Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1031

Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meitheamh 2022 maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta - IPI) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/15/2022/REV/1

IO L 173, 30.6.2022, p. 1–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1031/oj

30.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 173/1


RIALACHÁN (AE) 2022/1031 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 23 Meitheamh 2022

maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus maidir le nósanna imeachta a thacaíonn leis an gcaibidlíocht maidir le rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha (Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta - IPI)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas comhbheartais agus comhghníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú, agus tá sé le feabhas a chur ar chomhar i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta, chun, inter alia, lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagar domhanda a chothú, lena n-áirítear trí shrianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile.

(2)

De bhun Airteagal 206 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá an tAontas le rannchuidiú, trí aontas custaim a bhunú, ar mhaithe leis an leas coiteann, le forbairt chomhchuí na trádála domhanda, le díothú comhleanúnach srianta ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar infheistíocht dhíreach choigríche, agus le hísliú bacainní custaim agus bacainní eile.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 26 CFAE, tá an tAontas le bearta a ghlacadh is gá chun margadh inmheánach a bhunú nó chun oibriú an mhargaidh sin a áirithiú, arb é atá sa mhargadh sin limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil i gcomhréir leis na Conarthaí. Tagann rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí tríú tír ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais faoi raon feidhme an chomhbheartais tráchtála.

(4)

Le hAirteagal III:8 den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, 1994 agus le hAirteagal XIII den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí, eisiatar soláthar rialtais ó raon feidhme dhisciplíní iltaobhacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT).

(5)

Faoi chreat EDT agus trína chaidreamh déthaobhach, molann an tAontas oscailt uaillmhianach a dhéanamh ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais an Aontais agus a gcomhpháirtithe trádála, de mheon cómhalartachta agus comhshochair.

(6)

Le Comhaontú ilpháirtithe EDT maidir le Soláthar Rialtais agus comhaontuithe trádála an Aontais ina bhfuil forálacha maidir le soláthar poiblí, ní dhéantar foráil ach do rochtain a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais na dtríú tíortha atá ina bpáirtithe sna comhaontuithe sin.

(7)

I gcás inar páirtí i gComhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais í tríú tír nó má tá comhaontú trádála tugtha i gcrích aici leis an Aontas ina bhfuil forálacha maidir le soláthar poiblí, ba cheart don Choimisiún cloí leis na sásraí comhairliúcháin nó leis na nósanna imeachta um réiteach díospóide a leagtar amach sna comhaontuithe sin i gcás ina mbaineann na cleachtais shriantacha le soláthar poiblí atá cumhdaithe ag gealltanais maidir le rochtain ar an margadh a thug an tríú tír sin i leith an Aontais.

(8)

Tá leisce ar chuid mhór tríú tíortha iomaíocht idirnáisiúnta a ligean isteach ina margaí soláthair phoiblí nó lamháltais, nó feabhas a chur ar an rochtain ar na margaí sin. Dá thoradh sin, bíonn oibrithe eacnamaíocha an Aontais faoi réir cleachtais shriantacha soláthair phoiblí i gcuid mhór tríú tíortha, rud is cúis le caillteanas mórdheiseanna trádála.

(9)

Le Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta chun feidhmiú chearta an Aontais a áirithiú faoi chomhaontuithe trádála idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas. Níl rialacha na nósanna imeachta den sórt sin ann i dtaca le conas déileáil le hoibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí nach gcumhdaítear le comhaontuithe idirnáisiúnta den sórt sin.

(10)

Le gealltanais idirnáisiúnta maidir le rochtain ar an margadh a thug an tAontas i leith tríú tíortha i réimse an tsoláthair phoiblí agus na lamháltas, éilítear, inter alia, go gcaithfear go cothrom le hoibreoirí eacnamaíocha ó na tríú tíortha sin. Dá bhrí sin, ní féidir feidhm a bheith ag bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo ach amháin maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thríú tíortha nach páirtithe iad i gComhaontú ilpháirtithe EDT maidir le Soláthar Rialtais nó i gcomhaontuithe trádála déthaobhacha nó iltaobhacha arna dtabhairt i gcrích leis an Aontas lena n-áirítear gealltanais i leith rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais, nó maidir le hoibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thíortha ar páirtithe iad sna comhaontuithe sin, ach sin i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí, seirbhísí nó lamháltais nach gcumhdaítear leis na comhaontuithe sin agus i ndáil leis sin amháin. I gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE (4), 2014/24/AE (5) agus 2014/25/AE (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus mar a soiléiríodh le teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2019 dar teideal Guidance on the participation of third country bidders and goods in the EU procurement market [Treoir maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí agus earraí ó thríú tíortha i margadh soláthair an Aontais], oibreoirí eacnamaíocha ó thríú tíortha nach bhfuil aon chomhaontú acu lena bhforáiltear d’oscailt mhargadh soláthair an Aontais nó nach bhfuil a n-earraí, a seirbhísí ná a n-oibreacha cumhdaithe le comhaontú den sórt sin, níl slánrochtain acu ar nósanna imeachta soláthair san Aontas agus féadfar iad a eisiamh.

(11)

Chun aon bheart arna ghlacadh faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach d’fhonn feabhas a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais tríú tíortha áirithe, tá gá le sraith shoiléir rialacha tionscnaimh d’oibreoirí eacnamaíocha, d’earraí agus do sheirbhísí.

(12)

Ba cheart tionscnamh earra a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(13)

Ba cheart tionscnamh seirbhíse a chinneadh ar bhonn thionscnamh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an tseirbhís á soláthar aige nó aici. Ba cheart tionscnamh duine dhlítheanaigh a mheas mar an tír ar faoina dlíthe a bunaíodh nó a eagraíodh ar shlí eile duine dlítheanach agus ar ina críoch atá an duine dlítheanach a gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó. Daoine dlítheanacha a bunaíodh nó a eagraíodh ar shlí eile faoi dhlíthe Ballstáit, níor cheart a mheas gur san Aontas atá a dtionscnamh ach amháin má tá nasc díreach éifeachtach acu le geilleagar Ballstáit. Chun imchéimniú féideartha ar bheart de chuid na hIonstraime Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta (IPI) a sheachaint, tionscnamh daoine dlítheanacha atá faoi rialú coigríche nó faoi úinéireacht choigríche nach bhfuil ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó ar chríoch tríú tír nó ar chríoch Ballstáit, ar faoina dlíthe nó dhlíthe a bunaíodh nó a eagraíodh ar shlí eile iad, féadfar gur gá an tionscnamh sin a chinneadh freisin trí ghnéithe eile a chur san áireamh, amhail tionscnamh na n-úinéirí nó daoine eile a fheidhmíonn tionchar ceannasach ar an duine dlítheanach sin.

