This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1290
Commission Regulation (EU) 2022/1290 of 22 July 2022 amending Annexes II, III and IV to Regulation (EC) No 396/2005 of the European Parliament and of the Council as regards maximum residue levels for ametoctradin, chlormequat, dodine, nicotine, profenofos and Spodoptera exigua multicapsid nucleopolyhedrovirus (SeMNPV) isolate BV-0004 in or on certain products (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2022/1290 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar i gcás aimeatochtraidine, clóirmeacuat, dóidín, nicitín, próifeanafos agus víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2022/1290 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar i gcás aimeatochtraidine, clóirmeacuat, dóidín, nicitín, próifeanafos agus víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/5069
IO L 196, 25.7.2022, p. 74–114
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
25.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 196/74 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1290 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Iúil 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar i gcás aimeatochtraidine, clóirmeacuat, dóidín, nicitín, próifeanafos agus víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás aimeatochtraidine agus dóidín, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás clóirmeacuat agus nicitín, leagadh MRLanna síos i gCuid A d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás próifeanafos, leagadh MRLanna síos in Iarscríbhinn II agus i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, níor leagadh síos aon MRL sonrach i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ná níor cuireadh an tsubstaint sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus mar sin tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagadh síos in Airteagal 18(1)(b) de. |
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta maidir le húdarú a dhéanamh ar tháirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach aimeatochtraidin a úsáid ar bharra, substaint a d’fhéadfadh a bheith mealltach do bheacha agus a bhféadfadh iarmhair a bheith i mil mar thoradh uirthi, cuireadh iarratas isteach de bhun hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarrtar an MRL atá ann cheana a mhodhnú. |
(3) |
A mhéid a bhaineann le dóidín, cuireadh iarratas isteach de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ina n-iarrtar na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú i leith torthaí citris. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar an dá iarratas sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe, agus thug sé tuairimí réasúnaithe faoi na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus chuir sé ar fáil don phobal iad. |
(6) |
Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur comhlíonadh na ceanglais uile maidir le hiomláine na sonraí a cuireadh isteach, agus go raibh na modhnuithe ar MRLanna a d’iarr na hiarratasóirí inghlactha i dtaca le sábháilteacht na dtomhaltóirí ar bhonn measúnú ar theagmháil le tomhaltóirí i gcás 27 ngrúpa tomhaltóirí Eorpacha shonracha. Leis an gconclúid sin, chuir an tÚdarás an fhaisnéis is déanaí faoi airíonna tocsaineolaíocha na substaintí san áireamh. Léiríodh nach baol do dhuine an iontógáil laethúil inghlactha a shárú, ná an ghéardháileog thagartha a shárú, de bharr ceachtar den dá rud seo: teagmháil ar feadh a shaoil leis na substaintí sin trí chaitheamh na dtáirgí bia go léir a bhféadfaidís a bheith iontu, ná teagmháil ghearrthéarmach trí go leor de na táirgí lena mbaineann a chaitheamh. |
(7) |
I gcás clóirmeacuat, leagadh síos MRLanna sealadacha le Rialachán (AE) 2019/1561 (3) le haghaidh beacáin oisreach agus le Rialachán (AE) 2017/693 ón gCoimisiún (4) le haghaidh fungais saothraithe ar 6 mg/kg agus ar 0,9 mg/kg faoi seach. Bhí na MRLanna sealadacha sin bunaithe ar shonraí faireacháin lena léirítear go raibh iarmhair ann ar fhungais shaothraithe neamhchóireáilte ar leibhéal níos airde ná an teorainn cinnidh mar gheall ar thraséilliú fungais saothraithe le tuí a chóireáiltear go dleathach le clóirmeacuat. Leagadh síos na MRLanna sealadacha sin go dtí an 13 Aibreán 2021, ar feitheamh sonraí faireacháin a bheith curtha isteach maidir le teacht chun cinn na substainte sin sna táirgí lena mbaineann. |
(8) |
Chuir an tÚdarás agus oibreoirí gnó bia sonraí faireacháin a bhí ann le déanaí isteach lena léirítear go dtagann iarmhair clóirmeacuat chun cinn fós i mbeacáin oisreach agus i bhfungais shaothraithe ar leibhéil atá níos airde ná an teorainn cinnidh. Chuir saothróirí beacán in iúl don Choimisiún staidéar leanúnach amháin chun measúnú a dhéanamh ar leibhéil éillithe beacán oisreach agus fungas saothraithe eile. Ós rud é go dtabharfar an staidéar i gcrích in 2022 agus go gcuirfear na sonraí a bhailítear faoi bhráid an Choimisiúin ansin, is iomchuí leanúint de bhailíocht na MRLanna sealadach sin a shíneadh go ceann bliana eile ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. |
(9) |
Le Rialachán (AE) 2017/693, leagadh síos MRLanna sealadacha do chlóirmeacuat freisin le haghaidh piorraí ag 0,07 mg/kg, mar gheall ar shonraí faireacháin a léiríonn marthanacht sna crainn mar thoradh ar úsáidí roimhe seo. Leagadh síos an MRL sealadach sin go dtí 13 Aibreán 2021, ar feitheamh sonraí faireacháin a bheith curtha isteach maidir le teacht chun cinn na substainte sin sa táirge lena mbaineann. Chuir an tÚdarás, na Ballstáit agus oibreoirí gnó bia sonraí faireacháin a bhí ann le déanaí isteach lena léirítear go dtagann iarmhair na substainte sin chun cinn fós i bpiorraí ar leibhéil atá níos airde ná an teorainn cinnidh. Is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar leibhéil clóirmeacuat i bpiorraí agus bailíocht an MRL shealadaigh sin a shíneadh ar feadh seacht mbliana ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(10) |
