EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CO0030

Ordú na Cúirte (An Seachtú Dlísheomra) 2023 Márta 24.
DV v Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Oibrithe imirceacha – Dífhostaíocht – Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach – Slándáil shóisialta – Airteagal 30 – An ceart chun sochair dhífhostaíochta a chinneadh – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 65(2) – Náisiúnach Ballstáit tar éis gníomhaíocht fostaíochta a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe – Conradh fostaíochta a fhoirceannadh i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus dheireadh na hidirthréimhse atá leagtha síos ag an gComhaontú sin – Ceart chun sochair dhífhostaíochta an náisiúnach sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nuair a fhillfidh sé ar an mBallstát sin.
Cás C-30/22.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:259

 ORDÚ NA CÚIRTE BREITHIÚNAIS (an Seachtú Dlísheomra)

24 Márta 2023 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Oibrithe imirceacha – Dífhostaíocht – Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach – Slándáil shóisialta – Airteagal 30 – An ceart chun sochair dhífhostaíochta a chinneadh – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Airteagal 65(2) – Náisiúnach Ballstáit tar éis gníomhaíocht fostaíochta a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe – Conradh fostaíochta a fhoirceannadh i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus dheireadh na hidirthréimhse atá leagtha síos ag an gComhaontú sin – Ceart chun sochair dhífhostaíochta an náisiúnach sin faoi reachtaíocht an Bhallstáit sin nuair a fhillfidh sé ar an mBallstát sin)

I gCás C-30/22,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Administrativen sad Veliko Tarnovo (Cúirt riaracháin Veliko Tarnovo, An Bhulgáir), trí bhreith an 20 Nollaig 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnas an 12 Eanáir 2022, sna himeachtaí idir

DV

agus

Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo,

tugann AN CHÚIRT BHREITHIÚNAIS (an Seachtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra, F. Biltgen (Rapóirtéir) agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

Rialtas na Bulgáire, ag M. Georgieva, T. Mitova agus E. Petranova, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Seice, ag O. Serdula, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag D. Martin agus N. Nikolova, i gcáil Gníomhairí,

ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, breith a thabhairt de réir ordú réasúnaithe, i gcomhréir le hAirteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais,

an tOrdú seo a leanas:

Ordú

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léiriú ar Airteagail 30 agus 31 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7, “an Comhaontú um Tharraingt Siar”), arna shíniú sa Bhruiséil (an Bheilg) agus i Londain (an Ríocht Aontaithe) an 24 Eanáir 2020 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Feabhra 2020, agus le hAirteagal 65(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1, agus ceartúchán IO 2004 L 200, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 (IO 2012 L 149, lch. 4) (“Rialachán Uimh. 883/2004”).

2

Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir DV agus Direktor na Teritorialno podelenie na Natsionalnia osiguritelen institut – Veliko Tarnovo (Stiúrthóir ar roinn chríochach den Institiúid Náisiúnta Slándála Sóisialta, Veliko Tarnovo, an Bhulgáir) maidir lena dhiúltú sochair dhífhostaíochta a dheonú dó tar éis fhoirceannadh a chaidrimh fostaíochta sa Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2021.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

An Comhaontú um Tharraingt Siar

3

Rinneadh an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 (IO 2020 L 29, lch. 1).

4

De réir an séú mír den bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú sin:

“Á aithint dóibh gur gá cosaint chómhalartach a sholáthar do shaoránaigh den Aontas [Eorpach] agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe [na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann], agus dá mbaill teaghlaigh féin, i gcás ina mbeidh cearta saorghluaiseachta feidhmithe acu faoi dháta a leagtar síos sa Chomhaontú seo, agus chun a áirithiú go mbeidh a gcearta faoin gComhaontú seo in‐fhorfheidhmithe agus bunaithe ar phrionsabal an neamh‐idirdhealaithe; á aithint dóibh freisin gur cheart cearta a eascraíonn ó thréimhsí árachais slándála sóisialta a chosaint”.

5

Is mar seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 7(1) den chomhaontú sin:

“Chun críocha an Chomhaontaithe seo, gach tagairt do na Ballstáit agus d’údaráis inniúla na mBallstát sna forálacha sin i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú seo, tuigfear go n‐áirítear iontu an Ríocht Aontaithe agus a húdaráis inniúla, ach amháin a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

[...]”

6

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 10(1)(a) den chomhaontú sin:

“Gan dochar do Theideal III, beidh feidhm ag an gCuid seo maidir leis na daoine a leanas:

a)

saoránaigh den Aontas a d’fheidhmigh a gceart chun cónaí sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí ansin dá éis sin”.

7

I dTeideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar, dar teideal “Córas slándála sóisialta a chomhordú”, áirítear Airteagail 30 go 36 de.

8

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 30(1) go (4) den Chomhaontú sin:

“1.   Beidh feidhm ag an Teideal seo maidir leis na daoine a leanas:

a)

saoránaigh den Aontas atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí;

[...]

c)

saoránaigh den Aontas atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus atá faoi réir reachtaíocht Ballstáit ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí ;

[...]

e)

daoine nach dtagann faoi phointe (a) go pointe (d) ach a mbaineann an méid a leanas leo:

i)

saoránaigh den Aontas a ghabhann le gníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe sa Ríocht Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse, agus atá, ar bhonn Theideal II de [Rialachán Uimh. 883/2004], faoi réir reachtaíocht Ballstáit, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus a marthanóirí [...]

[...]

2.   Déanfar na daoine dá dtagraítear i mír 1 a chumhdach chomh fada agus a leanfaidh siad gan bhriseadh de bheith i gceann de na cásanna a leagtar amach sa mhír sin a bhaineann le Ballstát agus leis an Ríocht Aontaithe araon ag an am céanna.

3.   Beidh feidhm ag an Teideal seo chomh maith i gcás daoine nach bhfuil le háireamh faoi phointe (a) go pointe (e) de mhír 1 den Airteagal seo, nó daoine nach bhfuil le háireamh feasta faoi na pointí sin, ar daoine iad atá le háireamh, áfach, faoi Airteagal 10 den Chomhaontú seo, mar aon leis na baill teaghlaigh atá acu agus marthanóirí.

4.   Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 3, leanfaidh siad de bheith faoi chumhdach fad a leanfaidh siad den cheart chun cónaí sa Stát óstach a bheith acu faoi Airteagal 13 den Chomhaontú seo, nó den cheart chun obair a dhéanamh sa Stát oibre a bheith acu faoi Airteagal 24 nó Airteagal 25 den Chomhaontú seo.”

9

Is mar seo a leanas a leagtar amach in Airteagal 31(1), sa chéad fhomhír, den chomhaontú sin:

“Beidh feidhm ag na rialacha agus na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 48 CFAE, de [Rialachán Uimh. 883/2004] agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2009 L 284, lch. 1),] maidir leis na daoine a chumhdaítear leis an Teideal seo.”

10

De réir Airteagal 32(1)(a) den chomhaontú sin:

“Beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas sna cásanna seo a leanas chomh fada agus a leagtar amach san Airteagal seo, a mhéid a bhaineann siad le daoine nach gcumhdaítear le hAirteagal 30 nó nach gcumhdaítear a thuilleadh le hAirteagal 30:

a)

cumhdófar na daoine seo a leanas leis an Teideal seo chun críocha spleáchas ar thréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe, agus chun críocha a gcomhiomlánaithe, lena n‐áirítear cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as na tréimhsí sin i gcomhréir le [Rialachán Uimh. 883/2004]:

i)

saoránaigh den Aontas [...] a bhí faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe roimh dheireadh na hidirthréimhse, chomh maith lena mbaill teaghlaigh agus lena marthanóirí;

[...]

chun críocha comhiomlánaithe tréimhsí, cuirfear san áireamh tréimhsí ar tháinig deireadh leo roimh nó tar éis dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004”.

11

Foráiltear mar a leanas in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar:

“Beidh idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme ann, a thosóidh ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo agus a chríochnóidh an 31 Nollaig 2020.”

Rialachán Uimh. 883/2004

12

Chun críocha an rialacháin sin, sainmhínítear in Airteagal 1(j) de Rialachán Uimh. 883/2004 an téarma “áit chónaithe” an áit ina mbíonn cónaí ar an duine de gnáth.

13

I gCaibidil 6 de Theideal III den Rialachán sin, dar teideal “Sochair dhífhostaíochta”, tá Airteagail 61 go 65a de.

14

Foráiltear le hAirteagal 61 den Rialachán sin, dar teideal “Rialacha sonracha maidir le comhiomlánú tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta”:

“1.   Déanfaidh institiúid inniúil Ballstáit a ndéanann a reachtaíocht éadáil, cothabháil, aisghabháil nó ré an chirt chun sochar de choinníoll ar chríochnú ceachtar tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta san áireamh, a mhéid is gá, tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a cuireadh i gcrích faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile amhail is dá gcuirfí i gcrích iad faoin reachtaíocht a bhfuil feidhm aige.

I gcás ina bhfuil, faoi réir na reachtaíochta is infheidhme, an ceart chun sochar coinníollach ar thréimhsí árachais a chur isteach, ní thógfar san áireamh na tréimhsí fostaíochta nó féinfhostaíochta a chuirtear isteach faoi reachtaíocht Stáit eile, mura measfaí gur tréimhsí árachais iad na tréimhsí sin amhail is dá gcuirfí isteach iad i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme.

2.   Diomaite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65(5)(a), beidh cur i bhfeidhm mhír 1 den Airteagal seo coinníollach ar a bheith curtha i gcrích le déanaí ag an duine lena mbaineann, i gcomhréir leis an reachtaíocht faoina n-éilítear na sochair:

tréimhsí árachais, má bhíonn tréimhsí árachais ina gceangal faoin reachtaíocht sin,

tréimhsí fostaíochta, má bhíonn tréimhsí fostaíochta ina gceangal faoin reachtaíocht sin,

tréimhsí féinfhostaíochta, má bhíonn tréimhsí féinfhostaíochta ina gceangal faoin reachtaíocht sin.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Foráiltear le hAirteagal 65(2) agus (5) den Rialachán sin:

“2.   An duine atá iomlán dífhostaithe agus a raibh cónaí air, le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, i mBallstát seachas an Ballstát inniúil, agus bhfuil cónaí air fós sa Bhallstát sin nó a fhilleann ar an mBallstát sin, cuirfidh an duine sin é féin ar fáil do na seirbhísí fostaíochta sa Bhallstát cónaithe. Gan dochar d’Airteagal 64, féadfaidh duine atá go hiomlán dífhostaithe, mar chéim fhorlíontach, é féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit is deireanaí a raibh sé ag gabháil dá ghníomhaíocht mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe.

[...]

5.   

a)

Gheobhaidh an duine dífhostaithe dá dtagraítear sa chéad agus sa dara habairt de mhír 2 sochair i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe amhail is dá mbeadh sé faoi réir na reachtaíochta sin le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe. Is í institiúid na háite cónaithe a sholáthróidh na sochair sin.

[...]” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

Dlí na Bulgáire

16

Foráiltear le hAirteagal 54a(1) de Kodeks za sotsialno osiguriavane (an Cód Slándála Sóisialta) (DV Uimh. 77 an 16 Meán Fómhair 2021, “KSO”) mar a leanas:

“Is iad na daoine atá i dteideal sochair dhífhostaíochta ná daoine ar íocadh ranníocaíochtaí árachais éigeantaigh leis an gCiste “Dífhostaíochta” ina leith ar feadh 12 mhí ar a laghad de na 18 mí dheireanacha roimh fhoirceannadh an árachais agus:

1.   atá cláraithe mar dhaoine dífhostaithe leis an ngníomhaireacht fostaíochta;

2.   nach bhfuil an ceart chun pinsin scoir i bPoblacht na Bulgáire ná chun pinsin seanaoise i Stát eile faighte acu, nó nach bhfaigheann pinsean scoir laghdaithe faoi Airteagal 68a ná pinsean ceirde faoi Airteagal 168;

3.   nach saothraíonn siad aon ghníomhaíocht ghairmiúil a bhfuil siad faoi réir árachas éigeantach ina leith faoin gCód seo nó faoi reachtaíocht Stáit eile, cé is moite de na daoine dá dtagraítear in Airteagal 114a(1) de Kodeks na truda [(Cód Saothair)].”

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

17

Is náisiúnach Bulgárach í DV. Ón 1 Nollaig 2014 go dtí an 29 Márta 2021, d’oibrigh sí d’fhostóirí éagsúla sa Ríocht Aontaithe i réimse na seirbhísí sláinte agus sóisialta.

18

An 2 Aibreán 2021, d’éiligh DV, mar dhuine dífhostaithe, sochair dhífhostaíochta sa Bhulgáir faoi KSO. Mar thaca lena hiarratas, chuir DV doiciméid áirithe ar fáil, lena n-áirítear dearbhú cónaithe chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 65(2) de Rialachán Uimh. 883/2004. Ina theannta sin, rinneadh malartú leictreonach faisnéise maidir le staid DV idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na Bulgáire.

