamhbheartaithe a bhainistiú. Ba ghá gníomhaíocht sa réimse seo a bheith de
réir a chéile, mar gheall ar an taithí measartha teoranta sa réimse seo. Ba
cheart go gcuimseodh an ghníomhaíocht sin bearta deonacha, ar nós na mbeart atá
molta i dTreoirlínte na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta um Rialú agus
Bainistiú Bithsmálaithe ar Long, agus bearta sainordaitheacha, agus ba cheart
di tógáil ar an taithí a fuarthas san Aontas agus sna Ballstáit i mbainistiú
conairí áirithe, lena n‑áirítear bearta a bunaíodh tríd an gCoinbhinsiún
Idirnáisiúnta um Rialú agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long. (21) D'fhonn bonn eolais
leordhóthanach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a
tharraingíonn speicis choimhthíocha ionracha, is tábhachtach go dtabharfadh na
Ballstáit faoi thaighde, faireachán agus faireachas ar speicis den sórt sin. Toisc
gurb iad córais faireachais an tslí is iomchuí le speicis choimhthíocha
ionracha nua a luathbhrath agus chun dáileadh speiceas atá bunaithe cheana féin
a chinneadh, ba cheart suirbhéanna spriocdhírithe agus suirbhéanna ginearálta
araon a áireamh iontu agus tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht na n‑earnálacha
agus na bpáirtithe leasmhara éagsúla, lena n‑áirítear pobail áitiúla. Ba cheart
go mbeadh aird leanúnach á tabhairt ar aon speiceas ionrach nua in áit ar bith
san Aontas mar chuid de na córais faireachais. Ar mhaithe le héifeachtúlacht
agus éifeachtacht ó thaobh costais, ba cheart na córais atá ann cheana um rialú
teorainneacha, faireachán agus faireachas a bunaíodh cheana féin i reachtaíocht
an Aontais a chur i bhfeidhm, go háirithe na córais sin atá leagtha amach i
dTreoracha 2009/147/CE, 92/43/CEE, 2008/56/CE agus 2000/60/CE. (22) Ba cheart go ndéanfaí
rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar phlandaí d'fhonn cosc a chur le
speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach go beartaithe. Ba cheart go
dtiocfadh ainmhithe agus plandaí beo isteach san Aontas trí phoist um rialú
teorann arna ainmniú ag na Ballstáit i gcomhréir le Rialachán (AE)
Uimh. XXX/XXXX [maidir le rialuithe oifigiúla COM (2013) 265]. D'fhonn gnóthúcháin
éifeachtachta a áirithiú agus chun cruthú córas rialuithe teorann atá
comhthreomhar a sheachaint, ba cheart a fhíorú an speicis choimhthíocha
ionracha is ábhar imní don Aontas iad na speicis sin ag an gcéad Phost um Rialú
Teorann Iontrála. Ainmhithe agus plandaí nach dtagann faoi raon feidhme
Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [maidir le rialuithe oifigiúla COM (2013)
265] nó a bhfuil díolmhú acu ó rialuithe oifigiúla ag poist um rialú ag
teorainneacha, tiocfaidh siad isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail trí
phointí iontrála eile agus beidh siad faoi réir seiceálacha ansin. (23) Tar éis do speiceas
coimhthíoch ionrach teacht isteach, tá géarghá le luathbhrath agus bearta
díothaithe tapa le cosc a chur lena mbunú agus lena scaipeadh. Go minic, is é
an fhreagairt is éifeachtúla agus is éifeachtaí ó thaobh costais an líon iomlán
a dhíothú, a luaithe is féidir fad a bhíonn líon na n‑eiseamal teoranta go
fóill. I gcás nach bhfuil díothú indéanta nó gur mó na costais a bhaineann le
díothú san fhadtéarma ná na tairbhí don chomhshaol,agus na tairbhí eacnamaíocha
agus sóisialta, ba cheart bearta srianta agus rialaithe a chur i bhfeidhm. (24) Díothú agus bainistiú roinnt
speiceas coimhthíoch ionrach, cé go bhfuil gá leis, d'fhéadfadh sé pian,
anacair, eagla nó cineálacha eile fulaingthe a spreagadh sna hainmhithe fiú
nuair a úsáidtear na modhanna teicniúla is fearr atá ar fáil. Ar an gcúis sin,
ba cheart do na Ballstáit agus aon oibreoir a bhfuil baint aige le díothú,
rialú nó srianadh speiceas coimhthíoch ionrach na bearta uile is gá a dhéanamh
le pian, anacair agus fulaingt na n‑ainmhithe le linn an phróisis a íoslaghdú,
ag cur san áireamh a mhéid is féidir, na cleachtais is fearr sa réimse, mar
shampla na Treoirphrionsabail ar Leas Ainmhithe a d'fhorbair an Eagraíocht
Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (OIE). (25) Is gnách go ndéanann speicis
choimhthíocha ionracha damáiste d'éiceachórais agus go laghdaíonn siad a n‑athléimneacht.
Dá bhrí sin, is gá bearta athchóirithe chun athléimneacht na n‑éiceachóras ar
ionraí a neartú, an damáiste a rinneadh a dheisiú agus chun feabhas a chur ar
stádas caomhnaithe na speiceas agus a ngnáthóg i gcomhréir le hAirteagal 4
de Threoir 2009/147/CE agus Airteagal 6 de 92/43/CEE, stádas
éiceolaíoch uiscí dromchla intíre, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus
screamhuisce i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2000/60/CE, agus
stádas comhshaoil na n‑uiscí mara i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2008/56/CE.
(26) Ba cheart go dtacódh córas
faisnéise láraithe le córas le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha,
córas a thiomsódh an t‑eolas atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha san
Aontas agus a cheadódh rochtain ar fhaisnéis maidir le láithreacht speiceas, a
leathadh, a n‑éiceolaíocht, stair ionraidh agus gach eolas eile is gá le tacú
le cinntí beartais agus bainistíochta. (27) Bunaítear ke Treoir 2003/35/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 lena
bhforáiltear do rannpháirtíocht an phobail i leith pleananna agus cláir áirithe
a bhaineann leis an gcomhshaol a tharraingt suas[21] creat le haghaidh
comhairliúcháin phoiblí i gcinntí a bhaineann leis an gcomhshaol. I sainmhíniú
gníomhaíochta i réimse na speiceas coimhthíoch ionrach, ba cheart go gcuirfeadh
rannpháirtíocht éifeachtach phoiblí ar chumas an phobail tuairimí agus ábhair
imní a chur in iúl, agus ar chumas na gcinnteoirí iad sin a chur san áireamh,
tuairimí agus ábhair imní a d'fhéadfadh a bheith ábhartha do na cinntí sin, rud
a mhéadóidh cuntasacht agus trédhearcacht an phróisis chinnteoireachta agus a
chuirfidh le feasacht an phobail faoi shaincheisteanna comhshaoil agus a
spreagfadh iad le tacú leis na cinntí a glacadh. (28) D'fhonn dálaí aonfhoirmeacha a
áirithiú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun liosta na speiceas
coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a ghlacadh agus a nuashonrú, le
maoluithe a dheonú ón oibleagáid díothú go tapa agus chun bearta éigeandála
Aontais a ghlacadh, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don
Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011
lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le
sásraí maidir le rialú na mBallstát ar fheidhmiú an Choimisiúin ar a chuid
cumhachtaí cur chun feidhme.[22].