I gcás nicitín, leag an Coimisiún MRLanna sealadacha síos le Rialachán (AE) 2017/978 ón gCoimisiún (5) maidir le fungais fhiáine (ceapa tirime agus beacáin fhiáine thriomaithe seachas ceapa) go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2021, ar feitheamh sonraí agus faisnéis nua a bheith curtha isteach maidir le tarlú nádúrtha nicitín nó foirmiú nicitín sna táirgí i dtrácht, agus ar feitheamh meastóireacht a bheith déanta orthu sin. Níl fianaise eolaíoch críochnaitheach ann chun a léiriú go dtarlaíonn nicitín go nádúrtha sna táirgí lena mbaineann ná chun míniú a thabhairt ar conas a fhoirmlíonn sé. Chuir an tÚdarás agus oibreoirí gnó bia sonraí faireacháin a bhí ann le déanaí isteach lena léirítear go dtagann iarmhair na substainte sin chun cinn fós sna táirgí sin ar leibhéil atá níos airde ná an teorainn cinnidh. Is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar leibhéil nicitín sna táirgí sin agus bailíocht na MRLanna sealadacha sin a shíneadh ar feadh seacht mbliana ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(11) |
I gcás próifeanafos, leagadh síos MRL sealadach le Rialachán (AE) 2017/978 le haghaidh peitil róis go dtí 18 Deireadh Fómhair 2021, ar feitheamh sonraí faireacháin a bheith curtha isteach maidir le teacht chun cinn na substainte sin sa táirge lena mbaineann. Chuir an tÚdarás agus oibreoirí gnó bia sonraí faireacháin a bhí ann le déanaí isteach lena léirítear go dtagann iarmhair na substainte sin chun cinn fós i bpeitil róis ar leibhéil atá níos airde ná an teorainn cinnidh. Is iomchuí, dá bhrí sin, leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar leibhéil próifeanafos i bpeitil róis agus bailíocht an MRL shealadaigh sin a shíneadh ar feadh seacht mbliana ó fhoilsiú an Rialacháin seo. |
(12) |
Iarratas ar an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, a fhormheas, cuireadh faoi bhráid Ballstáit é i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin. Rinne an tÚdarás measúnú ar an iarratas, agus thug sé conclúid ar an athbhreithniú piaraí a rinneadh ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach (7), agus chuir sé in iúl go bhfuil víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004, incháilithe lena áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Is iomchuí, dá bhrí sin, an tsubstaint sin a áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(13) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe agus na gconclúidí ón Údarás, agus na fachtóirí ábhartha atá liostaithe in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, comhlíonann na modhnuithe ábhartha ar na MRLanna ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(15) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tá na tuarascálacha eolaíocha seo a leanas ó EFSA ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue level for ametoctradin in honey. [Tuairim réasúnaithe ar an uasleibhéal iarmhar atá ann faoi láthair a mhodhnú maidir le haimeatochtraidin i mil]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6943.
Reasoned Opinion on the modification of the existing maximum residue levels for dodine in citrus fruits. [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh dóidín i dtorthaí citris a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(11):6950.
(3) Rialachán (AE) 2019/1561 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar clóirmeacuat i bhfungais shaothraithe (IO L 240, 18.9.2019, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2017/693 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2017 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le huasleibhéil iarmhar déthreasanól, clóirmeacuat agus teabúifeinpiorad i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 101, 13.4.2017, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/978 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2017 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar i gcás fluaipioram; hexachlorcyclohexan (HCH), alfa-isiméir; hexachlorcyclohexan (HCH), béite-isiméir; hexachlorcyclohexan (HCH), suim isiméirí, seachas an gáma-isiméir; liondán (hexachlorcyclohexan (HCH), gáma-isiméir); nicitín agus próifeanafos i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (IO L 151, 14.6.2017, lch. 1).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(7) Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Spodoptera exigua multicapsid nucleopolyhedrovirus (SeMNPV). [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i ndáil leis an tsubstaint ghníomhach víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV)]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(10):6848.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh aimeatochtraidine agus dóidín: “IARSCRÍBHINN II Iarmhair lotnaidicíde agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:
|
(3) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach: ‘víreas polaihéadróise núicléach ilchaipsideach Spodoptera exigua (SeMNPV), aonraíoch BV-0004’.” |
(*1) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*3) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(3) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I