Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0105

    Cás C-105/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – P.M. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

    IO C 207, 23.5.2022, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 207, 23.5.2022, p. 13–14 (GA)

    23.5.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 207/13


    Iarraidh ar réamhrialú ón Naczelny Sąd Administracyjny (an Pholainn) a taisceadh an 15 Feabhra 2022 – P.M. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

    (Cás C-105/22)

    (2022/C 207/20)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Naczelny Sąd Administracyjny

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: P.M.

    Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Warszawie

    Ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialaithe

    An gcaithfear Airteagal 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an prionsabal gur cheart, mar cháin ar thomhaltas iarbhír, dleachtanna máil a thobhach ag céim aonair amháin, agus prionsabal na comhréireachta, a léirmhíniú sa chiall go gcuirtear cosc leo ar chur i bhfeidhm forála náisiúnta amhail Airteagal 107(1) den Ustawa o podatku akcyzowym (Acht an 6 Nollaig 2008 maidir le dleachtanna máil) a mhéid a chuirtear cosc léi ar aisíocaíocht don duine inchánach, maidir le feithicil phríobháideach chláraithe a onnmhairiú, den dleacht mháil a ríomhadh i gcomhréir le fad úsáide na feithicle sin ar an gcríoch náisiúnta?


    Top