EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1888

Rialachán (AE) 2021/1888 ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2021 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

ST/12692/2021/INIT

OJ L 384, 29.10.2021, p. 1–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1888/oj

29.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 384/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1888 ÓN gCOMHAIRLE

an 27 Deireadh Fómhair 2021

lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go nglactar bearta caomhantais agus aird á tabhairt ar an gcomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch a bhíonn ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascaigh agus ag comhlachtaí comhairleacha eile, mar aon le comhairle ó chomhairlí comhairleacha a bunaíodh do na limistéir gheografacha ábhartha inniúlachta agus moltaí comhpháirteacha arna ndéanamh ag na Ballstáit.

(2)

Tá an Chomhairle le bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear coinníollacha áirithe atá nasctha go feidhmiúil leis na deiseanna iascaireachta sin, de réir mar is iomchuí. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gur cheart go ndéanfar deiseanna iascaireachta a chionroinnt ar na Ballstáit ar dhóigh lena n-áirithítear cobhsaíocht choibhneasta ghníomhaíochtaí iascaireachta gach Ballstáit le haghaidh gach stoic nó iascaigh.

(3)

Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 gurb é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY) a bhaint amach faoi 2015 i gcás inar féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach incriminteach faoi 2020 ar a dhéanaí le haghaidh na stoc uile. Ba é cuspóir na hidirthréimhse go dtí 2020 baint amach na huastáirgeachta inbhuanaithe i gcás na stoc uile a chothromú leis na himpleachtaí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith ann le coigeartuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar dheiseanna iascaireachta gaolmhara.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil, agus aird á tabhairt ar impleachtaí bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú, agus i bhfianaise na tuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara.

(5)

Bunaítear le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) plean ilbhliantúil le haghaidh na stoc trosc, scadán agus salán i Muir Bhailt agus maidir leis an iascach a shaothraíonn na stoic sin (“an plean”). Is é is aidhm don phlean a áirithiú go ndéanfaidh saothrú bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara líon na speiceas atá á saothrú a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéil atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, go bhfuil na deiseanna iascaireachta le bunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna ilbhliantúla sin.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 4(1) den phlean, bhí na deiseanna iascaireachta le haghaidh na stoic a liostaítear in Airteagal 1 den phlean le socrú chun básmhaireacht iascaireachta ar leibhéal uastáirgeachta inbhuanaithe, arna shloinneadh i raonta, a bhaint amach a luaithe is féidir agus, ar bhonn forchéimnitheach agus incriminteach, faoi 2020 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, ba cheart na teorainneacha gabhála is infheidhme in 2022 maidir leis na stoic ábhartha i Muir Bhailt a bhunú i gcomhréir le cuspóirí an phlean.

(7)

D’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (“ICES”) a comhairle bhliantúil stoic maidir le stoic Mhuir Bhailt an 28 Bealtaine 2021. Thug sí le fios nach raibh bithmhais scadán Mhuir Bhailt Thiar i bhforanna ICES 20-24 ach ag 54 % de phointe tagartha teorann maidir le bithmais (Blim) stoic sceite, leibhéal ar faoina bhun a d’fhéadfadh laghdú a bheith ar acmhainn atáirgthe na stoc éisc. Ina theannta sin, tá an earcaíocht fós ar leibhéil níos ísle ná riamh. Dá bhrí sin, d’fhoilsigh ICES comhairle don 4ú bliain as a chéile gan aon ghabhálacha a bheith ann do scadán Mhuir Bhailt Thiar. De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, ba cheart, dá bhrí sin, gach beart ceartaitheach iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar leibhéil an stoic éisc lena mbaineann a athbhunú go tapa os cionn na leibhéal atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Thairis sin, ceanglaítear leis an bhforáil sin bearta ceartaitheacha breise a ghlacadh. Dá mbeadh na deiseanna iascaireachta do scadán Mhuir Bhailt Thiar le socrú ar an leibhéal a léirítear i gcomhairle ICES, thiocfadh feiniméan an “tachtspeiceas” chun cinn de thoradh na hoibleagáide na gabhálacha ar fad in iascaigh mheasctha a thabhairt i dtír le foghabhálacha scadán Mhuir Bhailt Thiar a thabhairt i dtír. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir, ar lámh amháin, cead a thabhairt iascaigh do stoic eile a choimeád ar bun i bhfianaise na n-impleachtaí tromchúiseacha socheacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith i gceist murach sin agus, ar an lámh eile, an gá atá le stádas maith bitheolaíoch a bhaint amach don stoc, agus aird á tabhairt ar an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar gach stoc in iascach measctha ag an uastáirgeacht inbhuanaithe ag an am céanna, is iomchuí TAC sonrach a bhunú le haghaidh fhoghabhálacha scadán Mhuir Bhailt Thiar. Mar sin féin, oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha agus chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), mar aon le hiascairí cósta ar mhionscála a dhéanann iascaireacht le trealamh áirithe éighníomhach, ba cheart cead a thabhairt dóibh díriú ar scadán Mhuir Bhailt Thiar. Ba cheart leibhéal an TAC sin a shocrú sa chaoi nach méadófar ráta básmhaireachta agus go dtugtar dreasachtaí maidir leis an roghnaíocht agus an tseachaint a fheabhsú.

(8)

Maidir le stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir, bhí an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara in ann a comhairle réamhchúraim a bhunú ar mheasúnú atá níos iomláine ó thaobh sonraí de ó bhí 2019 ann. Measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go leanann bithmhais stoc throsc Mhuir Bhailt Thiar de bheith faoi bhun Blim agus go bhfuil laghdú breise tagtha uirthi ó 2020. Dá bhrí sin, d’fhoilsigh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara comhairle don 3ú bliain as a chéile gan aon ghabhálacha a bheith ann do throsc Mhuir Bhailt Thiar. Ó bhí 2019 ann glacadh bearta dochta caomhnaithe san Aontas. De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, dúnadh iascach dírithe ar throsc Mhuir Bhailt Thoir agus socraíodh an ghabháil iomlán incheadaithe i dtaca le foghabhálacha dosheachanta throsc Mhuir Bhailt Thoir ar leibhéal an-íseal chun feiniméan an “tachtspeiceas” in iascaigh eile a sheachaint. Fairis sin, glacadh bearta breise ceartaitheacha a bhfuil baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta i bhfoirm cosc le linn an tséasúir sceite agus toirmeasc ar iascaigh áineasa sa phríomhlimistéar dáileacháin. I bhfianaise na comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara agus staid na stoc atá gan athrú, is iomchuí leibhéal na ndeiseanna iascaireachta agus na bearta ceartaitheacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu leo a choinneáil ar bun gan athrú.

(9)

A mhéid a bhaineann le trosc Mhuir Bhailt Thiar, léirítear i measúnuithe eolaíocha le roinnt blianta cheana féin go raibh an bhithmhais stoic sceite faoi bhun an phointe tagartha, ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta (Btrigger). Dá bhrí sin, is ag dul i ndéine a bhí na bearta bainistíochta a glacadh le blianta beaga anuas. In 2021 chinn ICES measúnú níos doimhne a dhéanamh ar staid an stoic agus, dá bhrí sin, chuir sí a chomhairle siar go dtí an 10 Meán Fómhair 2021. Léiríodh sa mheasúnú sin gur lú bithmhais stoic throsc Mhuir Bhailt Thiar ná leath den mheastachán a rinneadh roimhe sin agus go raibh sí faoi bhun Blim den chuid is mó le breis agus 10 mbliana,. Meastar gurb ionann an bhithmhais reatha agus leath de Blim. Ó 2018 i leith, tá an earcaíocht ar leibhéil níos ísle ná riamh. Measann an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, agus dóchúlacht 53 % ann gur féidir méadú a theacht ar bhithmhais an stoic beagán os cionn Blim in 2023 in ainneoin roinnt gabhálacha a bheith á ndéanamh. I gcás den sórt sin, de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2016/1139, ba cheart bearta ceartaitheacha a dhéanamh agus na deiseanna iascaireachta a shocrú ar bhealach a áiritheoidh go ndéanfar an stoc a athbhunú go tapa os cionn an leibhéil atá in ann uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Tá leibhéal na ngabhálacha arna moladh chomh híseal sin nach féidir leis iascach dírithe agus na foghabhálacha dosheachanta in iascaigh eile a sheasamh, go háirithe in iascaigh ghrinnill na leathóg. Dá bhrí sin, is iomchuí TAC a shocrú atá teoranta d’fhoghabhálacha dosheachanta in iascaigh eile chun an feiniméan maidir le “tachtspeiceas” a sheachaint, le díolúine d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241. Thairis sin, glacadh bearta ceartaitheacha breise a raibh baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta roimhe seo i bhfoirm cosc le linn an tséasúir sceite agus iascaigh áineasa a theorannú. I bhfianaise an mheatha thromchúisigh atá tagtha ar an stoc, is iomchuí síneadh a chur leis an gcosc le linn an tséasúir sceite ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta chun an tréimhse ina gcomhchruinníonn trosc roimh sceitheadh a chumhdach. Ba cheart díolúine bhreise ón gcosc le linn an tséasúir sceite a thabhairt isteach i gcás soithí iascaireachta a bhíonn ag iascaireacht, le dreidirí, ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn ICES 22 in uiscí ar lú a ndoimhneacht ná 20 méadar, ós rud é go dtarlaíonn na hiascaigh sin lasmuigh de na láithreacha sceite trosc agus go mbíonn foghabhálacha an-íseal trosc acu. Maidir le hiascaigh áineasa, murab ionann agus blianta roimhe sin, ní raibh an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara in ann gabhálacha tráchtála agus áineasa a mhiondealú, mar gheall ar an leibhéal íseal de ghabhálacha iomlána arna moladh. I bhfianaise riocht an stoic, is gá an teorainn ghabhála a laghdú a mhéid is féidir chun fanacht laistigh de na leibhéil ghabhála arna moladh ag ICES. Thairis sin, is iomchuí gan iascaigh áineasa a dhíolmhú a thuilleadh ón tréimhse choiscthe le linn an tséasúir sceite.

(10)

In 2020 mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go raibh bithmhais scadán Mhuir Bhailt tite faoi bhun an phointe tagartha do bhithmhais stoic sceite ar faoina bhun a dhéanfar gníomhaíocht shonrach agus iomchuí bainistíochta(Btrigger). In 2021, mheas an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara go raibh laghdú breise tagtha ar an mbithmhais agus go bhfuil sí gar do Blim anois. Is iomchuí dá bhrí sin na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/1139.

(11)

De réir comhairle ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara, bíonn trosc á fhoghabháil in iascaigh leathóg. Gabhtar saláin in iascach measctha le scadáin agus is speiceas creiche don trosc é. Is iomchuí na hidirghníomhaíochtaí ilspeiceas sin a chur san áireamh agus na deiseanna iascaireachta á socrú le haghaidh leathóg agus salán.