(29) D'fhonn na forbairtí eolaíocha
is déanaí i réimse an chomhshaoil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht
gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil lena
chinneadh conas an tátal a bhaint as go bhfuil speicis choimhthíocha ionracha
in ann daonraí inmharthana a bhunú agus leathadh, chomh maith le leagan amach
na ngnéithe comónta d'fhorbairt na measúnuithe riosca. Tá sé thar a bheith
tábhachtach go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a
chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba
cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á
dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go
comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle. (30) D'fhonn a ráthú go
gcomhlíonfar an Rialachán seo, is tábhachtach go bhforchuirfidh na Ballstáit
smachtbhannaí athchomhairleacha, éifeachtacha agus comhréireacha maidir le
sáruithe, agus cineál agus tromchúis an tsáraithe á gcur san áireamh. (31) D'fhonn a chur ar chumas
úinéirí neamhthráchtála leanúint lena gcuid n‑ainmhithe coimhdeachta a
bhaineann le speiceas a liostaítear mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar
imní don Aontas a choinneáil go dtí bás nádúrtha an ainmhí, ní mór bearta
idirthréimhseacha a fhoráil, ar an gcoinníoll go gcuirfear na bearta go léir a
chur i bhfeidhm le héalú nó atáirgeadh a sheachaint. (32) D'fhonn a chur ar chumas
oibreoirí tráchtála, a bhféadfadh ionchas dlisteanach a bheith acu, mar shampla
iad siúd a bhfuil údarú faighte acu i gcomhréir le Rialachán 708/2007, a
stoc speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a dhísciú nuair a
thiocfaidh na rialacha nua seo i bhfeidhm, tá údar maith ann dhá bhliain a
cheadú dóibh chun na heiseamail a mharú, a dhíol nó a thabhairt do bhunaíochtaí
taighde nó caomhnaithe ex-situ. (33) Ós rud é nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, i.e. speicis choimhthíocha ionracha a
chosc agus a bhainistiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus gur fearr dá
bhrí sin, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí na mbeart, is féidir é a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den
Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar
a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an gníomh seo thar a bhfuil
riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1
Ábhar Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha chun
an drochthionchar a bhíonn ag speicis choimhthíocha ionracha a thugtar isteach
agus a leatar, go beartaithe agus go neamhbheartaithe, ar bhithéagsúlacht agus
ar sheirbhísí éiceachórais a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú. Airteagal 2
Raon Feidhme 1. Tá feidhm ag an Rialachán seo
maidir le gach speiceas coimhthíoch ionrach atá san Aontas mar atá sainmhínithe
in Airteagal 3(2). 2. Níl feidhm ag
an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas: (a)
speicis a dtagann athrú ar a raon nádúrtha gan
idirghabháil ón duine, mar fhreagairt ar dhálaí athraitheacha éiceolaíocha agus
athrú aeráide; (b)
orgánaigh ghéinmhodhnaithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 2
de Threoir 2001/18/CE; (c)
galar ainmhithe arna rialú mar atá sainmhínithe in Airteagal 4(1)(14)
de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [an dlí i ndáil le sláinte ainmhithe -
COM(2013) 260 final]; (d)
lotnaidí plandaí atá liostaithe de bhun Airteagal 5(2)
nó Airteagal 32(3) nó atá faoi réir beart de bhun Airteagal 29(1) de
Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [i ndáil le sláinte plandaí - COM(2013) 267
final]; (e)
speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a
ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 708/2007; (f)
micrea-orgánaigh arna monarú nó arna n-allmhairiú
lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí a formheasadh cheana féin nó a bhfuil
measúnú ar bun orthu de réir Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009; (g)
micrea-orgánaigh arna monarú nó arna n-allmhairiú
lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha a formheasadh cheana nó atá á gcur ar fáil
ar mhargadh an Aontais de bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Airteagal 3
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm
leis na sainmhínithe seo a leanas: (2)
ciallaíonn 'speiceas coimhthíoch' aon eiseamal beo
de speiceas, fospeiceas nó tacsón níos ísle d'ainmhithe, plandaí, fungais nó
micrea-orgánaigh a tugadh isteach lasmuigh dá dháileadh nádúrtha san am a
caitheadh nó san am i láthair; áirítear ann aon chuid, aon ghaiméirí, aon
síolta, aon uibheacha nó aon iomadúlaithe den speiceas sin, mar aon le haon
hibridí, aon chineálacha nó aon phórtha a d'fhéadfadh fanacht beo agus
atáirgeadh ina dhiaidh sin; (3)
ciallaíonn 'speiceas coimhthíoch ionrach' speiceas
coimhthíoch a bhfacthas, trí bhíthin measúnaithe riosca, go raibh a thabhairt
isteach nó a leathadh ina bhaol don bhithéagsúlacht agus do sheirbhísí
éiceachórais, agus a d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar shláinte an
duine nó ar an ngeilleagar; (4)
ciallaíonn 'speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar
imní don Aontas' speiceas coimhthíoch ionrach a meastar a n-éilíonn a thionchar
diúltach beart comhbheartaithe ar leibhéal an Aontais de bhun Airteagal 4(2);
(5)
ciallaíonn 'bithéagsúlacht' athraitheacht i measc
orgánach beo ó gach foinse, lena n-áirítear éiceachórais talún agus mhara agus
éiceachórais uisceacha eile agus na coimpléisc éiceolaíocha ar cuid díobh iad;
áirítear leis sin éagsúlacht laistigh de speiceas, idir speicis agus idir
éiceachórais; (6)
ciallaíonn 'seirbhísí éiceachórais' a mhéid a
chuireann éiceachórais go díreach agus go hindíreach le folláine an duine; (7)
ciallaíonn 'tabhairt isteach' gluaiseacht speicis
lasmuigh dá dháileadh nádúrtha san am a caitheadh nó san am i láthair, de
thoradh idirghabháil an duine; (8)
ciallaíonn 'taighde' obair thuairiscithe nó
thurgnamhach, arna déanamh faoi dhálaí rialaithe chun eolas nua a fháil nó chun
táirgí nua a fhorbairt, lena n-áirítear na chéad chéimeanna i ndáil le gnéithe
géiniteacha speiceas coimhthíoch ionrach, cé is moite de chumas ionrach, a
shainaithint, a thréithriú agus a leithlisiú, sa mhéid is gá chun pórú na
ngnéithe sin isteach i speicis neamhionracha a éascú; (9)
ciallaíonn 'faoi choinneáil shrianta' orgánach a
choimeád i saoráidí iata nach féidir éalú ná leathadh uathu; (10)
ciallaíonn 'caomhnú ex situ' comhpháirteanna
d'éagsúlacht bhitheolaíoch a chaomhnú lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha; (11)
ciallaíonn 'conairí' bealaí agus sásraí ionraí
bitheolaíocha; (12)
ciallaíonn 'luathbhrath' láithreacht eiseamal de
speiceas coimhthíoch ionrach a dhearbhú sa timpeallacht sula leathann sé; (13)
ciallaíonn 'díothú' fáil réidh le daonra speicis
choimhthíoch ionraigh ina iomláine agus ar bhonn buan trí mheán fisiceach,
ceimiceach nó bitheolaíoch; (14)
ciallaíonn 'leata go fairsing' speiceas coimhthíoch
ionrach a bhfuil a dhaonra imithe níos faide ná céim an nádúraithe, céim ag a
bhfanann daonra de bheith féinchothaitheach, agus go bhfuil sé leata chun cuid
mhór den raon ionchasach inar féidir leis maireachtáil agus atáirgeadh a
choilíniú; (15)
ciallaíonn 'bainistiú' aon bheart fisiceach,
ceimiceach nó bitheolaíoch atá dírithe ar dhaonra speicis choimhthíoch ionraigh
a dhíothú, a smachtú nó a shrianadh; (16)
ciallaíonn 'srianadh' bearta atá dírithe ar
bhacainní a chruthú a mhaolóidh an riosca go scaipfidh agus go leathfaidh
daonra speicis choimhthíoch ionraigh lasmuigh den limistéar ionraidh; (17)
ciallaíonn 'an daonra a smachtú' bearta fisiceacha,
ceimiceacha nó bitheolaíocha a chuirtear i bhfeidhm ar dhaonra speiceas
coimhthíoch ionrach agus é mar aidhm leo líon an speicis a choimeád chomh íseal
agus is féidir ionas go maolófar a chumas ionraidh agus a thionchar diúltach ar
bhithéagsúlacht nó ar sheirbhísí éiceachórais, fiú murar féidir an speiceas a
dhíothú. Airteagal 4
Liosta na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas 1. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ar bhonn na gcritéar i mír 2, liosta
na speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas, agus déanfaidh sé an
liosta sin a nuashonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh
i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá tagraítear in Airteagal 22(2).
