EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1623

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1623 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2022 lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 le haghaidh na bliana 2022 a mhéid a bhaineann le luach an táirgthe arna mhargú, an straitéis náisiúnta agus aisghabháil cúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh gealltanais ilbhliantúla in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí mar gheall ar an ngéarchéim atá ann de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin

C/2022/5100

IO L 244, 21.9.2022, p. 5–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/1623/oj

21.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/1623 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2022

lena maolaítear ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 le haghaidh na bliana 2022 a mhéid a bhaineann le luach an táirgthe arna mhargú, an straitéis náisiúnta agus aisghabháil cúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh gealltanais ilbhliantúla in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí mar gheall ar an ngéarchéim atá ann de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 37, pointí (a) agus (c), agus Airteagal 173(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De dheasca na géarchéime atá ann faoi láthair mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, ionradh a thosaigh go gairid tar éis phaindéim COVID-19, tá ar fheirmeoirí i ngach Ballstát aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí eisceachtúla. Ba cheart bearta a thabhairt isteach d’fhonn freagairt a thabhairt ar shrianta fairsinge gluaiseachta, cur isteach ar shlabhraí soláthair agus fadhbanna lóistíochta arna gcruthú leis an ionradh. I bhfianaise na tréimhse fada inar cuireadh isteach ar lóistíocht agus ar shlabhraí soláthair go dtí seo, is dócha go leanfar leis an suaitheadh tromchúiseach san earnáil agus d’fhéadfadh go rachadh cúrsaí in olcas fiú. De dheasca fadhbanna lóistíochta tá feirmeoirí san Aontas leochaileach don suaitheadh eacnamaíoch a tharla i ngeall ar an ngéarchéim sin agus tá aghaidh á tabhairt acu faoi láthair ar dheacrachtaí airgeadais agus fadhbanna sreafaí airgid.

(2)

Bhí deacrachtaí eisceachtúla maidir le cláir oibríochtúla a phleanáil, a bhainistiú agus a chur chun feidhme ag eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí i ngach Ballstát. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh moill ar chur chun feidhme na gclár oibríochtúil sin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfadh eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí na ceanglais a leagtar síos i reachtaíocht an Aontais le haghaidh na gclár oibríochtúil sin, go háirithe na ceanglais i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún (2). Tá eagraíochtaí táirgeoirí leochaileach don chur isteach agus an suaitheadh atá ann de dheasca ionradh na Rúise ar an Úcráin agus tá deacrachtaí airgeadais agus fadhbanna sreafaí airgid acu mar gheall ar an gcur isteach ar na slabhraí soláthair. Tá fadhbanna lóistíochta agus deacrachtaí acu a dtáirgí a bhuain mar gheall ar ghanntanas lucht saothair agus tá deacrachtaí acu freastal ar thomhaltóirí mar gheall ar an gcur isteach ar an slabhra soláthair. Tá tionchar díreach ag an méid sin ar chobhsaíocht airgeadais na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus ar a gcumas cláir oibríochtúla a chur chun feidhme. Tá sé sin ag dul i bhfeidhm a thuilleadh ar chumas na n-eagraíochtaí táirgeoirí bearta agus gníomhaíochtaí a thabhairt isteach lena ndírítear ar thionchair na géarchéime sin.

(3)

Laghduithe ar luach an táirgthe arna mhargú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin ina gcúis leo, beidh tionchar an-mhór ag na laghduithe sin ar an méid cúnaimh ón Aontas a fhaigheann na heagraíochtaí táirgeoirí an bhliain ina dhiaidh sin, arae ríomhtar méid an chúnaimh ón Aontas mar chéatadán de luach an táirgthe arna mhargú ag gach eagraíocht táirgeoirí ar leith. Dá dtiocfadh laghdú mór ar luach an táirgthe arna mhargú in 2022 ar chúiseanna a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin, bheadh eagraíochtaí táirgeoirí i mbaol a n-aitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí a chailleadh, arae ar cheann de na critéir um aitheantas a fháil tá an critéar nach mór íosluach áirithe táirgthe arna mhargú a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta. Bheadh cobhsaíocht fhadtéarmach na n-eagraíochtaí táirgeoirí i mbaol dá bharr. Dá bhrí sin, tá sé iomchuí a fhoráil gur cheart luach an táirgthe arna mhargú in 2022 a shocrú ar 100 % de luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh na tréimhse roimhe sin i gcás ina dtiocfadh laghdú 35 % ar a laghad ar luach táirge sa bhliain 2022 ar chúiseanna a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin agus atá lasmuigh de fhreagracht agus cumhacht eagraíochtaí táirgeoirí. I bhfianaise an tionchair fhairsing eacnamaíoch ar earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a bhí ag ionradh na Rúise ar an Úcráin, an tairseach 65 % de luach an táirgthe arna mhargú sa tréimhse roimhe sin, a leagtar síos in Airteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, ní leor an tairseach sin chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a bhaint amach le haghaidh na n-eagraíochtaí táirgeoirí a bhfuil imní orthu maidir le caillteanas luach an táirgthe arna mhargú dá leithéid.