(12)

Maidir le bradáin i bhforoinn ICES 22-31, bhí sé ráite ag ICES le roinnt blianta cheana féin go raibh stádas stoc na n-aibhneacha an-ilchineálach. Chun níos mó ama a thabhairt do shaineolaithe an éagsúlacht sin a chur san áireamh ar bhealach níos fearr, chinn ICES a chomhairle a chur siar go dtí an 15 Meán Fómhair 2021. De réir an mholta ó ICES, chun stoic laga na n-aibhneacha a chosaint, ba cheart deireadh a chur le gach gabháil tráchtála agus áineasa sa phríomh-imchuach, ar iascaigh mheasctha iad ó nádúr a ghabhann bradáin ó stoic shláintiúla agus laga aibhneacha. Measann ICES, áfach, go bhféadfaí leanúint den iascach dírithe atá ann cheana i limistéir chósta Mhurascaill na Boitnia agus Mhuir Aland le linn imirce samhraidh na mbradán. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, cead a thabhairt do na hiascaigh leanúint ar aghaidh i bhfianaise impleachtaí socheacnamaíocha tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann mura gceadófaí sin, agus, ar an taobh eile, an gá le dea-stádas bitheolaíoch a bhaint amach don stoc, agus an deacracht a bhaineann le hiascaireacht a dhéanamh ar na stoic uile in iascach measctha de réir MSY ag an am céanna, is iomchuí TAC sonrach a bhunú d’fhoghabhálacha bradán sna limistéir sin, le díolúine d’oibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíocha, agus chun na críche sin amháin, agus go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241, agus d’iascaigh chósta lastuaidh de dhomhanleithead 59°30′T le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa. I bhfianaise chomhairle ICES, is iomchuí tuilleadh bearta ceartaitheacha a ghlacadh a mbeidh baint fheidhmiúil acu leis na deiseanna iascaireachta. Ba cheart úsáid spiléar thar ceithre mhuirmhíle a thoirmeasc ós rud é gur gnách gur trealamh é a úsáidtear chun díriú ar bhradáin. Ina theannta sin, sna limistéir sin nach bhfuil iascaigh thráchtála ceadaithe iontu, ba cheart a cheadú go ndéanfaí aon bhradán eiteghearrtha amháin in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae a choinneáil in iascaigh áineasa. Ar deireadh, chun míthuairisciú a sheachaint, ba cheart gach eiseamal d’aon speiceas éisc a choinnítear a thabhairt i dtír agus iad iomlán chun go mbeifear in ann iad a shainaithint go soiléir.

(13)

Chun úsáid iomlán na ndeiseanna iascaireachta cósta a áirithiú, tugadh isteach solúbthacht theoranta idirlimistéir do bhradáin ó fhoranna 22-31 ICES go foroinn ICES 32 in 2019. I bhfianaise na n-athruithe ar dheiseanna iascaireachta don dá stoc sin, is iomchuí an tsolúbthacht sin a laghdú.

(14)

Nuair a tugadh isteach cosc ar iascaireacht breac geal thar 4 mhuirmhíle agus teorannú ar fhoghabhálacha breac geal go 3 % den chomhghabháil breac geal agus bradán, chuir an cosc agus an teorannú araon go mór leis an laghdú ar an míthuairisciú suntasach a bhí roimhe seo, ar ghabhálacha in iascach bradán, go háirithe iad siúd a thuairiscítí mar ghabhálacha breac geal. Is iomchuí dá bhrí sin an fhoráil sin a choinneáil chun an míthuairisciú a choinneáil ar leibhéal íseal.

(15)

Tá úsáid na ndeiseanna iascaireachta a leagtar amach sa Rialachán seo faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (4), agus go háirithe Airteagail 33 agus 34 de, maidir le gabhálacha agus iarracht iascaireachta a thaifeadadh agus maidir le sonraí i ndáil le hídiú deiseanna iascaireachta a tharchur chuig an gCoimisiún. Ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, dá bhrí sin, na cóid a bhaineann le stoic a thabhairt i dtír, stoic atá faoi réir an Rialacháin seo agus atá le húsáid ag na Ballstáit agus sonraí á seoladh chuig an gCoimisiún.

(16)

Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (5), tugadh coinníollacha breise isteach maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear, faoi Airteagail 3 agus 4 de, forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus anailíseacha. Faoi Airteagal 2 den Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 maidir leo, go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. Níos déanaí fós, tugadh an sásra solúbthachta ó bhliain go bliain isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach bheo-acmhainní bitheolaíocha na mara, a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a shuí nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

(17)

Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil bithmhais stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir, scadán Mhuir Bhailt Thiar agus trosc Mhuir Bhailt Thiar faoi bhun Blim agus nach gceadaítear ach iascaigh foghabhála, iascaigh eolaíocha agus, i gcás scadán Mhuir Bhailt Thiar, roinnt iascach cósta ar mhionscála in 2022, ghlac na Ballstáit ag a bhfuil scair chuóta sa TAC ábhartha mar chúram orthu féin gan an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na stoic sin in 2022 ionas nach rachaidh gabhálacha in 2022 thar an ngabháil iomlán incheadaithe arna socrú maidir le troisc Mhuir Bhailt Thoir, scadáin Mhuir Bhailt Thiar agus trosc Mhuir Bhailt Thiar. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil bithmhais bradán ó stoic aibhneacha laisteas de dhomhanleithead 59°30′T beagnach faoi bhun an phointe tagartha teorann do tháirgeadh gealóg (Rlim) agus nach gceadaítear ach foghabháil agus iascach eolaíoch sa limistéar sin in 2022, ghlac na Ballstáit ábharta mar chúram orthu féin gealltanas comhchosúil a dhéanamh maidir le solúbthacht ó bhliain go bliain i ndáil le gabhálacha bradán sa phríomh-imchuach in 2022

(18)

Is ón 1 Samhain go dtí an 31 Deireadh Fómhair a mhaireann an bhliain iascaireachta don trosc Ioruach i Roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES. Chun go bhféadfar tús a chur leis an iascach an 1 Samhain 2021 agus ar bhonn na comhairle eolaíche nua agus tar éis dul i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe, is gá réamh-TAC a shocrú don trosc Ioruach i roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i bhfolimistéar 4 ICES don tréimhse ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021. Ba cheart an TAC tosaigh sin a shocrú i gcomhréir leis an gcomhairle ó ICES a foilsíodh an 8 Deireadh Fómhair 2021.

