This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020CA0145
Case C-145/20: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 14 July 2022 (request for a preliminary ruling from the Oberster Gerichtshof — Austria) — DS v Porsche Inter Auto GmbH & Co. KG, Volkswagen AG (Reference for a preliminary ruling — Approximation of laws — Regulation (EC) No 715/2007 — Approval of motor vehicles — Article 5(2) — Defeat device — Motor vehicles — Diesel engines — Emission control system — Software installed in the electronic engine controller — Exhaust gas recirculation valve (‘EGR valve’) — Reduction in nitrogen oxide (NOx) emissions limited by a ‘temperature window’ — Prohibition on the use of defeat devices that reduce the effectiveness of emission control systems — Article 5(2)(a) — Exception to that prohibition — Consumer protection — Directive 1999/44/EC — Sale of consumer goods and associated guarantees — Article 2(2)(d) — Concept of ‘goods which show the quality and performance which are normal in goods of the same type and which the consumer can reasonably expect, given the nature of the goods’ — Vehicle covered by an EC type-approval — Article 3(6) — Concept of a ‘minor lack of conformity’)
Cás C-145/20: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (An Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – DS v Porsche Inter Auto GmbH & Co KG, Volkswagen AG (Tarchur chun réamhrialú – Comhfhogasú dlíthe – Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 – Cineálcheadú mótarfheithiclí – Airteagal 5(2) – Feiste sháraithe – Mótarfheithiclí – Inneall díosail – Córas rialaithe astaíochtaí – Bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill – Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) – Laghdú astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” – Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí – Airteagal 5(2)(a) – Eisceacht ón toirmeasc sin – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 1999/44/CE – Díolachán agus ráthaíochtaí earraí tomhaltais – Airteagal 2(2)(d) – An coincheap “earraí a léiríonn an cháilíocht agus an fheidhmíocht is iondúil d’earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta de bharr chineál na n earraí” – Feithicil ag a bhfuil cineálcheadú CE – Airteagal 3(6) – An coincheap “mioneaspa comhréireachta”)

IO C 340, 5.9.2022, p. 8–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/8 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (An Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof – an Ostair) – DS v Porsche Inter Auto GmbH & Co KG, Volkswagen AG
(Cás C-145/20) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Comhfhogasú dlíthe - Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 - Cineálcheadú mótarfheithiclí - Airteagal 5(2) - Feiste sháraithe - Mótarfheithiclí - Inneall díosail - Córas rialaithe astaíochtaí - Bogearraí atá comhtháite sa ríomhaire rialaithe innill - Comhla athshruthaithe gáis sceite (comhla AGS) - Laghdú astaíochtaí ocsaíde nítrigine (NOx) arna theorannú ag “fuinneog theochta” - Toirmeasc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht na gcóras rialaithe astaíochtaí - Airteagal 5(2)(a) - Eisceacht ón toirmeasc sin - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 1999/44/CE - Díolachán agus ráthaíochtaí earraí tomhaltais - Airteagal 2(2)(d) - An coincheap “earraí a léiríonn an cháilíocht agus an fheidhmíocht is iondúil d’earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta de bharr chineál na n earraí” - Feithicil ag a bhfuil cineálcheadú CE - Airteagal 3(6) - An coincheap “mioneaspa comhréireachta”)
(2022/C 340/08)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: DS
Cosantóirí: Porsche Inter Auto GmbH & Co KG, Volkswagen AG
An chuid oibríochtúil
1. |
Ní mór Airteagal 2(2)(d) de Threoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe de dhíolachán earraí tomhaltóra agus na ráthaíochtaí gaolmhara a léirmhíniú sa chaoi nach léiríonn mótarfheithicil, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, an cháilíocht is iondúil in earraí den chineál céanna lena bhféadfadh an tomhaltóir a bheith ag súil go réasúnta i gcás ina bhfuil an fheithicil sin, cé go bhfuil cineálcheadú CE bailí aici agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, í a úsáid ar an mbóthar, feistithe le feiste sháraithe nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) den Rialachán sin. |
2. |
Ní mór Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007 a léirmhíniú sa chaoi is nach féidir faoin bhforáil sin bonn cirt a thabhairt d’fheiste sháraithe, nach n áirithítear léi comhlíonadh na luachanna teorantacha astaíochta a leagtar síos sa Rialachán sin ach amháin nuair a bhíonn an teocht lasmuigh idir 15 agus 33 chéim Celsius, mura suitear go bhfreagraíonn an fheiste sin go docht don chall rioscaí láithreacha damáiste nó tionóisce don inneall a eascraíonn as mífheidhmiú ceann de na comhpháirteanna den chóras athsruthaithe gáis sceite, ar mhífheidhmiú é a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le contúirt shonrach agus an fheithicil ina bhfuil an fheiste sin á tiomáint, a sheachaint. Maidir le feiste sháraithe nach mór, faoi ghnáthchoinníollacha tiomána, oibriú den chuid is mó den bhliain chun go gcosnófar an t inneall ar dhamáiste nó ar thionóisc agus chun go n áiritheofar oibriú sábháilte na feithicle, ní fhéadfaidh sí i gcás ar bith teacht faoin eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 5(2)(a) de Rialachán Uimh. 715/2007. |
3. |
Ní mór Airteagal 3(6) de Threoir 1999/44 a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfaí caitheamh le heaspa comhréireachta, arb ionann é agus feiste sháraithe, i bhfeithicil, nach bhfuil a húsáid ceadaithe de réir Airteagal 5(2) de Rialachán Uimh. 715/2007, mar “mhioneaspa” comhréireachta dá gceannódh an tomhaltóir, fiú dá mba rud é gurbh eol dó gurbh ann don fheiste agus dá feidhmiú, an fheithicil ar aon nós. |