Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62019CA0106

Cásanna uamtha C-106/19 agus C-232/19: Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 – Poblacht na hIodáile (C-106/19), Comune di Milano (C-232/19) v Comhairle an Aontas Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa (Caingean le haghaidh neamhniú – Dlí institiúideach – Rialachán (AE) 2018/1718 – Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) a shocrú in Amstardam (an Ísiltír) – Airteagal 263 CFAE – Inghlacthacht – Leas i gcaingean a thionscnamh – Locus standi – Dá chúram go díreach agus go leithleach – Cinneadh arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar imeall cruinnithe den Chomhairle chun suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a chinneadh – Easpa éifeachtaí ceangailteacha i ndlíchóras an Aontais – Sainchumais Pharlaimint na hEorpa)

IO C 340, 5.9.2022, p. 3–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/3


Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 14 Iúil 2022 – Poblacht na hIodáile (C-106/19), Comune di Milano (C-232/19) v Comhairle an Aontas Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa

(Cásanna uamtha C-106/19 agus C-232/19) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Dlí institiúideach - Rialachán (AE) 2018/1718 - Suíomh na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) a shocrú in Amstardam (an Ísiltír) - Airteagal 263 CFAE - Inghlacthacht - Leas i gcaingean a thionscnamh - Locus standi - Dá chúram go díreach agus go leithleach - Cinneadh arna ghlacadh ag Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar imeall cruinnithe den Chomhairle chun suíomh gníomhaireachta de chuid an Aontais a chinneadh - Easpa éifeachtaí ceangailteacha i ndlíchóras an Aontais - Sainchumais Pharlaimint na hEorpa)

(2022/C 340/03)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Poblacht na hIodáile (arna hionadú ag: G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó C. Colelli, S. Fiorentino agus G. Galluzzo, avvocati dello Stato) (C-106/19), Comune di Milano (arna ionadú ag: J. Alberti, M. Condinanzi, A. Neri agus F. Sciaudone, avvocati) (C-232/19)

Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh (arna hionadú ag: M. Bauer, J. Bauerschmidt, F. Florindo Gijón agus E. Rebasti, i gcáil Gníomhairí), Parlaimint na hEorpa (arna hionadú ag: I. Anagnostopoulou, A. Tamás agus L. Visaggio, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraithe mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na hÍsiltíre (arna hionadú ag: M. K. Bulterman agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí), An Coimisiún Eorpach (arna ionadú ag: K. Herrmann, D. Nardi agus P. J. O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Déantar na caingne a dhíbhe.

2.

Íocfaidh Poblacht na hIodáile, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa a gcostais féin i gCás C-106/19.

3.

Íocfaidh Comune di Milano, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Parlaimint na hEorpa a gcostais féin i gCás C-232/19.

4.

Íocfaidh Ríocht na hÍsiltíre agus an Coimisiún a gcostais féin.


(1)  IO C 112, 25.03.2019


Top