Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0458

    Cás C-458/21: Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria – an Ungáir) – CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 132(1)(c) – Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail – Soláthar cúraim leighis i gcleachtadh na ngairmeacha míochaine agus paraimhíochaine – Seirbhís a úsáideann cuideachta árachais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chruinneas diagnóise ar thinneas tromchúiseach agus an cúram agus an chóireáil is fearr is féidir a aimsiú agus a sholáthar thar lear)

    IO C 24, 23.1.2023, p. 11–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/11


    Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Kúria – an Ungáir) – CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

    (Cás C-458/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Cánachas - Cáin bhreisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagal 132(1)(c) - Díolúintí i gcomhair gníomhaíochtaí áirithe ar mhaithe le leas an phobail - Soláthar cúraim leighis i gcleachtadh na ngairmeacha míochaine agus paraimhíochaine - Seirbhís a úsáideann cuideachta árachais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chruinneas diagnóise ar thinneas tromchúiseach agus an cúram agus an chóireáil is fearr is féidir a aimsiú agus a sholáthar thar lear)

    (2023/C 24/14)

    Teanga an cháis: an Ungairis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Kúria

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: CIG Pannónia Életbiztosító Nyrt

    Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 132(1)(c) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    níl seirbhísí lena ndéantar cruinneas diagnóis duine árachaithe ar thinneas tromchúiseach a fhíorú, d'fhonn an cúram sláinte is fearr a chinneadh do théarnamh an duine árachaithe agus a chinntiú, i gcás ina gcumhdaítear an riosca sin leis an gconradh árachais agus i gcás ina n-iarrann an duine árachaithe amhlaidh, go gcuirtear an chóir leighis ar fáil thar lear, cumhdaithe ag an díolúine a leagtar síos san fhoráil sin.


    (1)  IO C 471, 22.11.2021.


    Top