(14)

Agus measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún cé acu an bhfuil bearta sonracha nó cleachtais shonracha i dtríú tír a d’fhéadfadh lagú a dhéanamh ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí an Aontais ar na margaí soláthair phoiblí nó lamháltais, ba cheart dó scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a dhéanann dlíthe, rialacha nó bearta eile maidir le margaí soláthair phoiblí nó lamháltas an tríú tír lena mbaineann trédhearcacht a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus nach bhfuil srianta tromchúiseacha athfhillteacha i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí, nó seirbhísí an Aontais mar thoradh orthu. Lena chois sin, ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a dhéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha aonair tríú tír cleachtais shriantacha a ghlacadh nó a choimeád ar bun i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí an Aontais.

(15)

Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann imscrúdú trédhearcach a thionscnamh aon uair ar bhearta nó cleachtais a líomhnaítear a bheith sriantach arna gcoimeád ar bun nó arna nglacadh ag tríú tír.

(16)

I bhfianaise chuspóir foriomlán beartais an Aontais tacú le fás eacnamaíoch na dtíortha is lú forbairt agus a lánpháirtiú i slabhraí luacha domhanda, níor cheart don Choimisiún tús a chur le himscrúdú i ndáil le tíortha a bhaineann tairbhe as an socrú “Aon rud Seachas Airm” a liostaítear in Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(17)

Agus an t-imscrúdú á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an tríú tír lena mbaineann dul i mbun comhairliúchán d’fhonn deireadh a chur le haon bhearta sriantacha nó cleachtais shriantacha nó d’fhonn iad a leigheas agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar na deiseanna tairisceana atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais maidir le margaí soláthair phoiblí nó lamháltais sa tríú tír sin.

(18)

Tá sé ríthábhachtach an t-imscrúdú a dhéanamh ar bhealach trédhearcach. Ba cheart, dá bhrí sin, tuarascáil ar phríomhthorthaí an imscrúdaithe a chur ar fáil don phobal.

(19)

I gcás ina ndearbhaítear leis an imscrúdú gurb ann do bhearta sriantacha nó do chleachtais shriantacha, agus mura rud é go leanfaidh gníomhaíochtaí ceartaitheacha sásúla as na comhairliúcháin leis an tríú tír lena mbaineann, ar gníomhaíochtaí iad a leigheasann an lagú tromchúiseach agus athfhillteach ar rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais laistigh d’achar ama réasúnta nó i gcás ina ndiúltaíonn an tríú tír lena mbaineann dul i mbun comhairliúchán, ba cheart don Choimisiún beart IPI a ghlacadh faoin Rialachán seo i bhfoirm coigeartú scóir nó tairiscintí a eisiamh má mheasann sé gur chun leasa an Aontais é a ghlacadh.

(20)

An cinneadh i dtaobh an chun leasa an Aontais beart IPI a ghlacadh, ba cheart é a bheith bunaithe ar léirthuiscint ar na leasanna éagsúla uile ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna oibreoirí eacnamaíocha an Aontais. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí a bhaineann le beart den sórt sin a ghlacadh le hais thionchar an bhirt sin ar leasanna níos leithne an Aontais. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí aird ar leith ar an gcuspóir ginearálta cómhalartacht a bhaint amach trí mhargaí tríú tíortha a oscailt agus deiseanna rochtana ar an margadh a fheabhsú d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais. Ba cheart an cuspóir maidir le haon ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a theorannú d’údaráis chonarthacha agus d’eintitis chonarthacha mar aon le hoibreoirí eacnamaíocha a chur san áireamh freisin.

(21)

Níor cheart coigeartú scóir a chur i bhfeidhm ach amháin chun meastóireacht a dhéanamh ar thairiscintí arna dtíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh an tríú tír lena mbaineann. Le beart den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh don phraghas atá le híoc faoin gconradh atá le déanamh leis an tairgeoir a n-éireoidh leis nó léi. Nuair a chinneann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha a meastóireacht ar thairiscintí a bhunú ar phraghas nó ar chostas mar an t-aon chritéar dámhachtana conartha, ba cheart leibhéal an choigeartaithe scóir a shocrú ar leibhéal atá i bhfad níos airde chun éifeachtacht inchomparáide an bhirt IPI a áirithiú.

(22)

Ba cheart feidhm a bheith ag bearta IPI maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear creat-chomhaontuithe agus córais dhinimiciúla cheannaigh. I gcás ina ndéantar conradh sonrach a dhámhachtain faoi chóras dinimiciúil ceannaigh a bhfuil feidhm ag beart IPI maidir leis, ba cheart feidhm a bheith ag bearta IPI maidir leis an gconradh sonrach sin freisin. Níor cheart feidhm a bheith ag bearta IPI, áfach, maidir le conarthaí atá faoi bhun tairseach áirithe d’fhonn teorainn a chur leis an ualach foriomlán riaracháin atá ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha. Chun cur i bhfeidhm dúbailte féideartha bhearta IPI a sheachaint, níor cheart feidhm a bheith ag bearta den sórt sin maidir le conarthaí arna ndámhachtain bunaithe ar chreat-chomhaontú más rud é gur cuireadh bearta IPI i bhfeidhm cheana ag an gcéim a tugadh an creat-chomhaontú sin i gcrích.

(23)

Chun imchéimniú féideartha ar bheart IPI a sheachaint, ba cheart oibleagáidí iomchuí a fhorchur ar thairgeoirí a n-éireoidh leo. Níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí sin ach amháin maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí atá faoi réir beart IPI, agus maidir le conarthaí arna ndámhachtain bunaithe ar chreat-chomhaontú i gcás ina bhfuil luach conarthaí den sórt sin cothrom le tairseach áirithe nó os a chionn agus i gcás ina bhfuil an creat-chomhaontú sin faoi réir beart IPI.

(24)

I gcás ina dtéann tríú tír i mbun caibidlíocht substainteach a bhfuil dul chun cinn déanta ina leith leis an Aontas maidir le rochtain ar an margadh i réimse an tsoláthair phoiblí, d’fhonn deireadh a chur leis an lagú ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó sheirbhísí an Aontais ar a margaí soláthair phoiblí nó lamháltais nó d’fhonn é a leigheas, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann, le linn na caibidlíochta, bearta IPI a chur ar fionraí a thagraíonn don tríú tír lena mbaineann.

