EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0545

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/545 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena dtaifeadán sonraí teagmhais agus i ndáil le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/395

IO L 107, 6.4.2022, p. 18–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/545/oj

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/18


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/545 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Eanáir 2022

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena dtaifeadán sonraí teagmhais agus i ndáil le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus na leantóirí a ghabhann leo, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus le cosaint na ndaoine atá sna feithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh. 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 4(6) agus Airteagal 6(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/2144 leagtar síos oibleagáid ghinearálta maidir le mótarfheithiclí a fheistiú le hardchórais feithicle áirithe. Ba cheart a liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin ceanglais maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil lena dtaifeadáin sonraí teagmhais agus maidir le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh. Is gá na ceanglais sin a fhorlíonadh trí rialacha comhchuibhithe mionsonraithe a bhunú maidir leis na nósanna imeachta tástála sonracha agus na ceanglais theicniúla i ndáil le cineálcheadú den sórt sin.

(2)

Baineann na ceanglais theicniúla agus na nósanna imeachta tástála a leagtar amach sa Rialachán seo le catagóirí mótarfheithiclí M1 agus N1, i gcomhréir leis na dátaí is infheidhme maidir le diúltú cineálcheadú AE a dheonú maidir leis na catagóirí sin de mhótarfheithiclí, dátaí a leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2144.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 3, pointe (13) de Rialachán (AE) 2019/2144, is córas é an taifeadán sonraí teagmhais nach bhfuil de chuspóir aige ach na paraiméadair agus an fhaisnéis chriticiúil a bhaineann le tuairteanna a thaifeadadh agus a stóráil go gairid roimh imbhualadh, le linn imbhualadh agus díreach ina dhiaidh, d’fhonn grinnsonraí níos cruinne a fháil a chuirfidh ar chumas na mBallstát anailís a dhéanamh ar shábháilteacht ar bhóithre, agus éifeachtacht beart sonrach a mheas.

(4)

Na nósanna imeachta tástála agus na ceanglais theicniúla mhionsonraithe maidir le cineálcheadú cineálacha feithiclí i ndáil le taifeadáin sonraí teagmhais, tá siad faoi réir fhorálacha Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe (2). Ba cheart, dá bhrí sin, an Rialachán sin ó na Náisiúin Aontaithe a chur le liosta na gceanglas is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) 2019/2144.

(5)

Áirítear i Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe na ceanglais maidir le heilimintí sonraí atá le taifeadadh ag taifeadáin sonraí teagmhais, formáid na sonraí sin, na ceanglais maidir le sonraí a ghabháil, a thaifeadadh agus a stóráil ar bord, chomh maith leis na ceanglais maidir le feidhmíocht tástála tuairte agus leis an gcumas teacht slán.

(6)

Na ceanglais theicniúla go léir a leagtar síos i Sraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe (3), beidh feidhm acu ó na dátaí a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144, gan dochar d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais.

(7)

Chun a áirithiú go ndéanfaidh monaróirí feithiclí bearta iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar sonraí an taifeadáin sonraí teagmhais a chosaint ar ionramháil, sin agus go mbeidh sonraí an taifeadáin sonraí teagmhais ar fáil thar an gcomhéadan caighdeánaithe, agus chun go bhféadfar anaithnidiú a dhéanamh ar na sonraí sin, ba cheart na ceanglais sin a fhorlíonadh le ceanglais bhreise maidir le sonraí a aisghabháil, príobháideachas agus slándáil sonraí.

(8)

Na sonraí arna dtaifeadadh ag taifeadáin sonraí teagmhais, chun a áirithiú go bhfanfaidh siad anaithnid, ba cheart é a bheith d’oibleagáid ar na monaróirí bearta iomchuí a dhéanamh chun cosc a chur ar na sonraí sin a thuairisciú nó a aisghabháil i dteannta le haon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha.

(9)

Go dtí go mbeidh prótacail chumarsáide chaighdeánaithe maidir le rochtain agus aisghabháil sonraí teagmhais i bhfeidhm, ba cheart do mhonaróirí feithiclí, trí ghníomh tarmligthe ón gCoimisiún, faisnéis a sholáthar do pháirtithe ábhartha maidir le conas na sonraí sa taifeadán sonraí teagmhais a rochtain, a aisghabháil agus a léiriú.

