Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022H0495

    Moladh (AE) 2022/495 ón gCoimisiún an 25 Márta 2022 maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht fúráin agus ailciolfúrán i mbia

    C/2022/1751

    IO L 100, 28.3.2022, p. 60–61 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2022/495/oj

    28.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 100/60


    MOLADH (AE) 2022/495 ÓN gCOIMISIÚN

    an 25 Márta 2022

    maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht fúráin agus ailciolfúrán i mbia

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is é atá i bhfúrán agus ailciolfúráin, lena n-áirítear meitiolfúráin amhail 2-meitiolfúrán, 3-meitiolfúrán agus 2,5-démheitiolfúrán, éilleáin phróisis a fhoirmítear i mbianna le linn na próiseála teirmí.

    (2)

    Ghlac Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra tuairim eolaíoch in 2017 maidir leis na rioscaí a bhaineann le láithreacht fúráin agus meitiolfúrán i mbia don tsláinte phoiblí (1). Is é an chonclúid ar ar thángthas go léiríonn na leibhéil reatha nochta d’fhúrán gur ábhar imní don tsláinte é. Maidir le meitiolfúráin, is é an chonclúid ar ar tháinig an tuairim go bhféadfaidís cur go suntasach leis an nochtadh iomlán d’fhúrán agus d’ailciolfúráin agus, dá bhrí sin, go méadófaí an t-ábhar imní sláinte. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil sonraí ann maidir le láithreacht meitiolfúrán i mbia, mhol EFSA sonraí breise a tháirgeadh sa réimse seo. Go háirithe, tuairiscíodh go mbíonn fúrán agus ailciolfúráin i gcaife, i mbia do naíonáin i gcrúca, anraith réidh le hithe, criospaí bunaithe ar phrátaí, i súnna torthaí, i ngránaigh bhricfeasta, i mbrioscaí, i gcraicir agus in arán briosc.

    (3)

    Is féidir 2-meitiolfúrán agus 3-meitiolfúrán a chainníochtú go hiontaofa leis na modhanna anailíse atá ar fáil faoi láthair, ach tá tuilleadh oibre de dhíth chun anailís iontaofa a dhéanamh ar 2,5-démheitiolúrán. Mar sin féin, más féidir é a dhéanamh leis an modh anailíse atá in úsáid, bheadh sé iomchuí 2,5-démheitiolfúrán a anailísiú agus a chainníochtú agus na sonraí a thuairisciú.

    (4)

    Ina theannta sin, léirigh an litríocht eolaíoch le déanaí go bhfuil éilleáin bhia ann a bhaineann le hailciolfúráin seachas meitiolfúráin, amhail 2-peintealfúrán agus 2-eitealfúrán. Dá bhrí sin, bheadh sé iomchuí ailciolfúráin bhreise (neamhmheitiolfúráin) den sórt sin a anailísiú agus a chainníochtú, ar choinníoll go bhfuil an modh anailíse iontaofa chun na críche sin.

    (5)

    Torthaí an fhaireacháin ar fhúrán agus ar ailciolfúráin, ní mór iad a bheith iontaofa agus inchomparáide. Dá bhrí sin, is iomchuí treoracha a thabhairt maidir le critéir na samplála agus na feidhmíochta anailísí.

    (6)

    Tá sainordú ag EFSA ón gCoimisiún Eorpach na sonraí go léir atá ar fáil a bhailiú maidir le héilleáin cheimiceacha a bheith i mbia agus i mbeatha. Úsáidtear na sonraí sin i dtuairimí eolaíocha EFSA agus i dtuarascálacha ar éilleáin i mbia agus i mbeatha.

    (7)

    Dá bhrí sin, is iomchuí a mholadh go ndéanfaí faireachán ar fhúrán agus ar ailciolfúráin i mbia agus go ndéanfaí na sonraí a thuairisciú do EFSA.

    TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:

    1.