(25)

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha bearta IPI i bhfeidhm go haonfhoirmeach san Aontas. Chun éagsúlacht acmhainneacht riaracháin na n-údarás conarthach agus na n-eintiteas conarthach a chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an díolúine ó bhearta IPI a iarraidh do liosta teoranta d’údaráis chonarthacha áitiúla faoi dhiancheanglais áirithe. Agus é ag seiceáil liostaí na n-údarás conarthach áitiúil mar a mhol na Ballstáit, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh an Coimisiún cás ar leith na n-údarás conarthach sin san áireamh maidir le, inter alia, leibhéil an daonra agus an staid gheografach. Le díolúine den sórt sin, d’fhéadfaí tagairt a dhéanamh freisin do nósanna imeachta soláthair phoiblí ar cheart do na húdaráis chonarthacha sin a bheith in ann a chur i gcrích faoi chreat-chomhaontuithe nó faoi chórais dhinimiciúla cheannaigh.

(26)

Tá sé ríthábhachtach rochtain a bheith ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha, ag praghas iomaíoch, ar raon táirgí ardchaighdeáin a chomhlíonann a gceanglais cheannaigh. Dá bhrí sin, ba cheart d’údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a bheith in ann gan bearta IPI a chur i bhfeidhm lena gcuirtear teorainn le rochtain earraí agus seirbhísí neamhchumhdaithe i gcás nach bhfuil aon earraí nó seirbhísí de chuid an Aontais nó atá cumhdaithe ann a chomhlíonann ceanglais an údaráis chonarthaigh nó an eintitis chonarthaigh nó chun riachtanais bhunriachtanacha beartais phoiblí a choimirciú, mar shampla maidir le cúiseanna sáraitheacha a bhaineann leis an tsláinte phoiblí nó cosaint an chomhshaoil. Nuair a chuireann na húdaráis chonarthacha agus na heintitis chonarthacha na heisceachtaí sin i bhfeidhm, ba cheart an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin ar bhealach tráthúil agus cuimsitheach ionas gur féidir faireachán iomchuí a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(27)

I gcás ina ndéanann údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha bearta IPI a mhífheidhmiú, rud a dhéanann difear diúltach do dheiseanna oibreoirí eacnamaíocha ceart a bheith acu páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair phoiblí, ba cheart Treoracha 89/665/CEE (9) agus 92/13/CEE (10) ón gComhairle a bheith infheidhme. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha a ndéantar difear dóibh a bheith in ann nós imeachta athbhreithniúcháin a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena gcuirtear na Treoracha sin chun feidhme más rud é, mar shampla, go measann na hoibreoirí eacnamaíocha sin gur cheart oibreoir eacnamaíoch atá san iomaíocht a eisiamh nó gur cheart tairiscint a rangú níos ísle de bharr beart IPI a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann an sásra ceartaitheach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 89/665/CEE nó Airteagal 8 de Threoir 92/13/CEE.

(28)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

(29)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le beart IPI a ghlacadh, a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a chur i bhfeidhm arís nó maidir le síneadh a chur leis, agus ba cheart don Choiste um Bacainní Trádála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“an Rialachán maidir le Bacainní Trádála”) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Ós rud é go bhféadfadh éifeachtaí éagsúla a bheith ag bearta IPI ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais an Aontais, ba cheart oiriúnú a dhéanamh ar an nós imeachta coiste is infheidhme maidir le dréachtghníomhartha cur chun feidhme lena ndéantar foráil maidir le tairiscintí a eisiamh agus i gcásanna den sórt sin, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(30)

Más gá agus i gcás ábhair a dhéanann difear do chreat dlíthiúil an Aontais maidir le soláthar poiblí, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann comhairle a lorg ón gCoiste Comhairleach um Chonarthaí Poiblí a bunaíodh le Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle (13).

(31)

Níor cheart faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar ina leith a iarradh í agus urraim chuí á tabhairt do na ceanglais is infheidhme de chuid an Aontais agus do na ceanglais náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus rúndacht. Ba cheart feidhm dá réir a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14) agus ag Airteagal 28 de Threoir 2014/23/AE, ag Airteagal 21 de Threoir 2014/24/AE agus ag Airteagal 39 de Threoir 2014/25/AE.

(32)

I gcomhréir le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (15) agus d’fhonn, inter alia, an t-ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, a laghdú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú rialta a dhéanamh ar raon feidhme, feidhmiú agus éifeachtúlacht an Rialacháin. Le hathbhreithniú den sórt sin, thabharfaí aghaidh, inter alia, ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as aon mhodh atá ar fáil chun malartú faisnéise a éascú, lena n-áirítear saoráidí soláthair leictreonaigh amhail na foirmeacha caighdeánacha chun fógraí a fhoilsiú i réimse an tsoláthair phoiblí, de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún (16), chomh maith leis an ualach a bhíonn ar údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu. Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dó tograí reachtacha a thíolacadh.

(33)

Rialacha agus prionsabail maidir leis an soláthar poiblí is infheidhme maidir le conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an Aontais as a stuaim féin, leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) iad agus, dá bhrí sin, ní thagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Faoi Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, tá na rialacha sin bunaithe ar na rialacha a leagtar amach i dTreoracha 2014/23/AE agus 2014/24/AE. Dá bhrí sin, is iomchuí a mheas, i gcomhthéacs athbhreithniú ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, cibé ar cheart na rialacha agus na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm freisin maidir le conarthaí poiblí arna ndámhachtain ag institiúidí de chuid an Aontais.

