Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TB0638

    Cás T-638/20: Ordú na Cúirte Ghinearálta an 6 Iúil 2022 – JP v an Coimisiún (Caingean le haghaidh neamhniú agus le haghaidh damáistí – Seirbhís Shibhialta – Comórtas oscailte – Fógra comórtais EPSO/AD/363/18 le haghaidh Riarthóirí a earcú i réimse an chánachais (AD 7) – Neamháireamh ar liosta ionadaithe – Lis pendens – Do-ghlacthacht fhollasach)

    IO C 340, 5.9.2022, p. 41–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 340/41


    Ordú na Cúirte Ghinearálta an 6 Iúil 2022 – JP v an Coimisiún

    (Cás T-638/20) (1)

    (Caingean le haghaidh neamhniú agus le haghaidh damáistí - Seirbhís Shibhialta - Comórtas oscailte - Fógra comórtais EPSO/AD/363/18 le haghaidh Riarthóirí a earcú i réimse an chánachais (AD 7) - Neamháireamh ar liosta ionadaithe - Lis pendens - Do-ghlacthacht fhollasach)

    (2022/C 340/56)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: JP (ionadaithe: S. Rodrigues agus A. Champetier, Dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe:: D. Milanowska agus T. Lilamand, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar:

    Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gcéad dul síos, go ndéanfar an chinneadh an 10 Nollaig 2019 lenar dhiúltaigh an bord roghnúcháin comórtais EPSO/AD/363/18 tar éis athscrúdú, a hainm a chlárú ar liosta ionadaithe ar éirigh leo sa chomórtais sin a neamhniú agus, ar an dara dul síos, cúiteamh as an damáiste a d’fhéadfadh a bheith déanta aici mar thoradh ar an gcinneadh sin a dhámhachtain.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do JP na costais a íoc.


    (1)  IO C 433, 14.12.2020.


    Top