Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0178

    Cás C-178/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Bolzano (an Iodáil) a taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Daoine anaithnide

    IO C 237, 20.6.2022, p. 29–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    20.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 237/29


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Bolzano (an Iodáil) a taisceadh an 8 Márta 2022 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh Daoine anaithnide

    (Cás C-178/22)

    (2022/C 237/38)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale di Bolzano

    Páirtí sna príomhimeachtaí

    Daoine anaithnide

    An cheist a tharchuirtear

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 15(1) de Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 (1) ar fhoráil den dlí náisiúnta amhail an fhoráil atá in Airteagal 132 de Fhoraithne Reachtach Uimh. 196 an 30 Meitheamh 2003 (an Cód Príobháideachais), ar leasaíodh mír 3 di le Dlí Foraithne Uimh. 132 an 30 Meán Fómhair 2021, a tiontaíodh maille le leasuithe i nDlí Uimh. 178 an 23 Samhain 2021 agus, ina leagan reatha, dá bhforáiltear mar a leanas:

    3.

    Laistigh den tréimhse coinneála arna leagan síos le dlí, má tá dóthain fianaise ann go ndearnadh cion a fhorordaítear leis an dlí pionós príosúnacht saoil nó pionós príosúnacht nach lú ná trí bliana, arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Chód um Nós Imeachta Coiriúil, nó cion i leith bagairt agus ciapadh nó suaitheadh a chur ar dhaoine trí theileafóin, i gcás ina bhfuil an bhagairt, an ciapadh agus an suaitheadh tromchúiseach, féadfar sonraí a fháil, i gcás inarb ábhartha chun na fíorais a shuí, le réamhúdarú na Cúirte, trí ordú réasúnaithe, arna iarraidh sin ón ionchúisitheoir poiblí nó le hiarratas ó ionadaí dlíthiúil an chosantóra, duine atá faoi imscrúdú, duine díobhálaithe agus aon páirtí príobháideach eile?


    (1)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002,L 201, lch. 37).


    Top