Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1291

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1291 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar an tsonraíocht táirge i gcás “Mozzarella” (STR), ainm a cláraíodh ar chlár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

C/2022/4958

IO L 196, 25.7.2022, pp. 115–118 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1291/oj

25.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 196/115


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1291 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Iúil 2022

lena bhformheastar leasú nach mion ar an tsonraíocht táirge i gcás “Mozzarella” (STR), ainm a cláraíodh ar chlár na sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(3)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 50(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, foilsíodh an t-iarratas ón Iodáil ar fhormheas ar leasú nach mion ar shonraíocht táirge an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht “Mozzarella” in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Is é is aidhm don iarratas ar leasú an t-ainm “Mozzarella” a athrú go “Mozzarella Tradizionale” agus an chosaint a athrú ó “gan an t-ainm a fhorchoimeád” go “agus an t-ainm a fhorchoimeád”.

(3)

An 1 Márta 2021, fuair an Coimisiún dhá fhógra freasúra agus ráiteas freasúra réasúnaithe amháin ón nGearmáin. An 22 Márta 2021, fuair an Coimisiún an dara ráiteas freasúra réasúnaithe ón nGearmáin.

(4)

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na ráitis freasúra réasúnaithe agus a chinneadh go raibh siad inghlactha, i gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’iarr an Coimisiún ar an Iodáil agus ar an nGearmáin, trí litir dar dáta an 10 Bealtaine 2021, dul i mbun comhairliúcháin iomchuí d’fhonn teacht ar chomhaontú.

(5)

An 2 Lúnasa 2021, arna iarraidh sin ag an Iodáil, chuir an Coimisiún síneadh 3 mhí leis an sprioc-am le haghaidh comhairliúchán. Tháinig deireadh leis na comhairliúcháin idir an Iodáil agus an Ghearmáin gan teacht ar chomhaontú. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir leis an leasú i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 52(3)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh aige.

(6)

Seo a leanas achoimre ar phríomhargóintí na Gearmáine mar a leagtar amach iad ina ráiteas freasúra réasúnaithe agus sna comhairliúcháin a rinneadh leis an Iodáil.

(7)

Mhaígh an Ghearmáin nach raibh an t-ainm nua “Mozzarella Tradizionale”, mar a rinne an Iodáil iarratas air, in úsáid go traidisiúnta chun tagairt a dhéanamh don táirge sonrach, mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(2)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ná ainm lena sainaithnítear carachtar traidisiúnta de chuid an táirge, mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(2)(b) den Rialachán céanna.

(8)

Mhaígh an Ghearmáin thairis sin nach bhféadfaí an téarma “Tradizionale” a úsáid in ainm sainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht i bhfianaise na rialacha a bhunaítear le hAirteagal 18(3), lena ndéantar foráil maidir le húsáid shonrach an téarma “traidisiúnta”. Chomh maith leis sin, is cuid den lógó “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht” (STR) cheana féin é an focal “traidisiúnta” agus cuid den tásc “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht”, a d’fhéadfadh a bheith le feiceáil ina n-iomláine ar an lipéadú freisin.

(9)

Ina theannta sin, chuirfeadh forchoimeádas an ainm “Mozzarella Tradizionale” cosc ar tháirgeoirí na Gearmáine a tháirg agus a chuir ar an margadh táirge darb ainm “Mozzarella” le breis agus 30 bliain úsáid a bhaint as an téarma “traidisiúnta”. Mhaígh an Ghearmáin go bhfuil tábhacht eacnamaíoch ag baint le húsáid an fhocail “traidisiúnta”.

