Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0603

    Cás C-603/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Słupsku (an Pholainn) a taisceadh an 19 Meán Fómhair 2022 — Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.S., J.W. agus M.P.

    IO C 24, 23.1.2023, p. 21–24 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/21


    Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Rejonowy w Słupsku (an Pholainn) a taisceadh an 19 Meán Fómhair 2022 — Imeachtaí coiriúla i gcoinne M.S., J.W. agus M.P.

    (Cás C-603/22)

    (2023/C 24/30)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Sąd Rejonowy w Słupsku

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    M.S., J.W., M.P., Prokurator Rejonowy w Słupsku, D.G.— riarthóir a ceapadh chun gníomhú ar son M.B. agus B. B.

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1)

    An bhfuil Airteagail 6(1), (2),(3)a agus (7) agus 18, arna léamh i gcomhar le haithrisí 25, 26 agus 27 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla (1) le léiriú ar chaoi gurb amhlaidh ón nóiméad a chúisítear duine atá faoi dhrochamhras nach bhfuil 18 bliain slánaithe aige, go gceanglaítear ar na húdaráis atá i mbun imeachtaí a ráthú go bhfuil an ceart ag an leanbh chun cúnamh dlí más rud é nach bhfuil dlíodóir cosanta dá rogha féin aige (mar gheall nach ndearna an leanbh nó sealbhóir na freagrachta tuismitheora cúnamh den sórt sin a sholáthar as a stuaim féin) agus a ráthú go mbeadh dlíodóir rannpháirteach i ngníomhaíochtaí réamhthrialach ar nós ceistiú an duine mhionaoisigh, agus ar chaoi go gcuirtear cosc leo ar stiúradh an cheistithe sin in éagmais dlíodóra cosanta?

    2)

    An bhfuil Airteagal 6(6) agus (8), arna léamh i gcomhar le haithrisí 16, 30, 31 agus 32 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla le léiriú ar chaoi nach ceadmhach tarscaoileadh cúnaimh dlíodóra gan moill mhíchuí ar aon chor i gcásanna lena mbaineann cionta coiriúla inar féidir téarma príosúnachta a bheith mar phionós orthu, agus nach bhféadfadh maolú sealadach ar chur i bhfeidhm an chirt chun cúnamh a fháil ó dhlíodóir de réir bhrí Airteagal 6(8) den Treoir a dhéanamh ach amháin sa chéim réamhthrialach agus i gcás na n-imthosca a liostaítear go cruinn in Airteagal 6(8)(a) agus (b) amháin, nach mór a lua go sainráite sa chinneadh, ar féidir agóid a dhéanamh ina choinne i bprionsabal, chun dul ar aghaidh leis an gceistiú in éagmais dlíodóra?

    3)

    Má thugtar freagra dearfach ar cheann amháin de na ceisteanna um réamhrialú ar a laghad, an gcaithfear forálacha na Treorach thuasluaite a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta amhail:

    a)

    An dara habairt d’Airteagal 301 den Kodeks postępowania karnego (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, “k.p.k.”), ar dá réir nach ndéanfar an duine atá faoi dhrochamhras a cheistiú le cúnamh ó dhlíodóir ach amháin ar iarraidh sin dó agus ní chuirfear ceistiú dá leithéid ar fionraí de dheasca mhainneachtain an dlíodóra a bheith i láthair;

    b)

    Airteagal 79(3) de k.p.k., ar dá réir, i gcás duine nach bhfuil 18 bliain slánaithe aige (Airteagal 79(1)(1) de k.p.k.), ní bheidh cúnamh dlí éigeantach ach amháin ag an éisteacht ó bhéal agus ag na díotchúisimh sin ina bhfuil rannpháirtíocht an duine cúisithe éigeantach, i.e. sna himeachtaí cúirte?

    4)

    An gcaithfear na forálacha dá dtagraítear sa chéad agus sa dara ceist le haghaidh réamhrialú agus prionsabail na tosaíochta agus éifeacht dhíreach na dtreoracha a léiriú ar chaoi go gcuireann siad ar chumas na cúirte náisiúnta a éisteann cás in imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla chomh maith le haon údarás Stáit neamhaird a thabhairt ar fhorálacha dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis an Treoir, amhail iad siúd dá dtagraítear sa tríú ceist le haghaidh réamhrialú, agus, dá bhrí sin – i bhfianaise an teorann ama tar éis thréimhse an trasuímh – forálacha na Treorach a chur in ionad na forála náisiúnta, i bhfianaise na héifeachta dírí a bhronntar ar fhorálacha na Treorach?