(19)

I Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle (6), sa tábla maidir le deiseanna iascaireachta le haghaidh ronnach sa Mhuir Thuaidh, tagraítear d’uiscí 3a agus 4, Uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a; Uiscí an Aontais i 3b, 3c agus i bhforanna 22-32 i gcomhréir leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (7). In 2021, bhí comhairliúcháin maidir leis an ronnach idir na Stáit chósta ach níor thángthas ar chomhaontú, áfach, maidir le socruithe rochtana idir an tAontas, an Ríocht Aontaithe agus an Iorua. Dá bhrí sin, níl rochtain ag an Aontas ar iascaireacht a dhéanamh ar a chuóta ronnach in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh.

(20)

In 2021, thug an tAontas caibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe i gcrích maidir le deiseanna iascaireachta agus bearta bainistíochta le haghaidh TACanna áirithe do 2021, lena n-áirítear le haghaidh ronnach, lena gcuirtear ar chumas an Aontais iascaireacht a dhéanamh ar a chuóta ronnach in uiscí na Ríochta Aontaithe. Mar thoradh air sin, ba cheart na táblaí ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta a leasú dá réir chun go léireofar teorannuithe limistéir iascaireachta in uiscí na Mara Thuaidh d’uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais.

(21)

In 2021, níl rochtain ag Aontas ar iascaireacht a dhéanamh ar a chuóta ronnach in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh. Áirítear in Rialachán (AE) 2021/92 an tábla maidir le deiseanna iascaireachta ronnach in uiscí 2a agus 4a agus ba cheart go bhféadfaí iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta de 13 359 tona a chionroinntear ar an Danmhairg in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe sa Mhuir Thuaidh r. Ba cheart fonóta a chur isteach sa tábla ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta chun go mbeidh an Danmhairg in ann iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe sa Mhuir Thuaidh. Chuathas i gcomhairle leis an Ríocht Aontaithe maidir leis an bhféidearthacht sin agus ní dhearna sí aon agóid i gcoinne an chur chuige lena gceadaítear an cuóta sin a iascach in uiscí sin na Ríochta Aontaithe amhail ón 12 Deireadh Fómhair 2021.

(22)

Leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus leis an bPrótacal Chur Chun Feidhme a ghabhann leis (8), foráiltear go bhfuil an tAontas le 7,7 % den TAC le haghaidh na gcaibeallán a fháil atá le gabháil in uiscí na Graonlainne d’fholimistéir 5 agus 14 ICES. An 5 Deireadh Fómhair 2021, fuair an tAontas faisnéis ó údaráis na Graonlainne go bhfuil comhairle eisithe ag ICES don chaibeallán don séasúr 2021/2022 ag leibhéal 904 200 tona mar TAC. Tar éis comhairle eolaíoch a fháil agus bunaithe ar an gcomhaontú ar thángthas air idir an Ghraonlainn, an Íoslainn agus an Iorua maidir leis an gcaibeallán, tá cuóta 135 630 tona socraithe ag Rialtas na Graonlainne. I gcomhréir leis an bPrótacal Chur Chun Feidhme idir an tAontas agus an Ghraonlainn, ba mhaith leis an nGraonlainn 69 623 tona de chaibeallán, is é sin 7,7 % den TAC iomlán, a thairiscint don Aontas. Ba cheart an TAC sin a shocrú anois ar an mbonn sin. Ina theannta sin, chomhaontaigh an Ghraonlainn, an Íoslainn agus an Iorua, mar chuid dá gcreat-chomhaontú maidir le caomhnú agus bainistiú na gcaibeallán, maidir le socruithe nua séasúir iascaireachta. Dá bhrí sin, is gá freisin an t-athrú sa séasúr iascaireachta a léiriú, ar cheart dó a bheith ag tagairt anois do thréimhse ón 15 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Aibreán 2022.

(23)

Tugann an Coimisiún ceadúnais iascaireachta do shoithí a bhfuil bratach Veiniséala ar foluain acu chun a cheadú dóibh sclamhaire a ghabháil in uiscí an Aontais amach ó chósta Ghuáin na Fraince. Is é is aidhm don leasú atá beartaithe leanúnachas na n-oibríochtaí iascaireachta a áirithiú le linn an phróisis údaraithe idir dhá bhliain faoi choinníollacha áirithe.

(24)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/92 a leasú dá réir sin.

(25)

Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo a bhaineann le Muir Bhailt ón 1 Eanáir 2022. Tá feidhm ag na teorainneacha gabhála dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/92 ón 1 Eanáir 2021. Ba cheart, dá bhrí sin, feidhm a bheith ag na forálacha arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo a bhaineann leis na teorainneacha gabhála sin ón 1 Eanáir 2021 chomh maith. Mar sin féin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis an trosc Ioruach i roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus in uiscí an Aontais d’fholimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022. I bhfianaise an ghá atá ann leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta inbhuanaithe agus tús a chur leis na hiascaigh ábhartha in am d’oscailt na séasúr iascaireachta, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo maidir le teorainneacha gabhála do ronnach in uiscí na hIorua sa Mhuir Thuaidh. agus na gcaibeallán in uiscí na Graonlainne i bhfolimistéir 5 agus 14 ICES faoi seach ón 12 Deireadh Fómhair 2021 agus ón 15 Deireadh Fómhair 2021 faoi seach. Ós rud é nach bhfuil na deiseanna iascaireachta lena mbaineann ídithe go fóill nó toisc go méadófar iad leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an ionchais dhlisteanaigh le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo. Ar chúiseanna práinne, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm láithreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc i Muir Bhailt agus leasaítear deiseanna iascaireachta áirithe in uiscí eile arna socrú le Rialachán (AE) 2021/92.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le soithí de chuid an Aontais a oibríonn i Muir Bhailt.

