Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42021D2295

    Cinneadh (AE) 2021/2295 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 21 Nollaig 2021 lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta

    ST/14200/2021/INIT

    IO L 458, 22.12.2021, p. 519–520 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/2295/oj

    22.12.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 458/519


    CINNEADH (AE) 2021/2295 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT

    an 21 Nollaig 2021

    lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta

    TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 254 agus Airteagal 255 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rachaidh téarma oifige 26 Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta in éag an 31 Lúnasa 2022. Ba cheart, dá bhrí sin, ceapacháin a dhéanamh do na poist sin don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028.

    (2)

    Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarmaí oifige Lauri MADISE, Iko NÕMM, Anna MARCOULLI, Savvas S. PAPASAVVAS, Tuula PYNNÄ agus Heikki KANNINEN ina gcáil mar Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta.

    (3)

    Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 48 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go mbeidh beirt Bhreithiúna in aghaidh an Bhallstáit ar an gCúirt Ghinearálta amhail ón 1 Meán Fómhair 2019. Foráiltear le hAirteagal 2, pointe (c), den Rialachán sin go dtiocfaidh deireadh, an 31 Lúnasa 2025, le téarma oifige cúigear Breithiúna, as an naonúr Breithiúna breise atá le ceapadh amhail ón 1 Meán Fómhair 2019.

    (4)

    Ainmníodh Damjan KUKOVEC don phost mar Bhreitheamh breise den Chúirt Ghinearálta.

    (5)

    Ina theannta sin, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus tar éis cheapadh Anthony COLLINS ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart breitheamh a cheapadh don Chúirt Ghinearálta ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige Anthony COLLINS, eadhon go dtí an 31 Lúnasa 2025.

    (6)

    Ainmníodh Suzanne KINGSTON don fholúntas sin.

    (7)

    I gcomhréir le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus tar éis cheapadh Dimitrios GRATSIAS ina bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart breitheamh a cheapadh don Chúirt Ghinearálta ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige Dimitrios GRATSIAS, eadhon go dtí an 31 Lúnasa 2022.

    (8)

    Ainmníodh Ioannis DIMITRAKOPOULOS don fholúntas sin.

    (9)

    Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna don Chúirt Ghinearálta don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2028:

    Lauri MADISE,

    Iko NÕMM,

    Anna MARCOULLI,

    Savvas S. PAPASAVVAS,

    Tuula PYNNÄ,

    Heikki KANNINEN.

    Airteagal 2

    Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025:

    Damjan KUKOVEC,

    Suzanne KINGSTON.

    Airteagal 3

    Leis seo, ceaptar Ioannis DIMITRAKOPOULOS ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2022.

    Airteagal 4

    Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.

    An tUachtarán

    I. JARC


    (1)  Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).


    Top