(34)

Chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag údaráis chonarthacha, eintitis chonarthacha agus oibreoirí eacnamaíocha a éascú, ba cheart don Choimisiún treoirlínte a eisiúint. Ba cheart faisnéis a sholáthar sna treoirlínte sin, go háirithe, faoi na coincheapa maidir le tionscnamh daoine nádúrtha agus dlítheanacha, tionscnamh earraí agus seirbhísí, oibleagáid bhreise agus cur i bhfeidhm na bhforálacha sin faoi chuimsiú an Rialacháin seo. I bhfianaise chuspóir foriomlán beartais an Aontais tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ba cheart a chur san áireamh sna treoirlínte sin riachtanais shonracha faisnéise FBManna agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu d’fhonn nach gcuirfí ró-ualach orthu,

(35)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus chun an bunchuspóir a ghnóthú arb é atá ann feabhas a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais tríú tíortha trí bhearta maidir le soláthar neamhchumhdaithe a bhunú, is gá agus is iomchuí rialacha a leagan síos maidir le nósanna imeachta don Choimisiún ionas gur féidir leis imscrúduithe a dhéanamh ar bhearta nó cleachtais líomhnaithe tríú tír i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais, agus dul i mbun comhairliúchán leis na tríú tíortha lena mbaineann. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) CAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear bearta maidir le soláthar neamhchumhdaithe, atá ceaptha feabhas a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí agus lamháltais tríú tíortha. Leagtar síos leis nósanna imeachta ionas gur féidir leis an gCoimisiún imscrúduithe a dhéanamh ar bhearta nó cleachtais líomhnaithe tríú tír i gcoinne oibreoirí eacnamaíocha, earraí agus seirbhísí an Aontais, agus dul i mbun comhairliúchán leis na tríú tíortha lena mbaineann.

Leis an Rialachán seo, foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún bearta IPI a fhorchur i ndáil le bearta nó cleachtais tríú tír den sórt sin chun srian a chur ar an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thríú tíortha ar nósanna imeachta soláthair phoiblí de chuid an Aontais.

2.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a chumhdaítear leis na gníomhartha seo a leanas:

(a)

Treoir 2014/23/AE;

(b)

Treoir 2014/24/AE;

(c)

Treoir 2014/25/AE.

3.   Ní dochar an Rialachán seo d’aon oibleagáidí idirnáisiúnta de chuid an Aontais ná do bhearta a fhéadfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis chonarthacha nó a n-eintitis chonarthacha a dhéanamh i gcomhréir leis na gníomhartha dá dtagraítear i mír 2.

4.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí arna seoladh tar éis a theacht i bhfeidhm. Ní bheidh feidhm ag beart IPI ach amháin maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí a chumhdaítear leis an mbeart IPI agus a seoladh idir teacht i bhfeidhm an bhirt IPI sin agus dul in éag, tarraingt siar nó cur ar fionraí an bhirt IPI sin. Cuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tagairt do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus d’aon bheart IPI is infheidhme sna doiciméid soláthair phoiblí le haghaidh nósanna imeachta a thagann faoi raon feidhme bheart IPI.

5.   Beidh feidhm ag ceanglais chomhshaoil, shóisialta agus saothair maidir le hoibreoirí eacnamaíocha i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE, nó dlí eile de chuid an Aontais.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” oibreoir eacnamaíoch mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(b)

ciallaíonn “earraí” earraí dá dtagraítear i gcuspóir nós imeachta soláthair phoiblí agus i sonraíochtaí an chonartha ábhartha, ach ní chumhdaíonn siad aon ionchur, aon ábhar nó aon chomhábhar atá ionchorpraithe sna hearraí arna soláthar;

(c)

ciallaíonn “luach measta” luach measta conartha a ríomhtar i gcomhréir le Treoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(d)

ciallaíonn “coigeartú scóir” an laghdú coibhneasta a dhéantar ar chéatadán áirithe de scór tairisceana, mar thoradh ar mheastóireacht a rinne údarás conarthach nó eintiteas conarthach uirthi, ar bhonn na gcritéar dámhachtana conartha a shainítear sna doiciméid soláthair phoiblí ábhartha. I gcásanna inarb é an praghas nó an costas an t-aon chritéar dámhachtana conartha, ciallaíonn an coigeartú scóir an méadú coibhneasta, chun críche meastóireacht a dhéanamh ar thairiscintí, le céatadán áirithe den phraghas atá á thairiscint ag tairgeoir;

(e)

ciallaíonn “fianaise” aon fhaisnéis, deimhniú, doiciméad tacaíochta nó ráiteas a bhfuil sé d’aidhm aici nó aige a chruthú go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 8 á gcomhlíonadh, amhail:

(i)

doiciméid lena léirítear gur de thionscnamh an Aontais nó de thionscnamh tríú tír na hearraí;

(ii)

tuairisc ar phróisis mhonaraíochta, lena n-áirítear samplaí, tuairiscí nó grianghraif, le haghaidh earraí atá le soláthar;

(iii)

sliocht de chláir ábhartha nó de ráitis airgeadais do thionscnamh na seirbhísí, lena n-áirítear uimhir aitheantais cánach breisluacha (CBL);

(f)

ciallaíonn “údarás conarthach” údarás conarthach mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(g)

ciallaíonn “eintiteas conarthach” eintiteas conarthach mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/23/AE agus 2014/25/AE;

(h)

ciallaíonn “páirtí leasmhar” aon duine nó eintiteas a bhféadfadh beart nó cleachtas tríú tír difear a dhéanamh dá leas, amhail gnóthais, comhlachais gnóthas nó na príomheagraíochtaí tras-tionscail a dhéanann ionadaíocht do chomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais;

(i)

ciallaíonn “beart nó cleachtas tríú tír” aon bheart, nós imeachta nó cleachtas de chineál reachtach, rialaitheach nó riaracháin, nó aon chomhcheangal de na nithe sin, arna ghlacadh nó arna choimeád ar bun ag údaráis phoiblí nó ag údaráis chonarthacha aonair nó ag eintitis chonarthacha aonair i dtríú tír, ar aon leibhéal, agus a bhfuil mar thoradh air lagú tromchúiseach agus athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó sheirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais an tríú tír sin;

(j)

ciallaíonn “beart IPI” beart arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo lena gcuirtear teorainn leis an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí de thionscnamh tríú tíortha ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais an Aontais i réimse an tsoláthair neamhchumhdaithe;

(k)

ciallaíonn “soláthar neamhchumhdaithe” nósanna imeachta soláthair phoiblí le haghaidh earraí, seirbhísí nó lamháltais nach bhfuil gealltanais maidir le rochtain ar an margadh tugtha ag an Aontas ina leith i gcomhaontú idirnáisiúnta i réimse an tsoláthair phoiblí nó na lamháltas;

(l)

ciallaíonn “conarthaí” conarthaí poiblí mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/24/AE, lamháltais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/23/AE agus conarthaí soláthair, oibreacha agus seirbhíse mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/25/AE;

(m)

ciallaíonn “tairgeoir” tairgeoir mar a shainmhínítear i dTreoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE;

(n)

ciallaíonn “tír” aon Stát nó críoch chustaim ar leith, ach gan impleachtaí ceannasachta a bheith ag an téarma sin;

(o)

ciallaíonn “fochonraitheoireacht” go socraítear go ndéanann tríú páirtí cuid de chonradh a fhorghníomhú ach ní áirítear leis earraí nó codanna a sheachadadh amháin, ar earraí nó codanna iad atá riachtanach chun seirbhís a sholáthar.