19

Le cinneadh an 18 Lúnasa 2021, dhiúltaigh údarás árachais dífhostaíochta na Bulgáire an t-iarratas sin a dheonú, ar an bhforas go raibh tréimhsí árachais ag DV sa Ríocht Aontaithe go dtí an 29 Márta 2021 ach nár tháinig tréimhsí ina dhiaidh sin inar tógadh amach árachas sóisialta bainte amach aici sa Bhulgáir. De réir an údaráis sin, ní raibh feidhm ag Airteagal 30 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ós rud é gur chuir DV isteach, trí fhilleadh ar an mBulgáir, ar an staid trasteorann ina raibh sí ar an dáta deiridh ar dháta dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar (“an idirthréimhse”), eadhon an 31 Nollaig 2020, agus ós rud é, dá bhrí sin, nach mbaineann a staid a thuilleadh le Ballstát agus leis an Ríocht Aontaithe araon. Thairis sin, maidir le hAirteagal 32 den Chomhaontú sin, a bhaineann le comhiomlánú tréimhsí árachais a cuireadh isteach roimh dheireadh na hidirthréimhse agus ina dhiaidh sin, níor shaothraigh DV, sa Bhulgáir, gníomhaíocht ghairme a bhféadfadh a foirceannadh a chinneadh ar chomhlíon sí na coinníollacha a leagtar síos le dlí na Bulgáire lena rialaítear teidlíocht ar shochair dhífhostaíochta.

20

An 27 Meán Fómhair 2021, rinne an cosantóir an chaingean a thionscain DV i gcoinne an chinnidh sin a dhíbhe sna príomhimeachtaí. Ina dhiaidh sin, thug DV caingean i gcoinne an diúltaithe sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, an Administrativen sad Veliko Tarnovo (Cúirt riaracháin Veliko Tarnovo, An Bhulgáir).

21

De réir na cúirte sin, tá an measúnú ar dhlíthiúlacht an chinnidh diúltaithe sin nasctha, fiú fo-ordaithe, le hinfheidhmeacht na rialacha a leagtar amach in Airteagail 61 go 65 de Rialachán Uimh. 883/2004 agus fhorálacha Rialachán Uimh. 987/2009 lena sonraítear na forálacha sin maidir leis an staid i dtrácht sna príomhimeachtaí, ag féachaint d’Airteagal 31(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, nó d’infheidhmeacht Airteagal 32 den Chomhaontú sin chun na tréimhsí lena mbaineann a chomhiomlánú, agus chun na críche sin amháin.

22

Tá an chúirt sin den tuairim nach gcomhfhreagraíonn staid DV don staid dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(c) den Chomhaontú sin, a mheasann an cosantóir sna príomhimeachtaí a bheith ábhartha, ach don staid dá bhforáiltear in Airteagal 30(1)(a), a bhfuil feidhm aige maidir le saoránaigh den Aontas atá faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse.

23

Maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 31(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus, dá bhrí sin, fhorálacha Rialachán Uimh. 883/2004, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de réir an chosantóra sna príomhimeachtaí, nach dtagann staid DV faoi réim na staideanna dá dtagraítear in Airteagal 30(1) den Chomhaontú sin, ós rud é go bhfuil a gcur i bhfeidhm faoi réir Airteagal 30(2) den Chomhaontú sin, faoina gcumhdaítear na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) “chomh fada agus” go leanann siad gan bhriseadh de bheith i gceann de na cásanna a leagtar amach ann agus a bhaineann le Ballstát agus leis an Ríocht Aontaithe araon ag an am céanna. Mar sin féin, le foirceannadh fhostaíocht DV sa Ríocht Aontaithe an 29 Márta 2021, cuireadh deireadh leis an staid a raibh sí faoina réir.

24

I ndáil leis sin, fiafraíonn an chúirt sin ar cheart na focail “chomh fada agus" a léiriú mar ní a chiallaíonn go dtagann na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1) faoi cheann de na cásanna a leagtar amach san fhoráil sin ach amháin a fhad is atá siad sa chás sin nó ar choinníoll go gciallaíonn siad, ag féachaint do loighic na bhforálacha atá i gceist sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus don chuspóir a shaothraítear leis an gComhaontú sin, go leanfaidh na daoine sin de bheith faoi raon feidhme na forála sin i gcás ina raibh siad sa staid sin le linn na hidirthréimhse, agus mar thoradh air sin nach mbeidh aon éifeacht ag athrú sna himthosca a tharlóidh tar éis na tréimhse sin ar infheidhmeacht na forála sin.

