This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62019CA0817
Case C-817/19: Judgment of the Court (Grand Chamber) of 21 June 2022 (request for a preliminary ruling from the Cour constitutionnelle — Belgium) — Ligue des droits humains v Conseil des ministres (Reference for a preliminary ruling — Processing of personal data — Passenger Name Records (PNR) — Regulation (EU) 2016/679 — Article 2(2)(d) — Scope — Directive (EU) 2016/681 — Use of PNR data of air passengers of flights operated between the European Union and third countries — Power to include data of air passengers of flights operated within the European Union — Automated processing of that data — Retention period — Fight against terrorist offences and serious crime — Validity — Charter of Fundamental Rights of the European Union — Articles 7, 8 and 21 as well as Article 52(1) — National legislation extending the application of the PNR system to other transport operations within the European Union — Freedom of movement within the European Union — Charter of Fundamental Rights — Article 45)
Cás C-817/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 21 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (Cúirt Bhunreachtúil, an Bheilg)) – Ligue des droits humains v Conseil des ministres (Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta – Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 2(2)(d) – Raon Feidhme – Treoir (AE) 2016/681 – Úsáid shonraí PNR maidir le paisinéirí ar eitiltí idir an tAontas Eorpach agus tríu tíortha – Ceart chun sonraí na bpaisinéirí ar eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh – Próiseáil uathoibríoch na sonraí sin – Tréimhse stórála – An comhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach – Bailíocht – Cairt um chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8 agus 21, chomh maith le hAirteagal 52(1) – Reachtaíocht náisiúnta lena leathnaítear feidhmiú an chórais PNR chuig modhanna iompair eile laistigh den Aontas – Saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas – An Chairt um Chearta Bunúsacha – Airteagal 45)
Cás C-817/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 21 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (Cúirt Bhunreachtúil, an Bheilg)) – Ligue des droits humains v Conseil des ministres (Tarchur chun réamhrialú – Próiseáil sonraí pearsanta – Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 2(2)(d) – Raon Feidhme – Treoir (AE) 2016/681 – Úsáid shonraí PNR maidir le paisinéirí ar eitiltí idir an tAontas Eorpach agus tríu tíortha – Ceart chun sonraí na bpaisinéirí ar eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh – Próiseáil uathoibríoch na sonraí sin – Tréimhse stórála – An comhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach – Bailíocht – Cairt um chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagail 7, 8 agus 21, chomh maith le hAirteagal 52(1) – Reachtaíocht náisiúnta lena leathnaítear feidhmiú an chórais PNR chuig modhanna iompair eile laistigh den Aontas – Saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas – An Chairt um Chearta Bunúsacha – Airteagal 45)
IO C 340, 5.9.2022, p. 4–6
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/4 |
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 21 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Cour constitutionnelle (Cúirt Bhunreachtúil, an Bheilg)) – Ligue des droits humains v Conseil des ministres
(Cás C-817/19) (1)
(Tarchur chun réamhrialú - Próiseáil sonraí pearsanta - Sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) - Rialachán (AE) 2016/679 - Airteagal 2(2)(d) - Raon Feidhme - Treoir (AE) 2016/681 - Úsáid shonraí PNR maidir le paisinéirí ar eitiltí idir an tAontas Eorpach agus tríu tíortha - Ceart chun sonraí na bpaisinéirí ar eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh - Próiseáil uathoibríoch na sonraí sin - Tréimhse stórála - An comhrac i gcoinne cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach - Bailíocht - Cairt um chearta bunúsacha an Aontais Eorpaigh - Airteagail 7, 8 agus 21, chomh maith le hAirteagal 52(1) - Reachtaíocht náisiúnta lena leathnaítear feidhmiú an chórais PNR chuig modhanna iompair eile laistigh den Aontas - Saoirse gluaiseachta laistigh den Aontas - An Chairt um Chearta Bunúsacha - Airteagal 45)
(2022/C 340/05)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Cour constitutionnelle (an Bheilg)
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Ligue des droits humains
Cosantóir: Conseil des ministres (Comhairle na nAirí, an Bheilg)
An chuid oibríochtúil
1) |
