Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

De réir thuairim an Abhcóide Ghinearálta i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh cuimsíonn an téarma 'céile' céilí den ghnéas céanna

Tá ráite ag an Abhcóide Ginearálta, Melchior Wathelet, i dtuairim neamhcheangailteach uaidh, go bhfuil sé faoi Bhallstáit an Aontais Eorpaigh féin an pósadh idir daoine den ghnéas céanna a cheadú, ach nach féidir leo bac a chur ar shaoirse cónaithe saoránaigh den Aontas trí cheart buanchónaithe ar a gcríoch a dhiúltú do chéile comhghnéis an tsaoránaigh sin, ar náisiúnach de thír nach Ballstát den Aontas Eorpach í.

Tugadh an tuairim sin de thoradh iarratas a rinne Curtea Constituţională a României (Cúirt Bhunreachtúil na Rómáine) ar réamhrialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Cás C 673/16 Coman agus Eile .

Tugadh caingean dlí os comhair na Cúirte Céadchéime sa Rómáin toisc gur diúltaíodh cónaí sa Rómáin, in éineacht lena fhear céile Rómánach, d'fhear Meiriceánach ar an ábhar go bhfuil an pósadh aerach mídhleathach sa tír sin.

Sa tuairim uaidh, shoiléirigh an tAbhcóide Ginearálta forléiriú an choincheapa 'céile' de réir infheidhmeacht Threoir 2004/38/CE maidir leis an tsaoirse gluaiseachta. Sa chonclúid a thug sé uaidh, dúirt sé go bhfuil éabhlóid ghinearálta tagtha ar shochaithe Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus nach féidir cloí a thuilleadh leis an tuiscint 'go gciallaíonn pósadh an t-aontas idir beirt nach ionann gnéas dóibh'.

Liosta doiciméad

Achoimrí ar reachtaíocht an Aontais

Achoimrí ar Reachtaíocht an Aontais – Téarmaí gluaise

Suíomhanna gaolmhara