25

Mar mhalairt air sin, ceistíonn an chúirt sin infheidhmeacht fhéideartha Airteagal 30(3) den Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, ós rud é, dar léi, go gcumhdaítear staid DV le hAirteagal 10(1)(a) den Chomhaontú sin, dá dtagraítear i mír 3. I ndáil leis sin, fiafraíonn sí an n-eisiatar leis an teorainn a leagtar síos in Airteagal 30(4) den Chomhaontú sin cur i bhfeidhm mhír 3 maidir le DV, ós rud é nach bhfuil ceart cónaithe sa Ríocht Aontaithe aici a thuilleadh ó tháinig deireadh lena caidreamh fostaíochta, nó an mbaineann an teorainn sin le ceart cónaithe nó oibre a bheith ann a fheidhmítear tar éis don idirthréimhse dul in éag, gan an pointe ama ar tháinig deireadh leis an gceart sin tar éis don tréimhse sin a bheith ábhartha.

26

Sna himthosca sin, chinn an Administrativen sad Veliko Tarnovo (Cúirt riaracháin Veliko Tarnovo) cosc a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An gcaithfear forálacha d’Airteagal 30(2) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(1)(a) den [Chomhaontú um Tharraingt Siar] a léiriú mar ní a chiallaíonn go dtagann na daoine dá dtagraítear san fhoráil sin faoi raon feidhme pearsanta d’Airteagal 31(1) den Chomhaontú sin, má bhí siad, gan bhriseadh, ina náisiúnaigh den Bhallstát céanna agus, ag an am céanna, faoi réir reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ar feadh na hidirthréimhse ar fad, nó an gcaithfear iad a léiriú mar ní a chiallaíonn nach dtagann na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(a) den Chomhaontú sin faoi raon feidhme pearsanta d’Airteagal 31(1) [den Chomhaontú sin] ach amháin [an fad a shaothraíonn siad] gníomhaíocht ghairmiúil ar chríoch na Ríochta Aontaithe ag deireadh na hidirthréimhse agus/nó ina diaidh?

2)

An gcaithfear forálacha d’Airteagal 30(2) den Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(1)(c) den [Chomhaontú um Tharraingt Siar] a léiriú mar ní a chiallaíonn go dtagann na daoine dá dtagraítear san fhoráil sin faoi raon feidhme pearsanta d’Airteagal 31(1) den Chomhaontú sin, más rud é go raibh cónaí orthu gan bhriseadh agus go heisiach ar chríoch na Ríochta Aontaithe mar shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh ar feadh na hidirthréimhse ar fad, agus go raibh siad ag an am céanna, ar feadh na hidirthréimhse ar fad go dtí go n-imeoidh siad, faoi réir reachtaíocht an Bhallstáit amháin céanna, nó an gcaithfear iad a léiriú sa chiall nach dtagann na daoine dá dtagraítear in Airteagal 30(1)(c) den Chomhaontú sin faoi raon feidhme pearsanta d’Airteagal 31(1) [den Chomhaontú sin] má scoir siad de bheith ina gcónaí ar chríoch na Ríochta Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse?

3)

Más rud é go leanann sé ó léiriú fhorálacha Airteagal 30(2), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(1)(a) agus (c) [den Chomhaontú um Tharraingt Siar], nach bhfuil na forálacha sin infheidhme ar fhíorais na bpríomhimeachtaí toisc gur scoir saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh de chónaí ar chríoch na Ríochta Aontaithe tar éis dheireadh na hidirthréimhse, ag féachaint do léiriú Airteagal 30(4) [den Chomhaontú sin] arna léamh i gcomhar le mír 3, an mór forálacha Airteagal 30(4) [den Chomhaontú sin], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 30(3) den Chomhaontú, an scoirfidh daoine atá ina gcónaí sa Stát óstach nó atá ag obair sa Stát fostaíochta de bheith faoi Airteagal 31(1) [den Chomhaontú sin] má chuirtear deireadh lena gcaidreamh dlíthiúil mar oibrí (fostaithe) agus, dá bharr sin, gur chaill siad a gceart cónaithe agus go bhfuil siad tar éis an Stát ina raibh siad fostaithe nó an Stát ósta a fhágáil tar éis dheireadh na hidirthréimhse, nó an gcaithfear na forálacha sin a léiriú sa chiall go mbaineann an srian atá leagtha síos in Airteagal 30(4) [den Chomhaontú sin] leis an gceart cónaithe agus leis an gceart chun fostaíochta arna fheidhmiú tar éis dheireadh na hidirthréimhse, beag beann ar an dáta a cuireadh deireadh leis na cearta sin ina dhiaidh sin, más rud é go raibh siad ann tar éis dheireadh na hidirthréimhse sin?”

Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais

27

Sa chéad áit, d’iarr an chúirt a rinne an tarchur go ndéileálfaí leis an gcás faoin nós imeachta brostaithe um réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 105(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Mar thaca lena hiarratas, tugann an chúirt sin faoi deara nach bhfuair DV ioncam a thuilleadh ó tháinig deireadh lena fostaíocht sa Ríocht Aontaithe agus go bhféadfadh sé gur ghá a teidlíocht ar shochair dhífhostaíochta a dhearbhú sa Stát sin laistigh de na tréimhsí agus na coinníollacha a leagtar síos le reachtaíocht an Stáit sin.

28

Le cinneadh an 25 Feabhra 2022, dhiúltaigh Uachtarán na Cúirte, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, don iarratas sin ar an bhforas, ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, nach gciallódh leas daoine aonair amháin, atá tábhachtach agus dlisteanach, i raon feidhme na gceart a eascraíonn siad ó dhlí an Aontais a bheith acu a luaithe is féidir, ná nach gá déileáil leis laistigh de thréimhse ghearr, de réir bhrí Airteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta (ordú ó Uachtarán na Cúirte an 27 Feabhra 2019,M.V. agus páirtithe eile, C-760/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:170, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus, ar an dara dul síos, maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ag DV a ceart chun sochar dífhostaíochta a dhearbhú sa Ríocht Aontaithe, nár shonraigh an chúirt a rinne an tarchur cén tréimhse a leagadh síos chuige sin le reachtaíocht an Stáit sin agus nár leagadh amach na cúiseanna ar cuireadh cosc ar DV an ceart sin a dhearbhú sula rialaíonn an Chúirt ar an tarchur chun réamhrialú seo.

29

Sa dara háit, an 30 Meán Fómhair 2022, sheol an Chúirt iarraidh ar fhaisnéis chuig an gcúirt sin lena bhféachtar leis an Stát cónaithe DV a fhionnadh, de réir bhrí Airteagal 1(j) agus Airteagal 65(2) de Rialachán Uimh. 883/2004, le linn na tréimhse fostaíochta sa Ríocht Aontaithe idir an 1 Nollaig 2014 agus an 29 Márta 2021.

30

An 11 Deireadh Fómhair 2022, d’fhreagair an chúirt sin an iarraidh sin gurbh í an Ríocht Aontaithe a Stát cónaithe i rith na tréimhse sin, mar ba léir ón malartú leictreonach faisnéise idir an Stát sin agus Poblacht na Bulgáire agus ón dearbhú cónaithe a chuir DV isteach le haghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 65(2) de Rialachán Uimh. 883/2004.

Na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

31

De bhun Airteagal 99 de na Rialacha Nós Imeachta, nuair is féidir freagra ar cheist a tarchuireadh chun réamhrialú a rianú go soiléir ón gcásdlí atá ann nó nuair nach féidir aon amhras réasúnach a cheadú sa fhreagra ar cheist den sórt sin, féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, agus tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a rialú cinneadh a thabhairt trí ordú réasúnaithe.

32

Is gá an fhoráil sin a chur i bhfeidhm sa chás seo.

33

Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair na Cúirte, sa nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, is faoin gCúirt atá sé, i gcás inarb iomchuí, ní hamháin na ceisteanna a tarchuireadh chuici a athfhoirmliú, ach freisin na forálacha de dhlí an Aontais nach ndearna an chúirt náisiúnta tagairt dóibh i bhfoclaíocht a ceisteanna a chur san áireamh (breithiúnas an 12 Eanáir 2023, RegioJet, C-57/21, EU:C:2023:6, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear).

34

Sa chás seo, ní bhaineann na ceisteanna a tharchuirtear ach le léirmhíniú Airteagail 30 agus 31 den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus féachann siad lena n-infheidhmeacht maidir le staid, amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina bhfillfidh duine a d’oibrigh sa Ríocht Aontaithe ar feadh roinnt blianta ar an mBulgáir tar éis dheireadh na hidirthréimhse agus ina n-éileoidh sé sochair dhífhostaíochta sa Bhallstát sin.