2.   Tá feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le hiascaigh áineasa i gcás ina dtagraítear go sainráite dóibh sna forálacha ábhartha.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Ina theannta sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “foroinn” foroinn de chuid na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) de Mhuir Bhailt mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(2)

ciallaíonn “an ghabháil iomlán is incheadaithe” (TAC) líon gach stoic ar ceadmhach a ghabháil in imeacht bliana;

(3)

ciallaíonn “cuóta” an cion den ghabháil iomlán incheadaithe a chionroinntear ar an Aontas, ar Bhallstát nó ar thríú tír;

(4)

ciallaíonn “iascaigh áineasa” gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha na mara, mar shampla le haghaidh áineasa, turasóireachta nó spóirt.

CAIBIDIL II

DEISEANNA IASCAIREACHTA

Airteagal 4

TACanna agus cionrannta

Leagtar amach san Iarscríbhinn na TACanna, na cuótaí agus na coinníollacha a bhaineann go feidhmiúil leo, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 5

Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta

Ní dochar cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát, mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo, do na nithe seo a leanas:

(a)

malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(b)

asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(c)

gabhálacha breise arna gceadú faoi Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(d)

cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 nó arna n-aistriú faoi Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(e)

asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 6

Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír

Sainaithnítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo stoic na speiceas nach spriocspeicis iad laistigh de na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte dá dtagraítear in Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 atá incháilithe don mhaolú ón oibleagáid gabhálacha a chomhaireamh in aghaidh an chuóta ábhartha.

Airteagal 7

Tréimhsí coiscthe chun trosc sceite a chosaint

1.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 25 agus 26 ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

2.   Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe céanna go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, laistigh de ceithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile, i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 25 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á n-úsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 50 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír.

3.   Beidh toirmeasc ar iascaireacht le haon chineál trealaimh iascaireachta i bhforanna 22 agus 23 ón 15 Eanáir go dtí an 31 Márta, agus i bhforoinn 24 ón 15 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa.

4.   Beidh díolúine ón toirmeasc a leagtar síos i mír 3 sna cásanna seo a leanas:

(a)

oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, ar choinníoll go ndéantar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241;

(b)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná 12 mhéadar agus a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin nó líonta traimlí, le doruithe grinneallsocraithe, spiléir, laistigh de ceithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, sruthdhoruithe, doruithe láimhe agus trealamh díreoige, nó gléasanna iascaireachta comhchosúla éighníomhacha eile, i limistéir inar lú ná 20 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla;

(c)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a dhéanann iascaireacht i bhforoinn 24 ar stoic pheiligeacha lena gcaitheamh go díreach ag an duine, a bhfuil trealaimh á n-úsáid acu arb ionann méid a mogaill agus 45 mm nó ar lú é ná sin, i limistéir inar lú ná 40 méadar doimhneacht an uisce de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt loingseoireachta oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla, agus a ndéantar sórtáil ar na gabhálacha dá gcuid arna dtabhairt i dtír;

(d)

soithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhíonn ag iascaireacht le dreidirí ar mhoilisc dhébhlaoscacha i bhforoinn 22 i limistéir ar lú doimhneacht an uisce ná 20 méadar de réir na gcomhordanáidí ar an gcairt farraige oifigiúil arna heisiúint ag na húdaráis náisiúnta inniúla.

5.   Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) nó pointe (c), agus mír 4, pointe (b), pointe (c), nó pointe (d), go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.

Airteagal 8

Bearta maidir le hiascaigh áineasa trosc i bhforanna 22-26

1.   In iascaigh áineasa, ní fhéadfar níos mó ná aon eiseamal amháin de throsc a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae i bhForanna 22 agus 23, agus i bhforoinn 24 laistigh de 6 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, seachas sa thréimhse ón 15 Eanáir go 31 Márta, ina dtoirmiscfear iascaireacht áineasa le haghaidh troisc.

2.   Toirmeascfar iascaigh áineasa trosc i bhforoinn 24 thar 6 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte, agus i bhforanna 25 agus 26.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.

Airteagal 9

Bearta maidir le hiascaigh áineasa bradán i bhforanna 22-31

1.   Beidh cosc ar iascaigh áineasa bradán i bhforanna 22-31. Aon eiseamal bradáin a ghabhtar, cuirfear ar ais san fharraige láithreach bonn é.

2.   De mhaolú ar mhír 1, déanfar iascaigh áineasa bradán a cheadú faoi na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)

ní fhéadfar níos mó ná aon eiseamal amháin de bhradáin eiteghearrtha saille a choinneáil in aghaidh an iascaire in aghaidh an lae;

(b)

déanfar gach eiseamal d’aon speiceas éisc a choinnítear a thabhairt i dtír ina eiseamal iomlán.

3.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, déanfar iascaigh áineasa bradán lastuaidh de dhomhanleithead 59°30′T a cheadú ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa gan srianta i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte.

4.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.

Airteagal 10

Bearta maidir le stoic na mbreac geal agus na mbradán i bhforanna 22-32 a chaomhnú

1.   Beidh cosc ar shoithí iascaireachta bric gheala a iascach thar 4 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte i bhforanna 22-32 ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022. Nuair a bheifear ag iascaireacht bradán thar 4 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte i bhforoinn 32, ní rachaidh foghabhálacha breac geal thar 3 % den ghabháil iomlán bradán agus breac geal tráth ar bith a bheidh ar bord nó tugtha i dtír tar éis gach turais iascaireachta.

2.   Beidh cosc ar iascaireacht le spiléir thar 4 mhuirmhíle arna dtomhas ó na bunlínte i bhforanna 22-31.

3.   Tá an tAirteagal seo gan dochar do bhearta náisiúnta níos déine.

Airteagal 11

Solúbthacht

1.   Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim, agus tá feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TAC anailíseach.

