Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62018TA0280

    Cás T-280/18: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – ABLV Bank v CRU [Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Imeachtaí réitigh is infheidhme i gcás eintiteas a bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfidh air – Cinneadh BRA gan scéim réitigh a ghlacadh – Caingean le haghaidh neamhniú – Gníomh a dhéanann dochar – Leas caingean a thabhairt – Seasamh dlíthiúil – Inghlacthacht pháirteach – Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 – Inniúlacht údar an ghnímh – An ceart éisteacht a fháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – Comhréireacht – Cóir chomhionann]

    IO C 340, 5.9.2022, p. 27–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 340/27


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Iúil 2022 – ABLV Bank v CRU

    (Cás T-280/18) (1)

    (Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta - Aontas baincéireachta - Sásra Réitigh Aonair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) - Imeachtaí réitigh is infheidhme i gcás eintiteas a bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfidh air - Cinneadh BRA gan scéim réitigh a ghlacadh - Caingean le haghaidh neamhniú - Gníomh a dhéanann dochar - Leas caingean a thabhairt - Seasamh dlíthiúil - Inghlacthacht pháirteach - Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 - Inniúlacht údar an ghnímh - An ceart éisteacht a fháil - Oibleagáid cúiseanna a lua - Comhréireacht - Cóir chomhionann)

    (2022/C 340/34)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: ABLV Bank AS (Ríge, an Laitvia) (ionadaí: O. Behrends, Dlíodóir)

    Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: J. De Carpentier, E. Muratori agus H. Ehlers, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó J. Rivas Andrés, Dlíodóir, agus ó B. Heenan, Aturnae)

    Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: an Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: R. Ugena, A. Witte agus A. Lefterov, i gcáil Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní na cinntí ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 23 Feabhra 2018 gan scéim réitigh a ghlacadh le haghaidh institiúidí creidmheasa ABLV Bank AS agus ABLV Bank Luxembourg SA, de réir bhrí Airteagal 18(1) den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014, lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014, L 225, lch. 1).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear do ABLV Bank AS a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA) a íoc.

    3)

    Íocfaidh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a chostais féin.


    (1)  IO C 259, 23.7.2018.


    Top