(4)

Ba cheart na Ballstáit a dhíolmhú le haghaidh na bliana 2022 ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 27(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, is é sin céatadáin uasta an chiste oibríochtúil a d’fhéadfaí a chaitheamh ar bhearta aonair nó ar chineálacha gníomhaíochta a shocrú ina straitéisí náisiúnta. Ba cheart solúbthacht níos mó a áirithiú le haghaidh eagraíochtaí táirgeoirí leis sin agus bearta á ndéanamh acu chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair ar earnáil na nglasraí agus na dtorthaí atá ag ionradh na Rúise ar an Úcráin.

(5)

Chun cobhsaíocht airgeadais na n-eagraíochtaí táirgeoirí a áirithiú, cúnamh airgeadais a fuarthas ón Aontas le haghaidh gealltanais ilbhliantúla in earnáil na nglasraí agus na dtorthaí, amhail gníomhaíochtaí comhshaoil, níor cheart an cúnamh airgeadais sin a aisghabháil agus a aisíoc leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), dá bhforáiltear in Airteagal 36(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, i gcás nárbh féidir a gcuspóirí fadtéarmacha a bhaint amach toisc gur cuireadh isteach orthu sa bhliain 2022 ar chúiseanna a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin.

(6)

Ós rud é gur gá beart a dhéanamh láithreach, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go bhfuil cur chun feidhme clár oibríochtúil bunaithe ar an mbliain féilire, ba cheart go mbeidh feidhm chúlghabhálach ón 1 Eanáir 2022 ag na maoluithe a bhaineann le huasteorainn an chúnamh airgeadais ón Aontas agus a bhaineann leis an gcothromas idir na bearta a leagtar amach i straitéis náisiúnta na mBallstát dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) agus (2) den Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoluithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 le haghaidh na bliana 2022

1.   De mhaolú ar Airteagal 23(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, má thagann laghdú 35 % ar a laghad ar luach táirge sa bhliain 2022 ar chúiseanna lasmuigh de fhreagracht agus cumhacht na heagraíochta táirgeoirí, measfar luach an táirgthe arna mhargú le haghaidh an táirge sin a bheith ar 100 % den luach a bhí air sa tréimhse thagartha roimhe sin. Tabharfaidh an eagraíocht táirgeoirí cruthúnas maidir le comhlíonadh na gcoinníollacha sin d’údarás inniúil an Bhallstát lena mbaineann.

2.   De mhaolú ar Airteagal 27(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, an oibleagáid atá ar na Ballstáit caighdeáin uasta an chiste oibríochtúil a d’fhéadfaí a chaitheamh ar aon bheart aonair nó ar aon chineál gníomhaíochta a leagan amach sa straitéis náisiúnta chun cothromas idir bearta éagsúla a áirithiú, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás na bliana 2022.

3.   De mhaolú ar Airteagal 36(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891, ní dhéantar cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh gealltanais ilbhliantúla, amhail gníomhaíochtaí comhshaoil, a aisghabháil agus a aisíoc le CERT i gcás nach féidir a gcuspóirí fadtéarmacha agus na sochair a bhfuil coinne leo a bhaint amach sa bhliain 2022 toisc gur cuireadh isteach ar na gealltanais sin sa bhliain 2022 ar chúiseanna a bhaineann le hionradh na Rúise ar an Úcráin.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) agus (2) ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/891 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte agus lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le pionóis atá le cur i bhfeidhm sna hearnálacha sin agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 543/2011 ón gCoimisiún (IO L 138, 25.5.2017, lch. 4).


Top