2.   Chun críoch an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 6(3) agus (7) de, measfar gur soláthar seirbhíse é oibreacha nó obair de réir bhrí Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE a dhéanamh.

Airteagal 3

Tionscnamh a chinneadh

1.   Measfar gurb é a bheidh i dtionscnamh oibreora eacnamaíoch:

(a)

i gcás duine nádúrtha, an tír ar náisiúnach di an duine sin nó an tír a bhfuil ceart buanchónaithe ag an duine sin inti;

(b)

i gcás duine dlítheanach, ceachtar den dá rud seo a leanas:

(i)

an tír ar faoina dlíthe a bunaíodh nó a eagraíodh ar shlí eile an duine dlítheanach agus ar ina críoch atá an duine dlítheanach ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó;

(ii)

más rud é nach bhfuil an duine dlítheanach ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó ar chríoch na tíre ina bhfuil sé bunaithe nó ina bhfuil sé eagraithe ar shlí eile, is é a bheidh mar thionscnamh ag an duine dlítheanach ná tionscnamh an duine nó na ndaoine a d’fhéadfadh tionchar ceannasach a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar an duine dlítheanach de bhua a n-úinéireachta ar an duine dlítheanach sin, de bhua a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó de bhua na rialacha lena rialaítear an duine dlítheanach sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b)(ii), toimhdeofar go bhfuil tionchar ceannasach ag an duine sin nó ag na daoine sin ar an duine dlítheanach in aon cheann de na cásanna inar fíor an méid seo a leanas ina leith, bíodh sé ar bhealach díreach nó indíreach:

(a)

tá formhór de chaipiteal suibscríofa an duine dhlítheanigh acu;

(b)

rialaíonn siad formhór na vótaí a ghabhann leis na scaireanna arna n-eisiúint ag an duine dlítheanach; nó

(c)

is féidir leo níos mó ná leath de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta an duine dhlítheanaigh a cheapadh.

2.   I gcás inar grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas poiblí nó aon teaglaim díobh sin é oibreoir eacnamaíoch, agus gur de thionscnamh tríú tír duine amháin ar a laghad de dhaoine den sórt sin nó ceann amháin ar a laghad d’eintitis den sórt sin a bhfuil a hoibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí faoi réir beart IPI, beidh feidhm ag an mbeart IPI sin freisin maidir le tairiscintí arna dtíolacadh ag an ngrúpa sin.

Mar sin féin, i gcás inar lú ná 15 % de luach tairisceana a thíolaic an grúpa sin rannpháirtíocht daoine nó eintiteas den sórt sin i ngrúpa, ní bheidh feidhm ag an mbeart IPI sin maidir leis an tairiscint sin, ach amháin má tá na daoine nó na heintitis sin riachtanach chun tromlach ceann amháin ar a laghad de na critéir roghnúcháin a chomhlíonadh i nós imeachta soláthair phoiblí.

3.   Féadfaidh údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha, tráth ar bith le linn an nós imeachta soláthair phoiblí, a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch an fhaisnéis nó an doiciméadacht a bhaineann le fíorú thionscnamh an oibreora eacnamaíoch a thíolacadh, a fhorlíonadh, a shoiléiriú nó a chomhlánú laistigh de theorainn ama iomchuí, ar choinníoll go ndéantar iarrataí den sórt sin i gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne agus na trédhearcachta. I gcás ina mainníonn an t-oibreoir eacnamaíoch faisnéis nó doiciméadacht den sórt sin a chur ar fáil gan aon mhíniú réasúnach, agus ar an gcaoi sin go gcuireann an t-oibreoir eacnamaíoch cosc ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha tionscnamh an oibreora eacnamaíoch a fhíorú nó go ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch fíorú den sórt sin cóir a bheith dodhéanta nó an-deacair, eisiafar an t-oibreoir eacnamaíoch sin ó bheith rannpháirteach sa nós imeachta soláthair phoiblí lena mbaineann.

4.   Cinnfear tionscnamh earra i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus cinnfear tionscnamh seirbhíse ar bhonn thionscnamh an oibreora eacnamaíoch a sholáthraíonn í.

Airteagal 4

Díolúine d’earraí agus do sheirbhísí de thionscnamh na dtíortha is lú forbairt

Ní thionscnóidh an Coimisiún imscrúdú i ndáil leis na tíortha is lú forbairt a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, ach amháin má tá fianaise ann go bhfuiltear ag imchéimniú aon bheart IPI is féidir a chur i leith an tríú tír atá liostaithe nó a n-oibreoirí eacnamaíocha.

Caibidil II

Imscrúduithe, comhairliúcháin, bearta agus oibleagáidí

Airteagal 5

Imscrúduithe agus comhairliúcháin

1.   Ar a thionscnamh féin nó ar ghearán cuí-réasúnaithe ó pháirtí leasmhar de chuid an Aontais nó ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh faoi bheart nó cleachtas líomhnaithe de chuid tríú tír trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I bhfógra tionscnaimh den sórt sin, áireafor réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar bheart nó cleachtas an tríú tír agus iarrfar ar pháirtithe leasmhara agus ar Bhallstáit faisnéis ábhartha a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonrach ama.

Cuirfidh an Coimisiún uirlis ar líne ar fáil ar a shuíomh gréasáin. Úsáidfidh na Ballstáit agus páirtithe leasmhara de chuid an Aontais an uirlis sin chun gearán cuí-réasúnaithe a thíolacadh.

2.   Ar fhoilsiú an fhógra dá dtagraítear i mír 1, iarrfaidh an Coimisiún ar an tríú tír lena mbaineann a tuairimí a chur faoina bhráid, faisnéis ábhartha a sholáthar agus dul i gcomhairle leis an gCoimisiún chun deireadh a chur le beart nó cleachtas líomhnaithe an tríú tír nó chun é a leigheas. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas go tráthrialta maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán laistigh den Choiste um Bacainní Trádála a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/1843.

3.   Tabharfar an t-imscrúdú agus na comhairliúcháin chun críche laistigh de thréimhse 9 mí tar éis dháta a dtionscnaimh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún an tréimhse sin a fhadú 5 mhí trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tríd an tríú tír, na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoin bhfadú sin.