    5)

    An bhfuil Airteagail 6(1), (2), (3) agus (7) agus 18 arna léamh i gcomhar le hAirteagail 2(1) agus (2) agus le haithrisí 11, 25 agus 26 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla arna léamh i gcomhar le hAirteagal 13 agus le haithris 50 de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse, (2) le léiriú ar chaoi go ráthóidh Ballstát dlíodóir cosanta poiblí do dhuine a bhfuil drochamhras faoi nó atá cúisithe in imeachtaí coiriúla a bhí, tráth ar thosaigh sé a bheith mar ábhar do na himeachtaí, ina dhuine mionaoiseach agus gur shlánaigh siad 18 bliain ina dhiaidh sin, go bhfuil an cúnamh sin éigeantach go dtí deireadh na n-imeachtaí?

    6)

    Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 5, an gcaithfear, dá bhrí sin, forálacha na Treorach a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 79(1)(1) de k.p.k., faoina gcaithfidh an cúisí, in imeachtaí coiriúla, dlíodóir a bheith aige go dtí go mbeidh 18 bliain slánaithe aige?

    7)

    An gcaithfear na forálacha dá dtagraítear i gCeist 5 le haghaidh réamhrialú, chomh maith le prionsabal na tosaíochta agus prionsabal éifeacht dhíreach na dtreoracha, a léiriú sa chaoi go bhfuil cúirt náisiúnta a éisteann cás in imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla i dteideal neamhaird a thabhairt ar fhorálacha an dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis an treoir, amhail iad siúd dá dtagraítear i gCeist 5 le haghaidh réamhrialú, agus forálacha an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm, amhail Airteagal 79(2) de k.p.k., mar a léirítear iad i gcomhréir leis an Treoir (léiriú i bhfabhar an Aontais), i.e., ceapachán dlíodóir cosanta poiblí do dhuine cúisithe nach raibh, tráth a cúisíodh é, 18 bliain slánaithe aige, ach ina dhiaidh sin, le linn na n-imeachtaí, a shlánaigh 18 bliain agus a bhfuil imeachtaí coiriúla fós ar feitheamh ina leith, go dtí go dtabharfar na himeachtaí chun críche go críochnaitheach, ar an tuiscint go bhfuil sé sin riachtanach i bhfianaise imthosca a fhágann go bhfuil sé deacair iad féin a chosaint, nó i bhfianaise an teorann ama tar éis thréimhse an trasuímh – forálacha na Treorach a chur in ionad na forála náisiúnta, i bhfianaise na héifeachta dírí a bhronntar ar fhorálacha na Treorach?

    8)

    An gcaithfear Airteagal 4(1) go (3), arna léamh i gcomhar le haithrisí 18, 19 agus 22 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla agus le hAirteagal 3(2) in éineacht le haithrisí 19 agus 26 sa bhrollach a ghabhann le Treoir (AE) 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla, (3) a léiriú ar chaoi gur cheart do na húdaráis inniúla (oifig an ionchúisitheora phoiblí, na póilíní), ar a dhéanaí, sula ndéanfaidh na póilíní nó údarás inniúil eile an té atá faoi dhrochamhras a cheistiú go hoifigiúil, an té atá faoi amhras agus sealbhóir na freagrachta tuismitheora araon a chur ar an eolas faoi na cearta sin atá riachtanach chun próis chuí agus céimeanna nóis imeachta sna himeachtaí a ráthú, lena n-áirítear, an oibleagáid dlíodóir a cheapadh do dhuine mionaoiseach atá faoi dhrochamhras agus na hiarmhairtí a bhainfeadh le gan dlíodóir dá rogha féin a cheapadh don mhionduine cúisithe (dlíodóir cosanta poiblí a cheapadh), trína gcaithfear, i gcás leanaí a bhfuil amhras fúthu, an fhaisnéis sin a chur ar fáil i dteanga shimplí inrochtana atá oiriúnach do aois an duine mhionaoisigh?

