EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1703

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1703 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá i dtáirgí ilchodacha teacht isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/4298

IO L 339, 24.9.2021, p. 29–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1703/oj

24.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 339/29


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1703 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá i dtáirgí ilchodacha teacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 234(2), Airteagal 237(4) agus Airteagal 239(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh. Go háirithe, leagtar síos in Airteagail 162 agus 163 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ceanglais shonracha maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch atá i dtáirgí ilchodacha a theacht isteach san Aontas. Ní fhoráiltear le hAirteagail 162 ná 163 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 maidir le ceanglais shonracha i dtaca le táirgí bunaithe ar ghruth buí atá i dtáirgí ilchodacha. Ba cheart, dá bhrí sin, soiléiriú a thabhairt leis an Rialachán seo ar na ceanglais is infheidhme maidir le teacht isteach na dtáirgí sin san Aontas nuair atá siad i dtáirgí ilchodacha i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le táirgí bunaithe ar ghruth buí a theacht isteach san Aontas dá bhforáiltear in Airteagal 153 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

(2)

Tagann geilitín agus collaigin faoin sainmhíniú ar “tháirgí feola” dá bhforáiltear in Airteagal 2, pointe (44), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus, dá bhrí sin, is coinsíneachtaí de gheilitín agus collaigine a chomhlíonann na ceanglais maidir le teacht isteach táirgí feola san Aontas, agus na coinsíneachtaí sin amháin, a cheadaítear a theacht isteach san Aontas. Níl ach riosca fíoríseal do shláinte ainmhithe ag baint le geilitín agus collaigin atá i dtáirgí ilchodacha fadré, áfach, mar gheall ar na cóireálacha a ndéantar orthu le linn a bpróiseála. Ar an gcúis sin, ba cheart táirgí ilchodacha nach bhfuil ach na cineálacha sin táirgí feola iontu a chur le liosta na dtáirgí ilchodacha a chumhdaítear leis an maolú dá bhforáiltear in Airteagal 163 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus, dá bhrí sin, níor cheart é a bheith ina cheangal deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil leo, seachas sin ba cheart é a bheith ina cheangal dearbhú a bheith ag gabháil leo, agus é sin amháin.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 163 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ní mór dearbhú arna ullmhú agus arna shíniú ag oibreoir a bheith ag gabháil le táirgí ilchodacha fadré nach bhfuil táirgí feola iontu. Mar sin féin, na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch, ní mór iad a bheith faoi réir cóireáil maolaithe riosca dhian lena n-áirithítear a sábháilteacht ó thaobh sláinte ainmhithe de. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil sé díréireach cóireálacha maolaithe riosca diana den sórt sin a éileamh ar tháirgí déiríochta de thionscnamh tíortha atá údaraithe maidir le teacht isteach bainne amh nó táirgí déiríochta san Aontas. Maidir leis na tríú tíortha sin, ba cheart na ceanglais a bheith comhréireach leis an riosca a bhaineann leis an tír thionscnaimh agus ba cheart na ráthaíochtaí a thugann na húdaráis inniúla a chur san áireamh. Dá bhrí sin, maidir le táirgí ilchodacha fadré ina bhfuil táirgí déiríochta de thionscnamh tríú tíortha atá liostaithe maidir le teacht isteach bainne amh agus táirgí déiríochta san Aontas, ar bainne amh agus táirgí déiríochta iad nach bhfuil faoi réir cóireáil maolaithe riosca, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú chun teacht isteach na dtáirgí ilchodach fadré sin a cheadú. Ina theannta sin, maidir le táirgí ilchodacha fadré ina bhfuil táirgí déiríochta de thionscnamh tríú tíortha atá liostaithe maidir le teacht isteach táirgí déiríochta san Aontas, ar táirgí déiríochta iad atá faoi réir cóireáil maolaithe riosca, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú freisin chun teacht isteach na dtáirgí ilchodacha fadré sin san Aontas a cheadú, má rinneadh cóireáil maolaithe riosca orthu i gcomhréir le hAirteagal 157 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

(4)

Maidir le táirgí déiríochta a ndearnadh cóireálacha maolaithe riosca diana orthu agus táirgí uibhe atá i dtáirgí ilchodacha fadré, níl ach riosca teoranta ag baint leo ó thaobh na sláinte ainmhithe agus na sláinte poiblí araon. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na hearraí sin teacht isteach san Aontas má thagann siad ó thríú tír, críoch nó crios di nach bhfuil liostaithe maidir le teacht isteach na speiceas áirithe agus na catagóire áirithe táirgí de bhunadh ainmhíoch, ach má tá sí liostaithe maidir le teacht isteach táirgí feola, táirgí déiríochta nó táirgí uibhe san Aontas.

(5)

Chun ualach riaracháin míchuí a sheachaint maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha lena mbaineann riosca íseal do shláinte ainmhithe a theacht isteach san Aontas, ba cheart a cheadú don oibreoir atá freagrach as teacht isteach na gcoinsíneachtaí san Aontas an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 163 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a shíniú.

(6)

Leis na rialacha i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, déantar forlíonadh ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/429. Toisc go bhfuil gaol idir na rialacha sin, leagtar síos iad le chéile in aon ghníomh amháin. Ar mhaithe le soiléireacht agus chun iad a chur i bhfeidhm go héifeachtach, is iomchuí na rialacha lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leagan síos freisin i ngníomh tarmligthe ar leith lena bhforáiltear tacar cuimsitheach ceanglas maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a leasú dá réir sin.