(10)

Stádas ceart oibriúcháin an taifeadáin sonraí teagmhais, chomh maith le feidhmiúlacht cheart an taifeadáin agus le sláine na mbogearraí ann, is nithe iad sin ba cheart a fhíorú le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí.

(11)

Níl aon tagairt do ghníomhartha rialála maidir le taifeadáin sonraí teagmhais sa tábla ina bhfuil an liosta ceanglas in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. Is gá, dá bhrí sin, tagairt don Rialachán seo agus do Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe a chur isteach san Iarscríbhinn sin.

(12)

An liosta de na Rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/2144, liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, ba cheart é a leasú ionas go gcuimseofar tagairt do shraith leasuithe 01 ar Rialachán 160 ó na Náisiúin Aontaithe.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/2144 a leasú dá réir.

(14)

Tá dlúthnasc idir forálacha an Rialacháin seo, mar is forálacha iad lena leagtar rialacha amach maidir leis na ceanglais theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí ó thaobh a dtaifeadán sonraí teagmhais de, agus i ndáil le cineálcheadú taifeadán sonraí teagmhais mar aonaid theicniúla ar leithligh. Mar thoradh ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, is gá an tagairt don Rialachán seo, do Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe agus do Shraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe a chur le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144. Is iomchuí, dá bhrí sin, na forálacha sin a leagan síos in aon Rialachán Tarmligthe amháin,

(15)

Ceanglais Rialachán (AE) 2019/2144 i ndáil le taifeadáin sonraí teagmhais le haghaidh feithiclí i gcatagóirí M1 agus N1, ós rud é go bhfuil feidhm le bheith acu ón 6 Iúil 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le catagóirí feithiclí M1 agus N1, mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

Airteagal 2

Riachtanais theicniúla ghinearálta

1.   Comhlíonfaidh córas taifeadta sonraí teagmhais na feithicle na ceanglais theicniúla a leagtar amach:

(a)

i Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe; agus

(b)

Airteagail 3, 4 agus 5 den Rialachán seo.

2.   Cineálcheadú taifeadáin sonraí teagmhais mar aonad teicniúil ar leithligh, beidh sé faoi réir comhlíonadh na gceanglas a leanas ag an aonad teicniúil ar leithligh – na ceanglais chéanna agus a leagtar amach i míreanna 5.3 (mír thosaigh), 5.3.3, 5.3.4, 5.3.5 agus 5.5 de Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe.

3.   I gcás ina mbeidh taifeadán sonraí teagmhais atá cineálcheadaithe mar aonad teicniúil ar leithligh feistithe ar an mótarfheithicil, comhlíonfaidh an fheithicil agus an taifeadán sonraí teagmhais na ceanglais theicniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Maidir le mír 5 de Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe, áfach, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i míreanna 5.1, 5.2, 5.3.1, 5.3.2, agus 5.4 den Rialachán sin.

Airteagal 3

Slándáil sonraí

1.   Na sonraí maidir le tuairteanna a dhéanann an taifeadán sonraí teagmhais a thaifeadadh agus a stóráil, cosnófar iad ar ionramháil, rud a dhéanfar trí cheanglais theicniúla ábhartha agus forálacha idirthréimhseacha na nithe seo a leanas a chomhlíonadh – Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe (5), an tsraith bhunaidh leasuithe air, nó aon sraith leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin.

2.   Nuashonruithe bogearraí a dhéanfar ar an taifeadán sonraí teagmhais, cosnófar iad ionas go gcoscfar, méid réasúnta, haiceáil na nuashonruithe sin agus nuashonruithe neamhbhailí.

Airteagal 4

Aisghabháil sonraí

1.   Sonraí a bhaineann le tuairteanna arna dtaifeadadh ag na taifeadáin sonraí teagmhais, cuirfear ar fáil iad lena n-aisghabháil tríd an bport sonraí srathach atá ar an nascóir caighdeánaithe nasctha sonraí dá dtagraítear i bpointe 2.9 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858. I gcás nach mbeidh an port sonraí ag feidhmiú a thuilleadh tar éis imbhualadh, féadfar na sonraí a fháil trí nasc díreach leis an taifeadán sonraí teagmhais.

