EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12004V322

Treaty establishing a Constitution for Europe - PART III — THE POLICIES AND FUNCTIONING OF THE UNION - TITLE V — THE UNION'S EXTERNAL ACTION - CHAPTER V — RESTRICTIVE MEASURES - Article III-322

IO C 310, 16.12.2004, p. 146–146 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tcons_2004/art_322/oj

12004V322



Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0146 - 0146


Airteagal III-321

1. Seolfar oibríochtaí an Aontais i réimse na cabhrach daonnúla faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí bheartas eachtrach an Aontais. Beidh na hoibríochtaí sin ceaptha chun cúnamh ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha is íospartaigh i dtubaistí nádúrtha nó i dtubaistí de dhéantús an duine d'fhonn freastal ar na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na staideanna éagsúla sin. Déanfaidh oibríochtaí an Aontais agus oibríochtaí na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.

2. Seolfar oibríochtaí i gcomhréir le prionsabail an dlí idirnáisiúnta agus le prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe.

3. Bunófar le dlíthe Eorpacha nó le dlíthe réime Eorpacha na bearta lena saineofar an creat ina ndéanfar gníomhaíochtaí cabhrach daonnúla an Aontais a chur chun feidhme.

4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a chuideoidh le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 agus in Airteagal III-292 a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích.

5. D'fhonn creat a bhunú chun go bhféadfaidh Eorpaigh óga rannchuidiú go comhpháirteach le hoibríochtaí cabhrach daonnúla an Aontais, cuirfear ar bun Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Socrófar le dlíthe Eorpacha na rialacha agus na nósanna imeachta d'oibriú an Chóir.

6. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chur chun cinn d'fhonn éifeachtúlacht agus comhlántacht bhearta cabhrach daonnúla an Aontais agus beart cabhrach daonnúla náisiúnta a fheabhsú.

7. Áiritheoidh an tAontas go mbeidh a oibríochtaí cabhrach daonnúla comhordaithe agus comhchuí le hoibríochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe leo sin atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.

--------------------------------------------------

Top