2. Ní chuirfear speicis
choimhthíocha ionracha ar an liosta dá dtagraítear i mír 1, ach amháin má
chomhlíonann siad na critéir seo ar fad a leanas: (a)
tá siad, ag féachaint don fhianaise eolaíoch atá ar
fáil, ionrach i gcríoch an Aontais, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí; (b)
tá siad, ag féachaint don fhianaise eolaíoch atá ar
fáil, in ann daonra inmharthana a bhunú agus leathadh sa timpeallacht faoi na
dálaí athraithe aeráide atá ann faoi láthair nó is dócha a bheidh ann áit ar
bith san Aontas cé is moite de na réigiúin is forimeallaí; (c)
léirítear leis an measúnú riosca arna dhéanamh de
bhun Airteagal 5(1) go bhfuil beart ar leibhéal an Aontais de dhíth chun
cosc a chur lena mbunú agus lena leathadh. 3. Féadfaidh na Ballstáit
iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le speicis choimhthíocha
ionracha a chur ar an liosta dá dtagraítear i mír 1. Áireofar sna hiarrataí
sin na critéir seo a leanas ar fad: (a)
ainm an speicis; (b)
measúnú riosca arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(1); (c)
fianaise go gcomhlíonann an speiceas na critéir atá
leagtha amach i mír 2. 4. Ar an liosta dá dtagraítear i
mír 1 beidh uasmhéid caoga speiceas lena n-áirítear aon speiceas a
d'fhéadfaí a chur leis de thoradh beart éigeandála dá bhforáiltear in Airteagal 9. Airteagal 5 Measúnú riosca agus gníomhartha
tarmligthe 5. Déanfaidh an Coimisiún nó na
Ballstáit, de réir mar is ábhartha, an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(c)
agus (3)(b) ag féachaint do na gnéithe seo a leanas: (a)
tuairisc ar an speiceas agus a aitheantas
tacsanomaíoch, a stair, a raon dúchasach, a raon ionchasach; (b)
tuairisc ar a atáirgeadh agus a phátrúin leata,
lena n-áirítear measúnú an ann do na dálaí comhshaoil is gá don atáirgeadh agus
don leathadh; (c)
tuairisc ar chonairí ionchasacha an teachta isteach
agus an leata, arna dhéanamh go beartaithe nó go neamhbheartaithe, lena
n-áirítear, nuair is ábhartha, na tráchtearraí lena mbaineann an speiceas go
ginearálta; (d)
measúnú a dhéanamh ar an riosca maidir le teacht
isteach, bunú agus leathadh sna réigiúin ábhartha bhithgheografacha faoi na
dálaí reatha agus faoi dhálaí athraithe aeráide atá tuartha; (e)
tuairisc ar dháileadh reatha an speicis lena
n-áirítear tuairisc ar an bhfuil an speiceas i láthair cheana féin san Aontas
nó i dtíortha comharsanachta; (f)
tuairisc ar an tionchar diúltach ar bhithéagsúlacht
agus ar sheirbhísí éiceachórais, lena n-áirítear ar speiceas dúchasach, láithreacha
cosanta, gnáthóga i mbaol, ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar lena
n-áirítear measúnú ar mhéid an tionchair amach anseo; (g)
tuar cainníochtaithe ar chostais an damáiste ar
leibhéal an Aontais a bhfuil tábhacht aige don Aontas, d'fhonn údar cuí eile a
thabhairt do bheart toisc gur mhó an damáiste foriomlán a dhéanfaí agus costas
an mhaolaithe; (h)
tuairisc ar úsáidí féideartha agus sochair
fhéideartha a thig as na húsáidí sin den speiceas. 6. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 23
chun tuilleadh sonraithe a dhéanamh ar an gcineál fianaise eolaíche inghlactha
dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(b) agus chun tuairisc mhionsonraithe a
sholáthar ar chur i bhfeidhm na n-eilimintí atá leagtha amach i mír 1(a)
go (h) den Airteagal seo, lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá le cur i
bhfeidhm i measúnú ar na heilimintí sin, agus caighdeáin ábhartha náisiúnta
agus idirnáisiúnta á gcur san áireamh agus an gá le tosaíocht a thabhairt do
bheart i gcoinne speicis a luaitear le damáiste suntasach eacnamaíoch, nó a
bhfuil an cumas iontu damáiste den chineál sin a dhéanamh, lena n-áirítear
damáiste ar toradh de chaillteanas bithéagsúlachta é. Airteagal 6
Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí 1. Ní bheidh speiceas atá ar an
liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus ar speiceas dúchasach i
réigiún forimeallach é, faoi réir fhorálacha Airteagail 7, 8, 11 agus 13 go 17
sna réigiún is forimeallaí áit ar speiceas dúchasach é. 2. Faoin [12 mhí tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo – dáta le cur isteach} ar a dhéanaí,
glacfaidh gach Ballstát a mbaineann réigiúin is forimeallaí leis liosta de na
speicis choimhthíocha ionracha do gach ceann dá réigiúin is forimeallaí, i
gcomhairle leis na réigiúin sin. 3. Beidh na speicis atá ar na
liostaí dá dtagraítear i mír 2 faoi réir Airteagail 7, 8, 11 agus 13 go 17
laistigh de na réigiúin is forimeallaí ábhartha. 4. Cuirfidh na Ballstáit an
Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas gan mhoill faoi na liostaí dá
dtagraítear i mír 2 agus faoi aon nuashonrú a dhéanfar ar na liostaí sin. Caibidil II
COSC Airteagal 7
Toirmeasc ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas 1. Speicis atá ar an liosta dá
dtagraítear in Airteagal 4 (1), ní dhéanfar go beartaithe: (a)
iad a thabhairt isteach ná a iompar trí chríoch an
Aontais; (b)
ligean dóibh atáirgeadh; (c)
iad a iompar, ach amháin i gcás speicis a iompar
chuig saoráidí lena ndíothú; (d)
iad a chur ar an margadh; (e)
iad a úsáid ná a mhalartú; (f)
iad a choimeád ná a fhás, lena n-áirítear faoi
choinneáil shrianta; (g)
iad a scaoileadh isteach sa timpeallacht. 2. Cuirfidh na Ballstáit cosc ar
speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas a thabhairt isteach go
neamhbheartaithe i gcomhréir le forálacha Airteagal 11(3) agus (4). Airteagal 8
Ceadanna le haghaidh taighde agus caomhnaithe ex-situ 1. De mhaolú ar na toirmisc atá
leagtha amach i bpointí (a), (b), (c), (e) agus (f) d'Airteagal 7(1),
déanfaidh Ballstáit córas ceada a bhunú a ligfidh do bhunaíochtaí atá údaraithe
le taighde nó caomhnú ex-situ a dhéanamh chun gníomhaíochtaí den sórt
sin a chur i gcrích ar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas.
2. Déanfaidh na Ballstáit
cumhacht a thabhairt don údarás inniúil ábhartha na ceadanna dá dtagraítear i mír 1
a eisiúint le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi choinneáil shrianta a
chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas: (a)
coimeádtar agus láimhseáiltear na speicis
choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas i saoráidí iata mar a
dtagraítear dóibh i mír 3; (b)
tá an ghníomhaíocht le cur i gcrích ag pearsanra a
bhfuil na cáilíochtaí eolaíocha agus teicniúla acu a bheidh forordaithe ag na
húdaráis inniúla; (c)
údaraíonn an t‑údarás inniúil iompar chuig an
tsaoráid iata agus uaithi agus déantar é faoi dhálaí a eisiann éalú na speiceas
coimhthíoch ionrach; (d)
i gcás inar ainmhithe iad na speicis choimhthíocha
ionracha, marcáiltear nuair is féidir iad; (e)
bainistítear an baol éalaithe nó leata go
héifeachtach, agus cuirtear san áireamh céannacht, bitheolaíocht agus modhanna
scaipthe an speicis, an ghníomhaíocht agus an tsaoráid iata atá beartaithe, an t‑idirghníomhú
leis an timpeallacht agus tosca ábhartha eile a bhaineann leis an riosca a
bhaineann leis an speiceas sin; (f)
déantar plean faireacháin leanúnaigh agus plean
teagmhasach chun freastal ar éalú nó ar leathadh féideartha a tharraingt suas,
lena n‑áirítear plean don díothú; (g)
tá an cead dá dtagraítear i mír 1 teoranta do
líon na speiceas agus na n-eiseamal is gá don taighde nó don chaomhnú ex-situ
lena mbaineann agus ní sháróidh sé cumas na saoráide iata. Áireofar ann na
srianta is gá chun riosca éalaithe nó leata an speicis lena mbaineann a mhaolú.