4.   Ar thabhairt chun críche an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil don phobal ina leagfar amach príomhthorthaí an imscrúdaithe agus an ghníomhaíocht atá á beartú. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

5.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, tar éis a imscrúdaithe, maidir le beart nó cleachtas líomhnaithe an tríú tír, nach gcoimeádtar ar bun é nó nach mbíonn mar thoradh air lagú tromchúiseach agus athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó sheirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais an tríú tír, cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an imscrúdú, agus foilseoidh sé fógra um fhoirceannadh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Féadfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú agus na comhairliúcháin a chur ar fionraí tráth ar bith i gcás ina ndéanann an tríú tír lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)

gníomhaíochtaí ceartaitheacha sásúla a ghlacadh chun deireadh a chur leis an lagú tromchúiseach athfhillteach ar rochtain oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó sheirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais an tríú tír, nó chun é a leigheas, agus ar an gcaoi sin rochtain den sórt sin a fheabhsú; nó

(b)

gealltanais a thabhairt i leith an Aontais deireadh a chur le beart nó cleachtas an tríú tír nó é a chéimniú amach, lena n-áirítear trí raon feidhme comhaontaithe atá ann cheana a leathnú chuig soláthar poiblí, laistigh de thréimhse réasúnta ama agus tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis gealltanais den sórt sin a thabhairt.

7.   Cuirfidh an Coimisiún tús leis an imscrúdú agus na comhairliúcháin an athuair tráth ar bith má thagann sé ar an tátal nach bhfuil na cúiseanna leis an bhfionraí bailí a thuilleadh.

8.   Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcás ina gcuirtear an t-imscrúdú agus na comhairliúcháin ar fionraí nó i gcás ina gcuirtear tús leo an athuair.

Airteagal 6

Bearta IPI

1.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, tar éis imscrúdú agus comhairliúcháin de bhun Airteagal 5, gurb ann do bheart nó cleachtas de chuid tríú tír, déanfaidh sé, má mheasann sé gur chun leasa an Aontais é, beart IPI a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

2.   Cinneadh i dtaobh an bhfuil sé chun leasa an Aontais beart IPI a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar léirthuiscint ar na leasanna éagsúla uile ina n-iomláine, lena n-áirítear leasanna oibreoirí eacnamaíocha an Aontais. Ní ghlacfar bearta IPI i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal, ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil, nach bhfuil sé chun leasa an Aontais bearta den sórt sin a ghlacadh.

3.   Cinnfear an beart IPI i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil agus ar bhonn na gcritéar seo a leanas:

(a)

comhréireacht an bhirt IPI maidir le beart nó cleachtas an tríú tír;

(b)

infhaighteacht foinsí malartacha soláthair do na hearraí agus na seirbhísí lena mbaineann, chun gur féidir drochthionchar suntasach ar údaráis chonarthacha agus ar eintitis chonarthacha a sheachaint nó a íoslaghdú.

4.   Ní bheidh feidhm ag an mbeart IPI ach amháin maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí ar mó a luach measta ná tairseach atá le cinneadh ag an gCoimisiún i bhfianaise thorthaí an imscrúdaithe agus na gcomhairliúchán, agus na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcur san áireamh. Ba cheart an luach measta sin a bheith cothrom le EUR 15 000 000 nó os a chionn glan ó CBL le haghaidh oibreacha agus lamháltas, agus cothrom le EUR 5 000 000 nó os a chionn glan ó CBL le haghaidh earraí agus seirbhísí.

5.   Beidh feidhm ag an mbeart IPI i gcás conarthaí sonracha arna ndámhachtain faoi chóras dinimiciúil ceannaigh i gcás ina bhfuil feidhm ag an mbeart IPI maidir leis na córais dhinimiciúla cheannaigh sin freisin, cé is moite de chonarthaí sonracha a bhfuil a luach measta faoi bhun na luachanna faoi seach a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE nó Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE. Ní bheidh feidhm ag an mbeart IPI maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí chun conarthaí a dhámhachtain bunaithe ar chreat-chomhaontú nó maidir le conarthaí le haghaidh míreanna aonair atá le dámhachtain i gcomhréir le hAirteagal 5(10) de Threoir 2014/24/AE nó Airteagal 16(10) de Threoir 2014/25/AE.

6.   Sa bheart IPI dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, laistigh den raon feidhme a bunaíodh i mír 8, an rochtain atá ag oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí ó thríú tír ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a shrianadh trína cheangal ar údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

coigeartú scóir a fhorchur ar thairiscintí arna dtíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh an tríú tír sin; nó

(b)

tairiscintí arna dtíolacadh ag oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh an tríú tír sin a eisiamh.

7.   Ní bheidh feidhm ag an gcoigeartú scóir dá dtagraítear i mír 6, pointe (a), ach amháin chun meastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí agus chun iad a rangú. Ní dhéanfaidh sé difear don phraghas atá le híoc faoin gconradh atá le déanamh leis an tairgeoir a n-éireoidh leis nó léi.

8.   Sa bheart IPI dá dtagraítear i mír 1, sonróidh an Coimisiún raon feidhme chur i bhfeidhm an bhirt IPI, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

earnálacha nó catagóirí na n-earraí, na seirbhísí agus na lamháltas bunaithe ar an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), chomh maith le haon eisceachtaí is infheidhme;

(b)

na catagóirí sonracha d’údaráis chonarthacha nó d’eintitis chonarthacha;

(c)

na catagóirí sonracha d’oibreoirí eacnamaíocha;

(d)

na tairseacha sonracha atá cothrom leis na tairseacha a leagtar amach i mír 4 nó os a gcionn;

(e)

i gcás inarb iomchuí, na luachanna céatadáin de choigeartú scóir dá dtagraítear i mír 6, pointe (a).

Déanfar luach céatadáin an choigeartaithe dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír a shocrú ag 50 % de scór meastóireachta na tairisceana, ag brath ar an tríú tír agus ar earnáil na n-earraí, na seirbhísí, na n-oibreacha nó na lamháltas atá beartaithe. Chun críche nósanna imeachta soláthair phoiblí, i gcás inarb é an praghas nó an costas an t-aon chritéar dámhachtana conartha, is dhá oiread an luacha céatadáin mar a leagtar amach sa chéad abairt den fhomhír seo a bheidh sa choigeartú scóir. Le beart IPI, léireofar ar leithligh na luachanna céatadáin faoi seach.

