This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R0786
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/786 of 10 February 2022 amending Commission Delegated Regulation (EU) 2015/61 to supplement Regulation (EU) No 575/2013 of the European Parliament and the Council with regard to liquidity coverage requirement for credit institutions (Text with EEA relevance)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/786 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/786 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/722
IO L 141, 20.5.2022, pp. 1–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
| Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
|---|---|---|---|---|---|
| Modifies | 32015R0061 | Scriosadh | airteagal 10 mír 1 pointe (f) pointe (iii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Scriosadh | airteagal 11 mír 1 pointe (c) pointe (iii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Scriosadh | airteagal 12 mír 1 pointe (e) pointe (ii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Scriosadh | airteagal 12 mír 1 pointe (e) pointe (iii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 3 pointe 13 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 3 pointe 14 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 3 pointe 15 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 3 pointe 16 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 7 mír 2a | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 7 mír 2b | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 7 mír 4 mír neamhuimhrithe 2 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Cur le | airteagal 8 mír 4 mír neamhuimhrithe 3 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 10 mír 1 pointe (f) pointe (i) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 10 mír 1 pointe (f) pointe (ii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 11 mír 1 pointe (c) pointe (i) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 11 mír 1 pointe (c) pointe (ii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 11 mír 1 pointe (d) pointe (iii) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 11 mír 1 pointe (d) pointe (iv) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 11 mír 1 pointe (d) pointe (v) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 12 mír 1 pointe (e) pointe (i) | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 28 mír 3 mír neamhuimhrithe 1 Téacs | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 28 mír 3 mír neamhuimhrithe 2 abairt 1 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 28 mír 3 mír neamhuimhrithe 3 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 32 mír 3 pointe (b) Téacs | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 32 mír 4 abairt 1 | 08/07/2022 | |
| Modifies | 32015R0061 | Athchur | airteagal 7 airteagal 4 pointe (g) | 08/07/2022 |
|
20.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 141/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/786 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2022
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca leis an gceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh institiúidí creidmheasa
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 460 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún (2) a leasú chun cur ar a gcumas níos fearr do na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh: de pháirt amháin, an ceanglas ginearálta maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh tréimhse struis 30 lá féilire, a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán Tarmligthe sin, agus den pháirt eile, an ceanglas maidir le maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh sócmhainní leachtacha a shealbhú chun glan-eis-sreafaí leachtachta a chumhdach thar na 180 lá dár gcionn, a leagtar síos in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Chun cuid de na rialacha atá ann cheana a shoiléiriú agus chun téacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a ailíniú leis na sainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i dTreoir (AE) 2019/2162, ba léir go raibh gá le roinnt athruithe breise. |
|
(2) |