(10)

Sa chomhthéacs sin, d’áitigh an Ghearmáin freisin go bhfuil dhá bhrí le “traidisiúnta”, mar a leanas: maidir leis an gcéad cheann, a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ciallaíonn “traidisiúnta” go bhfuil cruthúnas ann gur úsáideadh é sa mhargadh baile i gcaitheamh tréimhse 30 bliain ar a laghad; agus maidir leis an dara ceann, tuigeann tomhaltóirí uaidh go bhfuil aistriú eolais i gceist ó ghlúin amháin go glúin eile. Ina fhianaise sin, mhaígh an Ghearmáin, sa chás sonrach seo maidir le “Mozzarella Tradizionale”, nach dtagraíonn an téarma “Tradizionale” ach don chéad bhrí, don fhoirm chaighdeánach agus don fhoirm is traidisiúnta den táirge. Mar sin féin, dá gcuirfí an focal “traidisiúnta” leis an ainm “Mozzarella”, cháileofaí an t-ainm freisin le tagairt don dara brí, an t-aistriú eolais ó ghlúin amháin go glúin eile. Dá bhrí sin, measann an Ghearmáin go gcuirfeadh sé sin tomhaltóirí ar míthreoir agus gurb é an bealach iomchuí chun an t-ainm “Mozzarella” a cháiliú faoin gcéad bhrí den téarma “Tradizionale” an maíomh faoi Airteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chur leis.

(11)

Dhearbhaigh an Ghearmáin freisin cineál cineálach an ainm “Mozzarella”, de réir an tsainmhínithe in Airteagal 3, pointe (6) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Mar iarmhairt air sin, d’iarr an Ghearmáin go sonrófaí go sainráite sa rialachán lena bhformheastar an t-athrú ar an ainm gur ainm cineálach é “Mozzarella”. Thairis sin, mhaígh an Ghearmáin go bhféadfadh Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 cosc a chur freisin ar an STR “Mozzarella Tradizionale” agus dhá tháirge eile arna nainmniú mar STFCanna — “Mozzarella di Bufala Campana” agus “Mozzarella di Gioia del Colle” — a bheith ann in éineacht ó tharla baol a bheith ann nach mbeadh an gnáth-thomhaltóir in ann idirdhealú sách soiléir a dhéanamh idir na táirgí atá i gceist.

(12)

D’áitigh an Ghearmáin freisin maidir leis an tsonraíocht táirge atá iniata leis an iarratas ar leasú, go mbeadh athruithe inti nach bhfuil tuairisc orthu san iarratas féin. Dá bhrí sin, bheadh an t-iarratas ar leasú neamhiomlán. Ina theannta sin, ní bheadh sé éasca roinnt codanna den tsonraíocht táirge a thuiscint agus ba ghá iad a shoiléiriú. Chomh maith leis sin, bheadh an t-iarratasóir neamh-incháilithe toisc nach mbeadh cead ag táirgeoir aonair déiríochta de chuid na hIodáile ionadaíocht a dhéanamh ar tháirgeoirí uile an STR, atá lonnaithe ar fud chríoch an Aontais.

(13)

Ar deireadh, chuir an Ghearmáin in aghaidh na féidearthachta riail na cosanta a athrú ó “chlárú gan an t-ainm a fhorchoimeád” go “clárú agus an t-ainm a fhorchoimeád” trí bhíthin an iarratais seo ar leasú. Go háirithe, áitíodh go ndeachaigh an teorainn ama chun athrú den sórt sin a dhéanamh, dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, in éag an 4 Eanáir 2016. Mar thoradh air sin, tar éis dheireadh na hidirthréimhse, i.e. tar éis an 4 Eanáir 2023, ba cheart deireadh a theacht go líomhainte le cosaint “Mozzarella”.

(14)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na hargóintí a nochtadh sna ráitis freasúra réasúnaithe ón nGearmáin i bhfianaise fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus torthaí na gcomhairliúchán iomchuí a rinneadh idir an t-iarratasóir agus an freasúróir á gcur san áireamh aige, agus chinn sé gur cheart an leasú ar an tsonraíocht táirge le haghaidh an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht “Mozzarella” a fhormheas.

(15)

Leis an ainm “Mozzarella Tradizionale”, sainaithnítear carachtar traidisiúnta an táirge, mar a cheanglaítear le hAirteagal 18(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. Is leor é sin chun ainm a cháiliú mar STR, agus is rogha mhalartach é comhlíonadh na gcoinníollacha faoi Airteagal 18(2)(a) agus 18(2)(b).

(16)

Ina theannta sin, chun úsáid an ainm “Mozzarella Tradizionale” a léiriú, chuir an Iodáil isteach samplaí den úsáid sin ar lipéid nó i lógónna, chomh maith lena léiriú gurbh ann don ghrúpa táirgeoirí darb ainm “Consorzio italiano per la Tutela della Mozzarella tradizionale” cheana féin in 2001.