2.   Níl feidhm ag Airteagail 3(2) agus (3) agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina n-úsáidfidh Ballstát an tsolúbthacht bhliantúil dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 12

Tarchur sonraí

Nuair a sheolfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann le cainníochtaí na stoc a ghabhtar nó a thugtar i dtír chuig an gCoimisiún, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/92

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/92 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn IA mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh troisc i roinn 7d ICES:

“Speiceas:

An trosc

Gadus morhua

Limistéar:

7d

(COD/07D.)

an Bheilg

33

(1)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Fhrainc

649

(1)

an Ísiltír

19

(1)

An tAontas

701

(1)

An Ríocht Aontaithe

71

(2)

TAC

772

 

(1)

Coinníoll speisialta: féadfar suas le 5 % de a iascach in 4, sa chuid sin de 3a nach n-áirítear in Skagerrak ná in Kattegat agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a (COD/*2A3X4).

(2)

Coinníoll speisialta: féadfar suas le 5 % de a iascach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4, sa chuid sin de 3a nach n-áirítear in Skagerrak ná in Kattegat agus uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a (COD/*2A3X4)” ;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh ronnach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais i roinn 2a, agus i bhfolimistéir 3 agus 4 ICES:

“Speiceas:

An ronnach

Scomber scombrus

Limistéar:

uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i 2a, 3 agus 4

(MAC/2A34.)

an Bheilg

544

(1)(2)

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 8(2) den Rialachán seo

An Danmhairg

18 666

(1)(2)

An Ghearmáin

567

(1)(2)

An Fhrainc

1 713

(1)(2)

An Ísiltír

1 724

(1)(2)

An tSualainn

5 108

(1)(2)(3)

An tAontas

28 322

(1)(2)

An Iorua

Ní bhaineann le hábhar

(4)

An Ríocht Aontaithe

Ní bhaineann le hábhar

(1)(2)(3)

TAC

852 284

 

(1)

Coinníoll speisialta: féadfar suas le 60 % de a iascach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 2a, 5b, 6, 7, 8d, 8e, 12 agus 14 (MAC/*2AX14).

(2)

Laistigh de theorainneacha na gcuótaí thuasluaite, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a thógáil sa dá limistéir seo a leanas:

 

Uiscí na hIorua in 2a (MAC/*02AN-)

Uiscí Fharó (MAC/*FRO1)

an Bheilg

0

0

An Danmhairg

0

0

An Ghearmáin

0

0

An Fhrainc

0

0

An Ísiltír

0

0

An tSualainn

0

0

An tAontas

0

0

(3)

Coinníoll speisialta: lena n-áirítear an tonnáiste seo a leanas atá le tógáil in uiscí na hIorua in 2a agus 4a (MAC/*2A4AN):

 

251

Nuair a bheifear ag iascach faoin gcoinníoll speisialta seo, ní mór foghabhálacha trosc, cadóg, mangach, faoitíní agus glasán a chomhaireamh in aghaidh na gcuótaí le haghaidh na speiceas sin.

(4)

Le hasbhaint ó sciar na hIorua den TAC (cuóta rochtana). Áirítear leis an méid sin an sciar seo a leanas atá ag an Iorua de TAC na Mara Thuaidh:

 

0

Ní fhéadfar an cuóta seo a iascach ach in 4a amháin (MAC/*04A.), cé is moite den mhéid seo a leanas, i dtonaí, a fhéadfar a iascach in 3a (MAC/*03A.):

 

0

Coinníoll speisialta: laistigh de theorainneacha na gcuótaí thuasluaite, ní fhéadfar níos mó ná na cainníochtaí a thugtar thíos a ghabháil sna limistéir seo a leanas:


 

3a

uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 3a agus 4bc

4b

4c

uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí idirnáisiúnta in 2a, 5b, 6, 7, 8d, 8e, 12 agus 14

 

(MAC/*03A.)

(MAC/*3A4BC)

(MAC/*04B.)

(MAC/*04C.)

(MAC/*2A6.)

an Bheilg

0

0

0

0

326

An Danmhairg

0

4 130

0

0

11 200

An Ghearmáin

0

0

0

0

340

An Fhrainc

0

490

0

0

1 028

An Ísiltír

0

490

0

0

1 034

An tSualainn

0

0

390

10

3 065

An tAontas

0

5 110

390

10

16 993

An Ríocht Aontaithe

0

Ní bhaineann le hábhar

0

0

Ní bhaineann le hábhar

An Iorua

0

0

0

0

0 ”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh ronnach in uiscí na hIorua i ranna 2a agus 4a ICES:

“Speiceas:

An ronnach

Scomber scombrus

Limistéar:

uiscí na hIorua in 2a agus 4a

(MAC/2A4A-N)

An Danmhairg

 

13 359

(1)

TAC anailíseach

An tAontas

 

13 359

(1)

TAC

 

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

In 2021, ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 2a, 3 agus 4 (MAC/*2A34X).”;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara i roinn 3a ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe agus an Aontais d’fholimistéar 4 ICES agus in uiscí na Ríochta Aontaithe i roinn 2a ICES:

“Speiceas:

An trosc Ioruach agus foghabhálacha gaolmhara

Trisopterus esmarki

Limistéar:

3a; Uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais in 4; uiscí na Ríochta Aontaithe in 2a

(NOP/2A3A4.)

Bliain

2021

2022

 

An Danmhairg

116 447

(1)(3)

24 727

(1) (6)

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ghearmáin

22

(1)(2)(3)

5

(1)(2)(6)

An Ísiltír

86

(1)(2)(3)

18

(1)(2)(6)

An tAontas

116 555

(1)(3)

24 750

(1)(6)

An Ríocht Aontaithe

11 745

(2)(3)

5 250

(2)(6)

An Iorua

0

(4)

0

(4)

Oileáin Fharó

0

(5)

0

(5)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

Féadfaidh suas le 5 % den chuóta a bheith ina fhoghabhálacha cadóg agus faoitíní (OT2/* 2A3A4). Foghabhálacha cadóg agus faoitíní arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun na forála seo agus foghabhálacha speiceas arna gcomhaireamh in aghaidh an chuóta de bhun Airteagal 15(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní rachaidh siad, i dteannta a chéile, thar 9 % den chuóta.

(2)

Ní fhéadfar an cuóta a iascach ach in uiscí na Ríochta Aontaithe agus uiscí an Aontais i limistéir 2a, 3a agus 4 ICES.

(3)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2020 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2021.

(4)

Bainfear úsáid as greille shórtála.

(5)

Bainfear úsáid as greille shórtála. Áirítear leis seo uasmhéid 15 % d’fhoghabhálacha dosheachanta (NOP/*2A3A4), nach mór a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo.

(6)

Ní fhéadfar é a iascach ach ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021.”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in áit an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh speicis eile in uiscí an Aontais i bhfolimistéar 4 agus i roinn 6a ICES lastuaidh de 56°30′T:

“Speiceas:

Speicis eile

Limistéar:

Uiscí an Aontas in 4 agus 6a lastuaidh de 56° 30′ T

(OTH/2A46AN)

An tAontas

Ní bhaineann le hábhar

 

TAC réamhchúraim

An Iorua

1 000

(1)(2)

Oileáin Fharó

0

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

Teoranta do 4 (OTH/*2A4-C).

(2)

Speicis nach gcumhdaítear le TACanna eile.“;

(2)

in Iarscríbhinn IB, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla deiseanna iascaireachta le haghaidh na gcaibeallán in uiscí na Graonlainne in 5 agus 14:

“Speiceas:

An caibeallán

Mallotus villosus

Limistéar:

Uiscí na Graonlainne in 5 agus 14

(CAP/514GRN)

An Danmhairg

51 088

 

TAC anailíseach

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96

An Ghearmáin

2 224

 

An tSualainn

3 666

 

Na Ballstáit uile

2 645

(1)

An tAontas

59 623

(2)

An Iorua

10 000

(2)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 

(1)

Ní bheidh rochtain ag an Danmhairg, ag an nGearmáin ná ag an tSualainn ar an gcuóta ‘na Ballstáit uile’ go dtí go mbeidh a gcuóta féin ídithe acu. Ní bheidh rochtain ar bith, áfach, ar an gcuóta ‘na Ballstáit uile’ ag Ballstáit a bhfuil níos mó ná 10 % de chuóta an Aontais acu. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (CAP/514GRN_AMS).

(2)

Maidir le tréimhse iascaireachta ón 15 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Aibreán 2022.” ;

(3)

in Iarscríbhinn V, Cuid B, cuirtear an fonóta seo a leanas maidir le Veiniséala leis an tábla ina leagtar amach líon uasta údaruithe iascaireachta le haghaidh soithí tríú tír a dhéanann iascaireacht in uiscí an Aontais:

“(2)

Údaraítear gníomhaíochtaí iascaireachta ar bhonn féilire bliantúil. Mar sin féin, féadfaidh soitheach iascaireachta leanúint dá ghníomhaíochtaí iascaireachta suas le 3 mhí tar éis dá údarú iascaireachta dul in éag ar choinníoll go ndéanfaidh an t-oibreoir an méid a leanas:

próiseas athnuachana a údaraithe a thionscain;

a chuid oibleagáidí conarthacha agus cumarsáide faisnéise ar fad a chomhlíonadh.

Rachaidh an síneadh sin in éag nuair a thiocfaidh i bhfeidhm an cinneadh ón gCoimisiún lena dtugtar údarú nua iascaireachta nó nuair a thabharfar fógra gur diúltaíodh an t-údarú nua iascaireachta don soitheach sin.”.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

De mhaolú ar an dara mír:

(a)

Beidh feidhm ag Airteagal 13, pointe (1)(a), pointe (1)(b), pointe (1)(e), agus pointe (3), ón 1 Eanáir 2021;

(b)

Beidh feidhm ag Airteagal 13, pointe (1)(c), ón 12 Deireadh Fómhair 2021;

(c)

Beidh feidhm ag Airteagal 13, pointe (2), ón 15 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 15 Aibreán 2022;

(d)

Beidh feidhm ag Airteagal 13, pointe (1)(d), ón 1 Samhain 2021 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

G. DOVŽAN


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).

(2)  Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch. 105).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise maidir le TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).

(6)  Rialachán (AE) 2021/92 ón gComhairle an 28 Eanáir 2021 lena socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc, is infheidhme in uiscí an Aontais agus, i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 31, 29.1.2021, lch. 31).

(7)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(8)  IO L 175, 18.5.2021, lch. 3.

(9)  Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).


IARSCRÍBHINN

NA TACanna IS INFHEIDHME MAIDIR LE SOITHÍ IASCAIREACHTA DE CHUID AN AONTAIS I LIMISTÉIR ARB ANN DO TACanna INA LEITH DE RÉIR SPEICIS AGUS DE RÉIR LIMISTÉIR

Déantar leis na táblaí seo a leanas na TACanna agus na cuótaí a leagan amach (i dtonaí beomheáchain, seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt) de réir stoic, agus na coinníollacha atá nasctha go feidhmiúil leo.

Is tagairtí do limistéir ICES iad na tagairtí do limistéir iascaireachta, mura sonraítear a mhalairt.

Tagraítear do na stoic éisc trí úsáid a bhaint as ord aibítre ainmneacha Laidine na speiceas.