Is é an toradh atá ar an gceanglas ginearálta maidir le cumhdach leachtachta a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus ar an gceanglas maidir le maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh a leagtar síos in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/2162 oibleagáid ar institiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach méid áirithe sócmhainní leachtacha a shealbhú ar feadh na tréimhse céanna 30 lá féilire. Níor cheart oibleagáid a bheith ar na hinstitiúidí creidmheasa na heis-sreafaí céanna a chumhdach le sócmhainní difriúla leachtacha ar feadh na tréimhse céanna, áfach. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhforluí sin, ba cheart leasú nua ar an gcritéar ualaithe faoin gceanglas ginearálta maidir le cumhdach leachtachta a thabhairt isteach. Leis an leasú sin, chomh maith leis na forálacha atá i bhfeidhm cheana in Airteagal 7 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 agus atá infheidhme fós i gcás sócmhainní leithscartha comhthiomsaithe cumhdaigh, thabharfaí aghaidh ar chásanna ina bhfuil sócmhainní leithscartha ag comhlíonadh na gcritéar chun go n-aithneofaí mar shócmhainní neamhualaithe iad ar bhealach atá fónta ó thaobh na stuamachta de. Leis an leasú nua sin, chaithfí le sócmhainní leachtacha arna sealbhú mar chuid den mhaolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh mar shócmhainní neamhualaithe suas le méid na nglan-eis-sreafaí leachtachta a eascraíonn as an gclár bannaí faoi chumhdach lena mbaineann. |
|
(3) |
Thairis sin, tá samhlacha sonracha eisiúna bannaí faoi chumhdach i bhfeidhm i roinnt Ballstát, a bhfuil mar shaintréith acu ceanglais shonracha dlí a fhorchuirtear ar eisitheoirí bannaí faoi chumhdach chun infheisteoirí a chosaint agus a théann níos faide ná na ceanglais sin a liostaítear i dTreoir (AE) 2019/2162. Na heisitheoirí bannaí faoi chumhdach sin atá faoi réir na gceanglas sonrach dlí sin, déanann siad gníomhaíochtaí eisiúna bannaí faoi chumhdach comhchosúla le heisitheoirí bannaí faoi chumhdach eile san Aontas Eorpach, agus mar sin tá próifíl riosca leachtachta chomhchosúil acu. Cuireann siad ardleibhéal cosanta ar fáil d’eisitheoirí bannaí faoi chumhdach freisin, go háirithe trí dhul ar iontaoibh rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach le haghaidh eisiúna a gclár bannaí faoi chumhdach. Bheadh sócmhainní uile na n-eisitheoirí bannaí faoi chumhdach sin ceangailte de chomhthiomsuithe cumhdaigh, áfach, agus measfaí gur shócmhainní ualaithe iad, mar sin, rud a d’fhágfadh nach mbeidís ar fáil agus nach mbeidís incháilithe chun críoch an mhaoláin leachtachta cóimheasa cumhdaigh ar leachtacht (LCR). Sa chás sin, bheadh na heisitheoirí bannaí faoi chumhdach sin ag sárú a gceanglas LCR a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61, rud a d’fhágfadh nach mbeadh cothrom na Féinne idir eisitheoirí, d’ainneoin na comhchosúlachta idir a bpróifíl stuamachta. Chun na ceanglais maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh éigeantach agus neamhéigeantach a chomhlíonadh chun críoch clár bannaí faoi chumhdach a eisiúint, tá na heisitheoirí bannaí faoi chumhdach sin srianta go hoibríochtúil fofhiach a eisiúint. Tá glan-eis-sreabhadh leachtachta ginearálta na n-eisitheoirí sin níos airde ná an glan-eis-sreabhadh leachtachta a eascraíonn as na bannaí faoi chumhdach sin a eisíodh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart leasuithe breise a thabhairt isteach chun go bhféadfaí, i roinnt cásanna sonracha agus teoranta, na sócmhainní arna sealbhú sa chomhthiomsú cumhdaigh a aithint mar shócmhainní neamhualaithe chun na ceanglais maidir le rósholáthar urrúis chomhthaobhaigh neamhéigeantach a chomhlíonadh. Chun a áirithiú gur leathnú fónta ó thaobh na stuamachta de agus comhsheasmhach le ceanglais LCR é an leathnú sin ar aitheantas sócmhainní arna sealbhú i gcomhthiomsú cumhdaigh mar shócmhainní neamhualaithe, ba cheart d’eisitheoirí bannaí faoi chumhdach roinnt coinníollacha a chomhlíonadh. Go háirithe, ní féidir ach le heisitheoirí bannaí faoi chumhdach a bhfuil oibleagáid orthu de bhua ceanglas dlí de dhlí náisiúnta a sócmhainní uile a cheangal d’eisiúintí bannaí faoi chumhdach tairbhiú den fhoráil sin, suas le méid na sócmhainní is gá chun glan-eis-sreabhadh leachtachta iomlán an eisitheora bannaí faoi chumhdach a chomhlíonadh. |
|
(4) |
Thairis sin, is gá rialacha maidir le luach airgid a chur ar rud a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar shócmhainní leachtacha arna sealbhú i maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh. |
