EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0329

Cás C-329/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 17 Bealtaine 2022 – Zamestnik izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie” v IW

IO C 340, 5.9.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/16


Iarraidh ar réamhrialú ón Varhoven administrativen sad (an Bhulgáir) a taisceadh an 17 Bealtaine 2022 – Zamestnik izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie” v IW

(Cás C-329/22)

(2022/C 340/20)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Varhoven administrativen sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Zamestnik izpalnitelen direktor na Darzhaven fond “Zemedelie”

Cosantóir: IW

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (“Rialachán [AE] Uimh. 1305/2013”) a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac ar fhoráil náisiúnta amhail Airteagal 11(5) (Airteagal 11(4) roimhe seo) de Naredba No 4 ot 24.02.2015 za prilagane na myarka 11 “Biologichno zemedelie” ot Programata za razvitie na selskite rayoni za perioda 2014-2020 (Ordanás Uimh. 4 an 24 Feabhra 2015 maidir le cur i bhfeidhm bheart 11 “Feirmeoireacht orgánach” den Chlár Forbartha Tuaithe don tréimhse 2014-2020), faoina bhfuil an deis ann tacaíocht airgeadais a fháil don táirgeadh orgánach le linn an tiontaithe teoranta do thréimhse nach faide ná na híostréimhsí tiontaithe faoi Airteagal 36(1), Airteagal 37(1) agus Airteagal 38 de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 (2) ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i ndáil le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach?

2.

Má thugtar freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a léirmhíniú sa chaoi go n-údaraítear do na Ballstáit uastréimhse a leagan síos le reacht maidir le tacaíocht a dheonú chun tiontú go feirmeoireacht orgánach ar bhonn an chineáil táirgthe amháin agus ní ar bhonn na saintréithe i ngach cás ar leith?

3.

Cén chaoi ar cheart an frása seo a leanas a léirmhíniú: “Féadfaidh na Ballstáit tréimhse thosaigh níos giorra a chinneadh a fhreagróidh do thréimhse an tiontaithe” (an dara abairt d’Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013)? An úsáidtear na téarmaí “tréimhse thosaigh” agus “tréimhse an tiontaithe” go hidirmhalartach nó an bhfuil brí éagsúil le sannadh dóibh?

4.

An gcaithfear an frása “Féadfaidh na Ballstáit tréimhse thosaigh níos giorra a chinneadh a fhreagróidh do thréimhse an tiontaithe” sa dara habairt d’Airteagal 29(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an mbeart iomlán “feirmeoireachta orgánaí” maidir le gníomhaíochtaí chun “tiontú” go feirmeoireacht orgánach ar feadh tréimhse níos giorra ná an tréimhse dá dtagraítear sa chéad abairt d’Airteagal 29(3) den Rialachán sin, nó ar cheart an frása sin a léirmhíniú sa chaoi, faoi chuimsiú an tiomantais foriomláin do “fheirmeoireacht orgánach”, go bhfuil tréimhse thosaigh ann le haghaidh gníomhaíochtaí le linn an tiontaithe go feirmeoireacht orgánach?


(1)  IO 2013 L 347, lch. 487.

(2)  IO 2008 L 250, lch. 1.


Top