9.   Agus an beart IPI á chinneadh bunaithe ar na roghanna faoi mhír 6, pointe (a) nó (b), roghnóidh an Coimisiún an cineál birt a bheadh comhréireach agus is mó a leigheasfadh go héifeachtach an leibhéal lagaithe rochtana d’oibreoirí eacnamaíocha, earraí nó seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais de chuid tríú tíortha.

10.   I gcás ina measann an Coimisiún go ndéanann an tríú tír gníomhaíochtaí ceartaitheacha sásúla chun deireadh a chur leis an lagú ar an rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha, táirgí nó seirbhísí an Aontais ar mhargaí soláthair phoiblí nó lamháltais an tríú tír sin nó chun é a leigheas, agus ar an gcaoi sin rochtain den sórt sin a fheabhsú, nó má thugann an tríú tír gealltanais go gcuirfear deireadh leis an mbeart nó leis an gcleachtas atá i dtrácht, féadfaidh an Coimisiún an beart IPI a tharraingt siar nó cur i bhfeidhm an bhirt IPI sin a chur ar fionraí.

I gcás ina measann an Coimisiún go ndearnadh na gníomhaíochtaí ceartaitheacha nó na gealltanais cheartaitheacha a tugadh a chealú, a chur ar fionraí nó a chur chun feidhme go míchuí, déanfaidh sé a thorthaí a chur ar fáil go poiblí agus cuirfidh sé an beart IPI i bhfeidhm arís, tráth ar bith.

Féadfaidh an Coimisiún beart IPI a tharraingt siar, a chur ar fionraí nó a chur i bhfeidhm arís trí bhíthin gníomh cur chun feidhme agus i gcásanna den sórt sin, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

11.   Rachaidh beart IPI in éag 5 bliana óna theacht i bhfeidhm. Féadfar síneadh 5 bliana a chur le beart IPI. Tionscnóidh an Coimisiún athbhreithniú ar an mbeart IPI atá i dtrácht tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dháta éaga an bhirt IPI sin, trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tabharfar athbhreithniú den sórt sin chun críche laistigh de 6 mhí ó fhoilsiú an fhógra ábhartha. Tar éis athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur le fad an bhirt IPI, é a choigeartú go hiomchuí nó beart eile IPI a chur ina ionad trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 7

Liosta na n-údarás conarthach atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo

1.   Ar iarraidh réasúnaithe ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn na nósanna imeachta dámhachtana atá faoi réir bearta IPI a dháileadh go cothrom i measc na mBallstát, liosta a ghlacadh d’údaráis chonarthacha áitiúla sa Bhallstát sin, laistigh d’aonaid riaracháin a bhfuil daonra faoi bhun 50 000 áitritheoir iontu, agus atá díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.   Ina iarraidh, cuirfidh an Ballstát faisnéis mhionsonraithe ar fáil lena dtugtar údar cuí leis an iarraidh ar dhíolúine agus maidir le luach na gconarthaí atá os cionn na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 6(4) den Rialachán seo, arna ndámhachtain ag na húdaráis chonarthacha uile nó ag na heintitis chonarthacha uile atá liostaithe le 3 bliana anuas ón 31 Nollaig roimh an iarraidh ar dhíolúine. Ní fhéadfar díolúine a dheonú ach amháin más mó luach iomlán na gconarthaí atá os cionn na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 6(4) den Rialachán seo, agus ar conarthaí iad arna ndámhachtain ag údaráis chonarthacha nó eintitis chonarthacha nach bhfuil le díolmhú, ná 80 % de luach iomlán na gconarthaí atá os cionn na dtairseach a thagann faoi raon feidhme Threoracha 2014/23/AE, 2014/24/AE agus 2014/25/AE arna ndámhachtain sa Bhallstát iarrthach sa tréimhse 3 bliana chéanna.

3.   Beidh an díolúine teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus comhréireach, agus acmhainneacht riaracháin na n-údarás conarthach atá le díolmhú á cur san áireamh.

4.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas sula nglacfaidh sé an liosta dá dtagraítear i mír 1. Beidh an liosta sin, atá le fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, bailí ar feadh tréimhse 3 bliana agus féadfar é a athbhreithniú nó a athnuachan gach 3 bliana ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 8

Oibleagáidí ar an tairgeoir a n-éireoidh leis nó léi

1.   I gcás nósanna imeachta soláthair phoiblí atá faoi réir beart IPI, agus i gcás conarthaí arna ndámhachtain ar bhonn creat-chomhaontú ina bhfuil luach measta na gconarthaí sin cothrom leis na luachanna a leagtar amach in Airteagal 8 de Threoir 2014/23/AE, Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE, nó os a gcionn, agus i gcás ina raibh na creat-chomhaontuithe sin faoi réir an bhirt IPI, áireoidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha freisin na hoibleagáidí seo a leanas i ndoiciméid soláthair phoiblí, oibleagáidí a bheidh ar thairgeoirí a n-éireoidh leo:

(a)

nach ndéanfar níos mó ná 50 % de luach iomlán an chonartha a ligean ar fochonradh chuig oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh tríú tír atá faoi réir beart IPI;

(b)

i gcás conarthaí a gcumhdaítear a n-ábhar soláthar earraí, a áirithiú ar feadh ré an chonartha nach mó ná 50 % de luach iomlán an chonartha earraí nó seirbhísí arna gcur ar fáil nó arna soláthar chun an conradh a fhorghníomhú agus atá de thionscnamh tríú tír atá faoi réir an bhirt IPI, gan beann ar cibé acu an é an tairgeoir a n-éireoidh leis nó an fochonraitheoir a sholáthraíonn nó a chuireann ar fáil na hearraí nó na seirbhísí sin go díreach;

(c)

fianaise leormhaith a chomhfhreagraíonn do phointe (a) nó (b) a sholáthar don údarás conarthach nó don eintiteas conarthach arna iarraidh sin dóibh, tráth a dhéanfar an conradh a fhorghníomhú ar a dhéanaí;

(d)

muirear comhréireach a íoc, i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b), idir 10 % agus 30 % de luach iomlán an chonartha.

2.   Chun críocha mhír 1, pointe (c), is leor fianaise a sholáthar gur de thionscnamh tíortha seachas an tríú tír atá faoi réir an bhirt IPI atá níos mó ná 50 % de luach iomlán an chonartha. Iarrfaidh an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach fianaise ábhartha i gcás inarb ann do thásca réasúnta de neamhchomhlíonadh mhír 1, pointe (a) nó (b), nó i gcás ina ndámhtar an conradh do ghrúpa oibreoirí eacnamaíocha ina bhfuil duine dlítheanach de thionscnamh an tríú tír atá faoi réir beart IPI.

