This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0479
Case C-479/22 P: Appeal brought on 14 July 2022 by OC against the judgment of the General Court (Ninth Chamber) delivered on 4 May 2022 in Case T-384/20, OC v Commission
Cás C-479/22 P: Achomharc arna thabhairt an 14 Iúil 2022 ag OC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-384/20, OC v an Coimisiún Eorpach
Cás C-479/22 P: Achomharc arna thabhairt an 14 Iúil 2022 ag OC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-384/20, OC v an Coimisiún Eorpach
IO C 340, 5.9.2022, p. 25–25
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/25 |
Achomharc arna thabhairt an 14 Iúil 2022 ag OC i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-384/20, OC v an Coimisiún Eorpach
(Cás C-479/22 P)
(2022/C 340/32)
Teanga an cháis: an Ghréigis
Páirtithe
Achomharcóir: OC (ionadaí: I. Ktenidis, Dlíodóir)
Páirtí eile sna himeachtaí achomhairc: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Ábhar an achomhairc: breithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 4 Bealtaine 2022 i gCás T-384/20, OC v an Coimisiún Eorpach (ECLI:EU:T:2022:273)
Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní ina iomláine; |
— |
rialú críochnaitheach a thabhairt sa díospóid; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a bhaineann leis na himeachtaí achomhairc agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena hachomharc, maíonn an t-achomharcóir na trí shaincheist dlí seo a leanas:
1) |
An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear léirmhíniú earráideach ar Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2018/1725, (1) sa chéad áit, maidir leis an gcoincheap den duine nádúrtha “sainaitheanta” agus, sa dara háit, maidir leis an gcoincheap “modhanna go léir is dócha, le réasún, a d’fhéadfaí a úsáid chun an duine nádúrtha a shainaithint”, chomh maith le saobhadh eilimint fianaise a bhaineann le sainaithint an achomharcóra ag duine áirithe. |
2) |
An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear léirmhíniú earráideach maidir le raon thoimhde na neamhchiontachta d’Airteagal 9(1) de Rialachán Uimh. 883/2013 (2) agus d’Airteagal 48(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 6(2) ECHR. |
3) |
An tríú saincheist dlí, lena líomhnaítear saobhadh eilimint fianaise a bhaineann le dochar don cheart chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO 2018 L 295, lch. 39).
(2) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO 2013 L 248, lch. 1).