Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0631

    Cás T-631/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – MZ v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Comórtas EPSO/AD/363/18 chun riarthóirí a earcú i réimse an chánachais – Teorainn le rogha an dara teanga ina ndéantar na trialacha – Neamháireamh ar an liosta ionadaithe – Ceist na bailíochta – Inghlacthacht – Idirdhealú bunaithe ar theanga – Nádúr sonrach na bpost atá le líonadh – Fírinniú – Leas na seirbhíse – Comhréireacht)

    IO C 340, 5.9.2022, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 340/31


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – MZ v an Coimisiún

    (Cás T-631/20) (1)

    (Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Comórtas EPSO/AD/363/18 chun riarthóirí a earcú i réimse an chánachais - Teorainn le rogha an dara teanga ina ndéantar na trialacha - Neamháireamh ar an liosta ionadaithe - Ceist na bailíochta - Inghlacthacht - Idirdhealú bunaithe ar theanga - Nádúr sonrach na bpost atá le líonadh - Fírinniú - Leas na seirbhíse - Comhréireacht)

    (2022/C 340/41)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    Páirtithe

    Iarratasóir: MZ (ionadaí: M. Velardo, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Lilamand, D. Milanowska agus A.-C. Simon, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó A. Dal Ferro, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh an 10 Nollaig 2019 trínar dhiúltaigh giúiré comórtas EPSO/AD/363/18, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, a ainm a chur ar an liosta ionadaithe chun riarthóirí grád AD 7 a earcú i réimse an chánachais.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Cuirtear cinneadh an 10 Nollaig 2019 trínar dhiúltaigh giúiré comórtas EPSO/AD/363/18, tar éis athbhreithniú a dhéanamh, ainm MZ a chur ar an liosta ionadaithe chun riarthóirí grád AD 7 a earcú i réimse an chánachais, ar neamhní.

    2)

    Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.


    (1)  IO C 423, 7.12.2020.


    Top