35

I ndáil leis sin, is léir ón séú mír den bhrollach a ghabhann leis an gComhaontú sin gur gá cosaint chómhalartach a thairiscint do shaoránaigh den Aontas agus do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a d’fheidhmigh a gcearta saorghluaiseachta roimh dháta arna shocrú sa Chomhaontú sin, go háirithe iad siúd a eascraíonn as tréimhsí cleamhnachta le scéim slándála sóisialta.

36

Ina theannta sin, luaitear in Airteagal 7(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, chun críocha an chomhaontaithe sin, go dtuigfear, cé is moite d’eisceachtaí áirithe, go n-áirítear an Ríocht Aontaithe agus a húdaráis inniúla le gach tagairt do na Ballstáit agus d’údaráis inniúla na mBallstát i bhforálacha dhlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an gComhaontú sin.

37

Dá bhrí sin, ní hé cuspóir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar cearta a chruthú atá neamhspleách ar dhlí an Aontais, ach cearta arna bhfeidhmiú faoin dlí sin a chosaint roimh dheireadh na hidirthréimhse, trí fhorálacha an chirt sin dá dtagraítear sa Chomhaontú sin a dhéanamh infheidhme maidir le cásanna a shainítear sa dlí sin, lena mbaineann náisiúnaigh, reachtaíocht nó críoch na Ríochta Aontaithe.

38

Go sonrach, le hAirteagal 31 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, ar cuid de Theideal III de Chuid a Dó den Chomhaontú sin é, dar teideal “Rialacha maidir le slándáil shóisialta a chomhordú”, foráiltear, i mír 1 de, go mbeidh feidhm ag na rialacha agus na cuspóirí a leagtar amach, go háirithe, le Rialachán Uimh. 883/2004 maidir leis na daoine a chumhdaítear leis an Teideal sin.

39

Dá bhrí sin, sula ndéanfar scrúdú féachaint an bhféadfar forálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur i bhfeidhm maidir le staid amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí, is gá a chinneadh an mbeadh forálacha Rialachán Uimh. 883/2004 a bhfuil DV ag brath orthu infheidhme maidir léi, beag beann ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach nó ar an bhfíoras go raibh sí fostaithe sa Stát sin, seachas i mBallstát den Aontas Eorpach. Murab amhlaidh an cás, bheadh ceart a fuarthas faoin rialachán sin as láthair, maidir leis an tréimhse fostaíochta a chaith DV sa Ríocht Aontaithe, tréimhse a bhfuil sé beartaithe leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a chosaint.

40

Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir, ar an gcéad dul síos, gur dhiúltaigh údarás árachais dífhostaíochta na Bulgáire sochair dhífhostaíochta a dheonú do DV ar an bhforas, tar éis tréimhsí árachais a chur isteach sa Ríocht Aontaithe i leith fostaíocht shochrach ar chríoch an Stáit sin, gur fhill DV ar an mBulgáir, i gcás ina ndearna sí iarratas ar shochair den sórt sin gan gníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú ná tréimhsí árachais a chur isteach ar chríoch an Bhallstáit sin. Ar an dara dul síos, measann an chúirt a rinne an tarchur, faoi Airteagal 31(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, go bhfuil dlíthiúlacht an chinnidh diúltaithe sin faoi réir infheidhmeacht fhorálacha Airteagail 61 go 65a de Rialachán Uimh. 883/2004 maidir le himthosca den sórt sin.

41

I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear in Airteagal 61(1) den Rialachán sin go háirithe, maidir le hinstitiúid inniúil Ballstáit a gcuireann a reachtaíocht fáil an chirt chun sochar dífhostaíochta faoi réir tréimhsí árachais a chomhlíonadh, a mhéid is gá, go gcuirfear san áireamh tréimhsí árachais a comhlíonadh faoi reachtaíocht aon Bhallstáit eile amhail is gur comhlíonadh iad faoin reachtaíocht a chuirtear i bhfeidhm aige. Mar sin féin, is léir ó Airteagal 61(2), cé is moite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 65(5)(a) den Rialachán sin, go bhfuil cur i bhfeidhm Airteagal 61(1) faoi réir an choinníll gur chomhlíon an duine lena mbaineann go deireanach, i gcomhréir leis an reachtaíocht faoina n-éilítear na sochair, tréimhsí árachais, má cheanglaítear tréimhsí den sórt sin leis an reachtaíocht sin.