    9)

    An gcaithfear Airteagal 7(1) agus (2), arna léamh i gcomhar le haithris 31 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla, (4) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(1)(e) agus (2) de Threoir 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart i gcomhair faisnéise in imeachtaí coiriúla, a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar údaráis Ballstáit atá i mbun imeachtaí coiriúla a bhaineann le leanbh faoi dhrochamhras a chur ar an eolas faoin gceart a bheith ina thost agus faoin gceart gan iad féin a ionchoiriú ar bhealach intuigthe atá oiriúnach d’aois an duine atá faoi dhrochamhras?

    10)

    An gcaithfear Airteagal 4(1) go (3), arna léamh i gcomhar le haithrisí 18, 19 agus 22 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla agus le hAirteagal 3(2) in éineacht le haithrisí 19 agus 26 a ghabhann le Treoir (AE) 2012/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla, a léiriú sa chaoi go nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna forálacha thuasluaite trí threoracha ginearálta a bheith tugtha díreach sula ndearnadh an duine mionaoiseach a cheistiú, gan na cearta sonracha a eascraíonn as raon feidhme Threoir 2016/800 a bheith curtha san áireamh, agus soláthar na faisnéise sin a bheith tugtha don té atá faoi dhrochamhras amháin gan dlíodóir, gan rannpháirtíocht ó shealbhóir na freagrachta tuismitheora, agus i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin dréachtaithe i dteanga nach bhfuil iomchuí d’aois an duine atá faoi dhrochamhras?

    11)

    An gcaithfear Airteagail 18 agus 19, arna léamh i gcomhar le haithris 26 de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla, agus Airteagal 12(2), arna léamh i gcomhar le haithris 50 de Threoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart chun dlíodóir a rochtain in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an gceart chun tríú páirtí a chur ar an eolas maidir le cailleadh saoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse i gcomhar le hAirteagal 7(1) agus (2) i gcomhar le hAirteagal 10(2) arna léamh i gcomhar le haithris 44 de Threoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le gnéithe áirithe de thoimhde na neamhchiontachta a neartú mar aon leis an gceart bheith i láthair bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla agus le prionsabal na trialach córa, a léiriú – maidir le mínithe a thug duine a bhí faoi dhrochamhras le linn ceistiú póilíneachta a rinneadh gan rochtain a bheith aige ar dhlíodóir agus gan an duine a bhí faoi dhrochamhras tar éis a bheith curtha ar an eolas go cuí faoina chearta, gan sealbhóir na freagrachta tuismitheora a bheith curtha ar an eolas faoi na cearta agus na gnéithe ginearálta a bhaineann le seoladh na n-imeachtaí a bhfuil an leanbh i dteideal a fháil faoi Airteagal 4 den Treoir, a léiriú amhail go gcuirtear d’oibleagáid leo ar an gcúirt náisiúnta a éisteann na himeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha agus ar aon údarás Stáit (nó tugtar do chumhacht leo) a áirithiú go gcuirfear daoine atá faoi amhras/daoine cúisithe sa suíomh céanna leis an staid ina mbeadh siad dá mba rud é nár tharla na sáruithe atá i gceist, agus dá bhrí sin neamhaird a dhéanamh den fhianaise sin, go háirithe i gcás ina raibh an fhaisnéis ionchoiritheacha a fuarthas le linn an cheistiúcháin sin le húsáid chun an duine lena mbaineann a chiontú?

    12)

    Dá bhrí sin, an gcaithfear na forálacha dá dtagraítear i gCeist 11, chomh maith le prionsabal na tosaíochta agus prionsabal na héifeachta dírí, a léiriú mar cheangal ar chúirt náisiúnta a éisteann imeachtaí coiriúla a thagann faoi raon feidhme na dtreoracha sin agus ar aon údarás Stáit eile neamhaird a thabhairt ar fhorálacha an dlí náisiúnta atá ar neamhréir leis na treoracha sin, amhail Airteagal 168ú de k.p.k, ar dá réir nach féidir a dhearbhú go bhfuil fianaise neamh-inghlactha ar an bhforas amháin go bhfuarthas í de shárú ar na rialacha nós imeachta nó trí chion dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Chód Coiriúil, murach rud é go bhfuarthas í ar chaoi a bhain dualgais oifigiúla a bheith á gcomhlíonadh ag oifigeach poiblí, mar thoradh ar na nithe seo a leanas: dúnmharú, gortú toiliúil coirp nó cailleadh saoirse?