Beidh sé ag gabháil leis na speicis choimhthíocha ionracha dá dtagraíonn sé i
gcónaí nuair a bhíonn siadsan á gcoinneáil, á dtabhairt isteach agus á n-iompar
laistigh den Aontas. 3. Measfar go bhfuil eiseamail á
gcoinneáil i saoráidí iata má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (h)
tá siad scartha amach go fisiceach agus ní féidir
leo éalú ná leathadh ná ní féidir le daoine neamhúdaraithe iad a bhaint as na
saoráidí ina bhfuil siad á gcoimeád; áiritheoidh prótacail um ghlanadh agus um
chothabháil nach bhféadfaidh aon eiseamail ná codanna inatáirgthe éalú,
leathadh ná nach féidir le daoine neamhúdaraithe iad a bhaint as na saoráidí; (i)
déantar iad a bhaint as na saoráidí nó a dhiúscairt
nó a dhíothú ar bhealach chun iomadú nó atáirgeadh lasmuigh de na saoráidí a
eisiamh. 4. Nuair a dhéanfaidh bunaíocht
iarratas ar chead, déanfaidh sí gach fianaise is gá a sholáthar chun go
bhféadfaidh an t‑údarás inniúil measúnú a dhéanamh an bhfuil na coinníollacha
dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 á gcomhlíonadh. Airteagal 9
Bearta éigeandála 1. I gcás ina bhfuil fianaise ag
Ballstát go bhfuil speiceas coimhthíoch ionrach ar a chríoch, nó go bhfuil
gar-bhagairt ann go mbeidh, fianaise nach bhfuil san áireamh ar an liosta dá
dtagraítear in Airteagal 4(1) ach a mheasann na húdaráis inniúla a bheith
ábhartha, ar bhonn réamhfhianaise eolaíche, toisc gur dócha go gcomhlíonfaidh
sé na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(2), féadfaidh sé bearta
éigeandála a dhéanamh láithreach, a mbeidh ina measc aon cheann de na toirmisc
atá leagtha amach in Airteagal 7 (1). 2. An Ballstát a thugann isteach
bearta éigeandála ina chríoch náisiúnta, lena n‑áirítear pointí (a), (c) nó (d)
d'Airteagal 7(1) a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé an Coimisiún agus na
Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi na bearta a rinneadh agus an
fhianaise atá mar bhonn leis na bearta sin. 3. Déanfaidh an Ballstát lena
mbaineann measúnú riosca de bhun Airteagal 5 ar an speiceas atá faoi réir
na mbeart éigeandála gan mhoill, i bhfianaise na faisnéise teicniúla agus
eolaíche atá ar fáil, agus in aon chás laistigh de 24 mí ón lá a glacadh an
cinneadh bearta éigeandála a thabhairt isteach, d'fhonn na speicis sin a chur
ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1). 4. I gcás ina bhfaighidh an
Coimisiún an fógra dá dtagraítear i mír 2 nó má tá fianaise eile aige go
bhfuil speiceas coimhthíoch ionrach san Aontas, nó go bhfuil gar-bhaol ann go
mbeidh, ar speiceas é nach bhfuil ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1)
ach gur dócha go gcomhlíonfaidh sé na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(2),
cinnfidh sé, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, ar bhonn na réamhfhianaise
eolaíche, an dócha go gcomhlíonfaidh an speiceas na critéir sin, agus déanfaidh
sé bearta éigeandála don Aontas a mbeidh ina measc aon cheann de na toirmisc
atá leagtha amach in Airteagal 7(1) ar feadh tréimhse teoranta maidir leis
na rioscaí a bhaineann leis an speiceas sin, i gcás ina gcinneann sé gur dócha
go gcomhlíonfar na critéir atá leagtha amach in Airteagal 4(2). Glacfar na
bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 22(2). 5. Má fhoráiltear dóibh sna
gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 4, déanfar na bearta
arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun mhír 1 a aisghairm nó a leasú. 6. Féadfaidh an Ballstát a
dhéanann bearta éigeandála na bearta sin a choimeád ar bun go dtí go nglacfar
gníomh cur chun feidhme, lena mbunófar bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais
i gcomhréir le mír 4 nó a chuirfidh na speicis ar an liosta dá dtagraítear
in Airteagal 4(1) ar bhonn an mheasúnaithe riosca a rinne an Ballstát lena
mbaineann de bhun mhír 3. Airteagal 10
Srianta maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do na Ballstáit
a scaoileadh go beartaithe 1. Cuirfidh na Ballstáit
toirmeasc ar aon scaoileadh beartaithe isteach sa timpeallacht - is é sin an
próiseas trína gcuirtear orgánach isteach sa timpeallacht chun críche ar bith,
gan na bearta is gá chun éalú agus leathadh na speicis sin a chosc - de speicis
choimhthíocha ionracha eile cé is moite de speicis choimhthíocha ionracha is
ábhar imní don Aontas, ar speicis iad a mheasann na Ballstáit, ar bhonn na
fianaise eolaíche, a mbeadh tionchar diúltach tábhachtach ag a scaoileadh agus
a leathadh, fiú amháin nuair nach bhfuil sé sin fionnta go hiomlán, ar a
gcríoch náisiúnta ('speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do na
Ballstáit'). 2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl
don Choimisiún agus do na Ballstáit eile cé na speicis a mheasann sé ar speicis
choimhthíocha ionracha is ábhar imní do na Ballstáit iad. 3. Féadfaidh údaráis inniúla na
mBallstát údaruithe a eisiúint chun speicis áirithe choimhthíocha ionracha is
ábhar imní do na Ballstáit a scaoileadh go beartaithe, ar choinníoll go
gcuirfear na coinníollacha seo a leanas san áireamh go hiomlán: (a)
níl aon speiceas neamhionrach eile ann is féidir a
úsáid chun leasanna den chineál céanna a fháil; (b)
tá buntáistí an scaoilte thar a bheith ard i
gcomparáid le baol damáiste an speicis lena mbaineann; (c)
beidh bearta um riosca a mhaolú mar chuid den
scaoileadh chun an tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais,
chomh maith leis an tionchar ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar, a
íoslaghdú; (d)
tá faireachán leordhóthanach ar bun agus tá plean
teagmhasach curtha le chéile chun an speiceas a dhíothú a bheidh le cur i
bhfeidhm i gcás ina mbíonn an damáiste a rinne an speiceas do-ghlactha, dar
leis an údarás inniúil. 4. Aon údarú le speicis
choimhthíocha a thabhairt isteach lena n‑úsáid i ndobharshaothrú, eiseofar é i
gcomhréir leis na forálacha nó le Rialachán Uimh. 708/2007. Airteagal 11
Pleananna gníomhaíochta maidir le conairí speiceas coimhthíoch ionrach 1. Déanfaidh na Ballstáit, faoin
[18 mí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo - an dáta le cur isteach]
ar a dhéanaí anailís chuimsitheach ar na conairí trína dtugtar isteach agus
trína leatar speicis choimhthíocha ionracha go neamhbheartaithe ina gcríoch
agus sainaithneoidh siad na conairí inar gá beart tosaíochta ('conairí
tosaíochta'), i ngeall ar líon na speiceas nó ar an damáiste de dheasca na
speicis a bheith ag teacht isteach san Aontas tríothu. Agus é sin ar siúl acu,
díreoidh na Ballstáit go háirithe ar anailís ar na conairí trína dtugtar
isteach speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. 2. Faoin [3 bliana tar éis
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo - an dáta le cur isteach] ar a
dhéanaí, déanfaidh gach Ballstát plean gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun
feidhme le dul i ngleic leis na conairí tosaíochta a d'aithin sé de bhun mhír
1. Cuimseoidh an plean gníomhaíochta sin clár ama le haghaidh gníomhaíochta
agus tabharfaidh sé tuairisc ar na bearta a bheidh le déanamh chun aghaidh a
thabhairt ar na conairí tosaíochta agus chun cosc a chur le speicis
choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach go neamhbheartaithe agus a leathadh
san Aontas agus sa timpeallacht nó a leathadh laistigh di. 3. Áireofar sa phlean
gníomhaíochta dá dtagraítear i mír 2 bearta atá ceaptha ar bhonn anailíse
ar na costais agus na sochair ina bhfuil ar a laghad an méid seo a leanas: (a)
bearta le feasacht a ardú; (b)
bearta rialála le héilliú ó speicis choimhthíocha
ionracha ar earraí agus ar thráchtearraí, agus aon fheithicil agus trealamh,
lena n‑áirítear bearta le dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha a
iompar ó thríú tíortha, a íoslaghdú; (c)
bearta rialála le seiceálacha cuí ag teorainneacha
an Aontais a áirithiú, cé is moite de na rialuithe oifigiúla de bhun Airteagal 13;
(d)
bearta an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Rialú
agus Bainistiú Uisce Ballasta agus Dríodar Long. 4. Déanfar an plean
gníomhaíochta a forbraíodh i gcomhréir le mír 2 a sheoladh chuig an
gCoimisiún gan mhoill. Gach ceithre bliana tar éis an tseolta dheiridh,
déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar an bplean gníomhaíochta agus é a
athsheoladh chuig an gCoimisiún. Caibidil III
LUATHBHRATH agus DÍOTHÚ TAPA Airteagal 12
Córas faireachais 1. Faoin [18 mí ó dháta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo - an dáta le cur isteach] ar a
dhéanaí, beidh córas faireachais oifigiúil i bhfeidhm ag na Ballstáit, córas a
bhailíonn agus a thaifeadann sonraí ar speicis choimhthíocha ionracha a bheith
sa timpeallacht trí bhíthin suirbhé, faireacháin nó nósanna imeachta eile chun
cosc a chur le leathadh speiceas ionrach isteach san Aontas. 2. Maidir leis an gcóras
faireachais dá dtagraítear i mír 1: (a)
cumdhóidh sé críoch na mBallstát le láithreacht
agus dáileadh speiceas coimhthíoch ionrach nua is ábhar imní don Aontas, chomh
maith le speicis choimhthíocha ionracha atá bunaithe cheana, a chinneadh; (b)
áireoidh sé uiscí mara mar
atá sainmhínithe in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/56/CE; (c)
beidh sé dinimiciúil go leor le haon speiceas coimhthíoch
ionrach is ábhar imní don Aontas a bhrath go tapa i dtimpeallacht críche nó in
aon chuid de chríoch, nárbh eol iad a bheith ann cheana féin; (d)
bainfidh sé úsáid as an bhfaisnéis a sholáthraíonn
na córais atá ann cheana féin a bhaineann le faireachas agus faireachán agus
atá leagtha amach in Airteagal 11 de Threoir 92/43/CEE, Airteagal 11
de Threoir 2008/56/CE agus Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE. Airteagal 13 Rialuithe
oifigiúla ag teorainneacha an Aontais 1. Faoin [12 mhí ó dháta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo - an dáta le cur isteach] ar a
dhéanaí, beidh i bhfeidhm ag na Ballstáit struchtúir a bheidh ag feidhmiú go
hiomlán chun na rialuithe oifigiúla is gá a dhéanamh ar ainmhithe agus ar
phlandaí, lena n-áirítear a síolta, uibheacha, nó iomadúlaithe, a tugadh
isteach san Aontas, chun cosc a chur le tabhairt isteach beartaithe speiceas
coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas san Aontas. 2. Déanfaidh údaráis na
mBallstát na rialuithe oifigiúla ag teorainneacha an Aontais ar na hearraí atá
luaite i mír 1 agus atá á dtabhairt isteach san Aontas lena fhíorú gur
comhlíonadh ceann amháin de na ceanglais seo a leanas: (a)
níl siad ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1); (b)
tá na ceadanna dá dtagraítear in Airteagal 8
bailí. 3. Déanfar na fíoruithe dá
dtagraítear i mír 2 trí sheiceáil a dhéanamh ar dhoiciméid, ar chéannacht
agus, nuair is gá sin, trí sheiceáil fhisiceacha: (c)
ag poist um rialú teorann dá bhforáiltear in Airteagal 57
de Rialachán (AE) Uimh XXX/XXXX [maidir le rialuithe oifigiúla COM(2013)265], i
gcás na n-earraí atá luaite i mír 1, a thagann faoi Airteagal 45 den
Rialachán sin agus atá faoi réir na rialuithe oifigiúla ag poist um rialú
teorann; sa chás sin, tabharfaidh bronnfaidh na Ballstáit an fhreagracht do na
húdaráis inniúla dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh.