42

Dá bhrí sin, a mhéid a thagann sé as Airteagal 54(a)(1) de KSO go gcuireann reachtaíocht na Bulgáire fáil teidlíochta ar shochair dhífhostaíochta faoi réir tréimhsí árachais a bheith comhlíonta agus i gcás nár chomhlíon DV aon tréimhsí árachais ar fhilleadh di chuig an mBulgáir, d’fhéadfadh sí sochair dhífhostaíochta a éileamh faoi Rialachán Uimh. 883/2004 trí thréimhsí árachais a chomhlíonadh i Stát eile a chomhiomlánú, sa chás seo ní fhéadfadh an Ríocht Aontaithe sochair dhífhostaíochta a éileamh ach amháin má fhreagraíonn a staid don staid dá dtagraítear in Airteagal 65(5)(a) den Rialachán sin, arna léamh in éineacht le hAirteagal 65(2) de.

43

I ndáil leis sin, foráiltear leis an gcéad abairt d’Airteagal 65(2) den Rialachán sin go ndéanfaidh duine atá go hiomlán dífhostaithe, le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, a raibh cónaí air i mBallstát seachas an Ballstát inniúil agus a leanann de bheith ina chónaí sa Bhallstát céanna nó a fhilleann ar an mBallstát sin, é féin a chur ar fáil do sheirbhísí fostaíochta an Bhallstáit chónaithe. Tá an duine sin, i gcomhréir le hAirteagal 65(5)(a), i dteideal sochair dhífhostaíochta i gcomhréir le forálacha reachtaíocht an Bhallstáit chónaithe, amhail is dá mbeadh sé faoi réir na reachtaíochta sin le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe. Is í institiúid na háite cónaithe a sholáthróidh na sochair sin.

44

Is léir ón bhfreagra ar an iarraidh ar fhaisnéis, dá dtagraítear i míreanna 29 agus 30 den Ordú seo, arna chur ar fáil ag an gcúirt a rinne an tarchur, nach bhfuil dlínse aici ach amháin, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, measúnú a dhéanamh ar fhíorais na díospóide atá os a comhair [féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Meán Fómhair 2022, Fossil (Gibraltar), C-705/20, EU:C:2022:680, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear], go raibh cónaí ar DV, ar feadh na tréimhse gníomhaíochta fostaíochta ar chríoch na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 1(j) agus Airteagal 65(2) de Rialachán Uimh. 883/2004, sa Stát sin, arbh é an Stát inniúil é, de réir bhrí na forála deiridh sin, le linn na tréimhse sin. Níor tháinig deireadh leis an bhfostaíocht sin go dtí gur fhill DV ar an mBulgáir chun sochair dhífhostaíochta a éileamh ó údarás inniúil an Bhallstáit sin.

45

Dá bhrí sin, is é an freagra ar an réamh-shaincheist a ardaítear i mír 39 den Ordú seo nach mór Airteagal 65(2) de Rialachán Uimh. 883/2004 a léiriú sa chiall nach bhfuil feidhm aige maidir le cás ina n-éilíonn duine sochair dhífhostaíochta ó údarás inniúil Ballstáit nach bhfuil tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta comhlíonta aige ann agus a bhfilleann sé ar a chríoch tar éis tréimhse árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a chomhlíonadh i Stát eile a raibh cónaí air ann, de réir bhrí na forála sin, ar feadh na tréimhse sin ar fad.

46

I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist, ní gá freagra a thabhairt ar na ceisteanna a chuir an chúirt a rinne an tarchur.

Costais

47

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

Maidir le hAirteagal 65(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 465/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012,

 

ní mór léiriú a dhéanamh ar an bhforáil sin mar seo a leanas:

 

ní bheidh feidhm aige maidir le staid ina n-éilíonn duine sochair dhífhostaíochta ó údarás inniúil Ballstáit nach bhfuil tréimhsí árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta comhlíonta aige ann agus a bhfilleann sé ar a chríoch tar éis tréimhse árachais, fostaíochta nó féinfhostaíochta a chomhlíonadh i Stát eile a raibh cónaí air ann, de réir bhrí na forála sin, ar feadh na tréimhse sin ar fad.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Bhulgáiris.

Top