(8)

Ós amhlaidh a bheidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón 21 Aibreán 2021, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart an Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 162 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Airteagal 162

Táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí feola, táirgí déiríochta, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus/nó táirgí uibhe”

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Ní cheadófar do choinsíneachtaí de na táirgí ilchodacha seo a leanas teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann táirgí ilchodacha na gcoinsíneachtaí ó thríú tír nó críoch nó crios di atá liostaithe maidir le teacht isteach san Aontas i leith na dtáirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha sin:

(a)

táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí feola;

(b)

táirgí ilchodacha nach táirgí ilchodacha fadré iad ina bhfuil táirgí déiríochta, agus/nó táirgí uibhe

(c)

táirgí ilchodacha ina bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí.”;

2.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 163:

“Airteagal 163

Ceanglais shonracha maidir le táirgí ilchodacha fadré

1.   De mhaolú ar Airteagal 3, pointe (c)(i), maidir le coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha nach bhfuil táirgí feola iontu, seachas geilitín agus collaigin, nó táirgí bunaithe ar ghruth buí, agus a ndearadh cóireáil orthu le go n-éireoidís ina dtáirgí fadré ag teocht chomhthimpeallach, ceadófar a dteacht isteach san Aontas agus dearbhú a bheith ag gabháil leo, mar a fhoráiltear dó i mír 2, má tá an méid seo a leanas iontu:

(a)

táirgí déiríochta a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(i)

ní dhearnadh cóireáil maolaithe riosca orthu dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XXVII, ar choinníoll go bhfuarthas na táirgí déiríochta:

san Aontas; nó

i dtríú tír nó críoch nó crios di atá liostaithe maidir le táirgí déiríochta a theacht isteach san Aontas gan cóireáil maolaithe riosca ar leith a dhéanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 156, agus go bhfuil an tríú tír nó críoch nó crios di ina dtáirgtear an táirge ilchodach, más éagsúil, liostaithe freisin maidir le teacht isteach na dtáirgí sin san Aontas gan an oibleagáid cóireáil shonrach maolaithe riosca a chur i bhfeidhm;

(ii)

rinneadh cóireáil maolaithe riosca orthu dá bhforáiltear i gcolún A nó B d’Iarscríbhinn XXVII agus atá ábhartha le haghaidh speiceas tionscnaimh an bhainne, ar choinníoll go bhfuarthas iad i dtríú tír nó críoch nó crios di atá liostaithe maidir le táirgí déiríochta a ndearnadh cóireáil maolaithe riosca shonrach orthu a theacht isteach san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 157, agus go bhfuil an tríú tír nó críoch nó crios di, más éagsúil, ina dtáirgtear an táirge ilchodach liostaithe freisin maidir le teacht isteach na dtáirgí sin san Aontas má rinneadh cóireáil maolaithe riosca shonrach orthu;

(iii)

rinneadh cóireáil maolaithe riosca orthu atá ar a laghad coibhéiseach leis na cinn dá dtagraítear i gcolún B d’Iarscríbhinn XXVII, gan beann ar speiceas tionscnaimh an bhainne, más rud é nach gcomhlíonann na táirgí déiríochta na ceanglais uile dá bhforáiltear i bpointí (i) nó (ii) nó má fuarthas iad i dtríú tír, críoch nó crios di nach bhfuil údaraithe maidir le teacht isteach táirgí déiríochta san Aontas ach atá údaraithe maidir le teacht isteach táirgí eile de bhunadh ainmhíoch san Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(b)

táirgí uibhe a ndearnadh cóireáil maolaithe riosca orthu atá coibhéiseach leis an gcóireáil dá bhforáiltear in Iarscríbhinn XXVIII.

2.   Maidir leis an dearbhú dá dtagraítear i mír 1:

(a)

ní ghabhfaidh an dearbhú sin le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha ach amháin i gcásanna ina bhfuil ceann scríbe deiridh na dtáirgí ilchodacha san Aontas;

(b)

is é an t-oibreoir atá freagrach as teacht isteach na dtáirgí ilchodacha san Aontas, is é an t-oibreoir sin a eiseoidh an dearbhú sin, dearbhú lena bhfianaítear go gcomhlíonann na táirgí ilchodacha sa choinsíneacht na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1.

3.   De mhaolú ar Airteagal 3, pointe (a)(i), maidir le táirgí déiríochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), den Airteagal seo, agus táirgí uibhe atá i dtáirgí ilchodacha a ndearnadh cóireáil orthu chun go n-éireoidís ina dtáirgí fadré ag teocht chomhthimpeallach, ceadófar a dteacht isteach san Aontas má thagann siad ó thríú tír, críoch nó crios di nach bhfuil liostaithe go sonrach maidir le teacht isteach na dtáirgí sin de bhunadh ainmhíoch san Aontas ach atá liostaithe maidir le teacht isteach ceachtar díobh seo a leanas san Aontas:

(a)

táirgí feola, táirgí déiríochta nó táirgí uibhe;

(b)

táirgí iascaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625.”

Airteagal 2

Tagairtí d’Airteagal 163(a) a bhíodh de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, is mar thagairtí d’Airteagal 163(1) den Rialachán Tarmligthe sin a dhéanfar iad a fhorléiriú.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis teacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).


Top