Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0122

    Cásanna T-122/20 agus T-123/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Sciessent v an Coimisiún (Táirgí bithicídeacha – Substaintí gníomhacha – Seoilít airgid agus seoilít copair airgid – Diúltú formheasa do chineálacha táirge 2 agus 7 – Airteagal 4 agus Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 – Éifeachtúlacht – Substaintí gníomhacha le húsáid in earraí cóireáilte – Measúnú ar éifeachtúlacht na n-earraí cóireáilte iad féin – Inniúlacht an Choimisiúin – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchas dlisteanach)

    IO C 24, 23.1.2023, p. 33–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/33


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Samhain 2022 – Sciessent v an Coimisiún

    (Cásanna T-122/20 agus T-123/20) (1)

    (Táirgí bithicídeacha - Substaintí gníomhacha - Seoilít airgid agus seoilít copair airgid - Diúltú formheasa do chineálacha táirge 2 agus 7 - Airteagal 4 agus Airteagal 19(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 - Éifeachtúlacht - Substaintí gníomhacha le húsáid in earraí cóireáilte - Measúnú ar éifeachtúlacht na n-earraí cóireáilte iad féin - Inniúlacht an Choimisiúin - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe - Deimhneacht dhlíthiúil - Ionchas dlisteanach)

    (2023/C 24/46)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Sciessent LLC (Beverly, Massachusetts, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: K. Van Maldegem agus P. Sellar, Dlíodóirí, agus V. McElwee, solicitor)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes agus R. Lindenthal, Gníomhairí)

    Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Ríocht na Sualainne (ionadaithe: R. Shahsavan Eriksson, C. Meyer-Seitz, A. Runeskjöld, M. Salborn Hodgson, H. Shev, H. Eklinder agus O. Simonsson, Gníomhairí), an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ionadaithe: M. Heikkilä, C. Buchanan agus T. Zbihlej, Gníomhairí)

    Ábhar

    Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1960 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 gan seoilít airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2 agus 7 (IO 2019 L 306, lch. 42) agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1973 ón gCoimisiún an 27 Samhain 2019 gan seoilít copair airgid a fhormheas mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 2 agus 7 (IO 2019 L 307, lch. 58) a chur ar neamhní.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Déantar Cásanna T-122/20 agus T-123/20 a uamadh chun críocha an bhreithiúnais;

    2.

    Diúltaítear do na caingne;

    3.

    Ordaítear do Sciessent LLC a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc;

    4.

    Ordaítear do Ríocht na Sualainne agus don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 129, 20.4.2020.


    Top