Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0681

    Cás T-681/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – an Spáinn v an Coimisiún

    IO C 24, 23.1.2023, p. 48–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/48


    Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – an Spáinn v an Coimisiún

    (Cás T-681/22)

    (2023/C 24/63)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Ríocht na Spáinne (ionadaithe: A. Gavela Llopis agus M.J. Ruiz Sánchez, Gníomhairí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    go gcuirfí ar neamhní Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 (1) ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu, maidir le bunú liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu, a leagtar amach in Airteagal 2 agus Iarscríbhinn II;

    go teagmhasach, go ndearbhófaí go bhfuil Airteagail 9(6) agus (9) de Rialachán 2016/2336 (2) neamhbhailí, de bhun Airteagal 277 CFAE.

    a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go sáraítear an bunrialachán agus prionsabal na comhréireachta le Rialachán Cur Chun Feidhme 2022/1614 lena gcinntear na limistéir arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu:

    I ndáil leis sin maítear:

    1)

    go sáraítear an bunrialachán agus prionsabal na comhréireachta le fágáil ar lár na hanailíse maidir leis an tionchar a bhíonn ag trealaimh dhaingnithe iascaireachta sa domhainfharraige;

    2)

    go sáraítear an bunrialachán agus prionsabal na comhréireachta le cinneadh na limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu.

    2.

    An dara saincheist dlí, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta maidir le hAirteagal 9(6) agus (9) de Rialachán 2016/2336:

    I ndáil leis sin maítear:

    1)

    go sáraítear Airteagal 291 CFAE leis an tagairt do ghníomh cur chun feidhme chun eilimintí riachtanacha de Rialachán 2016/2336 a fhorlíonadh;

    2)

    go sáraítear rialacha an Chomhbheartais Iascaigh agus prionsabal na comhréireachta le toirmeasc gan idirdhealú ar threalaimh grinnill iascaireachta i ngach limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu.


    (1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1614 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcinntear na limistéir iascaireachta domhainfharraige atá ann cheana agus lena mbunaítear liosta limistéar arb eol go bhfuil nó ar dócha go bhfuil éiceachóras leochaileach muirí iontu (IO 2022 L 242, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) 2016/2336 an 14 Nollaig 2016 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear coinníollacha sonracha maidir le stoic dhomhainfharraige a iascach san Atlantach Thoir Thuaidh agus forálacha maidir le hiascaireacht i bhfarraigí idirnáisiúnta an Atlantaigh Thoir Thuaidh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2347/2002 ón gComhairle (IO 2016 L 354, lch. 1).


    Top