XXX/XXXX [maidir le rialuithe oifigiúla COM (2013) 265] (d)
ag an bpointe iontrála i gcríoch custaim an
Chomhphobail i gcás earraí atá luaite i mír 1 nach bhfuil feidhm ag Airteagal 45
de Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXXX [maidir le rialuithe oifigiúla COM (2013) 265]
maidir leo nó a bhfuil dhíolmhú acu ó rialuithe oifigiúla ag poist um rialú
teorann i gcomhréir le hAirteagal 46 den Rialachán céanna; sa chás sin,
tabharfaidh na Ballstáit an fhreagracht do na húdaráis custaim na hearraí sin a
chur faoi aon nós imeachta custaim. 4. Tabharfar de chumhacht do na
húdaráis a ainmneofar do rialuithe teorann freisin na horgánaigh nach
gcomhlíonann na coinníollacha de bhun mhír 2 a urghabháil agus a choigistiú. I
gcás ina gcoigisteofar orgánaigh, cuirfear iad faoi chúram an údaráis inniúil a
bheidh i gceannas ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit
feidhmeanna sonracha a tharmligean chuig údaráis eile. 5. Cuirfear san áireamh sa
taifead ar thoradh na rialuithe oifigiúla arna ndéanamh agus aon chinntí a
glacadh ar an mbonn sin, lena n-áirítear an cinneadh coinsíneacht a dhiúltú,
comhlíonadh na gceanglas i mír 2(a) agus (b). 6. Cuirfidh na Ballstáit nósanna
imeachta ar bun chun malartú faisnéise a áirithiú a bhaineann le coinsíneachtaí
atá ag teacht isteach agus le comhordú agus comhar éifeachtúil, éifeachtach le
haghaidh na bhfíoruithe dá dtagraítear i mír 2 idir na húdaráis uile lena
mbaineann agus oibreoir na coinsíneachta. 7. Déanfaidh na Ballstáit treoirlínte
agus cláir oiliúna a fhorbairt chun aithint agus brath na speiceas coimhthíoch
ionrach is ábhar imní don Aontas a éascú trí chomhar idir na húdaráis atá
bainteach leis na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2. Beidh faisnéis ar
líonadh an Doiciméid Riaracháin Aonair, ar a ndéantar an dearbhú custaim, sna
cláir oiliúna do na húdaráis custaim. Airteagal 14
Fógraí luathbhraith 1. Bainfidh na Ballstáit úsáid
as an gcóras faireachais a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 12 agus as
an bhfaisnéis a bhailítear ag rialuithe oifigiúla dá bhforáiltear in Airteagal 13
chun tacú le luathbhrath teachta isteach nó láithreachta speiceas coimhthíoch
ionrach is ábhar imní don Aontas. 2. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra i scríbhinn gan mhoill faoi luathbhrath láithreachta speiceas coimhthíoch
ionrach is ábhar imní don Aontas don Choimisiún agus cuirfidh sé na
Ballstáit eile ar an eolas, go háirithe maidir le: (a)
láithreacht, ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch,
aon speicis atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1), nárbh eol é
a bheith ann roimhe sin ina gcríoch nó i bpáirt dá gcríoch; (b)
teacht ar ais, ar a gcríoch nó ar chuid dá gcríoch
aon speicis atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4 (1), tar éis
gur tuairiscíodh é a bheith dhíothaithe. Airteagal 15
Díothú mear ag céim luath den ionradh 1. Tar éis an luathbhraith agus
laistigh de thrí mhí tar éis an fógra luathbhraith dá dtagraítear in Airteagal 14
a tharchur, cuirfidh na Ballstáit bearta um dhíothú i bhfeidhm agus tabharfaidh
siad fógra faoi na bearta sin don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit
eile ar an eolas fúthu. 2. Agus bearta um dhíothú á gcur
i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na modhanna atá in úsáid
éifeachtúil le díothú iomlán, buan daonra na speiceas coimhthíoch ionrach lena
mbaineann a bhaint amach, ag féachaint go cuí do shláinte an duine agus don
chomhshaol, agus chun a áirithiú go spáráiltear na hainmhithe a bhfuiltear ag
díriú orthu ar aon phian, anacra nó fulaingt atá inseachanta. 3. Ceapfar agus úsáidfear an
córas faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 12 chun faireachán a
dhéanamh freisin ar éifeachtacht an díothaithe. 4. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas nuair a
bheidh díothú déanta ar líon de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní
don Aontas. 5. Cuirfidh na Ballstáit an
Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas freisin faoi éifeachtacht na
mbeart a rinneadh. Airteagal 16
Maoluithe ó oibleagáid an díothaithe mhear 1. Féadfaidh na Ballstáit iarratas
ar mhaolú a chur faoi bhráid an Choimisiúin ón oibleagáid na bearta um dhíothú
dá dtagraítear in Airteagal 15 a chur i bhfeidhm le haghaidh speiceas
coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas a bhí faoi réir an fhógra
luathbhraith dá dtagraítear in Airteagal 14. 2. Déanfar iarratais ar
mhaoluithe a bhunú ar fhianaise eolaíoch iontaofa agus ní chuirfear isteach iad
ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: (a)
taispeántar nach bhfuil díothú indéanta go
teicniúil ós rud é nach féidir na modhanna díothaithe atá ar fáil a chur i
bhfeidhm sa timpeallacht ina bhfuil na speicis bunaithe; (b)
léiríonn anailís costais agus sochair ar bhonn na
sonraí atá ar fáil le cinnteacht réasúnach go mbeidh na costais, san
fhadtéarma, go heisceachtúil ard agus díréireach i ndáil le sochair an
díothaithe; (c)
níl modhanna díothaithe ar fáil nó tá siad ar fáil
ach tá tionchar diúltach an-tromchúiseach acu ar shláinte an duine nó ar an
gcomhshaol. 3. Déanfaidh na Ballstáit
iarratais ar mhaolú, agus iad réasúnaithe go cuí agus an fhianaise dá
dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 2 ag gabháil leo, a chur faoi
bhráid an Choimisiúin. 4. Cinnfidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le mír 6, an t‑iarratas
dá dtagraítear i mír 3 a cheadú nó a dhiúltú. 5. Glacfar na gníomhartha cur
chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá
dtagraítear in Airteagal 22(2). 6. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh bearta srianta i bhfeidhm chun leathadh breise an speicis a sheachaint
go dtí go nglacfar an cinneadh cur chun feidhme faoin maolú de bhun mhír 3. 7. I gcás ina ndéanfar maolú ón
oibleagáid díothaithe am fhormheas cuirfear an speiceas faoi réir na mbeart
bainistíocht dá dtagraítear in Airteagal 17. Má dhiúltaítear don iarratas
ar mhaolú, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta um dhíothú dá
dtagraítear in Airteagal 15 a chur i bhfeidhm gan mhoill. Caibidil IV
BAINISTIÚ NA SPEICEAS COIMHTHÍOCH IONRACH ATÁ LEATA GO FAIRSING Airteagal 17
Bearta bainistíochta 1. Faoi 12 mhí ón uair a
chuirtear speiceas coimhthíoch ionrach ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1)
ar a dhéanaí, beidh bearta bainistíochta i bhfeidhm ag na Ballstáit do na
speicis choimhthíocha ionracha sin is ábhar imní don Aontas a fuair na
Ballstáit a bheith leata go fairsing ar a gcríoch, ionas go ndéanfar a
dtionchar ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais, ar shláinte an
duine agus ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Bunófar na bearta bainistíochta sin
ar anailís ar chostais agus ar shochair agus áiritheoidh siad freisin na bearta
um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 18. 2. Ar na bearta bainistíochta
beidh bearta fisiceacha, ceimiceacha nó bitheolaíocha atá dírithe ar líon de
speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a smachtú nó a shrianadh. Nuair is
iomchuí, ar na bearta bainistíochta beidh bearta a chuirfear i bhfeidhm ar an
éiceachóras agus a bheidh dírithe ar a athléimneacht in aghaidh ionraí reatha
agus ionraí amach anseo a mhéadú. 3. Agus bearta bainistíochta á
gcur i bhfeidhm acu, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na modhanna a
úsáidtear aird chuí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol agus, nuair is
ar ainmhithe a dhírítear, go spárálfar ar aon phian, anacra nó fulaingt atá
inseachanta. 4. Ceapfar agus úsáidfear an
córas faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 12 chun faireachán a
dhéanamh ar a éifeachtaí atá díothú, rialú ar líon nó bearta srianta chun an
tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais, ar shláinte an
duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú. 5. I gcás ina bhfuil baol
suntasach go leathfaidh speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas
chuig Ballstát comharsanachta, tabharfaidh na Ballstáit ina bhfuil an speiceas
leata go fairsing fógra láithreach do na Ballstáit chomharsanachta agus don
Choimisiún. Nuair is iomchuí, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta
bainistíochta atá aontaithe go comhpháirteach a bhunú. Sna cásanna ina
bhféadfadh tríú tíortha dul faoi thionchar an leata, breithneoidh an Ballstát
lena mbaineann an gá na tríú tíortha lena mbaineann a chur ar an eolas. Airteagal 18
Athchóiriú na n-éiceachóras damáistithe 1. Déanfaidh na Ballstáit bearta
um athchóiriú comhréireach chun cabhrú le téarnamh éiceachórais a bhí
díghrádaithe, damáistithe nó scriosta ag speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar
imní don Aontas. 2. Ar na bearta um athchóiriú dá
dtagraítear i mír 1, beidh ar a laghad an méid seo a leanas: (a)
bearta chun cur le cumas éiceachórais atá ar a ris
do shuaitheadh seasamh in aghaidh thionchar an tsuaite, é a ionsú, dul in
oiriúint dó agus téarnamh uaidh; (b)
bearta a ráthaíonn go gcoscfar athionradh tar éis
feachtais um dhíothú. CAIBIDIL V
Forálacha deiridh Airteagal 19
Tuairisciú 1. Faoin [trí bliana ó dháta
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo - an dáta le cur isteach] ar a
dhéanaí, agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit chuig
an gCoimisiún faisnéis nuashonraithe ar an méid seo a leanas: (a)
tuairisc ar an gcóras faireachais de bhun Airteagal 12
agus ar an gcóras um rialú oifigiúil ar speicis choimhthíocha a thagann isteach
san Aontas de bhun Airteagal 13; (b)
dáileadh an speicis choimhthíoch ionraigh is ábhar
imní don Aontas ina gcríoch; (c)
faisnéis faoi na speicis a mheastar mar speicis
choimhthíocha ionracha is ábhar imní do na Ballstáit de bhun an dara fomhír d'Airteagal 10
(1); (d)
an plean gníomhaíochta
dá dtagraítear in Airteagal 11(2); (e)
faisnéis chomhiomlán a chumhdaíonn an chríoch
náisiúnta iomlán ar na bearta um dhíothú a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15
agus na bearta bainistíochta dá bhforáiltear in Airteagal 17 agus a
n-éifeachtacht. (f)
formáid na gceadanna dá dtagraítear in Airteagal 8. 2. Tabharfaidh na Ballstáit
fógra don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas faoi na
húdaráis inniúla atá i gceannas ar an Rialachán seo a chur chun feidhme. 3. Laistigh de 5 bliana ó [dháta
a ghlactha], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtacht an Rialacháin
seo lena n-áirítear an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1), na
pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 11(3), an córas
faireachais, seiceálacha teorann, an oibleagáid um dhíothú agus na hoibleagáidí
bainistíochta, agus cuirfidh siad tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa
agus na Comhairle a bhféadfadh moltaí dá leasú a bheith ag gabháil léi, lena n‑áirítear
athruithe ar an liosta atá in Airteagal 4(1). Airteagal 20
Sásra tacaíochta faisnéise 1. Déanfaidh an Coimisiún de
réir a chéile an sásra tacaíochta faisnéise is gá a bhunú chun
an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm. 2. Sa chéim thosaigh áireofar sa
chóras sásra tacaíochta sonraí a idirnascfaidh na córais
sonraí atá ann cheana maidir le speicis choimhthíocha ionracha, agus
tabharfar aird ar leith ar fhaisnéis ar na speicis choimhthíocha ionracha is
ábhar imní don Aontas chun an tuairisciú de bhun Airteagal 19 a
éascú. 3. Sa dara céim, uirlis a bheidh
sa sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear i mír 2 chun cabhrú leis an
gCoimisiún chun na fógraí ábhartha a cheanglaítear in Airteagal 14
(2) a láimhseáil. 4. Sa tríú céim, sásra a bheidh
sa sásra tacaíochta sonraí dá dtagraítear i mír 2 chun eolas maidir
le gnéithe eile den Rialachán seo a mhalartú. Airteagal 21
Rannpháirtíocht an phobail 1. I gcás ina mbíonn pleananna
gníomhaíochta á mbunú de bhun Airteagal 11 agus ina mbíonn bearta á mbunú
de bhun Airteagal 17, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar deiseanna
luatha, éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú, modhnú nó
athbhreithniú na mbeart sin, ag baint úsáide as na socruithe a chinn na
Ballstáit cheana féin, i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 2 (3)
de Threoir 2003/35/CE. Airteagal 22
Coiste 1. Beidh an Coiste de chúnamh ag
an gCoimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh
sa Choiste sin[23]. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt
don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE)
Uimh. 182/2011. Airteagal 23
An tarmligean a fheidhmiú 1. Tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá
leagtha síos san Airteagal seo. 2. Déanfar tarmligean na
cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 5 (1) a thabhairt don
Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó theacht i bhfeidhm an
Rialacháin seo. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír
d'Airteagal 5(1) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh an cinneadh maidir
le cúlghairm deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar ann. Tiocfaidh sé
i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas
Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé
difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith
go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlactar de bhun an dara fomhír d'Airteagal 5(1) i bhfeidhm
ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag an bParlaimint nó ag an
gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt
do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle nó más rud é, roimh an tréimhse
éaga, go mbeidh curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don
Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. Airteagal 24
Bearta riaracháin agus smachtbhannaí 1. Déanfaidh na Ballstáit na
rialacha maidir le bearta riaracháin agus na smachtbhannaí is infheidhme maidir
le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos. Déanfaidh na Ballstáit gach
beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur i bhfeidhm. Ní mór na bearta
agus na smachtbhannaí dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach. Airteagal 25
Cumhachtaí smachtbhannaí 1. Beidh ag na húdaráis inniúla
an chumhacht bearta riaracháin agus smachtbhannaí a fhorchur ar aon duine
nádúrtha nó dlítheanach nach gcomhlíonann an Rialachán seo. 2. Gan dochar dá gcumhachtaí
maoirseachta, beidh ag údaráis inniúla an chumhacht na bearta riaracháin agus
smachtbhannaí seo a leanas ar a laghad a fhorchur: (a)
ordú a cheanglaíonn ar an duine nádúrtha nó
dlítheanach atá freagrach as an sárú scor den iompar atá i gceist agus gan a
bheith ag gabháil don iompar sin arís; (b)
ordú a cheanglaíonn na speicis choimhthíocha
ionracha neamh‑chomhlíontacha is ábhar imní don Aontas a choigistiú ag an
bpointe eisiúna ; (c)
cosc sealadach ar ghníomhaíocht; (d)
tarraingt siar bhuan ar údarú na gníomhaíochta; (e)
smachtbhannaí airgid riaracháin; (f)
ordú a cheanglaíonn ar an duine nádúrtha nó
dlítheanach bearta feabhais a ghlacadh. 3. Agus cinneadh á dhéanamh acu