Ní mór Airteagal 2(2)(d) agus ar Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá bhforáiltear i reachtaíocht náisiúnta atá beartaithe chun forálacha Threoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid atá ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl, chomh maith le Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe i ndáil le longa atá ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht uathu agus lena n aisghairtear Treoir 2002/6/CE agus Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh maidir le, ar thaobh amháin, próiseáil sonraí arna déanamh ag oibreoirí príobháideacha agus, ar an taobh eile, próiseáil sonraí arna déanamh ag údaráis phoiblí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2004/82 nó Threoir 2010/65, amháin nó freisin. Os a choinne sin, níl an Rialachán sin infheidhme maidir le próiseáil sonraí dá bhforáiltear i reachtaíocht den sórt sin nach dtagann ach faoi Threoir 2016/681 arna déanamh ag Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) nó ag na húdaráis inniúla chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Treoir sin. |
2) |
Ós rud é go n áirithítear le léirmhíniú ar Threoir 2016/681 i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 21 chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go bhfuil an Treoir sin i gcomhréir leis na hAirteagail sin den Chairt um Chearta Bunúsacha, níor léirigh an scrúdú ar an dara, an ceathrú agus an séú ceist aon fhachtóir de chineál a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhailíocht na Treorach sin. 3. |
3) |
Ní mór Airteagal 6 de Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8, chomh maith le hAirteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena n-údaraítear próiseáil sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (sonraí PNR) arna mbailiú i gcomhréir leis an Treoir sin chun críocha seachas na críocha sin a luaitear go sainráite in Airteagal 1(2) den Treoir sin. |
4) |
Ní mór Airteagal 12(3)(b) de Threoir 2016/681 a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil stádas ag an údarás a bunaíodh mar Aonad ainmnithe um Fhaisnéis faoi Phaisinéirí (PIU) mar údarás inniúil náisiúnta freisin a bhfuil cumhacht aige nochtadh shonraí PNR a fhormheas ar dhul in éag na tréimhse sé mhí tar éis aistriú na sonraí sin chuig PIU. |
5) |
Ní mór Airteagal 12(1) de Threoir 2016/681, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7 agus 8 agus Airteagal 52(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do thréimhse ghinearálta choinneála cúig bliana le haghaidh shonraí PNR, a bheidh infheidhme gan idirdhealú maidir le gach aerphaisinéir, lena n áirítear iad siúd nár nochtadh ina leith leis an réamh-mheasúnú dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) den Treoir sin, ná le haon seiceálacha a rinneadh le linn na tréimhse sé mhí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Treoir sin, ná le haon chúinse eile go bhfuil fianaise oibiachtúil ann a d’fhéadfadh riosca a shuí i ndáil le cionta sceimhlitheoireachta nó le coireacht thromchúiseach, a bhfuil nasc oibiachtúil acu, indíreach ar a laghad, le haeriompar paisinéirí. |
6) |
Ní mór Treoir 2004/82 a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm aici maidir le heitiltí, bíodh siad sceidealta nó neamhsceidealta, de chuid aeriompróir atá ag eitilt ó chríoch Bhallstáit agus atá beartaithe tuirlingt ar chríoch ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit eile gan aon stadanna ar chríoch tríú tír (eitiltí laistigh den Aontas). |
7) |
Ní mór dlí an Aontais, go háirithe Airteagal 2 de Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE agus, Airteagal 67(2), CFAE agus Airteagal 45 den Chairt um Chearta Bunúsacha a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar:
|
8) |
Ní mór dlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear cosc ar chúirt náisiúnta teorainn ama a chur le héifeachtaí dearbhaithe neamhdhleathachta atá de dhualgas ar an gcúirt sin a dhéanamh, faoin dlí náisiúnta, maidir le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar aeriompróirí, ar iompróirí iarnróid agus ar iompróirí de thalamh agus ar oibreoirí taistil sonraí PNR a aistriú agus lena bhforáiltear do phróiseáil agus coinneáil na sonraí sin nach bhfuil ag luí le forálacha Threoir 2016/681, arna léamh i bhfianaise Airteagal 3(2) CAE, Airteagal 67(2) CFAE, Airteagail 7, 8 agus 45 agus Airteagal 52(1) den Chairt. I gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas na mBallstát ó thaobh nósanna imeachta de, tagann inghlacthacht na fianaise a fhaightear ar an gcaoi sin faoin dlí náisiúnta, faoi réir phrionsabal na coibhéise agus phrionsabal na héifeachtachta, inter alia, a chomhlíonadh. |