Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0179

Cás T-179/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – JP v an Coimisiún [“Seirbhís shibhialta – Comórtas oscailte – Fógra comórtais EPSO/AD/363/18 chun riarthóirí i réimse an chánachais (AD 7) a earcú – Neamh-iontráil ar an liosta ionadaithe – Comhdhéanamh an bhoird roghnúcháin – Cobhsaíocht – Earráid fhollasach mheasúnaithe – Dliteanas”]

IO C 340, 5.9.2022, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – JP v an Coimisiún

(Cás T-179/20) (1)

(“Seirbhís shibhialta - Comórtas oscailte - Fógra comórtais EPSO/AD/363/18 chun riarthóirí i réimse an chánachais (AD 7) a earcú - Neamh-iontráil ar an liosta ionadaithe - Comhdhéanamh an bhoird roghnúcháin - Cobhsaíocht - Earráid fhollasach mheasúnaithe - Dliteanas”)

(2022/C 340/38)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: JP (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Lilamand, D. Milanowska agus A.-C. Simon, Gníomhairí)

Ábhar

Lena caingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar thaobh amháin, go gcuirfear ar neamhní cinneadh an 10 Nollaig 2019 lenar dhiúltaigh bord roghnúcháin chomórtas EPSO/AD/363/18, tar éis athscrúdú, a hainm a iontráil ar an liosta ionadaithe de na hiarratasóirí ar éirigh leo sa chomórtas sin agus, ar an taobh eile, go gcúiteofar an damáiste a mhaítear go ndearnadh di leis an gcinneadh sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do JP na costais a íoc.


(1)  IO C 209, 22.6.2020.


Top