    13)

    An gcaithfear Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nóis imeachta do leanaí a bhfuil [droch]amhras fúthu nó ar cosantóirí iad in imeachtaí coiriúla, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(1) CAE agus prionsabal na héifeachtachta i ndlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar an ionchúisitheoir poiblí, ina cháil mar údarás a bhfuil baint aige le riaradh an cheartais, an smacht reachta a chaomhnú agus, ag an am céanna, an t-imscrúdú réamhthrialach a óstáil, le linn na céime réamhthrialach, cosaint dlí éifeachtach a ráthú sa réimse a chumhdaítear leis an treoir thuasluaite agus go gcaithfidh sé, agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm go héifeachtach, a neamhspleáchas agus a neamhchlaontacht a ráthú?

    14)

    Má thugtar freagra dearfach ar aon cheann de na ceisteanna 1-4, 5-8, 9-12, agus Ceist 13 go háirithe, an bhfuil Airteagal 19(1) CAE (prionsabal na cosanta dlíthiúla éifeachtaí) i gcomhar le hAirteagal 2 CAE, go háirithe maidir leis an bprionsabal go n-urramaítear an smacht reachta mar a léirítear é i gcásdlí na Cúirte (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Cásanna Uamtha C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, Înalta Curte de Casaţie şi Justiţie i Tribunalul Bihor, EU:C:2021:1034), agus prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh a leagtar síos sa dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha, mar a léirítear é le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses, C-64/16, EU:C:2018:117), a léiriú sa chaoi gcuirtear leis na prionsabail sin, i bhfianaise go bhféadfaí brú indíreach a bheith ar bhreithiúna agus go bhféadfadh an tArd-Ionchúisitheoir treoracha ceangailteacha a eisiúint maidir le hoifig an ionchúisitheora phoiblí, cosc ar reachtaíocht náisiúnta lena ndearbhaítear go bhfuil Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí ag brath ar údarás feidhmiúcháin, amhail an tAire Dlí agus Cirt, agus go gcuirtear srian chomh maith leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear teorainn le neamhspleáchas na gcúirteanna agus neamhspleáchas an ionchúisitheora phoiblí agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm, go háirithe:

    (a)

    Airteagal 130(1) den Ustawa z dnia 27 lipca 2001 roku o ustroju sądów powszechnych (Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna an 27 Iúil 2001) lena gceadaítear don Aire Dlí agus Cirt, i dtaca le hoibleagáid an ionchúisitheora phoiblí cás a thuairisciú ina rialaíonn cúirt ar fheidhmiú dhlí an Aontais, chun briseadh láithreach ar ghníomhaíochtaí breithimh a ordú go dtí go dtabharfaidh cúirt araíonachta cinneadh, nach faide ná mí amháin, más rud é, mar gheall ar chineál an ghnímh a rinne an breitheamh agus mar gheall ar chur i bhfeidhm díreach ar dhlí an Aontais, go measann an tAire Dlí agus Cirt go bhfuil gá lena leithéid i bhfianaise stuamacht na cúirte nó leas bunriachtanacha na seirbhíse;

    (b)

    Airteagail 1(2), 3(1)(1) agus (3), 7(1) go (6) agus (8) agus 13(1) agus (2) den Ustawa z dnia 28 stycznia 2016 roku Prawo o prokuraturze (Dlí maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí an 28 Eanáir 2016), lenar féidir, arna léamh i gcomhar lena chéile, leis an tAire Dlí agus Cirt, arb é an tArd-Ionchúisitheoir é agus an oifig an Ionchúisitheora phoiblí uachtarach araon, treoracha a eisiúint a bheadh ceangailteach ar fho-ionchúisitheoirí poiblí freisin a mhéid a chuireann siad srian nó bac ar chur i bhfeidhm díreach ar dhlí an Aontais?


    (1)  IO 2016 L 132, lch. 1.

    (2)  IO 2013 L 294, lch. 1

    (3)  IO 2012 L 142, lch. 1

    (4)  IO 2016 L 65, lch. 1.


    Top