2.   Déanfaidh monaróir na feithicle faisnéis faoi conas is féidir na sonraí teagmhais a rochtain, a aisghabháil agus a léirmhíniú a chur ar fáil don údarás cineálcheadaithe agus, arna iarraidh sin d’údarás cineálcheadaithe, cuirfidh sé an fhaisnéis chéanna ar fáil d’aon mhonaróir leasmhar nó d’aon deisitheoir leasmhar comhpháirteanna, uirlisí diagnóiseacha nó trealaimh tástála.

3.   Déanfar feithiclí agus a dtaifeadán sonraí teagmhais a dhearadh sa tslí go bhféadfaidh uirlis aisghabhála sonraí tuarascálacha teagmhais a chruthú ina mbeidh na gnéithe sonraí seo a leanas:

(a)

gach ceann de na heilimintí sonraí éigeantacha, mar a cheanglaítear faoi Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe;

(b)

an cineál, an t-athraitheach agus an leagan beacht feithicle (lena n-áirítear na córais sábháilteachta ghníomhacha agus na córais seachanta tionóisce atá feistithe) maidir leis an bhfeithicil a bhfuil an taifeadán sonraí teagmhais inti.

Na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) thuas, beidh siad ar fáil freisin an tráth a chuirfear i gcrích an tástáil tuairte dá dtagraítear i mír 5.4.3 de Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe.

4.   Na sonraí a thaifeadfaidh an taifeadán sonraí teagmhais, ní bheidh siad ar fáil lena n-aisghabháil thar chomhéadain is féidir a rochtain gan gá a bheith leis an bhfeithicil a dhíghlasáil nó uirlisí a úsáid, sin ná thar chomhéadain feithicle le haghaidh naisc gan sreang.

5.   Sonraí an taifeadáin sonraí teagmhais arna gcur ar fáil de bhun mhír 1:

(a)

beidh siad ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite;

(b)

ní chuirfear aon fhaisnéis lenar féidir na sonraí sin a nascadh le duine nádúrtha san áireamh iontu, ná ní chuirfear faisnéis den chineál sin ar fáil ina dteannta.

Airteagal 5

Forálacha maidir le tástálacha ródacmhainneachta

Chun críoch tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta ar fheithiclí, beifear in ann na gnéithe seo a leanas den chóras taifeadta sonraí teagmhais a fhíorú:

(1)

stádas ceart oibríochtúil an chórais, rud a bheifear in ann a fhíorú trí stádas an chomhartha rabhaidh teipe a bhreathnú tar éis ghníomhachtú mháistirlasc rialúcháin na feithicle agus seiceáil bolgáin ar bith. I gcás ina dtaispeántar an comhartha rabhaidh teipe i spás coiteann (an limistéar ar féidir dhá cheann nó níos mó d’fheidhmeanna/siombailí faisnéise a thaispeáint air, ach ní ag an am céanna), ní mór a sheiceáil ar dtús go bhfuil an spás coiteann ag feidhmiú roimh an tseiceáil ar stádas an chomhartha rabhaidh teipe;

(2)

feidhmiúlacht cheart an chórais agus sláine na mbogearraí, rud a bheifear in ann a fhíorú trí chomhéadan leictreonach feithicle a úsáid, amhail an ceann a leagtar síos i Roinn 1, pointe (14) d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i gcás ina bhfágfaidh saintréithe teicniúla na feithicle gur féidir sin a dhéanamh agus ina gcuirfear na sonraí is gá ar fáil. Áiritheoidh monaróirí go gcuirfidh siad an fhaisnéis theicniúil ar fáil le haghaidh an comhéadan leictreonach feithicle a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ó gCoimisiún (7).

Airteagal 6

Forálacha sealadacha maidir le formheasanna faoi Rialachán 160 ó na Náisiúin Aontaithe

1.   Le héifeacht ón 6 Iúil 2022, diúltóidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le taifeadáin sonraí teagmhais, cineálcheadú AE nó cineálcheadú náisiúnta a dheonú maidir le cineálacha nua feithiclí nach gcomhlíonann an Rialachán seo agus ceanglais theicniúla Shraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe. Mar sin féin, formheasanna i gcomhréir le Rialachán 160 ó na Náisiúin Aontaithe a deonaíodh lasmuigh den Aontas, glacfaidh údaráis náisiúnta leis na formheasanna sin de rogha ar fhormheas i gcomhréir le Sraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe chun formheas AE a dheonú i gcomhréir leis an Rialachán seo go dtí an 1 Iúil 2024.

