EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R0590

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/590 ón gCoimisiún an 12 Eanáir 2023 lena gceartaítear an leagan Laitvise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/203

IO L 79, 17.3.2023, p. 46–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/590/oj

17.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 79/46


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/590 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Eanáir 2023

lena gceartaítear an leagan Laitvise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 3(5), 87(3), 94(3), 97(2), 101(3), 106(1), 118(1) agus (2), 119(1) agus 122(2), Airteagail 271(2) agus 279(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Laitvise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2) tá earráidí ina theideal agus in aithris (1) a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, in aithris (2) a mhéid a bhaineann le gorlanna a fhormheas, in aithris (11) a mhéid a bhaineann le gorlanna éan i mbraighdeanas agus gorlanna éanlaithe clóis. Tá roinnt earráidí sa Rialachán sin freisin a dhéanann difear do raon feidhme na bhforálacha seo a leanas: in Airteagal 1(3) a mhéid a bhaineann le gorlanna éan i mbraighdeanas; in Airteagal 1(3), an dara fomhír, pointe (b) a mhéid a bhaineann le huibheacha goir ó ghorlanna; in Airteagal 1(6)(b) a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí faisnéise an údaráis inniúil a mhéid a bhaineann lena chláir gorlann; in Airteagal 1(9) a mhéid a bhaineann le gorlanna éan cláraithe nó formheasta; i gCuid II, Teideal I, teideal Chaibidil 2 a mhéid a bhaineann le gorlanna; in Airteagal 7, an teideal agus an abairt réamhráiteach a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun formheas a dheonú ar ghorlanna óna bhfuil uibheacha goir ó éanlaith chlóis nó ó shicíní lae le haistriú go Ballstát eile; in Airteagal 18, an teideal agus an abairt tosaigh a mhéid a bhaineann le cláir bhunaíochtaí ainmhithe talún ar coimeád agus gorlann; i gCuid II, Teideal III, teideal Chaibidil 2 a mhéid a bhaineann le gorlanna; in Airteagal 33, an teideal, an abairt tosaigh agus pointe (a) a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar oibreoirí gorlann maidir le taifid a choimeád; in Iarscríbhinn I, Cuid 3, an teideal a mhéid a bhaineann leis na ceanglais chun formheas a dheonú do ghorlanna; in Iarscríbhinn I, Cuid 3, pointe 1, an abairt tosaigh agus pointí (a) agus (b) a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le bearta bithshlándála gorlann; in Iarscríbhinn I, Cuid 3, pointe 2, an abairt tosaigh agus pointe (b) a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le faireachas ar ghorlanna; in Iarscríbhinn I, Cuid 3, pointe 3, an abairt tosaigh agus pointí (a), (c) agus (f) a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le saoráidí agus trealamh na ngorlann; Iarscríbhinn I, cuid 3, pointe 5, an abairt tosaigh agus pointe (a)(i) a mhéid a bhaineann le ceanglais i ndáil le maoirseacht an údaráis inniúil ar ghorlanna; in Iarscríbhinn I, Cuid 4, pointe 1(a)(ii) a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le bearta bithshlándála bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis; in Iarscríbhinn I, Cuid 4, pointe 2(b) a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le faireachas ar bhunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis; in Iarscríbhinn I, Cuid 4, pointe 3(b)(iii) agus pointe 3(e) a mhéid a bhaineann le saoráidí agus trealamh na mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis; in Iarscríbhinn II, an teideal a mhéid a bhaineann leis an gclár um rialú micribhitheolaíoch i ngorlanna agus i gcláir faireachais galar i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis agus i ngorlanna; in Iarscríbhinn II, Cuid 1, an teideal a mhéid a bhaineann leis an gclár um rialú micribhitheolaíoch i ngorlanna; in Iarscríbhinn II, Cuid 2, an teideal a mhéid a bhaineann le cláir faireachais galar i ngorlanna agus i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis; in Iarscríbhinn II, Cuid 2, pointe 2.4.(b), an abairt tosaigh agus pointe (iv) a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le maitrís samplála; in Iarscríbhinn II, Cuid 2, pointe 2.5.(b), an chéad abairt agus pointí i) agus ii) a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le fráma samplála agus minicíocht na samplála.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Laitvise de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge.)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Eanáir 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  IO L 314, 5.12.2019, lch.115 .


Top