EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0424

Cás T-424/22: Caingean arna tabhairt an 11 Iúil 2022 — D’Agostino agus Dafin v BCE

IO C 340, 5.9.2022, p. 50–51 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

5.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 340/50


Caingean arna tabhairt an 11 Iúil 2022 — D’Agostino agus Dafin v BCE

(Cás T-424/22)

(2022/C 340/69)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Vincenzo D’Agostino (Napoli, an Iodáil), Dafin Srl (Casandrino, an Iodáil) (ionadaí: M. De Siena, Dlíodóir)

Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

dliteanas neamhchonarthach an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a ndéanann an tUachtarán Christine Lagarde ionadaíocht thar a cheann, a fháil amach agus a dhearbhú:

a)

trí laghdú luacha a chur ar na hurrúis atá faoi úinéireacht an Uas. Vincenzo D’Agostino ar a dtugtar SI FTSE.COPERP, le caillteanas arb ionann é agus luach iomlán an chaipitil a infheistíodh, arb ionann é agus EUR 450 596,28, ós rud é, gur thárla tar éis an 12 Márta 2020 leis an frása cáiliúil a úsáid Christine Lagarde, ina cáil mar Uachtarán an BCE, “Nílimid anseo chun na raonta difríochta a laghdú, ní feidhm BCE é”, gur tháinig titim shuntasach ar luach na n-urrús ar gach stocmhalartán ar fud an domhain agus laghdú 16,92 % ar Stocmhalartán Milano, arna chainníochtú mar chéatadán nár tharla riamh i stair na hinstitiúide sin, agus i malartuithe domhanda eile, trí chumarsáid a dhéanamh ag preasagallamh, ar fud an domhain, nach dtacódh BCE a thuilleadh le luach na n-urrús arna n-eisiúint ag tíortha a bhí i gcruachás agus, dá bhrí sin, tríd an athrú iomlán ar an seasamh beartais airgeadaíochta a ghlac BCE nuair a bhí Mario Draghi ina chathaoirleach air, a chuir deireadh lena shainordú i mí na Samhna 2019;

b)

mar gheall ar an iompar sin, agus mar gheall ar an titim ghéar thuasluaite ar innéacs Stocmhargadh Milano, a bhí mar chúis leis an laghdú ar luach sócmhainní an iarratasóra;

c)

mar thoradh ar an laghdú substaintiúil suntasach ar luach shócmhainní an iarratasóra, a bhfuil sé d’oibleagáid air íoc as an laghdú sin ar shócmhainní, agus mar ráthóir Dafin Srl don líne chreidmheasa a dheonaigh Banca Fideuram SpA do Dafin Srl, an chuid tarraingthe den líne chreidmheasa sin a chur ar ceal trí urrúis eile a bhí faoi úinéireacht an iarratasóra a urrú ag am laghdaithe, caillteanas caipitil EUR 2 534 422,16 in 2020 agus EUR 336 517,30 eile a thabhú sa tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 15 Aibreán 2021, agus, dá bhrí sin, caillteanas iomlán EUR 2 870 939,30 a thabhú;

d)

a bheith ina chúis le caillteanais sócmhainní airgeadais as caillteanas brabúis EUR 1 013 074,00

e)

dá thoradh sin, ba chúis le damáiste airgeadais EUR 4 334 609,28 san iomlán.

a ordú do BCE, i bpearsa an Uachtaráin:

cúiteamh as damáiste ábhartha, arb é atá ann damáiste atá ag teacht chun cinn agus caillteanas brabúis, damáiste neamhábhartha agus chúiteamh as deis a chailleadh i bhfabhar an Iarratasóir Vincenzo D'Agostino, arna meas de réir na gcritéar atá sonraithe sna caibidlí agus sna míreanna ábhartha den chaingean seo, trí na suimeanna seo a leanas a íoc: (1) EUR 4 334 609,28 mar dhamáiste ábhartha; (2) EUR 1 000 000 mar dhamáiste neamhábhartha; (3) agus mar sin, ar shuim iomlán EUR 5 321 535 a íoc;

mar mhalairt air sin méideanna éagsúla a íoc a shuitear le linn na n-imeachtaí, a mhéid a mheastar gurb amhlaidh atá, lena n-áirítear trí thuarascáil shaineolach a bheidh le tíolacadh ag an gCúirt seo, i gcomhréir le hAirteagal 70 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta;

an tsuim bhreise a íoc a chinnfidh an Chúirt Ghinearálta agus a dhámhfaidh sí, ar bhonn cothromasach, mar chúiteamh as deis a chailleadh;

Agus ús mainneachtana le ríomh ón 12 Márta 2020, dáta an teagmhais dhíobhálaigh, go dtí cúiteamh éifeachtach.

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go bhfuil BCE faoi dhliteanas faoin tríú mír d’Airteagal 340 CFAE agus faoi Airteagal 2043 de Chód Sibhialta na hIodáile as an damáiste ábhartha agus neamhábhartha a bhain don iarratasóir féin agus mar scairshealbhóir de chuid Dafin Srl.

2.

An dara saincheist dlí, bunaithe ar na prionsabail a leagtar amach i gcásdlí an Aontais Eorpaigh, go háirithe i mbreithiúnais an 28 Deireadh Fómhair 2021, Vialto Consulting v an Coimisiún, 650/19-P, an 9 Feabhra 2022, QI agus Páirtithe Eile v an Coimisiún agus BCE, T 868/16, agus an 21 Eanáir 2014, Klein v an Coimisiún, T-309/10).

Leagtar amach na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh chun go dtabhódh institiúid Eorpach dliteanas neamhchonarthach i leith saoránaigh an Aontais Eorpaigh agus déantar an tástáil dhearfach gur comhlíonadh na coinníollacha sin a agairt.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear gur sháraigh BCE dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais Eorpaigh agus mhí-úsáid cumhachta ag an Uachtarán.

Líomhnaíonn an t-iarratasóir sárú an 12 Márta 2020 ag BCE, i bpearsa a Uachtaráin, ar Airteagal 127 CFAE Chaibidil 1 dar teideal “Beartas airgeadaíochta”, ar Airteagail 3, 10, 11, 12, 13, 38 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, agus ar Airteagal 17 (17.2) agus (17.3) den Rialachán arna ghlacadh le cinneadh ó BCE an 19 Feabhra 2004. (1)

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear an damáiste ábhartha a d’fhulaing an t-iarratasóir (damáiste iarbhír agus caillteanas brabúis) a chainníochtú, a mhíniú agus a dhoiciméadú.


(1)  Cinneadh BCE/2004/257 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Feabhra 2004 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh Eorpaigh (BCE/2004/2) (IO 2004 L 80, lch. 33), arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme BCE/2014/1 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Eanáir 2014 (IO 2014 L 95, lch. 56).


Top