2.   Le héifeacht ón 6 Iúil 2024, déanfaidh údaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le taifeadáin sonraí teagmhais, toirmeasc a chur ar chlárú, ar dhíol agus ar chur i seirbhís feithiclí nua i gcás nach gcomhlíonfaidh na feithiclí sin an Rialachán seo agus ceanglais theicniúla Shraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe, mar ní bheidh deimhnithe comhréireachta na bhfeithiclí sin bailí a thuilleadh. Mar sin féin, formheasanna atá i gcomhréir le Rialachán 160 ó na Náisiúin Aontaithe agus a deonaíodh lasmuigh den Aontas, glacfaidh údaráis náisiúnta leis na formheasanna sin de rogha ar fhormheas i gcomhréir le Sraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe chun feithiclí den sórt sin a chlárú, a dhíol agus a chur i seirbhís i gcomhréir le hAirteagail 48, 49 agus 50 de Rialachán (AE) 2018/858 go dtí an 1 Iúil 2026.

Airteagal 7

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

Leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus an dáta cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 6 Iúil 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.

(2)  UN Regulation No 160 – Uniform provisions concerning the approval of motor vehicles with regard to the Event Data Recorder [Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le mótarfheithiclí a cheadú i ndáil leis an taifeadán sonraí teagmhais] (IO L 221, 21.6.2021, lch. 15); UN Regulation No 160 – Uniform provisions concerning the approval of motor vehicles with regard to the Event Data Recorder [2021/1215] 01 series of amendments [Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil le sraith leasuithe 01 a bhaineann leis an taifeadán sonraí teagmhais [2021/1215] (IO L 265, 26.7.2021, lch. 3).

(3)  UN Regulation No 160 – Uniform provisions concerning the approval of motor vehicles with regard to the Event Data Recorder [2021/1215] 01 series of amendments [Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe — Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil le sraith leasuithe 01 a bhaineann leis an taifeadán sonraí teagmhais [2021/1215] (IO L 265, 26.7.2021, lch. 3).

(4)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).

(5)  UN Regulation No 155 – Uniform provisions concerning the approval of motor vehicles with regard to cybersecurity and cybersecurity management system [2021/387] [Rialachán Uimh. 155 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le ceadú mótarfheithiclí i ndáil leis an gcibearshlándáil agus le córas um bainistiú cibearshlándála [2021/387](IO L 82, 9.3.2021, lch. 30).

(6)  Treoir 2014/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta do mhótarfheithiclí agus dá leantóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/40/CE (IO L 127, 29.4.2014, lch. 51)

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/621 ón gCoimisiún an 17 Aibreán 2019 maidir leis an bhfaisnéis theicniúil is gá chun tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar na hítimí atá le tástáil, maidir le húsáid na modhanna tástála a mholtar, agus lena mbunaítear rialacha mionsonraithe i ndáil leis an bhformáid sonraí agus na nósanna imeachta maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis theicniúil lena mbaineann (IO L 108, 23.4.2019, lch. 5)


IARSCRÍBHINN

Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2144

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2144 mar a leanas:

160

Taifeadán Sonraí Teagmhais (EDR)

Sraith leasuithe 01

IO L 265, 26.7.2021, lch. 3

M1, N1”.

In Iarscríbhinn II, i gCuid E, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró maidir le ceanglas E5:

“Ábhar

Gníomhartha rialála

Forálacha teicniúla sonracha breise

M1

M2

M3

N1

N2

N3

O1

O2

O3

O4

STU

Comhpháirt

E5 Taifeadán Sonraí Teagmhais

Rialachán Tarmligthe 2022/545 ón gCoimisiún  (*1)

Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe

 

B

D

D

B

D

D

 

 

 

 

B

 


(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/545 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta sonracha tástála agus na ceanglais shonracha theicniúla i ndáil le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca lena dtaifeadán sonraí teagmhais agus i ndáil le cineálcheadú na gcóras sin mar aonaid theicniúla ar leithligh agus lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin (IO L 107, 5.4.2022, lch. 18).”


Top