Chun críocha an Rialacháin seo, soláthraítear an tábla comparáideach seo a leanas, ina gcuimsítear ainmneacha Laidine agus gnáthainmneacha:

Ainm eolaíoch

Cód alpha-3

Gnáthainm

Clupea harengus

HER

An scadán

Gadus morhua

TROSC

An trosc

Pleuronectes platessa

PLE

An leathóg

Salmo salar

SAL

An bradán Atlantach

Sprattus sprattus

SPR

An salán


Tábla 1

Speiceas:

An scadán

Clupea harengus

Limistéar:

Foranna 30-31

(HER/30/31.)

An Fhionlainn

91 287

 

TAC anailíseach

An tSualainn

20 058

 

An tAontas

111 345

 

TAC

111 345

 

 


Tábla 2

Speiceas:

An scadán

Clupea harengus

Limistéar:

Foranna 22-24

(HER/3BC+24)

An Danmhairg

110

(1)

TAC anailíseach

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

435

(1)

An Fhionlainn

0

(1)

An Pholainn

103

(1)

An tSualainn

140

(1)

An tAontas

788

(1)

TAC

788

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an scadán ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais ar lú a bhfad iomlán ná12 mhéadar a bhíonn ag iascaireacht le heangacha geolbhaigh, líonta fostúcháin, doruithe láimhe, eangacha sáinne nó trealamh díreoige. Áiritheoidh máistrí na soithí iascaireachta sin go bhféadfaidh údaráis rialúcháin an Bhallstáit faireachán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí iascaireachta am ar bith.


Tábla 3

Speiceas:

An scadán

Clupea harengus

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-27, 28.2, 29 agus 32

(HER/3D-R30)

An Danmhairg

1 180

 

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Ghearmáin

313

 

An Eastóin

6 028

 

An Fhionlainn

11 766

 

An Laitvia

1 488

 

An Liotuáin

1 566

 

An Pholainn

13 367

 

An tSualainn

17 945

 

An tAontas

53 653

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar


Tábla 4

Speiceas:

An scadán

Clupea harengus

Limistéar:

Foroinn 28.1

(HER/03D.RG)

An Eastóin

22 026

 

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Laitvia

25 671

 

An tAontas

47 697

 

TAC

47 697

 


Tábla 5

Speiceas:

An trosc

Gadus morhua

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 25-32

(COD/3DX32)

An Danmhairg

137

(1)

TAC réamhchúraim

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

54

(1)

An Eastóin

13

(1)

An Fhionlainn

10

(1)

An Laitvia

51

(1)

An Liotuáin

33

(1)

An Pholainn

159

(1)

An tSualainn

138

(1)

An tAontas

595

(1)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.


Tábla 6

Speiceas:

An trosc

Gadus morhua

Limistéar:

Foranna 22-24

(COD/3BC+24)

An Danmhairg

214

(1)

TAC anailíseach

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

104

(1)

An Eastóin

5

(1)

An Fhionlainn

4

(1)

An Laitvia

18

(1)

An Liotuáin

11

(1)

An Pholainn

57

(1)

An tSualainn

76

(1)

An tAontas

489

(1)

TAC

489

(1)

(1)

Go heisiach le haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an trosc ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.


Tábla 7

Speiceas:

An leathóg

Pleuronectes platessa

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

(PLE/3BCD-C)

An Danmhairg

6 483

 

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Ghearmáin

720

 

An Pholainn

1 358

 

An tSualainn

489

 

An tAontas

9 050

 

TAC

9 050

 


Tábla 8

Speiceas:

An bradán Atlantach

Salmo salar

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-31

(SAL/3BCD-F)

An Danmhairg

13 223

(1)(2)

TAC anailíseach

Níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

Níl feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96.

An Ghearmáin

1 471

(1)(2)

An Eastóin

1 344

(1)(2)(3)

An Fhionlainn

16 488

(1)(2)

An Laitvia

8 411

(1)(2)

An Liotuáin

989

(1)(2)

An Pholainn

4 011

(1)(2)

An tSualainn

17 874

(1)(2)

An tAontas

63 811

(1)(2)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Arna shloinneadh i dtéarmaí líon na n-iasc aonair.

(2)

Go heisiach e haghaidh foghabhálacha. Ní cheadaítear iascaigh dhírithe faoin gcuóta seo.

De mhaolú ar an gcéad mhír, féadfar oibríochtaí iascaireachta ar chun críche imscrúduithe eolaíocha iad, agus chun na críche sin amháin, a dhíriú ar an mbradán ar choinníoll go ndéanfar na himscrúduithe sin go hiomlán i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2019/1241.

De mhaolú ar an gcéad mhír, ceadaítear iascaireacht a dhéanamh ar an gcuóta sin i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais lastuaidh de dhomhanleithead 59°30′T i limistéir laistigh de cheithre mhuirmhíle arna dtomhas ó na bonnlínte le linn na tréimhse ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Lúnasa.

(3)

Coinníoll speisialta: ní fhéadfar níos mó ná 450 eiseamal den chuóta seo a iascach in uiscí an Aontais i bhforoinn 32 (SAL/*3D32).


Tábla 9

Speiceas:

An bradán Atlantach

Salmo salar

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhForoinn 32

(COD/3D32)

An Eastóin

969

(1)

TAC réamhchúraim

An Fhionlainn

8 486

(1)

An tAontas

9 455

(1)

TAC

Ní bhaineann le hábhar

(1)

Arna shloinneadh i dtéarmaí líon na n-iasc aonair.


Tábla 10

Speiceas:

An salán

Sprattus sprattus

Limistéar:

Uiscí an Aontais i bhforanna 22-32

(SPR/3BCD-C)

An Danmhairg

24 852

 

TAC anailíseach

Tá feidhm ag Airteagal 6 den Rialachán seo.

An Ghearmáin

15 745

 

An Eastóin

28 859

 

An Fhionlainn

13 010

 

An Laitvia

34 855

 

An Liotuáin

12 608

 

An Pholainn

73 969

 

An tSualainn

48 045

 

An tAontas

251 943

 

TAC

Ní bhaineann le hábhar

 


Top