This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0459
Case T-459/22: Action brought on 21 July 2022 — Laboratorios Ern v EUIPO — Biolark (BIOLARK)
Cás T-459/22: Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – Biolark (BIOLARK)
Cás T-459/22: Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – Biolark (BIOLARK)
IO C 340, 5.9.2022, p. 55–56
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
5.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 340/55 |
Caingean arna tabhairt an 21 Iúil 2022 – Laboratorios Ern v EUIPO – Biolark (BIOLARK)
(Cás T-459/22)
(2022/C 340/75)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Laboratorios Ern, SA (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: S. Correa Rodríguez, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Biolark, Inc. (San Diego, California, na Stáit Aontaithe)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil le marc fíortha BIOLARK – Clarú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 453 505
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 22 Aibreán 2022 i gCás R 1234/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chúlghairm agus ainmniúchán Eorpach an trádmhairc idirnáisiúnta Uimh.1 453 505 a dhiúltú do na hearraí agus seirbhísí go léir; |
— |
a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc, agus i gcás go gcinnfidh Biolark Inc. idirghabháil a dhéanamh sna himeachtaí seo, a ordú do Biolark Inc. costais na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |