Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0050

Cás T-50/22: Caingean arna tabhairt an 21 Eanáir 2022 – AL v An Chomhairle agus an Coimisiún

IO C 128, 21.3.2022, pp. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 128, 21.3.2022, pp. 13–14 (GA)

21.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 128/13


Caingean arna tabhairt an 21 Eanáir 2022 – AL v An Chomhairle agus an Coimisiún

(Cás T-50/22)

(2022/C 128/41)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: AL (ionadaí: R. Rata, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh, An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an 22 Deireadh Fómhair 2021 atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i leith na gcodanna nach seasann le réamhghearáin an iarratasóra i gcoinne chinntí PMO an 3 Márta 2021 agus 22 Márta 2021 agus, a mhéid is infheidhme, a ordú go nuashonrófaí an cinneadh leantach lena mbunófar an méid cruinn atá le haisghabháil dá réir.

A ordú don chosantóir a chuid costais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc. (1)

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir 5 shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 4, 5, 9 agus 10 de Chinneadh ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena nglactar forálacha ginearálta cur chun feidhme maidir le duine a bpléitear leis mar leanbh cleithiúnach, sa mhéid gur ríomhadh ioncam glan an iarratasóra i dtaca le bronntanais/íocaíochtaí eile dá sheirbhís mhíleata a rinne sé cheana agus an ranníocaíocht cothabhála dá mháthair déanta ag duine eile, ónar eascair asbhaintí éagóracha faoi Airteagal 5 de na forálacha ginearálta cur chun feidhme sin maidir le ríomh an chostais cothabhála dá mháthair.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 85 de na Rialacháin Foirne agus earráid fhollasach measúnachta i ndáil leis an liúntas do mháthair an iarratasóra, a bpléitear léi mar leanbh cleithiúnach, in éagmais intinn an iarratasóra an riarachán a chur amú d’aon ghnó maidir leis na suimeanna a fuarthas don tseirbhís mhíleata a rinne sé cheana.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus prionsabal an dea-riaracháin maidir leis an liúntas do mháthair an iarratasóra, a bpléitear léi mar leanbh cleithiúnach, sa mhéid go raibh an riarachán eolach faoi na suimeanna a fuair an t-iarratasóir don tseirbhís mhíleata a rinne sé cheana.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 85 de na Rialacháin Foirne agus earráid fhollasach measúnachta i ndáil leis an liúntas linbh do A agus B don tréimhse idir an 1 Feabhra 2013 agus an 30 Meitheamh 2013, in éagmais fianaise éigin go raibh an t-iarratasóir eolach faoi chríoch na tréimhse cúraim altrama agus dá bhrí sin, in éagmais intinn an iarratasóra an riarachán a chur amú d’aon ghnó maidir le críoch na tréimhse cúraim altrama.

5.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 85 de na Rialacháin Foirne agus earráid fhollasach measúnachta i ndáil leis an liúntas linbh do C, (i) ag féachaint don fhíoras go bhfuil sé cruthaithe chun sástacht an riaracháin go bhfuil C “á chothabháil i ndáiríre” ag an iarratasóir agus (ii) in éagmais fianaise éigin d’intinn arna líomhain an iarratasóra an riarachán a chur amú d’aon ghnó.


(1)  Tagraíonn an t-iarratas san ordú atá á lorg do “an cosantóir” (san uimhir uatha).


Top