3.   Cuirfidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha tagairt do na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo san áireamh sna doiciméid le haghaidh nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhfuil beart IPI infheidhme maidir leo.

Airteagal 9

Eisceachtaí

1.   Féadfaidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha a chinneadh, ar bhonn eisceachtúil, gan beart IPI a chur i bhfeidhm i leith nós imeachta soláthair phoiblí, sna cásanna seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann ach tairiscintí ó oibreoirí eacnamaíocha de thionscnamh tríú tír atá faoi réir beart IPI ceanglais na tairisceana; nó

(b)

tá údar leis an gcinneadh gan an beart IPI a chur i bhfeidhm ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail, amhail sláinte phoiblí nó cosaint an chomhshaoil.

2.   I gcás ina gcinneann údarás conarthach nó eintiteas conarthach gan beart IPI a chur i bhfeidhm, soláthróidh sé an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún, ar bhealach atá le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dhámhachtain an chonartha:

(a)

ainm agus sonraí teagmhála an údaráis chonarthaigh nó an eintitis chonarthaigh;

(b)

tuairisc ar chuspóir an chonartha;

(c)

faisnéis faoi thionscnamh na n-oibreoirí eacnamaíocha;

(d)

an foras ar ar bunaíodh an cinneadh gan an beart IPI a chur i bhfeidhm, agus an réasúnú mionsonraithe atá le cur i bhfeidhm na heisceachta;

(e)

i gcás inarb iomchuí, aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás conarthach nó an t-eintiteas conarthach a bheith úsáideach.

Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 10

Leigheasanna

Chun cosaint dlí a áirithiú d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil leas acu nó a raibh leas acu i gconradh ar leith a fháil a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, beidh feidhm dá réir sin ag Treoracha 89/665/CEE agus 92/13/CEE.

Caibidil III

Cumhachtaí cur chun feidhme, tuairisciú agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 11

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2015/1843 cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim chun dréachtbheart IPI a ghlacadh i bhfoirm eisiamh tairiscintí, de bhun Airteagal 6, mír 6, pointe (b), den Rialachán seo, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 12

Treoirlínte

Chun cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha agus ag oibreoirí eacnamaíocha a éascú, eiseoidh an Coimisiún treoirlínte laistigh de 6 mhí ón 29 Lúnasa 2022.

Airteagal 13

Tuairisciú

1.   Faoin 30 Lúnasa 2025 agus ar a laghad gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta, i ndáil le rochtain d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais ar na margaí soláthair phoiblí nó lamháltais de chuid tríú tíortha, arna ndéanamh faoin Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún, arna iarraidh sin, maidir le cur i bhfeidhm na mbeart faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir le líon na nósanna imeachta soláthair phoiblí ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal fo-lárnach inar cuireadh beart IPI ar leith i bhfeidhm, líon na dtairiscintí a fuarthas ó thríú tíortha faoi réir an bhirt IPI sin, chomh maith le cásanna inar cuireadh i bhfeidhm eisceacht shonrach ón mbeart IPI.

2.   Tuairisceoidh údaráis chonarthacha agus eintitis chonarthacha don Choimisiún trí Tenders electronic daily maidir le cur i bhfeidhm bhearta IPI, mar chuid den fhaisnéis faoi dhámhachtain conarthaí. Áireofar i dtuarascáil den sórt sin, i gcás gach nós imeachta ábhartha, faisnéis faoi chur i bhfeidhm bhearta IPI, líon na dtairiscintí a fuarthas ó thríú tíortha faoi réir an bhirt IPI ábhartha, líon na dtairiscintí ar cuireadh eisiamh na tairisceana nó coigeartú scóir i bhfeidhm ina leith agus cur i bhfeidhm eisceachtaí sonracha ón mbeart IPI. Bainfidh an Coimisiún úsáid as na sonraí sin agus an tuairisciú rialta a cheanglaítear faoin Airteagal seo á dhéanamh aige. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis bhreise ar fáil don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm beart faoin Rialachán seo arna iarraidh sin dó.

Airteagal 14

Athbhreithniú

Tráth nach déanaí ná 4 bliana tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh nó tráth nach déanaí ná an 30 Lúnasa 2027, cibé acu is túisce, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar raon feidhme, feidhmiú agus éifeachtúlacht an Rialacháin seo, agus tuairisceoidh sé a thorthaí do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seascadú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

F. RIESTER


(1)   IO C 264, 20.7.2016, lch. 110.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Meitheamh 2022.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 189, 27.6.2014, lch. 50).

(4)  Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).

(5)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(6)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).

(9)  Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithniúcháin chun conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí a dhámhachtain (IO L 395, 30.12.1989, lch. 33).

(10)  Treoir 92/13/CEE ón gComhairle an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta soláthair eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lch. 14).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(12)  Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (IO L 272, 16.10.2015, lch. 1).

(13)  Cinneadh 71/306/CEE ón gComhairle an 26 Iúil 1971 lena mbunaítear Coiste Comhairleach um Chonarthaí Oibreacha Poiblí (IO L 185, 16.8.1971, lch. 15).

(14)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).

(15)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(16)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1780 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha maidir le foilsiú fógraí i réimse an tsoláthair phoiblí agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1986 (“eForms”) (IO L 272, 25.10.2019, lch. 7).

(17)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(18)  Rialachán (CE) Uimh. 2195/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir leis an Stór Focal Comhchoiteann um Sholáthar (CPV) (IO L 340, 16.12.2002, lch. 1).


Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1031 Ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

Aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go bhfuil na rialacha nós imeachta coiste arna nglacadh faoin ionstraim seo gan dochar do thoradh caibidlíochta reachtaí eile atá ar siúl nó a dhéanfar amach anseo agus nár cheart iad a mheas mar fhasach do chomhaid reachtacha eile.


Ráiteas ón gCoimisiún i ndáil leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an Ionstraim Soláthair Phoiblí Idirnáisiúnta (Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar raon feidhme, feidhmiú agus éifeachtacht Rialachán (AE) 2022/1031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar an ngá atá le tíortha atá i mbéal forbartha a dhíolmhú óna chur i bhfeidhm, ar tíortha iad a thairbhíonn den socrú ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus go háirithe tairbhithe an tsocraithe speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas, mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 é. Faoi chuimsiú an athbhreithnithe sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar earnálacha a mheastar a bheith straitéiseach ó thaobh sholáthar poiblí an Aontais de.


Top