Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0283

    Cás T-283/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – Pejovič v EUIPO – ETA živilska industrija (TALIS) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc an Aontais Eorpaigh TALIS – Dearbhfhoras le neamhbhailíocht – Meon mímhacánta – Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))

    IO C 340, 5.9.2022, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 340/35


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Iúil 2022 – Pejovič v EUIPO – ETA živilska industrija (TALIS)

    (Cás T-283/21) (1)

    (Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí neamhbhailíochta - Focalmharc an Aontais Eorpaigh TALIS - Dearbhfhoras le neamhbhailíocht - Meon mímhacánta - Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))

    (2022/C 340/47)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Edvin Pejovič (Pobegi, an tSlóivéin) (ionadaí: U. Pogačnik, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, i gcáil Gníomhaire)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: ETA živilska industrija d.o.o. (Kamnik, an tSlóivéin) (ionadaí: J. Sibinčič, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Edvin Pejovič, go ndéanfar an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Márta 2021 (Cás R 888/2020-4) (an cinneadh atá faoi chonspóid) a neamhniú agus a athrú.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar an cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 23 Márta 2021 (Cás R 888/2020-4) a neamhniú.

    2)

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

    3)

    Ordaítear do EUIPO a chostais féin a íoc chomh maith leis na costais a thabhaigh Edvin Pejovič chun críocha na n-imeachtaí seo agus chun críocha na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.

    4)

    Ordaítear do ETA živilska industrija d.o.o. a chostais féin a íoc.


    (1)  IO C 278, 12.7.2021.


    Top