    Ba cheart do na Ballstáit, le rannpháirtíocht ghníomhach na n-oibreoirí gnó bia, faireachán a dhéanamh ar fhúrán, ar 2-meitiolfúrán agus ar 3-meitiolfúrán i mbia, go háirithe i gcaife, i mbia do naíonáin i gcrúsca (lena n-áirítear bia do naíonáin i gcoimeádáin, i bhfeadáin agus i bpúitsí), anraith réidh le hithe, criospaí bunaithe ar phrátaí, súnna torthaí, gránaigh bhricfeasta, brioscaí, craicir agus arán briosc.

    2.

    Chun a áirithiú go bhfuil na samplaí ionadaíoch, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta samplála atá leagtha síos i gcuid B den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún a leanúint (2). Ba cheart d’oibreoirí gnólachtaí bia an nós imeachta samplála sin nó nós imeachta samplála coibhéiseach a chur i bhfeidhm freisin, á áirithiú go bhfuil an sampla ionadaíoch.

    3.

    D’fhonn anailís a dhéanamh ar fhúrán, 2-meitiolfúrán agus 3-meitiolfúrán i gcaife agus i mbia do naíonáin i gcrúsca, ba chóir do Bhallstáit agus d’oibreoirí gnó bia modh a úsáid a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

    Paraiméadar

    Critéar

    Sainiúlacht

    Saor ó thrasnaíochtaí maitríse nó trasnaíochtaí speictreacha

    Crotáin allamuigh

    Níos lú ná an teorainn braite (LOD)

    In-atriallacht (RSDr)

    0,66 uair RSDR mar a díorthaíodh ó chothromóid (athraithe) Horwitz

    In-atáirgtheacht (RSDR)

    Mar a díorthaíodh ó chothromóid (mhodhnaithe) Horwitz

    Téarnamh

    80 – 110 %

    Teorainn braite (LOD)

    = Trí dheichiú de LOQ

    Teorainn cainníochtaithe (LOQ)

    Maidir le caife: nach mó ná 20 μg/kg

    Maidir le bia do naíonáin i gcrúsca: 5 μg/kg

    Chun anailís a dhéanamh ar fhúrán i mbianna seachas caife agus bia do naíonáin i gcrúsca, ba cheart do na Ballstáit agus d’oibreoirí gnó bia modh a úsáid a chomhlíonann na critéir sin agus níor cheart teorainn an chainníochtaithe (LOQ) a bheith níos airde ná 5 μg/kg.

    Chun anailís a dhéanamh ar 2-meitiolfúrán agus 3-meitiolfúrán i mbianna seachas caife agus bia do naíonáin i gcrúsca, ba cheart nósanna imeachta um rialú cáilíochta a bheith i bhfeidhm ag saotharlanna chun iontaofacht na dtorthaí anailíseacha a fhaightear a áirithiú sa chás nach mbeadh an LOQ níos airde ná 5 μg/kg.

    4.

    Más féidir ailciolfúráin seachas 2-meitiolfúrán agus 3-meitiolfúrán a chinneadh leis an modh anailíse atá in úsáid, ba cheart do na Ballstáit agus d’oibreoirí gnó bia na hailciolfúráin sin a chinneadh.

    5.

    Ba cheart do na Ballstáit agus d’oibreoirí gnó bia na torthaí faireacháin a sholáthar do EFSA faoin 30 Meitheamh gach bliain, i gcomhréir le ceanglais na Tuairisce Caighdeánaí ar Shamplaí (SSD) ó EFSA le haghaidh Bia agus Beatha agus le ceanglais tuairiscithe shonracha bhreise ó EFSA (3).

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Márta 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Stella KYRIAKIDES

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  Painéal CONTAM EFSA (Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra), ‘Scientific opinion on the risks for public health related to the presence of furan and methylfurans in food’ [Tuairim eolaíoch maidir leis na rioscaí do shláinte an phobail a bhaineann le láithreacht fúráin agus meitiolfúrán sa bhia]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2017;15(10):5005, 142 lgh. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2017.5005

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 ón gCoimisiún an 28 Márta 2007 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse le haghaidh rialú oifigiúil ar leibhéil luaidhe, caidmiam, mearcair, stáin neamhorgánigh, 3-MCPD agus beinsi(a)piréin in earraí bia (IO L 88, 29.3.2007, lch. 29).

    (3)  https://www.efsa.europa.eu/en/call/call-continuous-collection-chemical-contaminants-occurrence-data-0


    Top