(17)

A mhéid a bhaineann le húsáid an téarma “Traidisiúnta” san ainm comhshuite atá ar STR arna chlárú agus an t-ainm a fhorchoimeád, ní hamháin go gceadaítear é le hAirteagal 18(2)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ach is é an sampla foirfe é de théarma lena sainaithnítear carachtar traidisiúnta an táirge. Ar na cúiseanna sin, is féidir an téarma “traidisiúnta” a fháil in a lán ainmneacha faoi chosaint ar STRanna le forchoimeádas ainm, i dteangacha éagsúla, mar a dhearbhaítear sna samplaí seo a leanas de STRanna atá cláraithe le forchoimeádas ainm: “Traditionally Reared Pedigree Welsh Pork”, “Traditional Bramley Apple Pie Filling”, “Traditional Farmfresh Turkey”, “Traditionally Farmed Gloucestershire Old Spots Pork”, “Amatriciana tradizionale”, “Bacalhau de Cura Tradicional Portuguesa”, “Salată tradițională cu icre de crap”, “Czwórniak staropolski tradycyjny”, “Dwójniak staropolski tradycyjny”, “Olej rydzowy tradycyjny”, “Półtorak staropolski tradycyjny”.

Thairis sin, bhí carachtar traidisiúnta ag an STR “Mozzarella” riamh toisc go raibh sé cláraithe mar shainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht mar thagairt dhíreach dá charachtar traidisiúnta agus mar gheall ar an gcarachtar sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a tharraingt ar an mbrí atá le “traidisiúnta” mar a shainmhínítear é faoi Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, a chiallaíonn “go bhfuil cruthúnas ann gur úsáideadh an táirge ar an margadh baile ar feadh tréimhse inarbh fhéidir an táirge a sheachadadh ó ghlúin amháin go glúin eile; 30 bliain ar a laghad a bheidh sa tréimhse seo”. Dá bhrí sin, ní thacaíonn téacs an dlí is infheidhme leis an idirdhealú idir na bríonna éagsúla le “traidisiúnta” mar a mhol an Ghearmáin.

(18)

Níl sé soiléir cén tionchar eacnamaíoch nithiúil ar tháirgeoirí na Gearmáine atá ag an gcosc ar an téarma “traidisiúnta” a úsáid chun margaíocht a dhéanamh ar “Mozzarella” a táirgeadh gan sonraíocht táirge an STR a chomhlíonadh, ach de réir modh ar leith a úsáideadh sa Ghearmáin le breis agus 30 bliain. Ina ionad sin, thagródh an maíomh do rogha fhéideartha seachas d’fhíoras nithiúil. Ní féidir aon táscaire a aithint gur úsáideadh an téarma ar an margadh. Ina theannta sin, fad a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i sonraíocht táirge an STR “Mozzarella Tradizionale”, beidh táirgeoirí in ann, áit ar bith san Aontas Eorpach, agus dá bhrí sin sa Ghearmáin freisin, táirge le hainm an STR “Mozzarella Tradizionale” a mhargú go dlisteanach.

Níor cheart do chosaint an tsainearra thraidisiúnta faoi ráthaíocht “Mozzarella Tradizionale” an t-ainm neamhspleách “Mozzarella” a chumhdach, ach an t-ainm comhshuite “Mozzarella Tradizionale” ina iomláine agus an t-ainm comhshuite sin amháin. Dá bhrí sin, ba cheart leanúint d’úsáid an ainm “Mozzarella” a cheadú i gcás táirgí nach gcomhlíonann sonraíocht táirge an STR “Mozzarella Tradizionale”. Níor cheart, áfach, táirgí den sórt sin a mhargú leis na téarmaí “sainearra traidisiúnta faoi ráthaíocht”, ná leis an ngiorrúchán STR, ná le siombail an Aontais a shonraítear faoi Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012.

(19)

Maidir leis an maíomh go mbeadh an chómhaireachtáil idir an STR “Mozzarella Tradizionale” agus dhá tháirge eile Mozzarella atá ainmnithe mar STFCanna — “Mozzarella di Bufala Campana” agus “Mozzarella di Gioia del Colle” — ina sárú ar Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil feidhm ag an bhforáil thuasluaite maidir le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht, ach maidir le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus tásca geografacha faoi chosaint amháin.

(20)

Maidir le himní na Gearmáine a bhaineann le sonraíocht táirge an STR “Mozzarella Tradizionale”, seachas ceist an ainm agus stádas na cosanta, agus go háirithe pointí 4.1, 4.2 agus 4.3, ní mór a chur in iúl nár athraíodh an tsonraíocht táirge. Tá na mionathruithe ar an bhfoclaíocht a d’fhéadfadh a bheith tar éis tarlú sna leaganacha neamh-Iodálacha ann mar gheall ar chúrsaí aistriúcháin. Dá bhrí sin, tá na codanna sin den tsonraíocht táirge lasmuigh de raon feidhme formheasta an leasaithe seo. Sa mheasúnú a rinne an Coimisiún ar an iarratas ar leasú ar an STR “Mozzarella Tradizionale”, díríodh ar na leasuithe a ndearnadh iarratas orthu.

(21)

In Airteagal 3, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, sainmhínítear an grúpa mar “aon chomhlachas, is cuma cén fhoirm dhlíthiúil atá aige, ina bhfuil táirgeoirí nó próiseálaithe, den chuid is mó, atá ag obair leis an táirge céanna”. Déantar foráil leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 49(1) den Rialachán céanna nach bhféadfaidh ach grúpaí a oibríonn leis na táirgí a bhfuil an t-ainm atá le clárú orthu iarratas ar chlárú a chur isteach. Ina theannta sin, tá raon feidhme níos leithne fós ag Airteagal 53(1), ina sainítear na grúpaí a fhéadfaidh iarratais ar leasú a chur isteach, lena gceanglaítear go bhféadfaidh “grúpa a bhfuil leas dlisteanach acu” iarratas ar leasú a chur isteach freisin. Na táirgeoirí a chuir isteach an t-iarratas ar leasú ar an STR “Mozzarella”, oibríonn siad go díreach leis an táirge, mar a dheimhnítear le táirgeacht lándeimhnithe. I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is féidir a mheas gur comhlíonadh na critéir a leagtar amach chun go mbeidh cead ag “grúpa” iarratas a dhéanamh ar leasú a fhormheas, mar a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 faoi Airteagal 3, pointe (2), Airteagal 49(1) agus Airteagal 53(1).

(22)

Maidir le hinfheidhmeacht an nós imeachta um leasú, foráiltear le hAirteagal 25(2) den Rialachán go bhféadfar leanúint de STR gan forchoimeádas ainm a úsáid go dtí an 4 Eanáir 2023, faoi na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 509/2006, mura gcuireann na Ballstáit an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 26 den Rialachán i bhfeidhm. Foráiltear le hAirteagal 26 den Rialachán maidir le nós imeachta simplithe chun STRanna gan forchoimeádas ainm a thiontú ina STRanna le forchoimeádas ainm. Ní dhéantar réamhbhreith leis sin go bhféadfar STR gan forchoimeádas ainm a leasú fós agus a athrú go STR le forchoimeádas ainm trí bhíthin nós imeachta um leasú a sholáthraítear le Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012. D’fhormheas an Coimisiún cheana féin faoi Airteagal 53(2) den Rialachán leasuithe eile nach mion ar an tsonraíocht táirge lena ndéantar STRanna gan forchoimeádas ainm a thiontú ina STRanna le forchoimeádas ainm.

(23)

Dá réir sin, ba cheart an leasú ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Mozzarella” (STR) a fhormheas leis seo.

(24)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo na leasuithe ar an tsonraíocht táirge a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Mozzarella” (STR).

Airteagal 2

Féadfar leanúint den ainm “Mozzarella” a úsáid le haghaidh táirgí nach gcomhlíonann an tsonraíocht táirge i gcomhair “Mozzarella Tradizionale” laistigh de chríoch an Aontais, ar choinníoll go n-urramaítear na prionsabail agus na rialacha is infheidhme ina dhlíchóras.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Iúil 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)   IO C 424, 8.12.2020, lch. 39


Top