This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0343
Case C-343/22: Request for a preliminary ruling from the Bundesgerichtshof (Germany) lodged on 27 May 2022 — PT v VB
Cás C-343/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshofs (an Ghearmáin) a taisceadh an 27 Bealtaine 2022 – PT v VB
Cás C-343/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshofs (an Ghearmáin) a taisceadh an 27 Bealtaine 2022 – PT v VB
IO C 340, 5.9.2022, p. 17–17
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/17 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshofs (an Ghearmáin) a taisceadh an 27 Bealtaine 2022 – PT v VB
(Cás C-343/22)
(2022/C 340/21)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Cosantóir agus Achomharcóir: PT
Iarratasóir agus Freagróir: VB
An cheist a tharchuirtear
An gcaithfear Airteagal 34(2) de Choinbhinsiún Lugano ar dhlínse agus ar aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála an 30 Deireadh Fómhair 2007 (“Coinbhinsiún Lugano”) (1) a léirmhíniú sa chaoi gurb ionann ráiteas éilimh i gcaingean chun fiacha a aisíoc, a tionscnaíodh tar éis ordú íocaíochta a bheith eisithe san Eilvéis agus nár taisceadh leis aon iarratas chun an t-agóid i gcoinne an ordaithe íocaíochta a chur ar neamhní, agus an doiciméad lenar tionscnaíodh na himeachtaí?