|
(5) |
Agus na moltaí a rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) ina thuarascáil an 20 Nollaig 2013 (4), a ullmhaíodh de bhun Airteagal 509(3) agus (5) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, á gcur san áireamh, ba cheart stádas leibhéal 1 a thabhairt do bhannaí de gach cineál arna n-eisiúint nó arna ráthú ag rialtas láir agus bainc cheannais Ballstát, agus do na bannaí sin arna n-eisiúint nó arna ráthú ag bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Tá anailís eimpíreach agus cháilíochtúil maidir le leachtacht ard nó leachtacht fhíorard agus cáilíocht chreidmheasa na mbannaí sin déanta i dtuarascáil ÚBE agus is é tátal na tuarascála go gcomhlíonann na bannaí sin caighdeáin Basel i dtéarmaí ardleachtachta agus cáilíochta creidmheasa. Dá bhrí sin, ba cheart bannaí arna n-eisiúint ag gníomhaireachtaí oifigiúla um chreidmheas onnmhairiúcháin a cháiliú mar “shócmhainní leachtacha” agus stádas leibhéal 1 a thabhairt dóibh dá réir sin, gan beann ar struchtúr eagrúcháin na ngníomhaireachtaí sin. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leasaíodh cuid de na coinníollacha i gcomhair láimhseáil fhabhrach neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach a leagtar síos in Airteagal 129 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Ba cheart, dá bhrí sin, tagairtí don Airteagal sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a leasú dá réir sin. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a leasú dá réir sin. |
|
(8) |
Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhar le forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/2162 agus le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/2160. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata nua a áirithiú, ar creat é lena mbunaítear na gnéithe struchtúrtha le haghaidh bannaí faoi chumhdach a eisiúint agus na ceanglais leasaithe i gcomhair láimhseáil fhabhrach, ba cheart gurb ionann dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an dáta óna gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm forálacha an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2019/2162, agus dáta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/2160, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear isteach na pointí (13) go (16) seo a leanas:
(*1) Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).” " |
|
(2) |
leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
|
|
(3) |
in Airteagal 8(4), cuirtear isteach an tríú fomhír seo a leanas: “I gcás sócmhainní leachtacha arna sealbhú i maolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh, measfar an ceanglas a leagtar síos sa chéad fhomhír a bheith comhlíonta, i gcás ina gcuireann an institiúid creidmheasa luach ar shócmhainní leachtacha go tráthrialta, agus ar a laghad uair amháin sa bhliain, ar sócmhainní leachtacha iad atá ina sampla atá ionadaíoch a dhóthain de shealúchais sócmhainní na hinstitiúide sa mhaolán leachtachta comhthiomsaithe cumhdaigh, gan gá a bheith ann a bheith mar chuid den mhaolán sin.”; |
|
(4) |
in Airteagal 10(1), leasaítear pointe (f) mar a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 11, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 12(1), leasaítear pointe (e) mar a leanas:
|
|
(7) |
in Airteagal 28, leasaítear mír 3 mar a leanas:
|
|
(8) |
leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 8 Iúil 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Feabhra 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le ceanglas maidir le cumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lch. 1).
(3) Treoir (AE) 2019/2162 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le heisiúint bannaí faoi chumhdach agus maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE agus 2014/59/AE (IO L 328, 18.12.2019, lch. 29).
(4) Tuarascáil ÚBE an 20 Nollaig 2013 maidir le sainmhínithe aonfhoirmeacha iomchuí ar shócmhainní leachtacha fíor-ardchaighdeáin agus ar shócmhainní leachtacha ardchaighdeáin agus maidir le ceanglais oibriúcháin le haghaidh sócmhainní leachtacha faoi Airteagal 509(3) agus (5) den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil.
(5) Rialachán (AE) 2019/2160 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le neamhchosaintí i bhfoirm bannaí faoi chumhdach (IO L 328, 18.12.2019, lch. 1).