maidir le cineál na mbeart riaracháin agus na smachtbhannaí, cuirfidh údaráis
inniúla gach cúinse ábhartha san áireamh, lena n-áirítear: (a)
a thromchúisí atá an sárú, agus fad an tsáraithe; (b)
a mhéid a bhí an duine atá freagrach as an ionradh
bainteach leis; (c)
an brabús a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach
as an sárú; (d)
an damáiste a rinneadh don chomhshaol, agus an
damáiste sóisialta agus eacnamaíoch de dheasca an tsáraithe; (e)
leibhéal comhair an duine fhreagraigh leis an
údarás inniúil; (f)
sáruithe a rinne an duine atá freagrach roimhe sin. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go
bhfuil cinntí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Airteagal
seo faoi réir an chirt chun achomharc. Airteagal 26
Forálacha idirthréimhseacha le haghaidh úinéirí neamh‑thráchtála 1. De mhaolú ar Airteagal 7(c)
agus (f), úinéirí na n-ainmhithe coimhdeachta nach mbíonn á gcoinneáil chun
críocha tráchtála agus a bhaineann leis na speicis atá ar an liosta dá
dtagraítear in Airteagal 4(1), ba cheart go gceadófaí iad a choinneáil go
dtí deireadh saoil nádúrtha na n-ainmhithe sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar
na coinníollacha seo a leanas: (a)
go raibh na heiseamail á gcoinneáil sular cuireadh
ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 4 (1) iad; (b)
go gcoinnítear na heiseamail faoi choinneáil
shrianta agus go gcuirtear gach beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach
féidir leo atáirgeadh ná éalú. 2. Cuirfidh na húdaráis inniúla
úinéirí neamhthráchtála ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann leis na
heiseamail dá dtagraítear i mír 1 a choimeád agus faoi na bearta a bheidh
le déanamh chun an riosca atáirgeadh agus éalú a íoslaghdú trí bhíthin clár
oideachais agus clár um ardú feasachta a eagróidh na Ballstáit. 3. Maidir le húinéirí neamhthráchtála
nach féidir leo a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha atá leagtha amach i
mír 1, tabharfaidh na Ballstáit deis dóibh go dtógfaí a n-eiseamail ar
láimh uathu agus tabharfaidh siad aird chuí ar leas na n-ainmhithe agus iad á
láimhseáil. Airteagal 27
Forálacha idirthréimhseacha maidir le stoic tráchtála 1. Coimeádaithe stoic tráchtála
d'eiseamail de speicis choimhthíocha ionracha a fuarthas sular cuireadh ar an
liosta dá dtagraítear in Airteagal 4(1) iad, ceadófar suas go dhá bhliain
dóibh tar éis na speicis a chur ar an liosta sin eiseamail bheo nó codanna
inatáirgthe na speiceas sin a choimeád agus a iompar d'fhonn iad a dhíol nó a
thabhairt de láimh do na hinstitiúidí taighde nó caomhnaithe ex-situ dá
dtagraítear in Airteagal 8, ar choinníoll go gcoinnítear agus go
n-iompraítear na heiseamail faoi choinneáil shrianta agus go gcuirtear gach
beart iomchuí i bhfeidhm chun a áirithiú nach féidir leo atáirgeadh ná éalú, nó
chun iad a mharú chun a stoc a dhísciú. 2. I gcás inar eisíodh cead i
gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán 708/2007 le haghaidh speicis
dhobharshaothraithe a chuirtear ina dhiaidh sin ar liosta na speiceas
coimhthíoch is ábhar imní don Aontas, agus go dtéann tréimhse an cheada thar an
tréimhse dá dtagraítear i mír 1, tarraingeoidh an Ballstát an cead siar i
gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán 708/2007 faoi dheireadh na
tréimhse dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 28
Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo
i bhfeidhm an [1 Eanáir nó 1 Iúil] tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán Ráiteas Airgeadais Simplithe Teideal an dréachtChinnidh: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tabhairt
isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú. Réimsí beartais agus gníomhaíochtaí ABB
lena mbaineann: Teideal 07 Comhshaol 07 01 02 Foireann sheachtrach agus caiteachas bainistíochta eile a
thacaíonn le réimse beartais comhshaoil Bunús Dlí ¨ Neamhspleáchais riaracháin
X Eile: Airteagal 192(1)
CFAE. Tuairisc agus foras: Speicis choimhthíocha ionracha (SCInna), is ea speicis a iompraítear
thar theorainneacha éiceolaíocha, go beartaithe nó go neamhbheartaithe de
thoradh ghníomhaíocht an duine, taobh amuigh dá ndáileachán nádúrtha agus a
bhunaíonn iad féin agus a leathann ina suíomh nua an oiread sin go mbíonn
tionchar diúltach acu ar bhithéagsúlacht, ach freisin ar shláinte an duine agus
ar an ngeilleagar. Tá SCInna ina gcúis mhór le caillteanas bithéagsúlachta,
seachas damáiste sóisialta agus eacnamaíoch a dhéanamh, agus is ríthábhachtach
dul i ngleic leo chun sprioc an AE stop a chur le caillteanas na
bithéagsúlachta faoi 2020 a bhaint amach. Ina theannta sin, meastar go
gcosnaíonn SCInna EUR 12 bhilliún sa bhliain ar an AE i dtéarmaí costas
damáiste agus rialaithe. Is é is cuspóir leis an dréacht‑Rialachán seo, dá bhrí
sin, creat AE a bhunú le tionchar diúltach SCInna ar bhithéagsúlacht agus ar
sheirbhísí éiceachórais a chosc, a íoslaghdú agus a mhaolú agus féachaint le
damáiste sóisialta agus eacnamaíoch a mhaolú. Tá na Ballstáit ag déanamh roinnt
beart chun dul i ngleic leis na SCInna cheana, ach bíonn na bearta
frithghníomhach den chuid is mó, agus féachann siad leis an damáiste a tharla
cheana féin a íoslaghdú gan dóthain airde a thabhairt ar chosc nó ar bhagairtí
nua a bhrath agus a fhreagairt. Bíonn na hiarrachtaí ilroinnte, ní chumhdaíonn
siad an AE ar fad agus is minic droch‑chomhordú orthu, rud a chiallaíonn go
laghdaítear a n-éifeachtacht fhoriomlán. Faoi láthair níl aon creat dlí
cuimsitheach ann le dul i ngleic le SCInna ar leibhéal an AE. Tá faoin dréacht‑Rialachán
seo dul i ngleic leis an mbearna sin sa bheartas, ag teacht chomh maith lena
ghealltanais idirnáisiúnta faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht
Bhitheolaíoch. An fad agus an tionchar airgeadais a
mheastar a bheidh ann: Tréimhse ina mbeidh sé i bhfeidhm: ¨ Cinneadh a bheidh i
bhfeidhm ar feadh tréimhse teoranta: cinneadh a bheidh i bhfeidhm ón [dáta]
go [dáta] X Cinneadh a bheidh i bhfeidhm ar feadh
tréimhse éiginnte: i bhfeidhm ó [réamh‑mheas 2015 le deimhniú] An tionchar buiséadach a mheastar a
bheidh ann: Cuimsíonn an dréacht‑chinneadh: ¨ coigiltis X costais
bhreise (más ann dóibh, sonraigh ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil
lena mbaineann): Ceannteideal 5 den CAI 2014-2020 Ranníocaíochtaí tríú páirtí leis an dréacht‑chinneadh
a mhaoiniú: Ní dhéantar foráil sa togra maidir le
cómhaoiniú a dhéanann tríú páirtithe Míniúchán ar fhigiúirí: Beidh Coiste ag teastáil chun gnéithe den dréacht‑Rialachán seo a chur
chun feidhme. Ar bhonn na gcostas a bhaineann le reáchtáil Coistí eile dá
samhail, meastar na costais seo a leanas faoin gceannteideal 07 01 02 11 03 -
Coistí (féach an tábla thíos): - cruinnithe / bliain - 1 ionadaí / BS - costas taistil agus cothaithe uasta de EUR 800 / BS / cruinniú Costas don Choimisiún de thart ar EUR 80 000 sa bhliain a bheadh
ansin. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha: X Tá an togra comhoiriúnach don chlár
airgeadais reatha. ¨ Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra seo. ¨ Éilíonn an togra go n-úsáifear an ionstraim sholúbthachta nó go
ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil [24]. Tionchar coigiltis nó costas breise ar
leithdháileadh acmhainní: ¨ Acmhainní atá le fáil trí ath‑imlonnú inmheánach laistigh de
ranna X Acmhainní atá leithdháilte cheana féin ar
na ranna lena mbaineann ¨ Acmhainní le hiarraidh i rith an chéad nós imeachta leithdháilte
eile Soláthrófar na hacmhainní daonna agus
riaracháin is gá le foireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an
bhirt faoin gcúram cheana féin, le tacaíocht ó fhoireann atá imlonnaithe cheana
féin le bheith ag obair ar ghnéithe a bhaineann le cur chun feidhme an dréacht‑Rialacháin
seo. Is iad seo príomhchúraimí na n-oifigeach sannta: bainistiú an Choiste,
bainistiú ar an idirghníomhú leis na Ballstáit, comhordú a dhéanamh leis an
Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) agus tacú le cur chun feidhme ceart an
dréacht‑Rialacháin seo i gcoitinne. Tá an córas ceaptha chun acmhainní agus
saineolas ó sheirbhísí éagsúla de chuid an Choimisiúin a chomhthiomsú, rud a
chumasóidh reáchtáil an chórais le hacmhainní foirne tiomnaithe teoranta: go
háirithe, bainfidh an beartas maidir le SCInna leas as an obair atá ar siúl ag
foireann an JRC atá páirteach sa tionscadal EASIN [25], chomh maith le saineolas
fhoireann na seirbhísí agus na ngníomhaireachtaí eile de chuid an Choimisiúin
atá ag obair i réimsí a bhaineann le SCInna (go háirithe, tá foireann thiomanta
ag an nGníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach atá ag obair ar SCInna agus a bheidh
le slógadh chun tacú leis an obair ar chur chun feidhme). Más gá, athimlonnófar
an fhoireann ar bhonn an leithdháilte a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht
atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh
bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha atá ann cheana. TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH
ANN (coigiltis nó costais bhreise) LE hAGHAIDH LEITHREASUITHE DE CHINEÁL
RIARACHÁIN NÓ LE hAGHAIDH ACMHAINNÍ DAONNA FTE i ndaoine/i mblianta || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Iomlán 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 Teideal 5 || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || FTE || leithr. || || Poist an phlean bunaíochta (oifigigh agus/nó foireann shealadach) 07 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || || 0.199* || || 0.199 || || 0.199 || || 0.199 || || 0.199 || || 0.199 || || 0.199 || || 1.393 07 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || || || || || || || || || Foireann sheachtrach || 07 01 02 01 (‘Clúdach iomlánaíoch’) || || 0.002** || || 0.002 || || 0.002 || || 0.002 || || 0.002 || || 0.002 || || 0.002 || || 0.014 07 01 02 02 (Toscaireachtaí) || || || || || || || || || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán – Teideal 5 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 1.407 Lasmuigh de Theideal 5 || Poist an phlean bunaíochta (oifigigh agus/nó foireann shealadach) 07 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || || || || || || || || || || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || || || || || || || || || || || || || Foireann sheachtrach 07 01 04 || || || || || || || || || || || || || || || || Ceanncheathrú || || || || || || || || || || || || || || || || Toscaireachtaí || || || || || || || || || || || || || || || || 07 01 05 02 (Taighde indíreach) || || || || || || || || || || || || || || || || 10 01 05 02 (Taighde díreach) || || || || || || || || || || || || || || || || Línte buiséid eile (Sonraigh) || || || || || || || || || || || || || || || || Fo-iomlán – Lasmuigh de Theideal 5 || || || || || || || || || || || || || || || || IOMLÁN || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.201 || || 0.2014 || || 1.407 do na chéad 7 mbliana FTE=Coibhéis lánaimseartha EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) "Comhlíonfar na
riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón Ard‑Stiúrthóireacht a bhfuil
bainistíocht an bhirt faoina cúram cheana agus/nó atá ath‑imlonnaithe taobh
istigh den Ard‑Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí
a thabhairt don Ard‑Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an
nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta
buiséadacha." * San áireamh sa leithreasú measta tá foirne
ó DG ENV
chomh maith le FTE amháin sa
JRC **
Meánliúntas do END Leithreasuithe riaracháin eile EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || Bliain || IOMLÁN 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 Teideal 5 || || || || || || || || Ceanncheathrú: || || || || || || || || 07 01 02 11 01 – Costais misin agus ionadaíochta || || || || || || || || 07 01 02 11 02 – Costais chomhdhála agus cruinnithe || || || || || || || || 07 01 02 11 03 – Coistí || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.56 do na chéad 7 mbliana 07 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin || || || || || || || || 07 01 03 01 03 – Trealamh TFC[26] || || || || || || || || 07 01 03 01 04 – Seirbhísí TFC2 || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh nuair is gá) || || || || || || || || Toscaireachtaí: || || || || || || || || 07 01 02 12 01 – Costais misean, comhdhálacha agus ionadaíochta || || || || || || || || 07 01 02 12 02 – Breis oiliúna foirne || || || || || || || || 07 01 03 02 01 – Caiteachas éadála, ligean ar cíos agus gaolmhar || || || || || || || || 07 01 03 02 02 Trealamh, troscán, soláthairtí agus seirbhísí || || || || || || || || Fo-iomlán – Teideal 5 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.56 do na chéad 7 mbliana Lasmuigh de Theideal 5 || || || || || || || || 07 01 04 yy – Caiteachas ar chúnamh teicniúil agus riaracháin (gan foireann sheachtrach san áireamh) ó leithreasuithe faoi chomhair oibríochta (seanlínte "BA") || || || || || || || || Ceanncheathrú || || || || || || || || - Toscaireachtaí || || || || || || || || 07 01 05 03 – Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde indírigh || || || || || || || || 10 01 05 03 – Caiteachas bainistíochta eile le haghaidh taighde dhírigh || || || || || || || || Línte buiséid eile (sonraigh nuair is gá) || || || || || || || || Fo-iomlán – Lasmuigh de Theideal 5 || || || || || || || || MÓRIOMLÁN || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.08 || 0.56 do na chéad 7 mbliana [1] http://www.acceptance.ec.europa.eu/environment/nature/invasivealien/docs/ias_discussion_paper.pdf. [2] Tá fáil ar na staidéir uile ó
http://ec.europa.eu/environment/nature/invasivealien/index_en.htm. [3] IO, tag [4] IO, tag [5] IO L 309, 13.12.1993, lch. 1 [6] IO L 38, 10.2.1982, lch. 1. [7] OJ L 20,
26.1.2010, p. 7. [8] IO L 206, 22.7.1992, lch. 7. [9] IO L 164, 25.6.2008, lch. 19. [10] IO L 327, 22.12.2000, lch. 1. [11] COIM(2013) 260 final [12] COIM(2013) 267 final [13] IO L 106, 17.4.2001, lch. 1. [14] IO L 168, 28.6.2007,
lch. 1. [15] IO L 167, 27.6.2012, lch. 1. [16] IO L 309, 24.11.2009, lch. 1. [17] IO L 61, 3.3.1997, lch. 1. [18] COM(2008) 642 final [19] IO L 325, 9.12.2010, lch. 4. [20] IO L 204, 31.7.2012, lch. 131. [21] IO L 156, 25.6.2003, lch. 17. [22] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [23] IO L 55, 28.02.2011, lch. 13. [24] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach
don tréimhse 2007-2013. [25] Tá sé mar aidhm ag an
Líonra Eorpach
um Fhaisnéis
faoi Speicis Choimhthíocha (EASIN) rochtain ar shonraí agus ar fhaisnéis maidir le speicis choimhthíocha san Eoraip a mhéadú.
Éascaíonn EASIN iniúchadh faisnéise speicis choimhthíocha atá ann cheana féin ó fhoinsí dáilte trí líonra de sheirbhísí gréasáin idir-inoibritheacha, a
leanann caighdeáin agus prótacail a aithnítear go hidirnáisiúnta. Cuireadh tús leis an tionscadal chun tacú le cur chun feidhme na Straitéise Bithéagsúlachta agus an Creat‑Treoirum Straitéis Mhuirí agus tá sé ar fáil don phobal ó Bealtaine 2012. [26] TFC: Teicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide